Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur mhaith an rud é that it would be a good thing
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair whoever would go between Nóirín and his mother would be a brave person
" " "Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é," arsa Fergus, nó bhí a fhios aige gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
Cheapas go mba mhaith an rud é I thought it would be a good thing
" Cheapas go mba mhaith an rud é tréimhse a chaitheamh sna Stáit Aontaithe.
gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge that most of these people abandoned the Irish language
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
agus an mhéin mhaith a bhí acu di and how well-disposed towards it they were
" Thug mé féin cuairt ar an scoil le gairid agus chuir sé iontas orm an méid suime a bhí ag na scoláirí agus ag na múinteoirí sa teanga, agus an mhéin mhaith a bhí acu di.
íoctar tuarastal an-mhaith leis he is paid a very good salary
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
an húr gan mhaith the useless hoor
gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith that you gave a great deal of thought to the arrangement
" ***AÓF: ***Maidir leis an gceol ar an albam, is léir gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith.
seirbhís an-mhaith a chur ar fáil to provide a very good service
" ” Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil ag éirí le TG4 seirbhís an-mhaith a chur ar fáil in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
Bhí glacadh an-mhaith leis it was well received
" Bhí glacadh an-mhaith leis ag an am agus chuaigh ceol Sheáin Uí Riada i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, There used to be very good discipline,
" Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, léirítí ómós don réiteoir agus ní bhíodh achrann ná troid ann riamh.
tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach a very good understanding of the genitive case
" Tá stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga.
Bhí meanma an-mhaith aige he was in very good spirits
" Bhí meanma an-mhaith aige agus caithfidh mé a rá go raibh sé thar a bheith béasach agus siamsúil.
túsphointe an-mhaith a very good starting point
" Is éard atá i gceist agam ná go gcuireann an saothar in iúl don léitheoir na rudaí ar fad ar chóir dóibh a bheith ar an eolas fúthu ó thaobh na Gaeilge de agus go dtugann sé túsphointe an-mhaith do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge, sa teangeolaíocht, sa tsochtheangeolaíocht, sa stair nó sa tsocheolaíocht.
bhí meanma an-mhaith aige he was in good spirits
" (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!) Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair.
Mhaith agus an t-Olc good and evil
" Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
ba mhaith an mhaise would be well served
" Mar sin, ba mhaith an mhaise don rialtas a rogha ar son Údarás na Gaeilge a mhíniú.
an-mhaith le very good
" Le fáinní, cearnóga nó eile a tharraingt, ní raibh aon mhaith ionam ach, ar údar éigin, bhí mé an-mhaith le gréasán a tharraingt.
an mhaith good
" An gcuideoidh an borradh seo leis an pháirtí an Chéad Aireacht a bhaint amach agus cad é a dhéanfaidh na haontachtaithe sa chás sin? Déanta na fírinne, tá an mhaith agus an t-olc araon i dtorthaí an toghcháin ó dheas don DUP agus don UUP.
An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh the outsider gets the blame for everything
" An Mhaith is an tOlc i dTóin an Choimhthígh! ======================= Maidir leis an Fhrainc, is léir gur mó an spéis atá ag Nicholas Sarkozy in olltoghchán na bliana seo chugainn (a bhfuil sé i mbaol a chaillte) ná mar atá aige i réiteach ar bith a fháil ar mhórfhadhbanna na hEorpa.
Is mór an mhaith it’s great
" Is mór an mhaith sárshaothar na beirte ealaíontóir Meicsiceach, Frida Kahlo (1907-1945) agus Diego Rivera (1886-1957) a fheiceáil i dtaispeántas atá ar siúl faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
Cén mhaith an dúthracht a chaitheamh what’s the point in spent immense effort
" Cén mhaith an dúthracht a chaitheamh le plean a réiteach, mura dtugtar na acmhainní don cheantar lena chur i bhfeidhm? - (iii) Cuid de na ceantair ní dheineann siad mórán céille ó thaobh na tíreolaíochta agus cuid eile acu ní dheineann siad aon chiall ó thaobh cúrsaí teanga.
ag déanamh an-mhaith ó thaobh gnaithe dhe doing excellent in business
" Agus Comhlachtaí Móra ======= Sin é an chaoi ó thaobh seo a’ainne dhe, is maith linn a bheith ag forbairt le comhlachtaí, ach maidir leis na comhlachtaí eile, Telegael, EO Teilifís, Nemeton, thar aon rud eile is comhlachtaí móra iad sin atá ag déanamh an-mhaith ó thaobh gnaithe dhe.
an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc the conflict between good and evil
" Táimid ag dul chun cinn gan amhras, ach ní thiocfaidh deireadh leis an choimhlint idir an mhaith agus an t-olc i gcroí an duine.
ar nós an fhíona mhaith like good wine
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh the Irish person would like to think
" ) Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh gur thréithe deasa a shamhlófaí leis thar lear, má chuimhnítear ar an fhód iathghlas thar lear ar chor ar bith.
Ba mhaith an mhaise dúinne freisin it would also be to our benefit
" Ba mhaith an mhaise dúinne freisin go ndéanfaí cíoradh air sa díospóireacht chéanna in Éirinn amach anseo.
an mhaith a dhéanamh to do good
" An gníomh graosta drochmheasúil a bhí ar siúl ag Pussy Riot nuair a phléasc siad isteach in Ardeaglais Chriost an Slanaitheoir nó an é nach raibh siad ach ag iarraidh feoil a chur ar fhocail Íseáia 1:17? “Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.
Ba mhaith an léargas a bhí sa ngeamaireacht ar the panto gave a good insight into
" Ba mhaith an léargas a bhí sa ngeamaireacht ar sheanchultúr gallda an oileáin.
roinnt mhaith de lucht an ainm chleite a good lot of the nom de plume people
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
mbíonn an dá bhunús ceart cuid mhaith den am both origins are often correct
" Sloinnte de bhunús Gaeilge is ea go leor acu, ach nach féidir a rá go cinnte ar de bhunús na hÉireann nó na hAlban iad, mar go mbíonn an dá bhunús ceart cuid mhaith den am.
gur bheag an mhaith there was much use
" Bhí Gaeltacht Chonamara dílis do Fhianna Fáil ó 1932 i leith, ach b’fhacthas don ghlúin óg a raibh baint acu le Cearta Síbhialta gur bheag an mhaith, ach a mhalairt, a rinne an dílseacht sin: bhí an áit bánaithe ag an imirce mar nach raibh mórán saothrú le fáil ann; ní raibh uisce i mórán de na tithe; ní raibh mórán áiseanna poiblí ar fáil don aos óg ach an oiread.
Déanann siad dorn an-mhaith a great fist they make of
" Déanann siad dorn an-mhaith den Ghaeilge a fhoghlaim.
a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu which are called good and evil
" Sa tsochaí chomhaimseartha, go háirithe i réimse na haigneolaíochta, tá claonadh ann na ceisteanna a bhaineann leis na coincheapa a dtugtar an mhaith agus an t-olc orthu a sheachaint, go háirithe más ceisteanna freagrachta atá faoi chaibidil.
Is comhartha an-mhaith é seo this is a very good sign
" Is comhartha an-mhaith é seo, ach tá an earnáil iomlán ar bís agus iad ag súil le huimhreacha maithe ag deireadh na bliana, go háirithe agus é i gceist an cinéal seo cláruimhreach a bheith againn feasta.
ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith in which it would be allowed to relinquish the foetus
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
tuiscint an-mhaith a great understanding
" Bhí tuiscint an-mhaith ag na Naitsithe ar chumhacht na healaíne agus ar an luach bolscaireachta a ghabhann léi.
In ainneoin an chaidrimh mhaith despite the good relationship
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
an mhaith a dhéanann an bia dúinn how food benefits us
" Meabhraíonn tú don duine gan dídean dhá ní an-tábhachtach: an mhaith a dhéanann an bia dúinn agus an dochar a níos an deoch mheisciúil.
ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo they’d like this question would be put
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.
an mhaith atá déanta for the good work that has been done
" Is breá an t-aitheantas IFTA lá ar bith ach ná fágtar acu siúd na gradaim a bhronnadh ar an mhaith atá déanta.
tá an díospóireacht ag dul ó mhaith the debate is deteriorating
" Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.
nár mhaith leis an bhfreasúra the opposition would like
" Dar leis ní rabhadar crua go leor agus ba léir gurb é a bhí i gceist aige ‘ciniciúil’, ‘gránna’, neamhthrócaireach nó ceann éigin de na téarmaí sin a úsáidtear sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar imreoirí áirithe nár mhaith leis an bhfreasúra teagmháil leo le linn cluiche.
dearadh an-mhaith a very good design
" Bhí dearadh an-mhaith ar an nuachtán agus cuma tharraingteach air.
Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint the benefits of the county’s wilderness must be recognised
" Caithfear an mhaith atá i bhfiántas na tuaithe a aithint mar ghné tharraingteach don turasóireacht agus gan srian ná smacht a chur air a deir Tony Birtill.
mbeidh rath ar an obair mhaith the good work shall bear fruit
" Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go mbeidh rath ar an obair mhaith.