Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar thóir an spraoi looking for fun
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
Tá an-tóir ar ranganna classes are very popular
" Tá an-tóir ar ranganna ar an bhfidil, mar shampla, le tamall anuas.
An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad the pursuit of Western things really terrible
" Ach an fada eile a leanfaidh an traidisiún sin? An tóir ar an Iartharachas millteach ar fad.
Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo The Irish language is particularly popular here
" Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo.
sa tóir ar an lipéad úd after that label
" Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: "fíorcheannaire an fhreasúra".
an-tóir ar fad big demand
" I mí an Mhárta bíonn an-tóir ar fad ar an gceol Gaelach.
an-tóir big demand
" Sílim gur shroich an cairdín a bhuaicphointe le linn na tréimhse a raibh an-tóir ar Sharon Shannon.
a raibh an-tóir air who was very popular
" "Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil Huw Jones anois ina phríomhfheidhmeannach ar S4C agus go bhfuil Dafydd Iwan, ar cheoltóir é a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, ina chathaoirleach ar Phlaid Cymru," arsa Aled.
go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta that the ferry is very popular
" Bhí freastalaí óg croíúil ann, a d'inis dúinn go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta.
an-tóir great demand
" Le tríocha bliain anuas, tá an-tóir ag na bailitheoirí ar shaothair Éireannacha.
stíl a mbíodh an-tóir uirthi a style which used to be very popular
" " Tá an siopa lán de rudaí áille sa stíl *Art Deco*, stíl a mbíodh an-tóir uirthi i bPrág.
a mbíodh an-tóir air which used to be very popular
" Siúlann muid idir fálta iontach arda, agus trí choillte atá lán de phlandaí speisialta, mar an caiméilia, a mbíodh an-tóir air i Lucca.
agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár and that the programme is so popular
" Ach an chúis go bhfuil *The Simpsons *chomh greannmhar sin – agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn – ná nach gcloíonn siad le greann éadrom amháin.
dá mbeadh an tóir chéanna air if it was as popular
" ” Tá úrscéal nua dá cuid, *Hurlamaboc*, díreach foilsithe ag Cois Life agus tá mé cinnte gur bhreá le hÉilís dá mbeadh an tóir chéanna air is a bhí ar a céad úrscéal Gaeilge.
bíonn an-tóir ar an dánlann the museum is very popular
" Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil: Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin *Madonna in Maesta* le Cimabue i seomra 1 *La Battaglia di San Romano* (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 *Fredrico da Montefeltro* le Piero della Francesca i seomra 7 *Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera* le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 *Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino* le Titian i seomra 28 Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.
tá an-tóir orthu they're very popular
go mbeadh an-tóir ar a leithéid that such a thing would be very popular
" Chuala sí faoin cheird nua seo, comhairleoireacht saoil, a bhí tagtha chun cinn i Meiriceá agus thuig sí láithreach go mbeadh an-tóir ar a leithéid in Éirinn.
Tá an-tóir air, He is in great demand,
" Tá an-tóir air, go háirithe mar gur mian leis na mílte duine ar tháinig a sinsir as Lios Mòr níos mó eolais a fháil faoina bhfréamhacha.
an-tóir big demand
" Chuir sé an-iontas ar shaineolaithe sé bliana ó shin nuair a fuair siad amach go raibh an-tóir ar chóipeanna *bréagacha* de shaothar Elmyr de Hory, duine de na falsaitheoirí ba chlúití sna caogaidí agus sna seascaidí, a rinne cóipeanna iontach cliste de shaothar Mondigliani, Picasso agus Matisse.
an-tóir big demand
"an-tóir anseo faoi láthair ar dhaoine atá ag obair i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, ar shiúinéirí agus suirbhéirí.
sa tóir ar an luchóg chasing the mouse
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir when they go looking for the big money
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
bhí an-tóir ar a chuid ceoil his music was very popular
" Ceol Uí Chearbhalláin is mó a bhí ann mar bhí an-tóir ar a chuid ceoil i measc na ndreamanna a cheannaigh leabhair.
Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí rugby matches are very popular
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, Anthony Gormley's work is very popular,
"Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
go mbeidh an-tóir orthu that they'll be in great demand
" Tá na dlúthdhioscaí ar díol anois agus tá mé ag súil go mbeidh an-tóir orthu nuair a scaipfear scéala fúthu.
dul sa tóir ar an mbrionglóid sin, to follow that dream,
" ” Níor moladh do Izabela dul sa tóir ar an mbrionglóid sin, áfach.
an-tóir great demand
" Bhí an-tóir ar Ruapehu le linn an tséasúir sciála i mbliana.
agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, while they are seeking out customers,
" Ach tarlaíonn an rud céanna do bheoir is a tharlaíonn do pháirtithe polaitíochta - athraíonn na grúdlanna an táirge agus iad sa tóir ar an gcustaiméir, agus éiríonn an táirge níos leimhe dá bharr.
agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, when they are after the mobile market
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
tá an-tóir ar a chuid íomhánna there is a lot of demand for his images
" Cé go bhfuil a shaothar rud beag *twee* – sampla amháin dá ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann sé – tá an-tóir ar a chuid íomhánna agus tá clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol.
a mbeidh an-tóir air, which will be in great demand
" Tá leabhar a mbeidh an-tóir air, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, díreach foilsithe ag Cois Life.
banna a bhfuil an-tóir air a band who are in big demand
" Is é Hansard an príomhamhránaí le The Frames, banna a bhfuil an-tóir air - in Éirinn agus i gcéin - le blianta anois.
Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, even though there was great demand for their music
" Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa.
go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, that the albums are popular now,
" Agus de bhrí go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, tromluí is ea cúrsaí cóipchirt.
an-tóir great demand, i.e. they were popular
" Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla go pointe áirithe.
Sa Tóir ar an Fhírinne searching for the truth
" ) Sa Tóir ar an Fhírinne Cad é thig le daoine taobh amuigh de Ghaza a dhéanamh? Caithfidh muid bheith sa tóir ar an fhirinne agus ar an cheart, dar le Ging.
an-tóir great demand
" Bíonn an-tóir ar na heitiltí agus tá borradh faoin turasóireacht ar siúl sna bailte beaga sa lár, go háirithe in Coober Pedy.
an-tóir ar greatly sought after
" Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad.
an-tóir ar much sought after
" B’aisteach an rud é iriseoir mná i saol poiblí na hÉireann ag an tráth sin, gan trácht ar dhrámadóir mná, a raibh an-tóir ar a cuid tableaux vivants.
an-tóir ar greatly sought after
"an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari.
an-tóir ar very sought after
"an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.
an-tóir much sought after
" Bhí an-tóir, ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio.
an-tóir ar much sought after
" Is dócha go raibh an-tóir ar leithéidí Louis Vuitton, Cartier agus Prada i measc mhná na háite agus na fámairí mná araon.
an-tóir much sought
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
Tá an-tóir air it’s much sought after
" Tá an-tóir air mar genre, ach arís, ar mhaithe lena dhéanamh, d’úsáid muide gnéithe a bhain leis an mbéaloideas, a bhain leis na scéalta sí.
bhfuil tóir ag an bpobal orthu the public want
" Is fearr le muintir na hÉireann spóirt foirne, cluichí páirce go háirithe, agus nuair is iad an pheil Ghaelach, an iománaíocht, sacar agus rugbaí na cluichí is mó a bhfuil tóir ag an bpobal orthu, is beag duine a bhíonn fágtha le suim a chur i spóirt ar nós na coraíochta agus na claimhteoireachta.
bhí an-tóir ar was greatly sought after
" Chomh maith le saothar eaglaise, bhí ealaíontóirí gnóthach ag obair ar choimisiúin aonaracha d’úsairí agus do cheannaithe agus bhí an-tóir ar an saothar seo, go háirithe pictiúir aislingeacha Botticelli a bhí bunaithe ar an fhinscéalaíocht.
sa tóir ar dhrong an Cheallaigh looking for the Kelly gang
" Gaeil in Aghaidh Ghael =========== Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain mar gur mharaigh siad triúr dá gcomrádaithe, Gaeil gach mac máthar acu.
a bhfuil an-tóir uirthi which is very much sought after
" Buiséad: €2,500 go €12,500 (2003 go 2006) An mhí seo táimid ag féachaint ar charr athláimhe atá an-choitianta – agus a bhfuil an-tóir uirthi.
sa tóir ar cheann leis an gcóras seo look out for one with this system
" Ar ndóigh, má tá sé i gceist agat Yeti a cheannach ar athláimh, molaimse duit dul sa tóir ar cheann leis an gcóras seo inti – tá sé ar fheabhas! Biseach sa Spárán ========= Measaim go bhfuil sé soiléir anois gur maith liom an carr seo! Molaim go mór í.
Tá an-tóir ar an gceol tíre country music is much sought after
"Tá an-tóir ar an gceol tíre i gConamara, agus tá sé cliste go leor an bealach gur athraigh grúpa ceoil amhráin le Johnny Cash, Kris Kristofferson agus daoine eile go Gaeilge” a deir sé.
Bhí an-tóir orthu great demand for them
" Bhí an-tóir orthu nuair a bhí mé ag obair in earcaíocht mhéarach agus tuarastail mhaithe ag gabháil leis na postanna, sinsear agus sóisear.
Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo this video was much sought after
" Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo agus níorbh fhada go bhfuair sí glaonna ó na comhlachtaí taifeadta ‘*XL Recordings*’ agus ‘*Virgin Records*’ ag iarraidh uirthi ceirnín a dhéanamh leo.
an-tóir orthu tráth dá raibh greatly sought after one time
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
an tóir chéanna the same quest (for music)
" Is mór an trua nach bhfuil an tóir chéanna againne ar an cheol áfach” a dúirt sí agus í ag gáire.
mbeadh an-tóir go deo ar an seoladh the address would be much sought after
" Shamhlófá go mbeadh an-tóir go deo ar an seoladh - 1 Pennant Hills Road, Parramatta, NSW.
an-tóir ar ranganna Gaeilge a great run on Irish classes
" Bhí an-tóir ar ranganna Gaeilge a d’eagraigh muid i scoileanna i Sasana mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana,” arsa Christy Evans ó Choláiste na nGael.
leis an tóir atá aige ar going on the interest he has in
" Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann.
Ba mhór an tóir a bhí ar (work) was much sought after
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
Bhí an-tóir ar shaothar an fhile the poet’s work was much sought after
" Cruthú na hÍomhá ======= Bhí an-tóir ar shaothar an fhile, AB ‘Banjo’ Paterson, san Astráil sna blianta deiridh den naoú haois déag agus go luath san fhichiú céad.
a bhfuil an-tóir air which is in great demand
" Tá éirithe le comhlacht Meiriceánach carr leictreach a fhorbairt a bhfuil an-tóir air.
is mó ná riamh an tóir being sought more than ever
" Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip.