Rugadh Mary i gcampa ar thaobh an bhóthair os cionn leathchéad bliain ó shin agus tá cuimhne an-mhaith aici ar an saol crua a bhí ag an Lucht Siúil amuigh faoin dtuath, go mór mór sa tréimhse sin idir na Ceathrachaidí agus na Seascaidí – ar ndóigh ba ag deireadh na Seascaidí a thosaigh
tréimhse an-chorraitheach i saol an Lucht Siúil in Éirinn – bhog formhór an Lucht Siúil Éireannach isteach sna bailte móra ag an tréimhse sin agus shocraigh a bhformhór ar shaol níos “buanlonnaithe” a bheith acu – an pobal ag dul chun cónaithe ar shuíomh champála agus i dtithe ar bhonn níos fadtéarmaí.