Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tArd-Aighne The Attorney General
" Trialacha rúnda ======= Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí.
ar an luas ab airde at the highest speed
" Chuir sé na cuimilteoirí ar obair ar an luas ab airde, ach ní raibh maith dó ann.
an caighdeán is airde the highest standard
" Is duine é Mac Coille a chaitheann an-dua lena chuid oibre, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach.
an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach the Judge Advocate General
" An mhí seo caite, bhronn an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach, Una McCrann, a tuarascáil ar chás de Róiste ar an Aire.
an tArd-Aighne the Attorney-General
" Ach caithfear an cheist a chur na laethanta duairce faiteacha seo: céard a tharlódh in Éirinn dá dtarlódh tubaiste mhór ag Sellafield? Ceist í seo a chuir an tArd-Aighne, Ruairí Ó Brádaigh, nuair a sheas sé suas sa gcúirt idirnáisiúnta sa Háig an mhí seo caite.
an iomarca airde too much attention
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
an Údarás um Ard-Oideachas The Higher Education Authority
" Cuireadh iarratas chuig an Údarás um Ard-Oideachas anuraidh agus arú anuraidh agus fuarthas maoiniú chun na tionscadail go léir a chur ar an bhfód.
ag athrá an ráitis os ard repeating the statement out loud
" "Ar chuala tú an cheist a chuir Simpleoir an eastáit úd thiar?" arsa duine amháin acu leis an duine eile, é ag athrá an ráitis os ard ag súil, b'fhéidir, go gcloisfeadh máinlia na scine í.
cén aird a raibh an ghaoth ann which direction the wind was in
" Bhí sé ag tiontú a chinn soir agus siar mar a bheadh sé ag meas cén aird a raibh an ghaoth ann.
caighdeán fuaime an-ard very high standard of sound
" Dar le Apple, tá caighdeán fuaime an-ard ag an gceol toisc gur chruthaigh siad formáid nua ar a dtugtar AAC chun an ceol a stóráil.
bhí an coirice in airde aige his hackles were up
" " Bhí a fhios ag Máire gurbh fhearr neamhiontas a dhéanamh dó anois nuair a bhí an coirice in airde aige agus thosaigh sise a chóiriú an tseomra le cuma níos teolaí a chur air.
an costas ard maireachtála the high cost of living
" Ach, thar aon rud eile, an bochtanas agus an costas ard maireachtála is cúis le daoine a bheith gan dídean.
ar an gcaighdeán is airde at the highest standard
" Sin é é mar sin - neart airgid le caitheamh ar an infrastructúr in oirthear na hEorpa, suimeanna eile ar fáil chun córas taistil an mhaorlathais sa mBruiséil a choinneáil ar an gcaighdeán is airde, ach gan pingin a bheith ar fáil chun feabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach agus, ina dhiaidh sin arís, MA sa Ghaeilge.
chéatadán an-ard a high percentage
" Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
toisc a airde is atá an chathair because of how high the city is
" An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe agam agus mé ar mo bhealach go La Paz ag tús mhí Mheán Fómhair ná an *sorocche *- tinneas a thig ar dhaoine toisc a airde is atá an chathair os cionn na mara agus an easpa ocsaigine atá san aer dá bharr.
ag dul in aghaidh an aird going uphill
" Sna caogaidí, bhíodh innill gan mórán cumhachta ar an líne sin agus ba mhinic nach mbíodh ach luas 5 ciliméadar san uair fúthu ag dul in aghaidh an aird.
daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh to attract people with very high qualifications
" " Tuigeann sé go bhfuil an-chuid deiseanna fostaíochta ag daoine cumasacha sa lá atá inniu ann agus nach bhfuil an státseirbhís chomh tarraingteach is a bhí le linn a óige siúd, ach tá sé cinnte nach bhfuil deacracht ag an státseirbhís daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh fós.
an vóta ab airde the highest vote
" Ar deireadh tugadh an suíochán do John Bonham, ar an ábhar gur aigesean a bhí an vóta ab airde ar an gcéad chomhaireamh.
an tArd-Teastas san Oideachas the Higher Diploma in Education
" " Tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a dhéanamh, thug Anna cúig mhí ag múineadh i meánscoil ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.
aird an éisteora the attention of the listener
" Má bhíonn siad róghreannmhar nó rótharraingteach ar bhealach ar bith eile, tarraingíonn siad aird an éisteora orthu féin agus, dá bharr sin, ón tiún.
an caighdeán grianghraf is airde the highest standard of photographs
" Deirtear go gcinntíonn an triantán seo - idir phrintéir, pháipéar agus dhúch - an caighdeán grianghraf is airde.
an tArd-Cheannfort Harry Breen Superintendent Harry Breen
" Ar an 20 Márta 1989, ar iarratas ó Tom King, Státrúnaí an Tuaiscirt ag an am, thaistil an tArd-Cheannfort Harry Breen agus an Ceannfort Bobbie Buchanan go Dún Dealgan le casadh ar Ard-Cheannfort na nGardaí sa bhaile sin, John Nolan.
ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain paying attention to the World Cup in soccer
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
ag díriú aird an phobail focusing the public's attention
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid Higher Diploma in Communications
" ” Bhí post buan aici i scoil in aice le Baile Bhlainséir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach chinn sí ar aghaidh a thabhairt ar an iarthar agus tabhairt faoi chúrsa nua a bhí á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimhe (mar a bhí air ag an am), is é sin an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid.
an ráta dífhostaíochta is airde the highest unemployment rate
"an ráta dífhostaíochta is airde sa tír ann.
i dteocht an-ard in a very high temperature
" Caithfidh an fhoireann na boilg a oibriú i dteocht an-ard.
go ndíreofaí aird an phobail that the public's focus would be directed
" Bhí mé den tuairim ag an am a cuireadh Riail 42 ar leataobh go ndíreofaí aird an phobail ar ábhair eile a d’fhéadfadh bheith conspóideach ar nós íocaíochtaí d’imreoirí CLG.
an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe Chief Superintendent Kevin Donohoe
" Deir an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe ó Phreasoifig an Gharda Síochána nach bhfuil ar a gcumas aon rud a rá faoi chás Bhrian Rossiter toisc go bhfuil cás cúirte áirithe le bheith ann san am atá romhainn.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
ag teacht aniar an t-ard coming over the high ground
" “Sin Síle agat,” arsa an mháthair agus í ag amharc ar an iníon ag teacht aniar an t-ard agus céim anois agus céim arís léi.
an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe Chief Superintendent Kevin Donohoe
" Deir an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe ó Phreasoifig an Gharda Síochána nach bhfuil ar a gcumas aon rud a rá faoi chás Bhrian Rossiter toisc go bhfuil cás cúirte áirithe le bheith ann san am atá romhainn.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
caighdeán an-ard a very high standard
" Deirtear gur leag sé síos caighdeán an-ard dó féin ó thaobh imeartha agus cur chuige ar an bpáirc thraenála agus imeartha agus go gcuirfeadh sé as dó nuair nach raibh an caighdeán céanna, dar leis, ag daoine eile.
an iomarca airde too much heed
" Ó thaobh an chláir féin, ní fiú an iomarca airde a thabhairt ar na criticeoirí, ar bhealach.
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste Office of the Comptroller and Auditor General
" De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu.
an praghas is airde riamh the highest price ever
" Cuireadh iontas ar shaol na healaíne, idir uasal agus íseal, nuair a bhain saothar de chuid an ealaíontóra Gustav Klimt an praghas is airde riamh amach do phíosa ealaíne nuair a cuireadh ar ceant le déanaí é.
a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair who concentrates mostly on her work
" com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe.
mholfainn an Namaib go hard duit I'd recommend Namibia highly to you
" Más laethanta saoire gnóthacha atá uait, mholfainn an Namaib go hard duit.
líon an-ard pointí CAO a high number of CAO points
" Gan amhras, bheadh líon an-ard pointí CAO de dhíth le fáil isteach i gcoláiste mar seo, mar go mbeadh éileamh ard ann.
aird a thabhairt ar ghuth an phobail to pay attention to the voice of the public
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
an ráta maraithe míosúil is airde, the highest monthly death rate,
" Idir seo agus uilig, tá an cogadh ag leanúint ar aghaidh san Iaráic, agus daoine cinnte anois go marófar níos mó ná céad saighdiúir Meiriceánach i mí Dheireadh Fómhair amháin, an ráta maraithe míosúil is airde, beagnach, ó thús an chogaidh.
an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí the highest level of long-term unemployment
"an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí sa Ríocht Aontaithe ó thuaidh agus tá an leibhéal is airde dífhostaíochta i measc daoine óga ó thuaidh fosta.
aird rialtais an réigiúin the attention of the governments of the region
" Ach is ar Fhidsí is mó atá aird rialtais an réigiúin anois.
Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU he was elected General Secretary of the TGWU
" Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU i 1968 agus bhí an-mheas air agus é sa phost sin.
ráta an-ard timpistí a very high rate of accidents
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
an iomarca airde a tharraingt orm féin to draw too much attention to myself
" Timpeall scór duine a bhí i gceist, cairde is mó óir níor theastaigh uaim an iomarca airde a tharraingt orm féin agus i ndáiríre níor thosaíos é ach ionas nach mbeadh orm aon airgead a chaitheamh ar mo raithneach féin.
an leibhéal ard turasóireachta the high level of tourism
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála to tackle the high cost of living
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, paying the least bit of attention to the Public,
" “Bhuel, a Aire,” a d’fhreagair Laoch na Litríochta, “Meafar atá ann: fiú sa saol iar-thoghcháin, mar a shamhlaíonn tú féin é, beidh Caipitleachas fós *ag* *blíp blíp blípeáil* an Lucht Oibre (mar a déarfá féin go deas múinte); beidh an Rialtas fós ina shámhchodladh; ní bheidh aon duine ag tabhairt airde dá laghad ar an Phobal, agus beidh an Todhchaí fós sa chac!”
an sliabh is airde in Albain the highest mountain in Scotland
" Nuair a fheicim an t-ainm The North Face cuireann sé Beinn Nimheis, an sliabh is airde in Albain (1,344 méadar) i gcuimhne dom.
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo the gusts of wind which blow through this high gap
" Ábhar iontais dom nach scuabann na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad.
caighdeán an-ard ar fad a very high standard indeed
" Ní hamháin go raibh contaetha a bhí thíos tagtha chun cinn in athuair, ach bhí caighdeán an-ard ar fad sroichte acu ó thaobh imirt na hiomána.
aird an domhain the attention of the world
" Tá cónaí ar Smith Jones i mbloc glas árasán i gcathair Anchorage agus tá aird an domhain uirthi le roinnt blianta anois, go háirithe ó fuair a deirfiúr Sophia bás i 1993.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
an sliabh is airde the highest mountain
" Ach, mar a bheifeá ag súil ó fhíor-Albanach, bhí sí amuigh ar an oighear linn arís! an sliabh is airdeLá deas geal a bhí ann an cúigiú lá agus bhí mé ag iarraidh dul suas Guastatoppen (1883m), an sliabh is airde in Telemark, leis an cheantar álainn seo a fheiceáil.
aird an phobail the attention of the public
" I lár an 19ú haois, bhí aird an phobail dírithe ar ghleann darbh ainm Strathcarron.
an aird attention, focus
" Faoi Mhícheál atá an rud uilig – ní bheidh an aird ar dhuine ar bith faoi leith.
an teocht ard high temperature
" Ceapaimse go bhfuil an ghrian agus an teocht ard i measc na gcúiseanna go dtaitníonn an Astráil chomh mór sin leis na hÉireannaigh.
go hard os cionn an tsráidbhaile. high above the village.
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
caighdeán an-ard a very high standard
" Bíonn caighdeán an-ard ag baint le leabhair pháistí an Ghúim, idir dhearadh agus scríbhneoireacht.
sásta an tUachtarán a lochtú os ard. willing to find fault with the President out loud.
" Go dtí seo, níl ach iarrthóir amháin, an Seanadóir John McCain, sásta an tUachtarán a lochtú os ard.
mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard because of the way they sing out loud
" Níor fhág sin ach 11,000 don ghnáthlucht tacaíochta, daoine a bhíonn ag freastal ar gach cluiche i rith an bliana agus atá molta ag an bhainisteoir Raphael Benitez mar an “12ú himreoir” mar gheall ar an dóigh a gcanann siad os ard i rith gach cluiche.
an talamh is airde the highest ground
" Ós é seo an talamh is airde ar an oileán, chuir Arm Shasana dún air a ghabh fórsaí na saoirse.
a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, who would draw attention to the high level of suicide,
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
an sráidbhaile is airde the highest village
" Is é Tom an t-Sabhail an sráidbhaile is airde i nGarbhchríocha na hAlban.
an cnoc is airde the highest hill
" Is é Sliabh Liag, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille, an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael.
agus aird an tslua a tharraingt orm féin. and to draw the crowd's attention to myself.
" Chuireamar drámaí éagsúla ar siúl agus ní raibh aon eagla orm dul suas ar stáitse agus aird an tslua a tharraingt orm féin.
le haird a tharraingt ar an dea-obair to draw attention to the good work
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
an-aird much attention
" The Aisling ProjectTugann Tom Collins an-aird ar thionscnamh darb ainm The Aisling Project.
aird an phobail attention of the public
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
aird an léitheora a dhíriú to draw the reader's attention
" Deir Pól Ó Muirí i réamhrá a leabhar úir, *Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil*, gur chuir sé roimhe, agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige, aird an léitheora a dhíriú “ar an Ghriannach mar dhuine” agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh go héifeachtach.
a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. which drew the attention of Europe onto Poland
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
ná aird an phobail a tharraingt to draw public attention
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
an moladh is airde the highest praise
" Ach b’fhéidir gurb é sin an moladh is airde a d’fhéadfaí a thabhairt ar véarsaíocht – go bhfuil sé thar a bheith cumhachtach don ghnáthdhuine mar aon le hí a bheith cumhachtach don té atá oilte uirthi.
aird an domhain dírithe orainn. attentive of the world directed on us
" Cuireann sé seo ualach faoi leith ar thoghlach na hÉireann, agus beidh aird an domhain dírithe orainn.
an-aird a lot of attention
"an-aird tugtha ag na meáin chumarsáide ar bheathaisnéis Liam Mhic Con Iomaire ar an amhránaí sean-nóis as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, ó foilsíodh an saothar i dtreo dheireadh na bliana seo caite.
a tarraingíodh aird an domhain mhóir which draw the world's attention
" ”* **************************** Ba thrí fhógra teilifíse de chuid Chanel No 5 a tarraingíodh aird an domhain mhóir ar Nina Simone i 1987.
aird an náisiúin attention of the nation
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
mheall sé lucht féachana an-ard. it attracted a large audience
" ’” Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar “Work Experience” an-dearfach agus mheall sé lucht féachana an-ard.
a tarraingíodh aird an phobail in which the public attention
" ” Bhí lucht leanúna díograiseach ag Bishop faoin mbliain 2000, ach ba sa bhliain seo a tarraingíodh aird an phobail i gcoitinne air nuair a ghlac sé le ról leanúnach ar chlár teilifíse den chéad uair.
tarraingíonn sé aird an léitheora it attracts the attention of the reader
" Tá sé mar a bheadh léarscáil ann mar go dtarraingíonn sé aird an léitheora ar na ceisteanna agus ar na sainréimsí tábhachtacha atá ag baint leis an teanga.
le haird a tharraingt ar an bhfeachtas leanúnach to draw attention to the continuous campaign
" Rinneadh amhlaidh le haird a tharraingt ar an bhfeachtas leanúnach atá i ndiaidh a bheith ar bun sa tír seo ó bhí 1978 ann chun comhionannas a bhaint amach don phobal seo.
an líon ard scoláirí the high number of pupils
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
aird an phobail public attention
" I 1995, bhunaigh sé ambasáid phubaill i mbaile beag, Taneatua, chun aird an phobail a tharraingt ar chás na d*Tūhoe* mar eachtrannaigh ina dtír féin.
aird an domhain mhóir attention of the whole world
" Rinne siad amhlaidh le haird an domhain mhóir a tharraingt ar streachailt na nGormach.
ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach seeking the highest appointment
" Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis.
an cúigiú ráta is airde the fifth highest rate
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
go dtabharfadh an domhan mór aird orthu that they would come to worldwide attention
" Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla go pointe áirithe.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil acting as general secretary of the conference
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, acting as general secretary of the conference,
" Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu? Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
bheadh an costas sin i bhfad níb airde the cost would be much higher
" Dealraíonn sé, mar sin, gur chosain gach bonn óir a bhuaigh an fhoireann i mBéising beagnach $16 milliún! Dar le Dochtúir James Connor, ar saineolaí spóirt é leis an Australian Defence Force Academy, bheadh an costas sin i bhfad níb airde dá gcuirfí san áireamh gach costas a bhaineann le spórt éilíteacha sa tír.
an-aird great attention
"an-aird ag daoine ar an Chailín sa Chathair.
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste the Office of the Comptroller and Auditor General
" Tá ceisteanna le freagairt fosta ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhfuil dualgas reachtúil air iniúchadh a dhéanamh ar chuntais eagraíochtaí stáit.
aird an phobail public attention
" Creidim go mbaintear úsáid as na scéalta seo chun aird an phobail a dhíriú ar cheisteanna eile seachas ar an drochstaid ina bhfuil geilleagar na tíre.
fás an-ard very high growth
" Ní hamháin gur botún bunúsach é, ach sa sampla is fearr a bhí againn den am a raibh sé sin ag tarlú, is é sin, fás an-ard, ré an téagair Cheiltigh, níor bhain sé sin amach riamh é.
aird an phobail public attention
" A leithéid de chutzpah! Cheapfá go seachnódh sé aird an phobail go raibh a thriail féin thart, ach caithfidh sé go raibh a fhios aige go bhfuil slándáil Iosrael “*sacrosanct*” i Washington, mar a dheimhnigh Obama d’AIPAC anuraidh, cé go bhfuil slándáil Mheiriceá ar díol don dream is mó airgead, is cosúil.
an-aird great attention
" ” Ní foláir nó gur tugadh an-aird ar fad uirthi le linn laethanta na meánscoile, mar sin.
aird an domhain world attention
" D’éirigh leis aird an domhain a dhíriú ar scéal na nOgoni agus i 1994, fágaim, scríobh Comhdháil na Stát Aontaithe chuig deachtóir míleata na Nigéire, Sani Abacha, chun a n-imní mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine in Ogoniland a chur in iúl.