Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
Tá ceo ar do chuid súl ag an ghrá seo This love thing has you blinded
" "Tá ceo ar do chuid súl ag an ghrá seo, a ghasúir.
bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh he was so out of breath he couldn't even talk
" Ach fán am a dtáinig Bríd ar Thomás bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh.
an-chuid cabhrach a lot of help
" Tugann Síle Fisher, bean as Ciarraí o dhúchas, an-chuid cabhrach dó agus bíonn muid ag éisteacht le leithéidí Martin Hayes, Nomos, Lúnasa, Solas, Danú agus Dervish! Tá muid inár bpeataí millte acub! Bhí mé thart fá ocht mbliana is fiche d'aois ag an am sin.
an-chuid Gaeilge a lot of Irish
" Caithfidh mé a admháil cé nach bhfuil mé ró-thógtha le cúrsaí spóirt, gur breá liom go mór an páipéar sin agus d'fhoghlaim mé an-chuid Gaeilge uaidh.
an-chuid fuinnimh a lot of energy
" Dúshlán atá ann i gcónaí a bheith ag iarraidh déileáil le chuile rud, a deir sí, agus bíonn an-chuid fuinnimh ag teastáil uaireanta.
an chuid thiar the western part
" Is é Papua Thiar an chuid thiar den oileán ollmhór An Nua-Ghuine, atá suite in aice le cósta thuaidh na hAstráile.
tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge you are now where the best of Irish is to be found
" Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis most of the walkers seize the opportunity
" Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol the horror that ruined the rest of his life
" Ba ansin a thosaigh an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol.
go maith chun deiridh ar an chuid eile way behind the others
" Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall go maith chun deiridh ar an chuid eile.
de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh of the Democratic Party
" Ach sna 1840í, ní raibh spéis dá laghad ag go leor de na hinimircigh Éireannacha - ar lucht leanúna díograiseacha de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh iad - a bheith ag plé na sclábhaíochta i stáit an deiscirt, páirt den tír a bhí i bhfad uathu.
an-chuid a lot
" I Luimneach i mbliana, tá an-chuid cairde nua déanta agam agus bíonn seisiún againn go rialta.
an chuid is ársa agus is tábhachtaí the most ancient and most important part
" Ceapaim freisin gurb í an amhránaíocht an chuid is ársa agus is tábhachtaí den traidisiún agus gur chóir tuiscint de shaghas éigin a bheith ag gach ceoltóir tradisiúnta ar an amhránaíocht.
eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail grassroots political organizations
" Tá macasamhail an nóis Mheiriceánaigh seo na nithe a gcreideann tú féin go pearsanta iontu a léiriú don saol mór le feiceáil sa chóras polaitiúil chomh maith; tá baill d'eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail páirteach sa rialtas, agus vótóirí aonair ag cur a gcuid tuairimí in iúl don phobal, ag súil gur féidir leo dul i bhfeidhm ar pholasaithe náisiúnta.
an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar the most expressive and discerning of his work
" Is le linn na tréimhse míshocra seo dá shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí dá shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla dá shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, tá an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.
shéan urlabhraí de chuid an PSNI a spokesperson from the PSNI denied
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
a shantaíonn an chuid is fearr who wants the best
" ” Is féidir a rá gur fear é Brian Vallely a bhfuil tuairimí láidre aige, fear a shantaíonn an chuid is fearr, bíodh sin i gcúrsaí ceoil, cúrsaí lúthchleasaíochta, i gcúrsaí ealaíne, nó sa chaidreamh idir daoine.
iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin famous former Down footballer
" Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.
a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt which hides most of this magical technology
" Tá bogearraí simplí saor in aisce ar fáil a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt agus a chinntíonn gur féidir le daoine díriú ar an gcomhrá agus ní ar an teicneolaíocht féin.
thuirling eitleáin de chuid an CIA CIA planes landed
" Ó 9/11 i leith thuirling eitleáin de chuid an CIA in Aerfort na Sionna ar bhreis is 85 ócáid.
An itheann sé do chuid duit fosta? Does it eat your dinner/food for you as well?
" “An itheann sé do chuid duit fosta?” Leis sin, tháinig beirt de chuid ban na hoifige isteach.
an-chuid amhrán a lot of songs
" AÓF: An raibh ceol ag do mhuintir féin, nó cé a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú i do ghasúr? CÓD: Níor sheinn mo thuismitheoirí, ach mhúin mo Mham an-chuid amhrán dúinn, ar scoil (múinteoirí bunscoile ab ea iad beirt) agus sa bhaile.
nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca that not many disciples in the rest of the world worship the great god of hockey
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
an-chuid ambasáidí a lot of embassies
" Chaith mé tráthnóna in Osu, ceantar saibhir sa chathair a bhfuil an-chuid ambasáidí lonnaithe, agus an-chuid ex-pats mar aon le hAfracaigh shaibhre ina gcónaí.
ag freastal ar scoil de chuid an rialtais attending a government school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
an-chuid ábhar a lot of subjects
" ***ENíG: ******An bhfuil pleananna ar bith agat féin faoi láthair ó thaobh cúrsaí oibre de?*** SNíR: Ó thaobh cúrsaí oibre de, tá mé ag múineadh san ollscoil ach tá mé oscailte i gcomhair deiseanna nua an t-am ar fad – giota beag aistriúcháin, b'fhéidir, scríbhneoireacht, taighde! Tá spéis agam in an-chuid ábhar ach is beag rud a bhfuil grá agam dó.
an chuid lárnach the central part
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin an RTE film crew was driven out of the Vatican
" Thart ar an am céanna, díbríodh criú teilifíse de chuid RTÉ amach as an Vatacáin toisc gur ghléasadar bean mar easpag agus iad i mbun scannánaíochta.
ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu most of them were independent socialists
" Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.
an-chuid taifeadtaí a large number of recordings
"an-chuid taifeadtaí de cheol agus de shean-Ghaoluinn an Chláir anseo is ansiúd agus tá ar intinn againn iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin.
bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu most of them are very fluent
" Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu.
a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair who concentrates mostly on her work
" com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe.
áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF where an RAF plane crashed
" Suíomh suimiúil eile Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda.
an-chuid ullmhúcháin a great deal of preparation
" Deir Alf go mbíonn an-chuid ullmhúcháin ar siúl sna laethanta roimh an bhféile.
an chuid dheireanach den tsraith seo, the last part of this series,
" Tá cúrsa eile d’aosaigh, *Tús Maith*, scríofa aige le blianta beaga anuas agus tá sé ar tí an tríú cuid, agus an chuid dheireanach den tsraith seo, a fhoilsiú i ndiaidh na Nollag.
an-chuid teagmhála gairmiúla a lot of professional contact
" Bhí Vinnie Doyle ina eagarthóir ar an Indo ó 1982 go 2005,rud a fhágann go raibh an-chuid teagmhála gairmiúla ag Justine leis.
an-chuid tuairisceoireachta a lot of reporting
" ” Agus í ag obair leis an *Independent*, rinne Justine an-chuid tuairisceoireachta ó Thuaisceart na hÉireann.
ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh most of the people killed by the fascists were Basques, Catalans and Spaniards
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna a lot of kangaroos, snakes and ugly spiders
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
bhí an-tóir ar a chuid ceoil his music was very popular
" Ceol Uí Chearbhalláin is mó a bhí ann mar bhí an-tóir ar a chuid ceoil i measc na ndreamanna a cheannaigh leabhair.
ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, similar to another work of his,
" ” Agus mé ar tí fágáil, thaispeáin Tadhg an tionscadal atá idir lámha anois aige dom, leabhar nua do dhaoine fásta, ar an dul céanna le saothar eile dá chuid, *Gugalaí Gug*, a foilsíodh do pháistí.
ar chuid de phearsana an Tiomna Nua. into some of the personalities of the New Testament.
" Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua.
an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar the most famous and developed part of his work
" Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.
an-dearfach den chuid is mó very positive for the most part
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
Bainim an-sult as mo chuid oibre I really enjoy my work
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
an-chuid dá dtáirgí a lot of their products
" Go deimhin, agus dlíthe i Meiriceá chomh liobrálach sin i leith gunnaí, díolann na comhlachtaí seo an-chuid dá dtáirgí i Meiriceá.
comharsa de chuid an teaghlaigh a neighbour of the family's
" Bhí cluiche tábhachtach ar siúl idir Doire Fhlainn agus an Tigh Mór agus rinne comharsa de chuid an teaghlaigh gearán leis an athair de bhrí nach bhfaca sé ceachtar acu – Seán nó Peter – ag imirt riamh.
an chuid is caoile den oileán the most narrow part of the island
" **Seancheantair Ghorma**Is é tuaisceart Manhattan an chuid is caoile den oileán agus ó na Clabhstraí ó dheas leathnaíonn sé amach go dtí na seancheantair Ghorma – Washington Heights agus Harlem.
isteach i mbeairic de chuid an UDR into a UDR barracks
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
an chuid is mó dá shaol most of his life
" Is fear é Gearóid a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite aige i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge agus i mbun fiontar chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
an chuid ab Éireannaí the most Irish part
" De réir a chéile, thuig cuid againn sa scoil gurbh í an Ghaeilge an chuid ab Éireannaí d’Éirinn.
an chuid is áille the nicest part
" ” Domsa is é an chuid is áille den leabhar ná an giota beag dialainne tar éis dó seachtain a chaitheamh i dToraigh ag seinnt agus ag cuartú i measc na ndaoine.
An-chuid gleacaíochta agus geáitsíochta a lot of acrobatics and play-acting
" An-chuid gleacaíochta agus geáitsíochta ar bun timpeall ar an cheol.
nochtadh an chuid eile den bhaile the rest of the town was uncoved
" Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile the rest of the population of the town
" Cailleadh 153 duine an oíche sin, agus bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile go háiteanna eile.
bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. most of them are submerged totally and utterly in the cult of football
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
an-chuid seinnte sa chiúnas. a lot of playing in the quietness.
" Tá an-chuid le déanamh againn – an-chuid pleidhcíochta agus an-chuid seinnte sa chiúnas.
de chuid an Pháirtí Choimeádaigh of the Conservative Party
" "Labour isn't Working", a dúradh ar bhileog stocaireachta de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a scaipeadh roimh olltoghchán na Bealtaine sa bhliain 1979.
an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil. the place the player got their music
" An aontaíonn tú leis sin? TC: Braitheann sé ar an fhidléir, sílim, agus ar an stíl, ar an stór ceoil agus ar an áit a bhfuair an seinnteoir a chuid ceoil.
an chuid is mó acu most of them
" Tá breis is 1,500 grúdlann faoi leith i Meiriceá anois, agus tá an chuid is mó acu ann le fiche bliain anuas.
an-chuid infheistíochta coigríche a lot of foreign investment
" Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais. in a league game
" Bhí na peileadóirí ag imirt ar an lá céanna i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais.
a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil. who inhibited the creativity of a lot of bands
" Ach tá deireadh anois lena smacht docht, a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.
an-chuid conspóide. a lot of controversy
" ” Tuairimí conspóideachaÁbhar eile a bhfuil Myers paiseanta faoi ná an inimirce agus is minic a chothaíonn a dhearcadh ina taobh an-chuid conspóide.
píosa de chuid an dealbhóra a piece by the sculptor
" ScilBhí éagsúlacht iontach ag baint leis an chaimiléireacht a bhí ar bun acu – d'éirigh leo, mar shampla, saothar de chuid an phéintéara LS Lowry, mar aon le píosa de chuid an dealbhóra Barbera Hepworth, a chóipeáil go foirfe, rud a léirigh cumas agus oilteacht Shaun i réimse leathan stíleanna, tréimhsí agus disciplíní.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, on radio for the most part they were to be heard at the start
" Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, ach de réir a chéile – agus faoi thionchar Kieran – chuaigh BBC TÉ i mbun cláracha teilifíse as Gaeilge a léiriú.
Bíonn an-chuid cainte there is a lot of talk
" **"Monetization"** Bíonn an-chuid cainte mar gheall ar *"monetization"* i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne na laethanta seo.
tá an-chuid tábhachta a lot of importance
" Dar ndóigh, tá an-chuid tábhachta ag baint le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fosta.
bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír. everyone really enjoyed the segment.
" Bheadh ionadh orm dá dtuigfeadh níos mó ná tríocha faoin gcéad den lucht féachana céard a bhí á rá ag na haisteoirí, ach d’ainneoin sin, bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír.
an-chuid tacaíochta a lot of support
" ”An dóigh leis, mar sin, go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil do lucht na drámaíochta sa tír seo maith go leor? Agus cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh sula bhfuair siad an maoiniú leanúnach ón gComhairle Ealaíon? “Fuair muid an-chuid tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta.
an chuid is mó most of them
" Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin.
tá an-tóir ar a chuid íomhánna there is a lot of demand for his images
" Cé go bhfuil a shaothar rud beag *twee* – sampla amháin dá ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann sé – tá an-tóir ar a chuid íomhánna agus tá clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol.
an-chuid oibre a lot of work
" Is léir go bhfuil an-chuid oibre le déanamh sna blianta atá romhainn má táimid chun na bearnaí náireacha a dhúnadh idir na Bundúchasaigh agus an chuid eile de mhuintir na tíre ó thaobh a gcaighdeáin maireachtála agus a n-ionchais saoil de.
an chuid dheireanach den dúshlán his final part of the challenge
" Beidh siad le cloisteáil ar an 13 Márta mar chuid de sheó speisialta a bheas á reáchtáil ag Club Sult in Vicar Street le linn Sheachtain na Gaeilge, tráth a dhéanfaidh Des an chuid dheireanach den dúshlán a chur i gcrích mar gur daoine a bhfuil Gaeilge acu, den chuid is mó, a bheas sa lucht féachana.
an-chuid gnéithe dearfacha an awful lof of positive aspects
" Cé go bhfuil cuma ghéar ar an méid a dúirt sé thuas faoin drochbhail a thug RTÉ air le linn “Don’t feed the Gondolas”, deir sé fosta go bhfuil an-chuid gnéithe dearfacha ag baint leis an institiúid.
fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine an employee of the property company
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
faoin treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh about this EU directive
" eu/consumer faoin treoir seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).
flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta a float from the local police force
" I mbliana, bhí flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta páirteach sa pharáid, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar stádas an phobail seo le tríocha bliain anuas.
polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh a politician from the EU
" Deirtear faoi go minic nach bhfuil éirí in airde ar bith ag baint leis agus go gcaitheann sé le gach duine ar an dóigh chéanna, is cuma cé acu polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá i gceist nó duine a mbuaileann sé leis ar an tsráid.
is cuid den stair an chuid eile den scéal. the rest is history
" Ach thosaigh muid a sheinm ceoil le chéile sa deireadh agus is cuid den stair an chuid eile den scéal.
daoine geala de chuid an lucht oibre. white working class people
" Agus ní chuidíonn sé léi gurb na vótálaithe is mó a thugann tacaíocht di ná vótálaithe traidisiúnta an pháirtí – ní daoine óga agus toghlaigh nua de chuid an phobail ghoirm, ach daoine geala de chuid an lucht oibre.
an-chuid cosúlachtaí a lot of similarities
"an-chuid cosúlachtaí idir é agus Gordon Brown ó thaobh a gcúlra polaitiúil de agus caithfidh sé a chinntiú nach dtitfidh an drochrath céanna air i ndiaidh a thréimhse cneastachta.
de bharr rialacháin de chuid an AE as a result of an EU regulation
" Ná déanaimis dearmad, mar shampla, gur de bharr rialacháin de chuid an AE atá rátaí uisce á ngearradh ar scoileanna na tíre faoi láthair! Bheadh neodracht na hÉireann i mbaol arís de bharr Chonradh Liospóin, in ainneoin gur cuireadh prótacal faoin neodracht le Conradh Nice.
de chuid an choláiste mhíleata of the military college
" Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
a dhear an chuid seo den tionscadal who designed that part of the project
" Ba é Harald Berthelsen a dhear an chuid seo den tionscadal.
báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh boats and sailors of the Australian navy
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha rich countries of the Developed World
" É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.
an chuid is measa de the worst part of it
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
de chuid an rialtais Aontachtaigh of the Unionist government
" Déarfaidh Sinn Féin go bhfuil bua acusan mar bhí an t-aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ar cheann de na héilimh ba thábhachtaí leo ó tharla go raibh an seanRUC ina eite mhíleata de chuid an rialtais Aontachtaigh le leathchéad bliain.
ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo. taking part in the courses of this academy
" Ní bhíonn ach líon beag mac léinn ag glacadh páirte i gcúrsaí de chuid an acadaimh seo.
de chuid an rialtais a governmental (...)
" Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá.
an chuid fisiciúil physicality
"an chuid fisiciúil sna réimsí sin an-bheag ar fad.
an-chuid a lot
" Druideadh an Leitrim Post, de chuid River Media, agus agus lig an Irish Independent an-chuid daoine chun bealaigh le bliain anuas.
an-chuid a large amount
" Seafóid is ea an léiriú seo gur féidir le cuid againn scaoileadh tharainn gan stró, ach tá an-chuid den dream óg amuigh ansin go hiomlán ar éill aige.
an-chuid an aweful lot
" Caitheann an bleachtfhéileacán an-chuid ama i Meiriceá Thuaidh agus i gCeanada le linn an tSamhraidh, ach a luaithe agus a thig leis roimh an bhfuacht, crochfaidh an cine ar fad na heiteoga go Meicsiceo.
an-chuid spéise great interest
" Cé nach bhfuil an teanga ar fáil i ngach scoil, tá an-chuid spéise inti anois, agus tá neart páistí ag freastal ar scoileanna Diwan nó scoileanna dátheangacha.
an-chuid oibre a great amount of work
" Bhí an-chuid oibre le déanamh faoi íomhá na teanga i measc na ndaoine, chun mórtas a fháil ar ais.