Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cur ina luí ar an aos óg convince the young people
" Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
san aos óg in the young people
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
don aos óg for the young people
" Tá club Foróige ar bun don aos óg, agus tá dráma á ullmhú don Nollaig i ranganna drámaíochta.
teanga an aosa óig the language of the young people
" I dtréimhse iontach gairid d'athraigh teanga an aosa óig go Béarla.
ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga who want to attract the young people to the language
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
ar son an aosa óig for the young people
" Ba chóir go mbeadh an rialtas buartha má thagann sé i gceist go mbeadh leisce ar dhaoine maithe obair dheonach a dhéanamh ar son an aosa óig timpeall na tíre toisc go bhfuil eagla orthu roimh líomhaintí agus cásanna cúirte.
ní hamhlaidh don aos óg it is not so in the case of the young people
" Fiú má tá Gearmáinis ag an tseanghlúin, ní hamhlaidh don aos óg.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
comhoibriú leis an aos óg to co-operate with the young people
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
ár n-aos óg féin our own youth
" Agus is muidne an náisiún a chuir ár n-aos óg féin go tíortha eile sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
dírithe ar an aos óg? aimed at the young?
" Ach cad é má tá an clár dírithe ar an aos óg? (Sula dtéim a dhath níos faide, caithfidh mé a rá, agus béim a chur air seo, nach bhfuil anseo ach dearcadh.
ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. as regards suicide amongst the young.
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
t-aos óg youth, young people
" Tá an t-aos óg báite sa teicneolaíocht agus is nadúrtha leo an scáileán ná an bhileog.
aigne an aosa óig the youthful minds
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
aos óg youth, young people
" Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é.
aos óg youth
" Bhí cuma iontach snasta ar an chéad chúpla eagrán a bhí dírithe cuid mhór ar an aos óg, ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí.
Aos Óg youth
" Aos Óg na hÉireann SMM: Céard is dóigh leat faoi shaol an duine óig in Éirinn faoi láthair - saol na hollscolaíochta agus saol an duine óig i gcoitinne? CNC: Tá an t-ádh orainn.
aosa óig youth
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
aosa óig youth
" Tá fadhb ann, go háirithe i measc an aosa óig.
aosa óig youth
" Ach, dar ndóigh tá siocair eile go bhfuil Ciarraí ceannasach ó thaobh na peile: an pheil seachas an iománaíocht a bheith mar chéad rogha (cé is moite de thuaisceart an chontae) i measc an aosa óig, rud a thugann buntáiste dóibh i gcoinne na gcontaetha eile ina bhfuil an iománaíocht in uachtar.
aos óg youth
" Is maith liom go bhfuil caint sa tuarascáil ar ‘gréasáin shóisialta trí mheán na Gaeilge don aos óg a spreagadh i gceantair Ghaeltachta’.
d’aos óg youth
" Dúirt sé go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann a bhformhór acu ceithre bliana déag á foghlaim.
aos óg youth
" 3 Tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, bunú gréasáin shóisialta don aos óg, athdhréachtú ar Scéim Labhairt na Gaeilge srl.
an aosa óig the youth
" Tá dhá rud ag tarlú -- tá an Ghaeilge ag fás sa nGalltacht agus, b’fhéidir, ag fáil bháis sa nGaeltacht -- b’fhéidir sách sciobtha anois mar go bhfuil sí ag meath i measc an aosa óig.
aos óg youth
" Tá fianaise ann, de réir an Fondation de France, a léiríonn go gcuireann an t-uaigneas isteach go mór ar an aos óg chomh maith.
an t-aos óg the youth
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
an aos óg the youth
" Shamhlaíos nach raibh deis ag an aos óg teacht le chéile mar sin.
an t-aos óg the youth
" Is é mo mheas go dtabharfadh sé sin sprioc dos na déagóirí, an t-aos óg, an teanga a chleachtadh lasmuigh den scoil.
t-aos óg young people
" Ar mullach ghné na liogeolaíochta, is fearrde an tír an t-aos óg a fhásfas aníos ann a shnaidhmiú léi sa dóigh go bpillfidh siad abhaile i ndiaidh sealanna oibre is oideachais thar lear.
haos óg na hÉireann Irish youth
" Baineann dearfacht agus sonas le haos óg na hÉireann fós, áfach.
aos óg oilte a young trained population
" Muna mbíonn daoine óga sásta in Éirinn agus leis na deiseanna atá acu sa tír, crapfaidh siad leo agus cén sórt tíre a fágfar gan aos óg oilte chun oibre? Deirtear go ‘maireann croí éadrom i bhfad’.
atá i mbéal an aosa óig are ‘all the go’ amongst the youth
" Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.
aos óg teenagers
" Ní hamháin sin, ach deirtear anois go dtaitníonn an sioscadh, nó an 'sizzle', a chloistear in MP3 leis an aos óg anois.
Aos Óg an Éirí Amach youth and the rebellion
" "* Aos Óg an Éirí Amach ========= Ní hé seo an chéad iarracht ag Hollywood scéal Kerouac a chur ar an scáileán.
d'aos óg youth
" Beag beann ar a tharraingteacht is atá Nesbitt d'aos óg an phairti, ní mheallfaidh sé náisiúnaithe-atá-ina-n-aontachaithe mura mbíonn an dúnghaois chuí aige.
an t-aos óg teenagers, the youth
" Sílim go gcuirfí an t-aos óg spéis ann mar go mbeidh sé úrnua arís.
go háirithe i measc an aosa óig particularly among the youth
" Anuas air sin, a deir sé, is léir nach féidir le rialtas Fillon dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta sa tír, go háirithe i measc an aosa óig.
an aos óg the youth
" Agus mé ag maireachtaint i bPrág na Seice bhíodh cara Gailíseach liom ansin ag caint i dtólamh ar theanga na nGailíseach, an Ghailísis, agus ar an tréigean atá ar siúl ag an aos óg maidir lena labhairt is lena cothú.
an t-aos óg a bheith os cionn youth must be more than
" Maítear ar shuímh idirlín na meán sóisialta mór uile, *Facebook* san áireamh, go gcaithfidh an t-aos óg a bheith os cionn 13 mbliana d’aois chun teacht ar a gcuid seirbhísí.
Má ghoilleann sé ar aos óg if it pains the youth
" Má ghoilleann sé ar aos óg Thoraí an t-oileán a fhágáil le slí bheatha úr a leanúint, tá an scéal amhlaidh ar fud an domhain.
mealladh an aosa óig enticing the youth
" Rinne Fiachra Ó Marcaigh ó Amas cur i láthair ar bhorradh na teicneolaíochta agus labhair Mícheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan faoi thábhacht úsáid na teicneolaíochta i mealladh an aosa óig don teanga.
an t-aos óg agus sheandaoine young and old
" "Bhí an pobal ina iomláine páirteach ann, idir fhir agus mhná, an t-aos óg agus sheandaoine.
aos óg atá ag teacht i méadaíocht the generation now growing up
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
Cur ceist ar an aos óg ask the children
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
mhúineadh don aos óg to teach to the young
" Ó bhunaigh James Whelton Coderdojo i gcomhpháirt leis an bhfiontraí idirlín Bill Liao i mí Meithimh 2011, tá breis agus 130 club nó dojo mar thugtar orthu oscailte ó Árainn Mhór go *St Petersburg*, d’fhonn scileanna ríomhchlárúcháin a mhúineadh don aos óg faoi bhun sé bliana déag d’aois.
ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht to give the youth of the poor districts a voice
" An aidhm atá ag Mídia Periférica – ‘Meáin an Imill’ – ná guth a thabhairt d’aos óg na gceantar bocht.
don aos óg for the youth
" Bhí Gaeltacht Chonamara dílis do Fhianna Fáil ó 1932 i leith, ach b’fhacthas don ghlúin óg a raibh baint acu le Cearta Síbhialta gur bheag an mhaith, ach a mhalairt, a rinne an dílseacht sin: bhí an áit bánaithe ag an imirce mar nach raibh mórán saothrú le fáil ann; ní raibh uisce i mórán de na tithe; ní raibh mórán áiseanna poiblí ar fáil don aos óg ach an oiread.
Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu the youth are sick and tired of the label they have
" Tá an t-aos óg bréan den lipéad atá orthu, in éineacht leis na mílte daoine eile timpeall na tíre, ó chúlraí éagsúla is le fadhbanna éagsúla, a bhfuil tuairimí an-difriúla acu ar fad, mar Mheiriceánaigh.
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch the youth have with their linguistic inheritance
" Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
an aosa óig the youth
" Cheapfá gur measa ar fad a bheadh an fhadhb i measc an aosa óig.
má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann if Irish youth have made culture become commerce
" Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Tá an Táirge Cruthaithe ========= Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann.
suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann remarkable to see the youth there
" Thug siad slua breá i láthair as na ceantair éagsúla agus bhí sé suntasach an t-aos óg a fheiceáil ann.
ag seinm leis an aos óg playing with the youth
" 'Tá féile ann anois ón mbliain 2010 áit a mbíonn na seancheoltóirí deiridh ag seinm leis an aos óg.
i measc an aosa óig among the youth
" " Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada.
Ar an aos óg at youngsters
" Ar an aos óg atá an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
Idir aos agus óg both young and old
" Idir aos agus óg, baineann agus fireann, oilte agus neamhoilte, bíonn ríméad orthu nuair a fheiceann siad gasúr óg agus béiceann siad 'bebek, bebek’ 'páiste, páiste' agus tú ag teacht ina dtreo.
níos oiriúnaí don aos óg more suitable for the youth
" Le cúrsaí teilifíse, tá sé níos oiriúnaí don aos óg, i ndáiríre.
aos óg youth
" B'anseo a d'fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin.
i measc an aosa óig fhaiseanta amongst the young and fashionable
" Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas.
ag cruthú an dearcadh san aos óg creating a youthful view
" An Rud a tChí an Leanbh, Ghní an Leanbh ================= Ní hamháin go mbeidh úsáid an ríomhaí chéime iontach ó thaobh na sláinte de ach beidh tú ag cruthú an dearcadh san aos óg go bhfuil atmaisféar dóchasach dearfach i gceist le cúrsaí spóirt atá sultmhar agus taitneamhach.
is ar leas an aosa óig it’s to the benefit of the children
" Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh.
an aosa óig the young people
" Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig.
aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig copy the speech of young people
" Ar cheart don dream a bhíonn ag scríobh scripteanna trí Ghaeilge do chláracha daoine óga ar an teilifís aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig nó arbh fhearr leaganacha “cearta” den teanga a úsáid, a fhiafraíonn Breandán de Gallaí.
aos óg youth, young people
" Molann Katie Nic Aindréis don aos óg a bheith siúlach más mian leo a bheith dea-scéalach.
t-aos óg youth
" Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
an t-aos óg the youth
" Níl an t-aos óg chomh cloíte is a shamhlófaí, d'ainneoin an ciseach a rinneadh den tír.
dearcadh aos óg na Stát Aontaithe the view of the young people in the US
" Údar misnigh ag Lisa Nic an Bhreithimh is ea dearcadh aos óg na Stát Aontaithe ar mhórán gnéithe de shaol ár linne i Meiriceá féin agus thar lear.