Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rian an-láidir a strong mark
" Deir sí, áfach, go dtaitníonn cuid aistriúchán Paul Muldoon léi thar aistriúcháin aon fhile eile, in ainneoin gur duine é a fhágann rian an-láidir ar shaothar Nuala.
an teachtaireacht láidir dhaonnachtúil the strong humane message
" Mar shampla, molann Dr Jamsheed Akrami "an teachtaireacht láidir dhaonnachtúil" atá i scannán nua de chuid Majid Majidi, a rinne *The Colour of Paradise*.
Bhí féith an ghrinn go láidir ann he had a strong sense of humour
" Bhí féith an ghrinn go láidir ann, rud a bhí le feiceáil go soiléir agus é ar an stáitse.
seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt instead of using violence immediately
" Is é an tuairim choitianta anois gur cheart do Mheiriceá agus don Bhreatain seasamh siar ar feadh tréimhse eile agus deis a chur ar fáil réiteach a aimsiú, seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt.
seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne instead of using force against them
" Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne.
an lámh láidir strong-arm tactics
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
a láidre is atá an Ghaeilge how strong Irish is
" "Nuair a smaoiním ar a láidre is atá an Ghaeilge ina lán ceantar go fóill, ar chumas foirfe scríbhneoirí agus iriseoirí na Gaeilge, ar thacaíocht an phobail do na Gaelscoileanna agus ar an meas a thugtar go coitianta don dúchas, díbrím an duairceas agus bím dóchasach arís.
an lámh láidir physical force
" Ó thaobh na bpoblachtánach de, nuair a bhíonn an lámh láidir in úsáid acu, is é a bhíonn ar siúl acu ná "housekeeping" - ag iarraidh smacht "carthanach" a choinneáil ar a bpobal.
leis an lámh láidir by force
" Thar na blianta, tá iarrachtaí déanta ag na Spáinnigh an Charraig, mar a ghlaotar ar an réigiún, a athghabháil - leis an lámh láidir uaireanta agus le comhráití uaireanta eile - ach níor éirigh leo.
an léiriú is láidre the strongest illustration
" Agus b’fhéidir gur sin an léiriú is láidre ar an gcumhacht atá an teicneolaíocht tar éis a thabhairt don phobal: tá an pobal féin in ann cabhrú leis na póilíní teacht ar na sceimhlitheoirí a d’ionsaigh iad.
guth an-láidir agus an-neamhspleách a very strong and independent voice
" “Bhí guth an-láidir agus an-neamhspleách aige, cé go ndéarfadh go leor daoine go raibh sé coimeádach agus b’fhéidir roinnt conspóideach.
rian an-láidir a very strong mark
" Tá sí le cloisteáil ar chúpla traic agus fágann sí rian an-láidir ar amhráin mar “Bata is Bóthar” agus “Inghean”.
an nasc láidir the strong link
" An rud a chuir an méid sin i mo cheann ná alt a léigh mé le déanaí faoi chúrsaí óil agus cúrsaí spóirt sa tír seo agus an nasc láidir atá idir an dá rud.
an mhíshástacht láidir the strong dissatisfaction
" B'fhéidir go bhfuil baint ag cur isteach ar shaol pearsanta leis an mhíshástacht láidir le tástáil anála ar maidin i measc 50% de lucht an dáilcheantair.
an lámh láidir physical force
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
an-láidir very strong
" Ach an oiread le blianta beaga anuas, bhí Cill Chainnigh an-láidir san am sin agus bhí imreoirí den scoth acu ar nós Eddie Kehir, Ger Henderson, Frank Cummins agus araile.
Cáineadh an t-alt go láidir the article was strongle criticised
"Cáineadh an t-alt go láidir sna nuachtáin agus ar chláracha raidió Pat Kenny, Vincent Brown agus Joe Duffy ar RTÉ.
an tríú geilleagar is láidre san Aontas Eorpach the third strongest economy in the European Union
" Mhaígh Salmond é féin ag tús na míosa seo caite go mbeadh an tríú geilleagar is láidre san Aontas Eorpach ag Albain (i ndiaidh Éire agus Lucsamburg) dá mbeidís sásta a n-iomaire féin a threabhadh.
go láidir in aghaidh an chleachtais strongly against the practice
" Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go láidir in aghaidh an chleachtais in 1890, agus chuir an eaglais deireadh leis sa bhliain chéanna.
raibh cosúlacht láidir ar an scéal it really appeared
" Tharla le déanaí mar shampla gur ceadaíodh cúl do Chill Chainnigh i gcoinne an Chláir in ainneoin go raibh cosúlacht láidir ar an scéal go raibh an tosaí a scóráil an cúl, Mathew Ruth, istigh sa chearnóg bheag roimh an sliotar.
an foras láidir bríomhar sin that strong lively institute
" Cuireadh riocht liteartha ar a chuid fuinnimh agus ar a chuid uabhair, agus nuair a dúnadh doirse an tSeanaid air, d’oscail sé Seanad liteartha eile ina cheann, an foras láidir bríomhar sin a fheictear ina úrscéalta ar Burr, Jefferson, Lincoln agus FDR.
an lámh láidir force
" Rinne go leor leor daoine an tUachtarán a cháineadh go trom as an daoradh príosúin a gearradh ar na mná (an daoradh is lú don chineál sin coire i gcúirteanna na Rúise), rud a léiríonn, dar leo, an lámh láidir atá in úsáid ag an rialtas atá inchurtha le trialacha easaontóirí i ré dhorcha Shóivéideach na Rúise.
lucht a tacaíochta leis an láimh láidir its supporters with violence
" D'fhreagair an Stát agus lucht a tacaíochta leis an láimh láidir.
gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla the strong stream of English is hard to handle
" Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn.
an fuinneamh a bhí le brath go láidir the energy which was tangible
" Lena n-ais, an fuinneamh a bhí le brath go láidir ón tseanfhear sa chathaoir rotha, ba fuinneamh céadach é.
In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag despite his having a very strong faith
" “Cén mhaith dúinn a bheith ag caitheamh airgid ar theanga atá marbh, ná atá ag fáil bháis?” Cé chomh minic a chluintear abairtí mar seo, go háirithe in am seo an ghátair ó thaobh an gheilleagair de? In ainneoin go bhfuil creideamh an-láidir ar fad ag Balor i dtodhchaí gheal na Gaeilge, bhí an tsíorcháisíneacht agus an chnáimhseáil shíoraí ag creimeadh a dhóchais… go dtí gur thug sé cuairt ar Ghaelscoil na Gaeilge Gaelaí i mBaile Gaelach sa chathair cois Life.
ag éirí níos láidre in aghaidh an lae growing stronger by the day
" Nuair a mheasctar Deutsch agus Englisch ar an tslí seo, cruthaítear teanga aisteach chrosanta mar thoradh: Denglisch a thugtar ar an bhFrankenstein seo de theanga agus tá an ollphéist ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.
an nasc láidir cultúir le hAlbain the strong cultural link with Scotland
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 300,000 duine ar cuairt chuig an chathair agus go mbeidh 20,000 ceoltóir ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh, chan amháin ar cheol traidisiúnta na hEireann ach ar an nasc láidir cultúir le hAlbain agus le tuaisceart Mheiriceá chomh maith.
idir an lámh láidir agus plámas using both force and sweet mouthing them
" Baineadh triail as go leor bealaí chun dul i ngleic leis na díormaí seo idir an lámh láidir agus plámas.
tá an daonnacht sin go láidir mar chuid that humanity is a great part
" "Chomh maith, is breá liom bheith ag éisteacht le seandaoine ag scéalaíocht agus le páistí ag súgradh ar an tsráid, agus tá an daonnacht sin go láidir mar chuid d'Owenvarragh.
Gné an Spóirt go Láidir the aspect of sport is healthy
" Gné an Spóirt go Láidir ========== Más faoi léigear atá an cultúr Éireannach i gcoitinne, tá chuile chosúlacht ar an scéal gur faoi bhláth atá an CLG, agus cúrsaí ag dul ó neart go neart ann.
mbainfidís úsáid as an láimh láidir they would use violence
" Agus ní dóigh liom go mbainfidís úsáid as an láimh láidir le greim a choinneáil ar an chumhacht.
in ainneoin an gearán láidir despite the strong complaint
" Rinne an Rúis ionradh ar an tSeoirsia sa bhliain 2008 in ainneoin an gearán láidir a rinne an tAE.
chuireann béim an-láidir greatly emphasizes
" Ag dul in éadan beagnach gach fógra agus mana margaíochta a foilsíodh riamh atá tú toisc gur sochaí í seo a chuireann béim an-láidir ar nithe ábhartha agus ar charnadh na nithe céanna.
an tionchar is láidre the strongest influence
" Ba sa tréimhse sin idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus deireadh na Seascaidí a bhí an tionchar is láidre ag Balenciaga ó thaobh stíle de.
gaol an-láidir a very strong relationship
" 

 Tá bean óg amháin ag obair ar an choigríoch agus cé go bhfuil gaol an-láidir lena muintir agus lena tír dhúchais tá sí ag saothrú léi i gcúrsaí Gaeilge - i Nua-Eabhrac.
ar an cheangal láidir at the strong tie
" Féachann Tony Birtill ar an cheangal láidir atá idir Learpholl agus Éirinn leis na céadta bliain.
an reacaireacht láidir go léir all the hard selling
" Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.