Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
Chomhaontú Aoine an Chéasta Good Friday Agreement
" Bunaíodh an t-eagras seo mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus taispeánann an tuarascáil na difríochtaí idir na leibhéil bháis sa dá chuid den tír, agus sna grúpaí éagsúla socheacnamaíocha.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Bhí iarrtha ag RTÉ orm tuairiscí a chur ar fáil faoi Chomhdháil Chomhairle Aontachtach Uladh in Óstán an Europa i mBéal Feirste i mí Aibreáin 1998, comhdháil a tarraingíodh le chéile le tacaíocht an pháirtí do Chomhaontú Aoine an Chéasta a iarraidh.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ba chasta, pianmmhar an bealach fhad le Comhaontú Aoine an Chéasta do na polaiteoirí.
Chomhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
Comhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" Sin an fáth go bhfuil an dúrud ionsaithe ar Chaitlicigh ag titim amach - táthar ag iarraidh an IRA a ghríosú ar ais chun troda, le go mbrisfear Comhaontú Aoine an Chéasta.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Mhol siad bunreacht scríofa do Thuaiscert Éireann, córas roinnte cumhachta idir na páirtithe polaitíochta a bhfuil macallaí de i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Chomhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" Ag caint ar phearsanra tábhachtach an UUP a bhí sé, i ndiaidh a gcruinnithe an mhí seo caite inar ghearr siad pionós an bháis ar Chomhaontú Aoine an Chéasta mura ndéanfadh an IRA mar ba mhian le hArd-Chomhairle na nAontachtach.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
gComhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta from which the Good Friday Agreement emerged
" Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
Chomhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement onMouseOver=
" Cur i ngníomh bheartais, mholtaí agus threoir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na gCairteanna Eorpacha.
ainneoin Chonradh Aoine an Chéasta despite the Good Friday Agreement
" Ní hamháin sin, ach ainneoin Chonradh Aoine an Chéasta, gur ceapadh trí dhuine dhéag breise sa bhrainse speisialta i mí na Nollag 1998, rud a chiallaíonn go bhfuil 323 ann faoi láthair, i gcomparáid le 51 san Aonad Náisiúnta Drugaí.
Comhaontú stairiúil Aoine an Chéasta the historic Good Friday Agreement
" Um an dtaca seo cúig bliana ó shin a síníodh Comhaontú stairiúil Aoine an Chéasta.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Le go dtig le haontachtaithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta an ceann is fearr a fháil ar an DUP, caithfidh siad cruthú dá bpobal go bhfuil siad ag baint níos mó amach ná atá siad ag géilleadh.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Cad é mar thiocfadh lena mhalairt bheith fior? An nimh i lár an UUP, dul in aois an SDLP agus an dá pháirtí fhuinniúla, Sinn Féin - an t-aon pháirtí amháin a thugann tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar éirigh go maith leis - agus an DUP ag dul i dtreise i rith an ama, ach nach labharfaidh siad lena chéile.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ar an 19 Feabhra, foilsíodh tuairisc a léirigh nach dtabharfadh ach trian de na Protastúnaigh tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta dá mbeadh reifreann eile ann.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Cúig mhí dhéag níos faide ar aghaidh agus tá an Tionól agus na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta fós ar fionraí.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ba shólás croí mór dúinn go léir go dtángthas ar chomhréiteach, Comhaontú Aoine an Chéasta, i 1998.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ach fós féin, agus Alt 2 agus a 3 i mBunreacht na hÉireann leasaithe mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá an CLG ar an bheagán eagras a aithníonn gurb ionann an náisiún Éire agus 32 contae.
Aoine an Chéasta Good Friday
" Is í Aoine an Chéasta an bhuaic agus tugtar mionléargas ar a chuid uaireanta deireanacha.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Meastar gurb é Comhaontú Aoine an Chéasta buaicphointe stair an pháirtí.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Níl aon ghá leis an reifreann seo, ach amháin más mian linn leasuithe bréagnaitheacha a dhéanamh ar an Bhunreacht, drochthionchar a imirt ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cur ar chumas daoine áirithe vótaí lucht ciníochais na tíre a fháil.
gComhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" ) Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta the architecture of the Good Friday Agreement
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" *"I feel the hand of history on my shoulder," *a dúirt Príomh-Aire na Breataine, ag síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta dó.
forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta the provisions of the Good Friday Agreement
" Rinne siad imeaglú ar na heasaontóirí agus chinntigh siad nach ndéanfaí forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a shárú.
i gComhaontú Aoine an Chéasta in the Good Friday Agreement
" Deirtear freisin gurbh é Hain a mhol i 1998 go labharfadh Leas-Rúnaí Ginearálta an ANC, Thenjiwe Mtintso, ag Ardfheis Shinn Féin le tathant ar bhaill an pháirtí sin glacadh lena raibh á thairscint i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Bhí aighneas Dhroim Cria faoi lánseol, mar shampla, agus an Cháisc dár gcionn síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
i gComhaontú Aoine an Chéasta in the Good Friday Agreement
" Dá bharr sin, beidh claonadh ag go leor daoine ó dheas, ó thuaidh agus sa Bhreatain, polaiteoirí ina measc, a gcúl a thabhairt leis na Sé Chontae, agus tá an baol ann nach ndéanfar na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta do náisiúnaithe na Sé Chontae a chomhlíonadh.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" (I bhfírinne, ní clár Shinn Féin amháin atá ann ach an socrú a rinneadh idir na páirtithe uilig – seachas an DUP – ar an 10 Aibreán 1998, ar a dtugann muid Comhaontú Aoine an Chéasta.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh sé seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Muna gcuirfear, ní bheidh siad in ann forbairt a dhéanamh ar na forais trasteorann a bunaíodh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus is lú seans go n-éireoidh leo a n-aidhm eile a bhaint amach, sin le rá bheith páirteach i rialtas sa deisceart.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Tá díomá i ndiaidh díomá fulaingthe ag pobal na Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach is léir nach bhfuil an fál go haer ag cur isteach ar na poblachtánaigh.
idirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement negotiations
" Cá huair a bunaíodh CnaG agus cé a bhunaigh é?*** Bhunaigh Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann an eagraíocht sa bhliain 2000 mar chuid den reachtaíocht a tháinig amach as idirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
de réir Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta according to the Belfast/Good Friday Agreement
" Ach de réir Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta agus Chomhaontú St Andrew’s/The Royal and Ancient, ní miste an Ghaeilge agus an Ultais a bheith ar comhchéim chomh-mheasach.
ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta from the time of the Good Friday Agreement
" Ar bhraith sí riamh go raibh sí i mbaol? “Thosaigh mé ag obair sa Tuaisceart ag deireadh na n-ochtóidí ach ní rabhas ag tuairisciú chomh minic sin ón áit ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta behind the Good Friday Agreement
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
Aoine an Chéasta, on Good Friday,
" Thosaigh mé i bPouto, leithinis atá cóngarach go leor d’Auckland, ach de bhrí go raibh na bóithre plódaithe Aoine an Chéasta, thóg sé ceithre huaire orainn é a bhaint amach.
Comhaontú Aoine an Chéasta The Good Friday Agreement
" Bronnadh an Duais Nobel ar son na síochána airsean agus David Trimble as a gcuid iarrachtaí Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt ar an saol.
Comhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Ba ar an dáta seo deich mbliana ó shin a síníodh Comhaontú Bhéal Feirste, nó Comhaontú Aoine an Chéasta mar a thugtar air go coitianta.
Aoine an Chéasta Good Friday
" Aoine an Chéasta achan seachtain sa tír sin!! As seo a thagann na traidisiúin “vorspiel” agus an “nachspiel” – is é sin, an mhuc a dhéanamh sa teach sula dtéann tú amach, nó nuair a philleann tú, agus altranas a dhéanamh ar phionta amháin ‘fhad is atá tú amuigh.
Aoine an Chéasta Good Friday
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
Aoine an Chéasta Good Friday
" An mhír dheireanach ailtireachta de Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhí ann.
Aoine an Chéasta Good Friday
" Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha! Léim na Leimíní le hAill ========= Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann.
síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta signing the Good Friday agreement
" Mar chruthúnas nach bhfuil an réimeas ó thuaidh le leas na ndaoine, tá líon éilitheoirí óga 26 faoin chéad níos mó ná mar a bhí sé nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Is suntas suimiúil é gur bunaíodh roinnt de na heagraíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge, Foras na Gaeilge ina measc, de thoradh airteagail atá sa Chomhaontú Aoine an Chéasta.