Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
Tífear ansin it can be seen then
" Tífear ansin cén dóigh is fearr le feabhas a chur air.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
théadh muid ansin we used to go there
" Cén fáth? Bhuel, théadh muid ansin agus mé i mo ghasúr óg, agus bhíodh cead agam dul go dtí na *amusements*.
atá básaithe ansin who have died there
" Ní raibh focal ach an oiread faoin 600,000 páiste san Iaráic faoi bhun cúig bliana d'aois atá básaithe ansin ó 1991 de bharr na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.
triail a bhaint as cúrsa ansin to try a course there
" Agus dúirt dlíodóir as Texas, Gregor Wilson, a bhí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille liom triail a bhaint as cúrsa ansin, go mbainfinn sult mór as.
in éadan na mbundúchasach ansin against the indigenous people there
" Déanann an eagraíocht West Papua Action comparáid idir feachtas na hIndinéise i bPapua Thiar agus feachtas na ndaoine geala i Meiriceá Thuaidh in éadan na mbundúchasach ansin.
Suigh fút ansin sit down there
" Chaith siad leathuair nó mar sin ag iompar na mbocsaí beaga amach agus isteach agus nuair a tháinig siad a fhad leis an chéad cheann mór, dúirt Máire, "Suigh fút ansin tamall agus déan scíste.
díreach ina sheasamh ansin just standing there
" Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin.
ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin comparing the teachers there
" Bhí mé féin agus cara liom sa ghiomnáisiam an lá eile, agus thosaíomar ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin trí Ghaeilge.
má chinneann sé ar chur faoi ansin if he decides to settle there
" Cailliúint mhór a bheas ann d'Éirinn má chinneann sé ar chur faoi ansin go fadtéarmach ach cé a mhaífeadh sonas ar dhuine ar bith ina shaol?
Níl a dhath ansin there is nothing there
" "Níl a dhath ansin ach *tit for tat*, 'má fhaigheann sibhse míle punt, caithfidh muidinne míle punt a fháil'.
nuair a chuireann siad fúthu ansin when they settle there
" I measc na n-eisimirceach go dtí an Bhreatain, is iad na hÉireannaigh an t-aon ghrúpa amháin a n-ardaíonn a ráta mortlaíochta nuair a chuireann siad fúthu ansin.
chuir siad fúthu ansin they settled down there
" Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus chuir siad fúthu ansin.
go scaoilfear saor ansin í that she will be freed then
" airgead fuascailteransom go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then fuadaitheoiríkidnappers cinnte dearfaabsolutely sure á mbailiú acubeing collected by them aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence grianghrafadóiríphotographers príomhdhualgasmain duty cuir fios ar an dochtúircall the doctor tuairim isaround imeachtaíevents feighlícarer chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her ag impí orthubegging them thairg sé é féinhe offered himself i m’ionadsain my place a leicneher cheeks d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself crógabrave
na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin the scores of thousands of Muslims who were killed there
" Is beag plé a bhí ag an gcruinniú faoin ionradh ar an Iaráic agus an Afganastáin, na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin agus an bhaint a bhí ag rialtas na hAstráile leis an scéal.
nach staid shásúil ná shláintiúil a bhí ansin that that wasn't a satisfactory or healthy state
" B’fhacthas do lucht stiúrtha CLG, agus don chuid is mó de na “gnáthbhaill” chomh maith, déarfainn, nach staid shásúil ná shláintiúil a bhí ansin.
Théinn ansin luath I used to go there early
" Théinn ansin luath, roimh na seisiúin, agus mhúineadh sé cúpla focal dom.
Osclaíodh Páirc Shíochána ansin a Peace Park was opened there
" Osclaíodh Páirc Shíochána ansin d’oiléan na hÉireann sna nóchaidí.
muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin if the racial harassment there wasn't tackled
" Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
shuíodh sé ansin he used to sit there
" “Thagadh sé isteach sa teach beagnach gach lá tar éis na hoibre agus shuíodh sé ansin.
ag cur fúthu ansin living there
" ” Tar éis dó Toraigh a fhágáil, ní raibh fonn ar Eoin filleadh ar Bhaile Átha Cliath, mar sin bhog sé go baile beag fearainn in aice le hAnagaire, Doire na Mainséar, agus chonaigh sé le beirt chairde dá chuid as Baile Átha Cliath a bhí ag cur fúthu ansin.
Ní go rómhaith a réitigh cúrsaí leis ansin he didn't like it much there
" Ní go rómhaith a réitigh cúrsaí leis ansin, áfach, agus i ndiaidh bliana bhí muintir Choileáin ar ais i gCorcaigh agus Seán ceaptha ina Ollamh le Nua-Ghaeilge.
a rugadh agus tógadh ansin. who was born and raised there.
" Cuireann Bríghid síos ar shaol na nÉireannach bocht i nDún Éideann ag deireadh an 19ú haois, go háirithe James Connolly, a rugadh agus tógadh ansin.
Sheasas ansin i mo staic. I stood there rooted to the spot.
sa cheardscoil ansin, in the vocational school there,
" “Faoin am sin, bhí m’athair (Hiúdaí) ag teagasc i gCeanannas Mór, sa cheardscoil ansin, agus bhí Éamonn, Mícheál agus Tríona ar an tsaol, mar sin d’fhan muidinne i gCeannanus Mór.
Thuigeas ansin I understood then
" Thuigeas ansin cén fáth gur eagarthóir é ar cheann de na hirisí is rathúla sa tír.
Ansin thosaigh iomaíocht eatarthu. Then they became competitive with one another.
" Ansin thosaigh iomaíocht eatarthu.
le linn ár dtréimhsí ansin during our periods there
" Ar leibhéil áirithe, bheifeá ag súil nach mbeadh comhoiriúnacht idir aidhmeanna agus nósanna na ngrúpaí éagsúla thuasluaite, ach le linn ár dtréimhsí ansin feictear dúinn go bhfuil cómhaireachtáil shíochánta eatarthu, agus go bhfuil siad ag tarraingt go han-mhaith lena chéile.
díreach ansin. exactly then.
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
Bhí mé i mo chónaí ansin I lived there
" Bhí mé i mo chónaí ansin sa bhliain 1998 in Tampere, atá suite 100 míle ó Heilsincí.
a bhí cruinnithe ansin who were gathered there
" Bhí an Teach é féin lán go doras agus cuireadh suas scáileáin mhóra lasmuigh den fhoirgneamh ionas go mbeadh an slua mór a bhí cruinnithe ansin in inmhe an díospóireacht a fheiceáil.
ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl one that was put there to put people behind it
" Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin.
is leosan formhór na siopaí ansin. they own most of the shops there
" Tá thart ar 650 Giúdach ina gcónaí i nGiobráltar agus is leosan formhór na siopaí ansin.
a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan which had come from every corner of the world
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
Le linn dó a bheith ansin While he was there
" Le linn dó a bheith ansin, spreag sé leithéidí Damian Hirst.
ar bís le dul amach ansin dying to go out there
" com/watch?v=jisfIVapmMs), nuair a bhí uirthi féin agus Ronan Keating an clár a chur i láthair os comhair na céadta milliún duine? “Ní raibh mar bhíomar i ndiaidh an méid sin cleachtaidh a dhéanamh air go raibh mé ar bís le dul amach ansin agus an obair a dhéanamh.
bhain sí sult as a tréimhse ansin she enjoyed her time there
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
curtha fúthu ansin settled there
" I dteach an tsagairt áitiúil, tá grianghraf le feiceáil d'Éireannaigh a bhí curtha fúthu ansin in éineacht le hÉamon De Valera.
go bhfaighidís fianaise ansin that they would get evidence there
" Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i measc uaisle na Tibéide.
de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin because the first European settlement in Australia was founded there
" Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.
dá bhfanfaimis ansin. if we were to stay there.
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá. he then decided to head for America.
" Chaith sé seal ag obair ar na láithreáin tógála i Manchain agus i Londain agus chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá.
Maítear ansin go neamhbhalbh: It is claimed openly there
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
sa dá stát dheireanacha a luadh ansin, in the last two states mentioned there
" Ach fiú sa dá stát dheireanacha a luadh ansin, is léir go bhfuil na cathracha féin – Dallas, Houston, agus Atlanta – ag claonadh leis na Daonlathaigh.
thit an tóin as ansin then the arse fell out of it
" agus thit an tóin as ansin!” Saol an taistil An gcuireann aon ní isteach uirthi, agus luaigh mé rudaí éagsúla go leor sa saol le Cathy ag an phointe seo? Dealaíonn sí an saol ina dhá leath, saol an taistil agus saol an bhaile.
níl ansin ach a leath that's just the half of it
Déanaim muc díom féin ansin I binge eat
" Déanaim muc díom féin ansin! **CMS: Mínigh dom ról d’athar i do shaol.
thiar ansin back then
" Ní raibh ach 52% de na fir agus 37% de na mná aicmithe mar róthrom nó mhurtallach thiar ansin.
an t-éan is ansa liom ansin my favourite bird
" Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.
deis ansin imeacht a chance to leave
" Níor thaitin an áit léi, Níor réitigh sé léi, agus fuair sí deis ansin imeacht.
cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
" Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe ==================== Ba é Doire an chéad chathair ar ar bronnadh an teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe agus beidh sé aici don bhliain 2013 agus beidh an Fhleadh ar an imeacht is suntasaí i measc lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
Níl ansin ach ráfla mírúin that’s just malicious rumour
" Níl ansin ach ráfla mírúin.
Is ansin a rith an smaoineamh leis it occurred to him then
" Amhábhar Luachmhar ======== Is ansin a rith an smaoineamh leis go dtógfadh sé áit agus go mbainfeadh sé feidhm as ábhar tógála an-neamhchoitianta – brící déanta de nótaí euro bainc a díchoimisiúnaíodh agus a stialladh.
a bhí beartaithe ansin ar ceal which was planned was cancelled
" Bhí áirithintí do mhí Lúnasa chomh íseal i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, is gur cuireadh an cúrsa a bhí beartaithe ansin ar ceal.
Is ar do shuaimhneas atá tú ansin you have peace there
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
Cromadh ansin then bending down
" Cromadh ansin faoi áirse íseal, agus isteach thar an táirseach.
Nod ón gceann foirne ansin at a hint from the leader
" Nod ón gceann foirne ansin, agus seacht nglór ag éirí mar a bheadh macalla i ngleann sléibhe.
an choimhlint ansin a leathnú amach to broaden the conflict there
" Deir nuachtóirí éagsúla sna meáin go bhfuil “dreamanna míleata neamhaitheanta” ar mian leo cogadh creidimh a thosú sa tSiria agus go n-oireann sé dóibh an choimhlint ansin a leathnú amach ar bhonn seicteach agus dá dheasca sin is ea a tharla an t-ionsaí a rinneadh ar cheantar Críostaí Aleppo.
phléasc achan rud ansin everything blew up there
" Níl mé ag rá gur chuir mé tús leis na Trioblóidí ach phléasc achan rud ansin agus thosaigh Cath Taobh an Bhogaidh.
agus é i gceist acu críochnú ansin intending to finish it there
" Bhí na reathaithe ar an mbealach isteach go Cathair na Gaillimhe, agus é i gceist acu críochnú ansin, tar éis dóibh an tír a thrasnú.
tá draíocht ansin fosta there’s a magic in that also
" Is mian liom daoine coitianta cosmhuintireacha a bheith thart orm sa saol gach lá mar tá draíocht ansin fosta.
taisteal ansin agus ar ais to travel there and back
" "B'éigean dom dul go Los Angeles leis an díolaim a mheascadh, taisteal ansin agus ar ais agus tá agam le físeán a dhéanamh agus míle rud eile, ní thiocfaidh ioncam isteach ón albam go ceann i bhfad, is aroile.
sáite isteach ansin squeezed in there
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
bhfuil rud éicint mícheart ansin something about that is wrong
" Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.
ag a chombalacht thíos ansin his establishment down there
" Tá obair iontach ar siúl aige Ciarán agus ag a chombalacht thíos ansin.
amuigh ansin, cibé cén áit out there, wherever
" Beidh sí ag coinneáil súil ar an domhan ar do shonsa agus gheobhaidh sí na jabanna a gealladh dúinn, a luaithe a ghoidfear a bhfuil ann amuigh ansin, cibé cén áit.
agus é ar oilithreacht ansin while on pilgrimage there
" Fuair sé bás sa Róimh agus é ar oilithreacht ansin sa bhliain 1064.
iad a chrochadh ansin putting them up then
" Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn daoine ag tarraingt grianghraf i gcónaí, ar an ghuthán póca nó le ceamara beag méarach agus iad a chrochadh ansin ar Facebook.
barraíocht a bheadh ansin that’d be too much
" “Bhí rún againn staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an Ghàidhlig agus ar an Albanais Uladh, ach shíl muid gur barraíocht a bheadh ansin agus chinn muid ar an Ghaeilge amháin mar ba mhó an tsuim a bhí ag an dá ghrúpa sa Ghaeilge.
thubaiste geilleagair a bheadh ansin that’d be a disaster
" Dúirt Fianna Fáil, Fine Gael agus na páirtithe ar fad ag an am nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, gur thubaiste geilleagair a bheadh ansin.
Sláinte mhaith, na zdrowie, narog, good luck!” a bhí ansin ann it was all a matter of let’s drink to that
"Sláinte mhaith, na zdrowie, narog, good luck!” a bhí ansin ann.
tá éagóir níos measa ansin that’s a greater wrong
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
Bhí tost beirte arís ansin ann we both remained quiet
"Bhí tost beirte arís ansin ann, ach ní tost gan tuiscint a bhí ann.
Feicfidh muid linn ansin aríst we’ll take it from there again/ see how it goes
"Feicfidh muid linn ansin aríst,” arsa sé féin.
Ní dúshaothrú atá ansin that isn’t exploitation
" Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo.
Bím ar ais ansin go rialta I go back there regularly
" Bím ar ais ansin go rialta anois.
Castar ar an gcóisir ansin uirthi she meets at the party
" Castar ar an gcóisir ansin uirthi fear a raibh luan áirithe leis, fear a bhí socair ann féin.
gar go maith ansin fairly close there
" Seo tuilleadh dá chuid cainte: 'Bhí siad ansin idir dhá bhruach ag gabháil isteach go Gaillimh in áit an dtugann siad an Caisleán Nua air, gar go maith ansin do dhroichead an railway, an railway a bhíodh ag gabháil go Clifden.
dreas nádúrach cainte ansin a bit of natural discussion
" Shíl mé go mbeadh dreas nádúrach cainte ansin ann faoi chúrsaí ceoil agus eile.
Anonn agus anall ansin a bit of doddering then, aimless discussion
" Anonn agus anall ansin, agus is gearr go raibh Eanach Cuain agus Raftery fuaraithe orainn.
agus é ag súil le harásan a cheannach ansin. hoping to buy an apartment there
" Chuaigh Nollaig Ó Neill chun na Spáinne le gairid agus é ag súil le harásan a cheannach ansin.