Pota Focal Intergaelic
anam | agam | an- | ana | ana-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
am an ghátair the time of need/distress
" Chuir an eagraíocht "Pobal ar Aire" deiseanna ar fáil do na daoine atá ina gcónaí leo féin glaoch ar chabhair in am an ghátair.
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
an am is gnóthaí the busiest time
" Agus cúrsaí olc go leor cheana féin ó thaobh an gheilleagair de, dhealraigh sé go raibh buille tubaisteach eile i ndán do lucht gnó - díreach ag an am is gnóthaí den bhliain, aimsir na Nollag.
go raibh an t-am dearg aici that it was about time (for her)
" Ní raibh deoir fearthainne ann le coicís anois agus dúirt Eibhlín léi féin go raibh an t-am dearg aici dul i gceann an gharraí.
Taca an ama sin around that time
" Taca an ama sin, bhí athruithe móra ag titim amach in oirthear na hEorpa agus bhí an Banc Domhanda ag tabhairt tacaíochta do na tíortha a bhí ag imeacht ón seanchóras cumannach go córas eacnamaíochta an mhargaidh.
an t-uafás ama a huge amount of time
" Tá úsáideoirí timpeall an domhain tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ag troid i gcoinne na n-ionsaithe seo.
m'ionad oibrese ag an am my place of work at the time
" Is é an ceoltóir agus an scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé a chuir Barra in aithne dhomsa ar dtús, lá a thug Maidhc ar cuairt é go Raidió na Gaeltachta, m'ionad oibrese ag an am, i dtús na nóchaidí den gcéad seo caite.
bunús an ama most of the time
" " D'fhéadfaí a rá gur thóg Neil an ceol ó thaobh na dtaobhanna, mar uncail dó a bhí in Tomás Ó Cannain ón sárghrúpa traidisiúnta sin Na Filí, agus nuair a bhíodh siad i mBéal Feirste, bunús an ama thiocfadh sé toigh mhuintir Martin agus bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port.
in am an ghátair in time of distress/trouble
" Tá cur síos ag Maier chomh maith ar an tslí a rachadh Bobby Kennedy - agus fiú JFK adharcach féin - i dtuilleamaí an chreidimh in am an ghátair.
ag méadú an t-am go léir increasing all the time
" Ní hamháin go bhfuil cleachtadh ag daoine thíos fán tuath ar tháillí bruscair agus eile a íoc le blianta anuas, ach tá na táillí sin ag méadú an t-am go léir.
in am an ghátair when times are hard
" Ba léir go ndeachaigh léiriú Sheridan ar an chruatan i gcion ar na daltaí óga, agus an bhéim atá curtha aige sa scannán ar thábhacht ghrá an teaghlaigh in am an ghátair.
bunús an ama most of the time
" Is treise an t-imprisean ná an fhírinne bunús an ama.
bunús an ama most of the time
" Is treise an t-imprisean ná an fhírinne bunús an ama.
formhór an daonra formhór an ama most of the population most of the time
" Is breá le muintir na hÉireann go bhfuil siad ann, ach Béarla a labhraíonn agus peil a imríonn formhór an daonra formhór an ama.
an clár ama the timetable
" Níl a fhios agam an ligeann an clár ama dúinn bualadh leo i gceart.
ag druidim leis an am approaching the time
" Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua.
i dtrátha an ama around the time
" Thosaigh an trioblóid in 2002 i dtrátha an ama a ndearna RTÉ mír faoi chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael don chlár turasóireachta "No Frontiers".
Bhí an t-am dearg acu about bloody time
" "Bhí an t-am dearg acu," arsa Clíona agus cár uirthi.
i dtrátha an ama chéanna around the same time
" Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile i dtrátha an ama chéanna.
am an-chorrach a deeply unsettling time
" Seo am an-chorrach i stair Chaitliceach Mheiriceá.
an t-uafás ama a large amount of time
" Caitheann daoine an t-uafás ama ag taisteal chuig an obair agus abhaile agus iad suite ina ngluaisteáin i dtranglaim thráchta, i mbusanna agus ar thraenacha.
ag brath ar an am depending on the time
" Tá sé ag obair/staidéar i mBaile Átha Cliath agus tar éis na traenála nó an chluiche tugann sé aghaidh ar aistear nach bhfuil an-fhada ó thaobh mílte dhe ach, ag brath ar an am, fada to leor ó thaobh ama dhe.
san áit chiotach ag an am chiotach in the wrong place at the wrong time
" Seans go raibh muid débhríoch go maith faoin fhoiréigean ach ba é an tuairim choitianta i measc náisiúnaithe na tíre ná nach raibh i gcimí na Ceise Fada ach íospartaigh a bhí san áit chiotach ag an am chiotach.
in am an ghátair in time of need
" “Cá bhfuil an IRA anois in am an ghátair le sinn a chosaint,” a d'fhiafraigh náisiúnaithe na Sé Chontae? Ach níor tháinig aon fhreagra.
an t-uafás ama a great deal of time
" Seo iarracht air sin a dhéanamh: Is fíor go gcaitheann imreoirí idirchontae an t-uafás ama i mbun traenála agus taistil.
in am an ghátair in the time of difficulty
" Ní rún é gur nós le príomhcholúin an stáit seasamh le chéile in am an ghátair.
i dtrátha an ama seo around this time
" Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac i dtrátha an ama seo anuraidh.
in am an ghátair in the time of need
" Ní haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma.
Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am he nearly didn't make it to the toilet in time
" Dhóbair nár bhain sé an teach beag amach in am agus, le linn dó a bheith ag déanamh a mhúin, bhí sé mar a bheadh uisce as coire a bhí á bhrú amach aige.
an cur chuige don am atá romhainn the approach for the future
" ) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach? Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.
ag brath ar an am den bhliain depending on the time of year
" Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *** Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist.
ag míniú shaol shaighdiúir an ama explaining the life of a soldier of the time
" Campaí beaga ======= I ngach áit ar an mblár bhí campaí beaga de chuid na n-athachtóirí, iad, den chuid is mó, ag míniú shaol shaighdiúir an ama do thurasóirí fiosracha.
i dtrátha an ama chéanna sin around that same time
" ” Bhog roinnt mhaith daoine siar i dtrátha an ama chéanna sin, an stiúrthóir teilifíse Bob Quinn, cuir i gcás, mar gur theastaigh uathu éalú ó shaol na cathrach.
an t-uafás ama a great deal of time
" Caitheann muid an t-uafás ama sna carranna!***AÓF: ******Inis dom beagán faoin gcaoi gur tháinig an t-albam nua ar an bhfód.
a thaithímis ag an am that we used to frequent at the time
" Thugamar cuairt ar gach pub (dhá cheann) a thaithímis ag an am i Sráid Camden agus bhí na tábhairneoirí lánsásta an fuisce a chur ar fáil (nó arbh í an líomanáid a bhronnadar orainn?).
an t-am atá imithe. the past.
" Tá daoine ann ar suim leo an t-am atá imithe.
Leath an cluiche am the game spread out
" Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920.
a ghiorródh an t-am that would shorten the time
" Bhíodar ansin mar shos ó ghnáthchleachtais an lae - rud ar bith a ghiorródh an t-am idir maidin agus faoithin.
i bhfeisteas an ama in the dress of the period
" Ach an rud is aistí faoin mbaile seo ná nach bhfuil sé folamh – tá grúpa beag aisteoirí a shiúlann thart i bhfeisteas an ama ag ligean orthu gurb é an bhliain 1775 é.
Caitheann siad an t-am dhom, they pass the time for me,
" Caitheann siad an t-am dhom, má bhím maraithe amach féin acu.
i bhfolach i bhforaoisí an ama. hiding in the forests of time.
" Sa leabhar seo, áfach, is éard atá againn ná léargas ar fhear óg muiníneach, lán le sprid, lán le ceol, le grá don saol, é i mbun fionachtana in iarthar na tíre ag cuartú saoil a bhí ag sleamhnú uainn, ag iascaireacht fonn a bhí beagnach ar ghrinneall na farraige agus ag fiach amhrán a bhí i bhfolach i bhforaoisí an ama.
bodhraithe i rith an ama deafened all the time
" “Ar aghaidh liom thar an *Bold Fenian Men Burger Joint*, thar an *Rosie O’Grady Pizza Parlour* agus thar an *Courtin’ in the Kitchen Corn Stall*, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile.
formhór an ama most of the time
" Mar thoradh air seo, ní bhíodh sa chluiche formhór an ama ach línte amach agus clibirtí.
ag an am chéanna. at the same time.
" Is rud é atá iontach simplí, ach iontach casta ag an am chéanna.
ag dul trí am an-chrua going through a very difficult time
" Tá na comhlachtaí go léir ag dul trí am an-chrua ar fad faoi láthair.
Ach ag an am céanna, But at the same time,
" Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, as is usual at this time of year
" Oíche Shamhna bhí Balor ina phluais bhrocach cháidheach shalach, ag meabhrú os cionn na tine agus ag cogaint cnámh mar is gnách leis ag an am seo den bhliain, nuair a tharla dó fís.
go gcaitear formhór an ama that most of the time is spent
" D’fhoghlaim mé chomh maith go gcaitear formhór an ama ag ól tae sa cheaintín nuair a bhíonn clár ar nós *Comhrá* á dhéanamh.
níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe. later than the time which had been decided
" In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
an am atá caite, the past
" Chomh maith leis sin, bhraith Polannaigh gurbh ar an am atá caite, seachas ar an todhchaí, ba mhó a bhí PiS dírithe.
teorainn a chur leis an méid ama to limit the amount of time
" Tá an tAontas Eorpach ag cur spéise sna cúrsaí seo freisin – agus i rith an tsamhraidh chur siad brú ar Google teorainn a chur leis an méid ama a choimeádann siad eolas pearsanta mar gheall ar dhaoine (laghdaithe go 18 mí).
in am leis an cheol. in tim with the music
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
ag tógáil i bhfad an iomarca ama taking much too much time
" Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua! Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
faoi bhráid Aire Oideachais an ama, submitted to the minister for education at that time
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
formhór an ama, most of the time
" Cé go mbíonn sé seo go breá formhór an ama, is féidir leis an aerfhórsa sin an córas a mhúchadh in áiteanna faoi leith ar domhan más gá.
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. that time of the year is upon us again
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís.
Bhí mise thar a bheith glas ag an am I was very green
" Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé – níor tugadh treoir ar bith dom.
nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, that RTÉ didn't treat her properly at the time,
" Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.
Cad é mar a mheileann sí an t-am, how does she pass the time,
"Cad é mar a mheileann sí an t-am, nuair nach mbíonn mórán obair aisteoireachta ar fáil? “Déanaim a lán léitheoireachta – leabhair ar dhrámaíocht, leabhair ar scannáin.
i dtrátha an ama sin around that time
" Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
i dtrátha an ama chéanna: around the same time
" Mar theoiric, is beag duine a d’easaontódh leis an ráiteas sin, ach níor mhiste aird a thabhairt chomh maith ar ráiteas eile a rinne Brundage i dtrátha an ama chéanna: “*certain Jews must now understand that they cannot use these games as a weapon in their boycott against the Nazis.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
Bhí drogall orm ag an am, I was reluctant at the time
" Cad é mar a tharla sé sin? “Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
an iomarca ama too much time
" Tá 25 bliain imithe tharainn ó bhí meathlú i gceist sa tír seo agus dá gcaithfeá an iomarca ama ag léamh na nuachtán agus ag breathnú ar thuairiscí teilifíse, shílfeá nach raibh dóchas ar bith i ndán dúinn.
an am atá caite the past
" Ba thrua dá gcuirfeadh meon den sórt sin daoine ó dhoras an leabhair seo nó, bíodh is go mbaineann na scéalta leis an am atá caite, ní sean atá siad ar chor ar bith.
go raibh an t-am meilte agam that I had spent the time
" Sula dtugainn faoi deara go raibh an t-am meilte agam, bhínn ar mo bhealach chun an bhaile go dtí an t-árasán a cuireadh ar fáil domh féin agus don bheirt eile a bhí in éineacht liom.
ag cogaint ar choincheap an ama chewing on the concept of time
" Ba é Naomh Agaistín a chuir an cheist: cad is am ann? D’fhreagair sé a cheist féin – mar is dual d’fhealsúna – agus tá aos eagna ag cogaint ar choincheap an ama agus na síoraíochta ó shin.
Mar is iondúil ag an am seo bliana, as usual at this time of year
" Ach céard faoi gcóisir leictreach seo a luaigh mé cheana? Picnic LeictreachMar is iondúil ag an am seo bliana, bhí an Picnic Leictreach, ar féile cheoil mhórthaibhseach í, ar siúl sa tSráidbhaile i gContae Laoise.
Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin it reminded me of that time
" Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin a bhí orm sciáil síos fána liom féin sa dóigh is go dtiocfadh leis na teagascóirí a mheas cé chomh *shite *agus a bhí mé.
Dála an ama sin, like that time
" Dála an ama sin, bheadh sé chomh maith agam mo chuid éadaí uilig a bhaint díom, nó ní fhéadfadh cúrsaí a bheith ní ba mheasa.
Taca an ama seo about this time
" Taca an ama seo céad bliain ó shin, bhuaigh Jack Johnson Craobh an Domhain sa dornálaíocht, an chéad fhear de chuid an chine ghoirm a bhain an gaisce sin amach.
Ach an t-am a bheith ann chuige when time was available to do so
" Ach an t-am a bheith ann chuige, thugadar thart sinn ar na teampaill is ar na hionaid turasóireachta eile.
thig an t-am thart the time comes around
" Buailfidh taom den díomá thú nuair a thig an t-am thart a mbeidh tú ag réiteach le gabháil chun an bhaile, mar ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfaidh tú leis an am saor sa lá ar ais sa bhaile.
An t-am a mbeidh Dervish when Dervish are
"An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
Nósfaidh an t-am time shall tell
" ”* Nósfaidh an t-am céard a chiallaíonn an chaint bhreá seo.
Is é an t-am a ársóidh an méid sin time shall tell
" An ndéanfar beart dá réir nó an mbeidh sé cosúil le Kennedy sa deireadh? Is é an t-am a ársóidh an méid sin.
i dtráth an ama chéanna at the same time
" Glacaim leis nach mbaineann an tAire Oideachais, an tAire Airgeadais nó an Taoiseach aon sult nó pléisiúr as a leithéid de chiorrú a chur i bhfeidhm ach thuigfeá do fhrustrachas an phobail i bhfianaise an €7bn d’athchaiptliú a déanadh ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann i dtráth an ama chéanna is a fógraíodh na ciorruithe i leith múinteoirí acmhainne.
Imirt an Ama the effect of time
" Imirt an Ama Pé scéal é, is ag breathnú isteach i gcupán plaisteach caife a bhí mé nuair a rith sé liom: Cén uair nach nglaofar a thuilleadh ‘Bríd Óg’ ar Bhríd Óg Ní Bhuachalla.
i rith an ama all the time
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
am seo an dealaithe this time of weaning
" “Ní ag caitheamh fraoigh a bheas mé as seo amach, ach ag caitheamh i ndiaidh na laethanta a bhí, sular tháinig an dlí úr isteach agus roimh am seo an dealaithe,” a dúirt sé liom cúpla seachtain ó shin agus é i ndiaidh a bheith caite amach as teach tábhairne.
Cothrom an ama seo this time of the year
" Cothrom an ama seo, chor a bheith seachtó bliain ó shin, chuir de Valera, a bhí ina Thaoiseach ag an am, peann le pár lena mheabhrú don Státseirbhís a thábhachtaí is a bhí cur chun cinn na Gaeilge.
am an ghátair time of need
" ” Saíocht agus sócmhainní Táthar ann ar ndóigh a deir gur féidir sochar geilleagair a bhaint as an teanga in am an ghátair.
an t-am de lá a bheannú duit to bid you the time of day
" Ní bhíonn an t-am acu an t-am de lá a bheannú duit agus shílfeá go raibh siad ag glacadh páirt i rás.
an t-am ba deise the most opportune time
" Ní hí an tréimhse a bhfuilimid anois ann faoi láthair an t-am ba deise riamh, ar ndóigh, ar a lán údar.
bunús an ama most of the time
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
am an ghátair when push comes to shove
" Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire.
i rith an ama continually, during that time
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
Fiúntas an Ama time cost
" Fiúntas an Ama Duit B’fhéidir go mbeadh sé deacair ar fhiontraí, go háirithe le comhlacht nua, an méad sin ama a chur ar leataobh ach smaoinigh air mar seo: samhlaigh go bhfuil tú ag seoladh seirbhís nó tairge nua.
treabh an ama the people of the time
" Ar chaoi éigin, thuig Bono cuisle an phobail, cuisle treabh an ama.
am an ghátair time of need
" Forbairt Aiceanta Inbhuanaithe Níor mhiste i gcónaí, ar ndóigh, teann a bheith ar ár gcúl againn in am an ghátair.
am an ghátair time of need
" Spéisiúil cinnte ach níorbh iad na huimhreacha ráthúla seo in am an ghátair a bhí ag corraí na sluaite.
an-am a great time
" De réir na ngiolcacha a léigh mé ar *Twitter* ar an oíche, bhí an-am ag cách sna trí ionad agus cnuasaíodh an-chuid airgid.
am an ghátair time of need
" Ar Son an Gheilleagair ======== Má tharlaíonn sé seo, nead Síneach i lár na hÉireann in am an ghátair, maolóidh sé an brú millteanach a cuireadh ar BÁC ó na 1990aí i leith, agus i ndiaidh an tsaoil, níl sé rófhada as an phríomhchathair ag an am chéanna.
Dá laghad an t-am despite the short time
"Dá laghad an t-am atá tugtha ag Anna sa Bhreatain Bheag, tá tréimshe nach beag curtha isteach aici sa tír Cheilteach seo againne agus tairbhe bainte aici as.
Lucht Ceaptha an Ama the time catchers
" Lucht Ceaptha an Ama ======== Ach fós féin, tá an teilifís ag athrú.
gluaiseacht an ama the passing of time
" Dar ndóigh ní féidir gluaiseacht an ama a stopadh nó a mhoilliú.
tá an t-am thart the day has gone
" Stáit Easaontaithe Mheiriceá ============= Go deimhin, tá an t-am thart go bhféadfaí caint ar Mheiriceá atá aontaithe trína mheáin, mar a bhíodh sé, beag ná mór, suas go dtí na hochtóidí.
am an ghátair time of need
" Anois agus an drochshéasúr teannta linn, cá bhfuil an duine a thiocfadh i gcabhair orainn? Ní theastaíonn ó Sarkozy go mbeidh ar phobal na Fraince a bheith ag brath ar dhaoine eile in am an ghátair.
am seo an ghátair this time of need
" Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois.
i rith an ama all the time
" Anois gan a shúil a bhaint den leabhar sin, shiúil sé thart le taobh an tobair agus lean ar aghaidh gan breathnú ormsa ná ar éinne ach é sáite sa leabhar i rith an ama.