Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mire linn féin annoyed with ourselves
" Bheadh muid ar mire linn féin muna rachadh muid le comhlacht níos mó nuair a bhí an deis againn sin a dhéanamh.
ciaptha annoyed, tormented
" Taobh amuigh den dóiteacht atá air cionn is nár iarradh a chead a phictiúr a chur ar na cártaí, tá sé ciaptha gur seanphortráid dá chuid a bhfuil stáraithe an domhain ag gácáil air.
bodhraithe annoyed, bothered, deafened
" "Tá mé bodhraithe ag na baotháin.
Bhíothas ár mbodhrú we were being annoyed/deafened
" Bhíothas ár mbodhrú ar chuile thaobh le fógraí le haghaidh deochanna nua alcólacha agus bhí tuilleadh airgid inár bpócaí le hiad a cheannach.
ar buile reallly annoyed
" Is léir go bhfuil Ruaumoko, ar dhia na mbolcán é, ar buile go fóill mar tá na bolcáin in Rotorua, a bhfuil gal agus foinsí teo ag borradh astu, fós beo.
Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd the organisation were so annoyed about that statement
" Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd gur éiligh siad go dtarraingeofaí siar é.
ciaptha annoyed
" Tá sé ciaptha gur seanphictiúr dá chuid atá ann.
oiread sin feirge so annoyed
" Bíonn a oiread sin feirge orthu go mbíonn fonn orthu thú a leagan.
fearg ar annoyed
" Cé go ndúirt sé go gairid ina dhiaidh sin nach raibh sa ráiteas ach amaidí, chuir a raibh le rá aige fearg ar go leor - Patrick Savidan, uachtarán an Observatoire des inégalités (www.
faoi chantal annoyed
" Ach in ainneoin sin ar fad, tagaim abhaile ó mo shiúlóid faoi chantal.
fearg ar annoyed
" Agus tá fearg ar an rialtóir, Scott Mac an tSiùlaich, nach bhfuil in oifig ach sé seachtainí.
a fheargach how annoyed
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
i mbun na feirge annoyed
" Chonacthas don lánúin go bhfanann fear na Polainne i mbun na feirge agus an mhíshásaimh agus ní théann i muinín an ghrinn ar chor ar bith, in am ar bith, dá fhaide an comhrá.
beidh fearg orthu they’ll be really annoyed
" Is é an sprioc atá ag gach siúlóir ná an barr a bhaint amach agus beidh fearg orthu nuair a faigheann siad amach go bhfuil an chuid is fearr den chnoc caillte acu.
cantalacht annoyed
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
a chuir olc ar choimeádaithe an stáit who annoyed the conservatives in the state
" Bush agus tá Tammy Baldwin, leispiach oscailte a chuir olc ar choimeádaithe an stáit nuair a vótáil sí in aghaidh Cogadh na hÍaráice sa chomhdháil.
rud a chuir fearg ar something which annoyed
" Bhí Comhairle Cathrach Learphoill faoi smacht Páirtí an Lucht Oibre go fóill agus i 1986 vótáil siadsan bóthar in eastát nua a ainmniú James Larkin Way, rud a chuir fearg ar na Tóraithe.
fearg ar annoyed
" Chuir sin fearg ar a mháthair mar shíl sise gur chóir dó a bheith ag seinm as grá don cheol féin amháin, ní le hairgead a dhéanamh.
D’fhéadfadh naoscaire crosta an annoyed shooter might
" D’fhéadfadh naoscaire crosta a bheith fíorchontúirteach dá dtogródh sé an réiteoir a scaoileadh nó níos measa ná sin, an Taoiseach féin agus é suite go soineanta ar Ardán Uí Ógáin lá cluichí ceannais na hÉireann.
Thiocfadh fearg orm I’d become annoyed
" Thiocfadh fearg orm mura mbeadh an rud ar fad ina mhugadh magadh.
á gcrá go leanúnach being annoyed continually
" Bíonn úsáideoirí idirlín á gcrá go leanúnach ag fógraí a bhíonn ceangailte le suímh ghreásáin a dtugann siad cuairt ort, ach tá réiteach ar an bhfadhb seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.