Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caithfear an tsuim sin a mhúscailt the interest must be awakened
" Níl sé ródheacair ceol a mhúineadh, go háirithe nuair a bhíonn suim ag an dalta, ach caithfear an tsuim sin a mhúscailt.
ní hionann suim an phobail agus leas an phobail the public's interest is not the same as public interest
" Níl aon amhras orm ach gur ábhar suime ab ea an scéal seo do chuid mhaith de léitheoirí an nuachtáin sin, ach ní hionann suim an phobail agus leas an phobail.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
an tsuim is lú the smallest amount of interest
" Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an tsuim is lú aige i dteanga agus cultúr na hAlban an cúrsa seo a dhéanamh.
ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta none of the family had much interest in traditional music
" Cuireadh sinn ar fad go dtí múinteoir pianó nuair a bhíomar beag, ach leis an bhfírinne a rá, ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta.
an leibhéal suime agus rannpháirtíochta the level of interest and participation
" Is cosúil go n-ardaíonn an leibhéal suime agus rannpháirtíochta sa chluiche i gcomhréir le forbairt gheilleagrach i gcoitinne.
an méid sin suime so much interest
" Leath an cluiche amach i measc choláistí na hAontachta uilig go dtí go raibh an méid sin suime sa spórt gur bunaíodh go gairmiúil é in Ohio i 1920.
an dúrud suime a huge interest
" Tá daoine ag tarraingt ar an áit seo ó cheithre hairde na hÉireann agus tá an dúrud suime ag daoine i bhfoghlaim na Gàidhlig.
is mó an tsuim atá agam sa ghrúpa Iosraelach I have a greater interest in the Israeli group
" Seo an tríú huair dom cuairt a thabhairt ar Majdanek agus is mó an tsuim atá agam sa ghrúpa Iosraelach atá sa champa in éineacht linn.
an oiread suime how much interest
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
an tsuim airgid the amount of money
" Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
ag athnuachaint an tsuim atá acu renewing their interest
" Tá siad ag athnuachaint an tsuim atá acu inti trína ngasúir atá ag dul ar ghaelscoileanna.
rud a chuireann an pobal suim ann what the public takes an interest in
" Ach ar ndóigh ní hionann leas an phobail agus an rud a chuireann an pobal suim ann.
B’iontach an tsuim a cuireadh sa léim there was great interest was the jump
" B’iontach an tsuim a cuireadh sa léim a thug Felix Baumgartner as an lamhnán Helium an mhí seo caite.
Ní san innealra ach sa dúlra atá suim an turasóra the tourist isn’t interested in machinery but in nature
" Ní san innealra ach sa dúlra atá suim an turasóra a théann go Maigh Eo nó go Tír Chonaill.
a bhfuil an-suim a’m féin ann which I’m greatly interested in
" Réimse amháin a bhfuil an-suim a’m féin ann, an cóiriú díreach nó an direct provision.
an tsuim atá agam sa leigheas my interest in medicine
" Spreag an obair a bhí ar siúl ag na dochtúirí ann an tsuim atá agam sa leigheas.
Tháinig an-bhorradh faoin tsuim a great interest grew
" Tháinig an-bhorradh faoin tsuim atá ag muintir na hAstráile i gcúrsaí ginealaigh le blianta anuas agus bíonn daoine fíorbhródúil nuair a thagann sé chun solais go raibh sinsear acu ina dhaoránach, seachas a bheith náireach as an smál breithe mar a bhítí.
an tsuim chéanna the same interest
" Croí an Scéil ====== “Sin rud a d'fhoghlaim mé i Kosovo mar thuig mé féin go raibh daoine sa mbaile nach dtuigfeadh mar ní féidir an teagmháil, an comhbhá, an tsuim chéanna a bheith agat i gcás stair thír i bhfad i gcéin ach tá suim ag gach duine sa scéal daonna, scéal duine amháin má tá siad in ann caidreamh a bheith acu le duine ar scáileán agus tuiscint níos leithne a fháil fríd sin.
chuir an oiread daoine suim ina shaothar so many people showed an interest in his work
" Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.
Ba é a mhúscail suim thar an ngnáth that was what sparked a great interest
" Ba é a mhúscail suim thar an ngnáth i mbronnadh an Leon Óir ar an saothar seo ná gurbh é an chéad uair riamh a bhuaigh scannán faisnéise an phríomhdhuais.
an-suim agam le blianta anuas a great interest for some years past
" De réir Annie, atá breis is ceithre fichead anois: “Bhí an-suim agam le blianta anuas agus mé ag dul in aois a fháil amach faoi Phádraig mar bhí an méid sin cloiste agam faoi.
toisc easpa suime an Rialtais due to government lack of interest
" Ní gá ach féachaint ar chinneadh an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost toisc easpa suime an Rialtais le fada maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga agus easpa dul chun cinn i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla gan ach cúpla bunfhadhb a lua.
Ba mhór an tsuim a chuir took a great interest
" ”) Ba mhór an tsuim a chuir Daniel Corkery sa “normálachas” freisin ina chuid saothar, cé nár thuig údar *The Hidden Ireland* riamh conas fadhbanna na hÉireann, “*that land, so dark, so scorned*”, a mheas in aice le fianaise ó thíortha eile.
gcoimeádann sé suim an pháiste ann it keeps the child’s interest
" Deirtear má bhíonn an teaghlach ag glacadh páirte i gcluiche nó in aon chineál spóirt go gcoimeádann sé suim an pháiste ann agus go gcruthaíonn sé nasc in aigne an pháiste go bhfuil sé tábhachtach.