Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bagairt ar an Astráil threatening Australia
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
díbríodh go dtí an Astráil iad they were banished to Australia
" Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.
Dhiúltaigh an Astráil Australia refused
" Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.
go dtí go sroichfidís an Astráil until they had reached Australia
" Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil.
An Astráil Gheal White Australia
" Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin because the first European settlement in Australia was founded there
" Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.
go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe that the people of Australia have a lot of respect for the current queen of the UK
" Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain. that Australians are the second fattest population in the world.
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
an dóigh a bhreathnaíonn muintir na hAstráile how the A.s look at
" Nuair a tháinig siad i dtír, áfach, ní raibh fiú duine amháin acu gléasta mar dhaoránach! Claochlú le Sonrú ====== Ní háibhéil a rá go bhfuil claochlú le sonrú i ndáil leis an dóigh a bhreathnaíonn muintir na hAstráile ar a n-oidhreacht daoránaigh sa lá atá inniu ann.
ag iarraidh an Astráil a chosaint trying to defend Australia
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?
an Astráil Australia
" Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile how the large Australian parties think more
" Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.
Ní fearrde an Astráil Australia is the worse off due to
" Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta.