Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aontú agree
" Ba cheart do Rannóg an Aistriúcháin, d'fhoireann an Ghúim agus do shaineolaithe eile i réimse na teanga teacht le chéile agus aontú faoi cheart na Gaeilge agus go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm in iomlán a gcuid foilseachán.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe they couldn't agree on which way the wind was blowing
" An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
a aontú to unite
" Ach cad é mar a d'éirigh leo sin a dhéanamh nuair nár éirigh leo fós aon tírín beag amháin a aontú? Nó aon rialtas amháin a aontú? Nó, go fiú, aon pháirtí beag baoideach amháin a aontú? Sin ceist do na saineolaithe - nó b'fhéidir do na síceolaithe - nó b'fhéidir do na diagairí.
aontú agreement
" Más rud é gur beag nár thit an tóin as an Eagraíocht Trádála Domhanda (WTO) mar gur theip orthu a theacht ar aontú faoi dheireadh a chur le fóirdheontais talmhaíochta, cén seans go n-éireodh níos fearr leo agus iad ag plé leis an cheist chigilteach seo? Is éard atá de dhíth ná an toil pholaitiúil le haghaidh a thabhairt ar an téamh domhanda.
Is deacair gan aontú leis an chur síos sin it's difficult not to agree with that argument
"Is deacair gan aontú leis an chur síos sin agus cuireann sé téis de chuid an scoláire Breandán Ó Buachalla i gcuimhne dúinn.
a bhí á aontú acu. that they were agreeing.
" Ba chúnant é *Te Tirīti* ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu.
aontú na banríona royal assent
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
aontú to agree
" Tá an tír i gcruachás mór agus ní cabhair ar bith, go mbeadh chuile thír eile ag cur an locht orainne, faoi mí-éifeacht an Aontais Eorpaigh, de dheasca an mhoill a bhaineann le Conradh Liospóin a aontú.
aontú agree
" ” An t-am a mbeidh Dervish sa bhaile, tharla gur dream ceoltóirí iad atá saor ar fad, gan aon cheangal comhlachta orthu, bíonn siad ag brath ar a chéile le sciar den obair agus den fhreagracht a ghlacadh ó thaobh cleachtadh, féilire ceolchoirmeacha agus turais a aontú, ó thaobh am taifeadta agus mar sin de.
aontú consolidating
" I bhfad amach ar eite dheis an Pháirtí, ámh, tá scata mionghrúpaí ag aontú in aghaidh rialtais Obama agus ceist mhór amháin á dtarraingt le chéile: ról an rialtais i saol na tíre.
aontú unite
" Tá gach duine sa tuaisceart faoi bhagairt an bháis ag dream nach dtig leo glacadh leis go bhfuil am an fhoréigin thart agus a chreideann, ainneoin na fianaise uilig ina éadan, gur féidir Éire a aontú fríd urchar a loscadh i gcloigne daoine.
aontú agreement
" Na buanna a bhí ag Ahern a d’fhág ar a chumas aontú a fháil sa tuaisceart – is ea nach bhfuil bunphrionsabal ar bith nó fealsúnacht aige – d’fhágadar fosta go raibh sé ina thubaiste mar Thaoiseach.
mbímse ag aontú leo I agree with them
" Agus deir beagnach gach duine gur mhaith leo cuairt a thabhairt ar Éirinn uair éigin, agus is cinnte go mbímse ag aontú leo! Mar a luaigh mé, tá béim níos mó ar an Ghàidhlig ná ar an Ghaeilge anseo, agus tá sin le sonrú sa Roinn Ceiltise i StFX.
aontú le to agree with
" Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.