Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur mhór an gar that it was a good thing
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
Ba mhór an trua it would be a shame
" " Ba mhór an trua dá ndéanfadh bagairtí na sceimhlitheoirí díobháil don obair atá déanta ag Walsh, Cummiskey, muintir Monahan, agus go leor daoine eile i Nua-Eabhrac a bhfuil dua caite acu leis an IPPCH.
an Mhór-Roinn the Continent
" D'imigh mé liom go dtí an Mhór-Roinn ach d'fhill mé ar Éirinn tar éis tréimhse ghearr.
Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm I'm so forgetful
" Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm nár smaointigh mé ar throllaí a bheith liom," arsa Seán.
praiseach an-mhór a great mess
" Níl aon amhras ach go bhfuil praiseach an-mhór déanta san Iaráic.
ba mhór an trua it was a great pity
" Cé a chreidfeadh é? Maidir le pointí ísle na bliana, ba mhór an trua nár éirigh le Luimneach dul chun cinn níos fearr a dhéanamh i ndiaidh trí bhua iontacha i gCluichí Ceannais Faoi 21 bhliain ach b'fhéidir go raibh muintir Luimnigh ag súil leis an iomarca ró-luath ó imreoirí óga.
chailliúint an-mhór a very big loss
" Mar sin, chomh fada is a bhain sé le lucht iomána Átha Cliath ba chailliúint an-mhór é Niall Ó Cuinn dá gcúis mar bhí blianta maithe roimhe ag iomáint d'Áth Cliath, is é sin muna sciobfadh an fhoireann pheile é, mar a tharla i gcás Mick Holden.
ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht in which the major ideology is practised and spread
" Bíonn stádas “ciall choiteann” ag na luachanna seo, agus bíonn saol cultúrtha i gceist ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht.
fonn an-mhór foghlamtha a great desire to learn
" Bíonn fonn an-mhór foghlamtha ar na páistí – tuigeann siad chomh tábhachtach is atá an t-oideachas.
fonn an-mhór foghlamtha a great desire to learn
" Bíonn fonn an-mhór foghlamtha ar na páistí – tuigeann siad chomh tábhachtach is atá an t-oideachas.
ar an scáileán mhór on the big screen
" Teastaíonn ó McBratney, an mac, bheith i ról McBratney, an t-athair, ar an scáileán mhór.
an bhréag mhór the big line
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
an choinneal mhór á shá isteach sa ghaineamh to stick the big candle in the sand
" Is breá liom dul síos go dtí an dtráigh lem’ bhuicéad* enamel* agus ualach gainimh a thabhairt go dtí an tigh dos na prócaí, nó na *crock*ann' fé mar a thugaimid orthu, ansan an choinneal mhór á shá isteach sa ghaineamh agus gearraim maisiúcháin le cur timpeall air as páipéar Nollag.
an phluais mhór the big cave
" Bhí scéalta aige faoi Bhalor agus an phluais mhór agus bhíodh seisean ag caint faoi amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin.
fhormáid an chláir mhór-rachairte the format of the popular programme
" Bhí an clár seo bunaithe ar fhormáid an chláir mhór-rachairte “Celebrity Big Brother” a bhíonn le feiceáil ar Channel 4 na Breataine; cuireadh ochtar pearsana aithnidiúla faoi ghlas i dteach mór idir 11 Márta agus Lá Fhéile Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
ba dhúshlán an-mhór é di it was a big challenge for her
" ” Tá sí tar éis canadh agus seinm ar thrí albam de chuid Danú sna trí bliana atá caite aici sa ghrúpa ach ba dhúshlán an-mhór é di an dlúthdhiosca aonair seo a chur le chéile.
cúlú an-mhór very big regression
" ” Na scoileanna I dtaca leis na scoileanna Gaeltachta, aithníonn Ó hAoláin go bhfuil cúlú an-mhór ar an nGaeilge sna scoileanna sin, agus nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil dúshlán an-mhór ann don Roinn Oideachais, do Roinn na Gaeltachta agus don Údarás féin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.
dúshlán an-mhór a very big challenge
" ” Na scoileanna I dtaca leis na scoileanna Gaeltachta, aithníonn Ó hAoláin go bhfuil cúlú an-mhór ar an nGaeilge sna scoileanna sin, agus nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil dúshlán an-mhór ann don Roinn Oideachais, do Roinn na Gaeltachta agus don Údarás féin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.
buntáiste an-mhór a very big advantage
" Chomh maith leis sin, cuirtear réimse áiseanna agus seirbhísí ar fáil sna hóstáin nach bhfuil le fáil i lóistíní eile agus is cinnte go dtugann sé seo buntáiste an-mhór dóibh.
ar an Fhaiche Mhór on Eyre Square
" Ach ní hionann “súil eile” agus *vox pop* a dhéanamh ar an Fhaiche Mhór seachas ar Shráid Grafton.
easpa an-mhór airgid. a big lack of money.
" ” Ceann de na fadhbanna is mó atá ag TG4 ná easpa an-mhór airgid.
daonra an-mhór a very big population
" Chomh maith leis sin, tá daonra an-mhór timpeall an cheantair seo agus tá an-éileamh ar an gceol anseo.
Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin. It would be a great pity if that happened.
"Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin.
ba mhór an chabhair agus an spreagadh dom sin. that was a big help and motivation for me.
" Bhain muid triail as roinnt amhrán a scríobh le chéile agus ba mhór an chabhair agus an spreagadh dom sin.
slua an-mhór a very big crowd
" I gcás na gcluichí idirnáisiúnta rugbaí, bheifeá ag súil le slua an-mhór a bheith i láthair.
níor mhór an córas a athrú arís the system would need to be changed again
" Dáiríre, níor mhór an córas a athrú arís sa chaoi is go mbeadh craobhchomórtas ann féin i gceist le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh, comórtas a bheadh neamhspleách ar fad ar chomórtais na Mumhan agus Laighean.
an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil bagpipes, accordions and mouth-organs
" Bhí scéalaíocht, amhránaíocht agus gach saghas ceoil – an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil – mar chuid den saol laethúil agus daoine ina suí thart ar an tine champa nó sa teach.
an cheannlíne mhór the big headline
" Chroith duine de na seanóirí nuachtán ina lámh, a raibh an cheannlíne mhór "Obama Chun Cinn” le léamh air.
bíonn ráchairt an-mhór orthu. there is a lot of demand for them
" Tá albaim eisithe ag Seachtain na Gaeilge chuile bhliain ó bhí 2005 ann agus bíonn ráchairt an-mhór orthu.
caithfidh mé a rá gur mhór an trua I must say that it would be a big pity
" Bhuel, anois is mo sciolladh déanta agam, caithfidh mé a rá gur mhór an trua dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, mar sin féin.
a raibh ráchairt an-mhór orthu. which were in great demand, were received very well
" Bhí an fear grinn seo – arb as Nua-Eabhrac ó dhúchas dó – páirteach go dtí seo in dhá shraith teilifíse a raibh ráchairt an-mhór orthu.
stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga to stop the big threat to the language
" D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach.
Cé gur chóisir an-mhór é although it was a very big party
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
Ian an Bhéil Mhór Ian of the Big Mouth
" Tá agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, mar atá agallamh idir Ian an Bhéil Mhór agus Balor na Súile Nimhe; nó mar a déarfadh Ian féin: idir Ian an Bhéil Bhinn agus Balor an Bhéil Mhóir; nó mar déarfadh Balor féin: idir Ian an Bhéil Nimhe agus.
Ba mhór an spórt a bhí agam. I had great fun
Bhain sé preab an-mhór asam. It really shook me.
ar an mhór-roinn on the continent
" Bhí lucht leanúna mór againn ar an mhór-roinn ach ní raibh comhordú ceart déanta ar chúrsaí.
tragóid an-mhór a very big tragedy
" Tharla tragóid an-mhór i saol Sheáin in 2001 nuair a maraíodh a mhac, John Patrick (27), in uafás 9/11.
Ba mhór an trua é dá dtiocfadh sé faoi bhláth. it would be a great pity if it flowered
" Ba mhór an trua é dá dtiocfadh sé faoi bhláth.
an-mhór le very friendly with
" “Bhíomar an-mhór le John.
gaoth mhór an tseanchais the big wind of lore
" Cuidíonn gaoth mhór an tseanchais le feachtas an phobail nuair a shéideann sí ar feadh trí lá agus trí oíche, ag ligean do Chillín *Chait*ríona solas an lae a fheiceáil den chéad uair leis na cianta cairbreacha.
éileamh an-mhór really big demand
" Nuair a d’fhostaigh an rialtas múinteoirí Manainnise ag tús na nóchaidí, bhí éileamh an-mhór ar na ranganna.
an imirce mhór the big migration
" Pléifear an dóigh a ndeachaigh teacht na nÉireannach i gcion ar theanga agus ar chultúr Learphoill, an tionchar a d’imir cúrsaí polaitiúla in Éirinn ar chathair Learphoill i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda agus an imirce mhór ó iarthuaisceart Shasana go hÉirinn a tharla 400 bliain ó shin, le linn aimsir na bPlandálacha.
mhór an oilbhéim a great scandal
" Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.
ceist an-mhór a very big question
" ceist an-mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
Ba mhór an díol trua it'd be a great pity
" Ba mhór an díol trua é dá gcaithfimis an saol deighilte amach ó dhaoine eile, dár n-armáil féin leis an teicneolaíocht chun dúshláin agus ríméid na teagmhála daonna a dhíbirt.
mhór an gar a great help
Ba mhór an mhaise looked brilliant
" Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.
Bua an-mhór a big quality
" Bua an-mhór é seo atá le feiceáil i scéalta mar ‘An Ceol agus an Chuimhne 1’, ‘Ceol an Uafáis’ agus ‘An Rua ina Údar’, áit a mbaineann sé leas as suíomh lom, scáineach le haghaidh imeachtaí an scéil.
is cineál dúshlán an-mhór é it’s a considerable challenge
" Sin iad na príomhréimsí go bhfeicim easnamh iontu ach is cineál dúshlán an-mhór é na bearnaí sin a líonadh.
an-mhór, an-bheag very macro micro
" Scéal an-mhór, an-bheag, an-phearsanta.
Ba mhór an gar é thanks be to jazus
" Ba mhór an gar é seo di, nó bhí sí ar airgead mór ó Colgate, a bhí ag déanamh urraíochta uirthi.
mhór an buille a major blow
" Ba náireach an scéal é, gan amhras, agus ba mhór an buille don náisiún é stiúradh airgeadais na tíre a chailleadh.
Tháinig fás an-mhór faoin greatly increased
" Tháinig fás an-mhór faoin dlí Canónta thart fán am seo agus breathnaíodh ar an Phápa mar dhlíodóir, ar bhealach, agus chreid ardoifigigh na heaglaise gurbh é an rud ba thábhachtaí ná an dlí Canónta a fhorbairt agus a shonrú.
iarracht an-mhór a great effort
" Bhí iarracht an-mhór déanta ag na himreoirí an bhliain roimhe sin ó thaobh traenála agus d’éirigh leo an comórtas craoibhe agus an comórtas sraithe araon a bhuachain.
D’imir siad tionchar an-mhór they had a very big effect
" D’imir siad tionchar an-mhór ar an chruth a bhí ar an phoblacht óg: ba é DeValera a dhréachtaigh an bunreacht agus bhí lámh mhór aige sa dóigh ar scaramar faoi dheireadh leis an Ríocht Aontaithe.
Ba mhór an gliondar a bhí orainn we were delighted
" Ba mhór an gliondar a bhí orainn nuair a tugadh uasghrádú seomra dúinn agus muid fuar, fliuch báite i ndiaidh na raftála.
peaca an-mhór a serious wrong
" Anois, agus Oifig an Choimisinéara Teanga le caitheamh i dtraipisí, tá Balor den bharúil láidir gur peaca an-mhór é an gníomh suarach seo; ach nach bhfuil ann ach mionpheaca, i ndáiríre, i gcomórtas lena bhfuil curtha ina áit.
lucht leanúna an-mhór a great amount of fans
" Ionad mór spóirt é Ollscoil Memphis agus tá lucht leanúna an-mhór ag foirne an choláiste, go háirithe i gcás na peile, na cispheile agus an chluiche chorr.
Ba mhór an peaca it’s be very wrong
" Ba mhór an peaca nach raibh próiseas ceart comhairliúcháin poiblí ann le cúpla mí anuas faoi cad ba cheart a bheith sa Bhille.
Ba mhór an gaisce é sin that was a feat
a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain which pester a lot of the world’s population
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór who doesn’t look at all as though
" “Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air.
an dúil mhór mhillteach a crazy appetite
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
Níor mhór mar sin go mbeadh an ceart ag an stát the state ought to have the right then
" Níor mhór mar sin go mbeadh an ceart ag an stát seasamh in áit na dtuismitheoirí agus dul i gcúram na bpáistí.
an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar the piteous tale greatly affected
" Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe.
Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i this new business class loved
" Bhí dúil mhór ag an aicme gnó nua seo i bpictiúir a léirigh a saibhreas agus a stádas féin ach bhí spéis acu fosta i bpictiúir le téamaí tíriúla chomh maith le portráidí, saothar neamhbheo, pictiúir genre agus thírdhreacha.
dhíriú ar an gcontúirt mhór to direct at the great danger
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
an ardán mhór the big stage
" Lá Féile Pádraig sa bhliain 1964, bhí siad ar an ardán mhór le haghaidh Sunday Night at the London Palladium.
an chanúint go mór mhór the dialect particularly
" Is cuma linne inniu muna ndéanaimid dadaí as, ach go gcoinneodh sinn an teangaidh beo, an chanúint go mór mhór.
an scil mhór seobh this great skill
" Agus ansin tá na tonntracha móra ag teastáil ón dream a bhfuil an scil mhór seobh acu, tig leofa dul taobh thiar idir na hoileáin anseobh agus tá sé sin acu.
ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo it spoke well of these new patrons
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
an fhadhb mhór atá le réiteach the large problem to be solved
" ’Sé fírinne an scéil nach é an chríchdheighilt fisiciúil idir na sé chontae i dTuaisceart Éireann agus an 26 contae an fhadhb mhór atá le réiteach ach an deighilt sa phobal ó thuaidh maidir le dílseacht agus féiniúlacht.
dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain like many other groups in world history
" 
Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
raibh an t-olc ag baint le cuid mhór that evil pertained to a lot
" Má bhí sé de rún aige athmhuintearas a chothú idir an dá phobal, b’olc an tús a chuir sé leis an obair nuair a thug sé aitheasc sa bhliain 2006 ina ndearna sé athfhriotal ar shliocht a chuir i leith Muhammad go raibh an t-olc ag baint le cuid mhór dá ndearna sé.
shlog an t-údar an bhréag mhór siar the author swallowed the big lie
" Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.
go han-mhór leis an bhfeachtas greatly with the campaign
" Bhí Kiernan pósta le Delia Murphy, an t-amhránaí iomráiteach, agus chuidigh sé sin go han-mhór leis an bhfeachtas cáil na hÉireann a fheabhsú in Canberra.
an-mhór le chéile really friendly
" Rith sé liom agus mé ag éisteacht leis gur aoibhinn saol an ambasadóra anois tharla an dá thír an-mhór le chéile.
an chosúlacht mhór seo this great similarity
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
an tionscadal mhór eile ar líon the other big project on the net
" Sin an rud spéisiúil faoi oideas, atá difrúil leis an tionscadal mhór eile ar líon .
an chíréib mhór the large riot
" Ní hamháin go ndearna na Poblachtaigh iarrachtaí rialta ar éalú as an ngéibheann ina rabhadar, ach bhí na cimí Poblachtacha lárnach i gcuid de na hagóidí carcrach is mó agus is foréigní a tharla riamh laistigh de chóras coiriúil na Breataine leis na céadta bliain anuas, an chíréib mhór a tharla i gcarcair Hull sa bhliain 1976 san áireamh.
amuigh faoin tír ar an bhealach mhór out in the country on the main road
" Sea, ní i lár na cathrach ná le taobh an bhaile mhóir, ach amuigh faoin tír ar an bhealach mhór idir Gaillimh agus Tír Chonaill, bíonn deis ag duine a charr a lochtú le hartola agus labhairt le duine i bPolannais.
iarracht an-mhór ar fad a great effort entirely
" Ós rud é go raibh cúpla Euro ar fáil chun na comhthionóil seo a chur le chéile, rinne daoine iarracht an-mhór ar fad an dubh a chur ina gheal ar Gabriel Byrne, Ambasadóir Cultúrtha na hÉireann, fear a dúirt nach raibh i gceist leis an Tóstal ach shakedown nó scéim chun airgead a bhaint de chuairteoirí a bhí ag teacht chun na hÉireann.
casann sé ar an bhfeadóg mhór he plays the flute
" “Ceoltóir traidisiúnta atá ann, casann sé ar an bhfeadóg mhór agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire,” arsa Róisín.
fadhb an-mhór a very large problem
" “Tá fadhb an-mhór in Éirinn le mná a olann an iomarca, fir freisin, ach dhírigh muide ar mhná.
móramh an-mhór a massive majority
" Beidh móramh an-mhór ag an rialtas nua, ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht, atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.
dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic a great disaster would happen on the first trip of the T.
" Anuas air sin, bhí tairngreacht ag Cheiro go dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic.
gur mhór an trua scaoileadh leis that it was an awful pity to let it slip away
" Bhraithis i gcónaí go raibh rudaí níos tábhachtaí sa tsaol ná cúrsaí ceimice… go raibh rud éigint eile ansan amuigh go raibh bua agat chuige agus gur mhór an trua scaoileadh leis.
ba mhór an t-éacht í a chur it was a real feat to put it
" Ag Mealladh na nEorpach ========== Tá cuma dheas ar an gcarr seo, is SUV í agus ba mhór an t-éacht í a chur ar an margadh.
Ba mhór an meas a bhí aici ar she held in high regard
" (Ba mhór an meas a bhí aici ar Nally agus aige siúd droim ar ais, ó 1980-1990, agus is léir ó nótaí Moore gur labhair sé le Nally sula bhfuair sé bás go tobann i 2009).
ina céim mhór i scéal an chaidrimh a great step in the relationship
" Cé a dhéanfas dearmad ar na ceithre focla Gaeilge seo a leanas “A Uachtaráin agus a chairde”? Beidh cuairt an Uachtaráin ina céim mhór i scéal an chaidrimh idir an dá thír thar thréimhse stairiúil níos faide fós.
an fheadóg mhór the concert flute
" Nuair a bhain sí an áit amach bhí sí cosúil le yeti agus consairtín aige! Ní raibh ach beirt cheoltóirí eile san áit ach tá sí cairdiúil leo ó shin, John ó York ar an fheadóg mhór agus Andy ó Londain a sheinneann ar an fhidil.
Ba mhór an tsuim a chuir took a great interest
" ”) Ba mhór an tsuim a chuir Daniel Corkery sa “normálachas” freisin ina chuid saothar, cé nár thuig údar *The Hidden Ireland* riamh conas fadhbanna na hÉireann, “*that land, so dark, so scorned*”, a mheas in aice le fianaise ó thíortha eile.
ag súil leis an tslua mhór (he wasn’t) expecting the large crowd
" Ceisteanna na Staire ======= ‘*History is to blame*’ – *Commemorating Ireland 1912-1922*’ ba theideal na léachta a thug Daniel Mulhall san ollscoil tar éis na hoscáilte oifigiúla agus d’admhaigh sé nach raibh sé ag súil leis an tslua mhór a bhí i láthair dó.
buntáiste an-mhór a great advantage
" Bíonn buntáiste an-mhór ag rialtas nua faoi go mbíonn siad in ann an milleán a chur ar mhíbhainistí an iar-rialtais as drochriocht an gheilleagair nuair a chuireann siad cáinaisnéis déine i ngníomh i gcéad bhliain a réime.
cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar the book got a great reception
" Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar.
an fhéile mhór seo a reáchtáil to run this great festival
" Muintir atá anois ríméadach as a bheith ábalta an fhéile mhór seo a reáchtáil ina gceantar féin.
Ba mhór an tóir a bhí ar (work) was much sought after
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
an mbréag mhór the big lie
" Aisling eile réabtha! An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File.
chuaigh siadsan i bhfeidhm an-mhór orainne they affected us big time
" Cuireadh anonn chuig an mBán-Rúis mé agus má chuidigh muide leosan, tá mé a rá leat, chuaigh siadsan i bhfeidhm an-mhór orainne.