Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul i mbun comhraic arís going into combat again
" Tríocha nóiméad d'am breise le himirt! An cheist mhór agus na foirne ag dul i mbun comhraic arís ná cé acu a raibh an toil agus an croí acu chun an bua a ghnóthú.
Chomh fada le pilleadh arís none of your business
" "Chomh fada le pilleadh arís," arsa Áine.
riamh arís ever again
" Tar éis do Thiobraid Árann cailliúint i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan an bhliain sin (1975), chuir sé in iúl i scríbhinn do chathaoirleach Choiste an Chontae nár mhian leis bheith ina roghnóir le Tiobraid Árann riamh arís.
gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís that hard disks should be formatted again
" Deirtear gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís chun an t-eolas a ghlanadh uathu agus moltar scian a úsáid chun dlúthdhioscaí a scríobadh agus "úsáid gan údarás" a sheachaint.
níos déine arís even more intensive work
" Déanann na mic léinn iarchéime obair níos déine arís, le linn na gcúpla seachtain a chaitheann siad sa chathair gach samhradh.
beidh faobhar á chur ar na sceana arís the knives will be sharpened again
" Tá mí na meala thart, agus muna dtagann feabhas mór ar chúrsaí idir seo agus an samhradh beidh faobhar á chur ar na sceana arís.
Níor luadh an t-ábhar arís the subject wasn't mentioned again
b'éigean dom toiseacht arís I had to start again
" Nuair a bhog mé anseo go Gaoth Dobhair thug daoine *Conamara French *ar mo chanúint agus b'éigean dom toiseacht arís, agus luí isteach ar bhlas Thír Chonaill a fhoghlaim.
ar a sheanléim arís fully recovered
" Ní féidir a rá fós cén toradh a bheas ar an stráitéis nua margaíochta, ach b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair go mbeidh tionscal na turasóireachta ar a sheanléim arís.
ag éirí gníomhach arís becoming active again
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
ná teipeadh orthu arís let them not fail again
" Bhí leathbhliain acu le meabhrú ar an bhealach chun cinn - ná teipeadh orthu arís.
agus géillim arís and I give in again
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
tharla a leithéid arís the same kind of thing happened again
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
nach gcorraíonn é féin arís who doesn't budge again
" Duine eile a ghlacann scíth tar éis na craoibhe agus nach gcorraíonn é féin arís go dtagann Lá Fhéile Pádraig.
Bhris an gáire arís ar na garpháistí the grandchildren burst out laughing again
" Bhris an gáire arís ar na garpháistí.
i mbarr a shláinte arís in good health again
" Tá Nia tar éis filleadh ó thuras sé seachtainí i Stáit Aontaithe Mheiriceá lena tuismitheoirí agus Altan, agus tá Proinsias i mbarr a shláinte arís agus réidh le tabhairt faoina chúraimí mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.
nár cheart go dtarlódh a leithéid arís that the same thing shouldn't happen again
" An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
Tréaslaím libh arís an t-albam seo I congratulate you again on the album
" Tréaslaím libh arís an t-albam seo agus guím gach sonas agus rath oraibh in bhur saol grá chomh maith! MÓR agus JNíC: Go raibh míle maith agat, a Antaine.
ar mo bhonnaí arís back on my feet
" Is foireann chairdiúil iad agus lena gcuidiú tá mé ar mo bhonnaí arís.
níos tromchúisí arís even more serious
" Ach, níos tromchúisí arís, cuirfidh an damba seo seanchultúr rúnda go mór i mbaol.
tapaíodh an deis arís the opportunity was seized again
" Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.
céim anois agus céim arís léi dawdling, taking her time
" “Sin Síle agat,” arsa an mháthair agus í ag amharc ar an iníon ag teacht aniar an t-ard agus céim anois agus céim arís léi.
chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís the president was seen on the screens again
" Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d'éirigh leis an tseift – chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.
go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís that their prophecy will be fulfilled again
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
go ndéanfaí í a ghrúdú arís that it be brewed again
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
go ndéanfaí í a ghrúdú arís that it be brewed again
" Tógadh bóthar míleata anseo i ndiaidh an éirí amach i 1745, agus deirtear go raibh na fir oibre ag gearán go raibh an deoch sa phub rólag, agus d’iarr siad go ndéanfaí í a ghrúdú arís.
d'éalaigh amach arís escaped outside again
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís to undertake such an application again
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
éacht 2005 a bhaint amach arís to achieve the 2005 feat again
" Go fiú dá mbeadh an fhoireann ar fad ar fáil agus iad aclaí agus i mbarr a sláinte, bheadh sé fós fíordheacair dóibh éacht 2005 a bhaint amach arís in 2006.
ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís winning two football championships in succession again
" Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
ná déanfad arís that I won't do again
" Is deimhnitheach gur rud é ná déanfad arís.
léirigh sé dom arís it showed me again
" Agus, ar ndóigh, léirigh sé dom arís cé chomh mór, iontach agus éagsúil is atá an domhan, é ar fad ag fanacht orainn.
nach mór dóibh bheith imithe arís that they have to be gone again
" Níl a bpáirc féin ag na Jackals, fiú - imríonn siad i staid daorchluiche na hollscoile áitiúla, rud a chiallaíonn nach mór dóibh bheith imithe arís sula dtosaíonn an scoilbhliain nua.
sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís so that there would be no need to support them again
" Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
agus an baile a shroicheadh arís and to reach home again
" Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche.
go dtarlóidh sé arís that it'll happen again
" Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile.
ceist níos lárnaí arís, a more central question again,
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar they'll head again for the stony wilderness in the west
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
ina steillbheatha arís, as large as life again,
" *Cliché* a chloistear go minic ag an am seo bliana ná “there’s no room in the inn” ach dá mbeadh Naomh Iosaef agus a chomhluadar ina steillbheatha arís, is dócha go ndéarfaí leo go bhfuil neart spáis sa teach leanna.
nach bhfaighinn an seans arís that I wouldn't get the chance again
" Bhíos cinnte nach bhfaighinn an seans arís siúl trí hallaí príosúin.
Buailim bóthar arís. I head off again.
chomh tapaidh céanna arís. quite as quickly again.
" Is cinnte nach dtiocfaidh an maithiúnas chomh tapaidh céanna arís.
níor mhór an córas a athrú arís the system would need to be changed again
" Dáiríre, níor mhór an córas a athrú arís sa chaoi is go mbeadh craobhchomórtas ann féin i gceist le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh, comórtas a bheadh neamhspleách ar fad ar chomórtais na Mumhan agus Laighean.
ag cur suime ann arís taking an interest in it again
" Rinneadh dearmad ar an taighde ina dhiaidh sin agus níor thosaigh mé féin ag cur suime ann arís go dtí le cúpla bliain anuas nuair a thosaigh mé ag scríobh chuig daoine in Éirinn mar gheall air.
go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís that Irish would prosper again
" ” Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
tháinig sé isteach inár gcloigeann arís it came into our heads again
" Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig.
ag cleachtadh le chéile arís practising together again
" Tá sí féin agus Tríona ag cleachtadh le chéile arís agus le cois a bheith le feiceáil ar an stáitse i Vicar Street beidh siad ag canadh ag ceolchoirm ina mbaile dúchais, Ceannanus, i mí Iúil agus ag Scoil Samhraidh Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an mhí chéanna.
go mbainfidís triail as an chaidreamh arís. that they'd have a go at the relationship again.
" Scar mo thuismitheoirí óna chéile sular rugadh muid agus ansin shocraigh siad go mbainfidís triail as an chaidreamh arís.
Chualathas na leithscéalta arís the excuses were heard again recently
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís. American footballers are out on the playing fields again.
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
Níos iontaí arís, even more amazingly,
" Níos iontaí arís, b’fhéidir, dúirt fear crua an DUP, Peter Robinson, gur chreid sé nár cheadaigh ceannaireacht an IRA an dúnmharú – agus nár choir, mar sin, smachtbhannaí a chur i bhfeidhm in éadan Shinn Féin.
nach dtoghfaí PiS arís. that PiS wouldn't be elected again
" Ba leor é seo go léir chun na céadta míle Polannach óg a tharraingt chun na n-ionad vótála ar an 21 Deireadh Fómhair lena dheimhniú nach dtoghfaí PiS arís.
diúltú anois is arís don chathú resist the temptation
" Ach bheadh sé go deas dá bhféadfadh sé diúltú anois is arís don chathú a bhraitheann sé an scian a shá i ndaoine .
ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís. who want to be with their families again
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
Tá eagla orm nach bhfeicfidh mé choíche arís í. I am afraid that I will never see her again
" Tá eagla orm nach bhfeicfidh mé choíche arís í.
a leithéid a dhéanamh arís to do such a thing again
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
ar a bhonnaibh arís. back on its feet again
" Leoga, measann Varney go gcaithfear na mílte post a scor le geilleagar an tuaiscirt a chur ar a bhonnaibh arís.
ar ais i mbun pinn arís. back writing again
" ”Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. that time of the year is upon us again
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís.
Táthar ag tosú as an úr arís Things are being started afresh
" Táthar ag tosú as an úr arís agus tá an tAire Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta, Gregory Campbell, ag tabhairt lántacaíochta don ghrúpa.
léireofar arís é it will be produced again
" I gcomhpháirt le Ceolfhoireann Fhiolarmónach Bheirlín, léiríodh an saothar seo sna blianta 2006-08 agus léireofar arís é in 2009.
nach bhfeicfidh mé choíche a leithéid arís that I will never see the likes of it again
" Ba rud é nár theastaigh uaim a fheiceáil agus tá súil le Dia agam nach bhfeicfidh mé choíche a leithéid arís.
choíche arís ever again
" Ar an ceathrú lá de mhí na Nollag a bheidh (seo an rud a bhfuil mé ag súil leis cibé!) mo chuid obair chúrsa uilig istigh, agus beidh mé saor le himeacht ar chosa in airde ar feadh dhá mhí! Ní bheidh orm amharc siar ar na nótaí sin a choíche arís, agus nuair a thosóidh mé ag deireadh mí Eanáir arís, bheidh cúrsa (nó modúl mar a deir an lingo) iomlán úr amach romham.
buailte linn arís arrived again
" Tá mí Dheireadh Fómhair buailte linn arís, a chairde.
arís go brách ever again
" Cheol sí leagan álainn de Mo Theaichín Beag Tuí in Balmoral, a ndúirt na moltóirí faoi nár chuala siad a leithéid riamh roimhe sin, agus a ndúirt roinnt daoine eile faoi nach raibh siad ag súil lena leithéid a chluinstin arís go brách.
ar a seanléim arís back to its old self
" Tiocfaimid tríd an duibheagán seo agus cuirfimid an tír ar a seanléim arís, ach má theipeann orainn athleasú a dhéanamh ar an phoblacht, fágfar síolta an scriosta faoi thalamh agus gan aon amhras fásfaidh siad aníos faoi chosa na glúine eile inár ndiaidh.
arís still
" arís, cuireadh fáilte romhainn, áfach.
Níos measa arís worse still
" Níos measa arís, bhí gaoth láidir ó dheas ann agus bhí a fhios agam go mbeadh sé im' aghaidh an lá uilig, ag dul suas Beinn a' Chlachair.
nach n-imreoidh arís shall not play again
" Ó shin i leith áfach níor imir Shefflin aon iomáint agus seans nach n-imreoidh arís agus ní dóigh le Tennyson féin go nglacfaidh sé aon pháirt i gcomórtais na bliana seo.
Ceapaim arís I also feel
" Ceapaim arís go bhfuil dearcadh i leith na Gaeilge i nGaillimh athraithe, níl mé ag rá mar gheall ar Ghaillimh le Gaeilge amháin.
in airde arís doing the rounds again
" Bhí ainm an Cheallaigh in airde arís le déanaí mar gheall ar thaispeántas ollmhór, atá ar siúl in Iarsmalann Náisiúnta na hAstráile, Canberra, dar teideal: Not Just Ned: A true history of the Irish in Australia.
faoi láthair arís once again
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
i gcuimhne dom arís to mind again
" Déagóir a bhí ionam nuair a chonaic mé an fhírinne i Londain agus chuir bás Ian Tomlinson na laethanta siúd i gcuimhne dom arís.
Ar an mBord Céanna Arís on the same tack again
" Ar an mBord Céanna Arís ====== Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre an t-olltoghchán sa bhliain 2007 agus cuireadh lena bhriathair an bhliain dár gcionn nuair a chuir siad deireadh le Réiteach an Aigéin Chiúin.
socair arís settled again
" - (iii) Tríú céim na foghlama is ea gáire a dhéanamh nuair a deir lucht bainc, airí airgeadais, baill rialtais, agus bíodh sé le rá, ball de mhóramh an chine daonna go bhfuil an ‘cúlú thart is go bhfuil ‘na margaí socair arís’.
Fill Arís return again
" *) Fill Arís === Agus scéalta cosúil le seo á aithris ag Tóibín, cloistear cogar ón bhfile áitiúil Seán Ó Ríordáin.
trácht orm go deo arís mention of me ever again
" Imeoidh mé liom agus ní chloisfear trácht orm go deo arís.
cur i gcéill arís eile one more pretence
" Ar thíocht abhaile dom, fuair mé deis breathnú i gceart ar a raibh fógraithe sa gcáipéis a tugadh amach agus thuig mé an uair sin nach raibh sa dá ‘thionscnamh suntasacha’ ach cur i gcéill arís eile.
tiocfaidh rath agus bláth arís matters shall improve and bloom again
" , tá mé cinnte ar feadh bliana eile, ach le cuidiú Dé tiocfaidh rath agus bláth arís.
chun iad a chur ar bhóthar a leasa arís to bring them into good health again
" Nuair a theipeann ar bhanc, níl le déanamh chun iad a chur ar bhóthar a leasa arís ach cuimhneamh gurb iad *“Very large loans at very high rates are the best remedy”*.
arís go deo ever again
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
níos gníomhaí arís more active still
" Má tá tú ag iarraidh a bheith níos gníomhaí arís i leith ár gcomharsan neamhaí is féidir páirt a ghlacadh i *MoonZoo.
ag súil go mór le casadh ar a chéile arís looking forward to meeting again
" Bhí seisiún eile againn sular fhág muid an Gleann Dé Domhnaigh, agus muid ar fad ag súil go mór le casadh ar a chéile arís in Inis, Co.
tá an lámh shantach sínte amach arís eile the greedy hand stuck out once again
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
Mar ná beidh ár leitheidí arís ann because the likes of us’ll never be seen again
" Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.
Is léir arís it’s obvious again
" Is léir arís mar sin, nach ealaíontóir scoite ón fhíorshaol atá in Julie Feeney, gur breá léi cuideachta daoine.
Is measa arís a scéal siadsan their situation is worse again
" Is measa arís a scéal siadsan, Palaistínigh, tharla gur ar réimsí níos lú ná Éire atá na heachtraí s’acu ag titim amach.
a chur ina shuí arís put him sitting again
" Faoi dheireadh, d’éirigh le San Nioclás bocht Balor a chur ina shuí arís, agus chrom sé ar litir eile a léamh.
Ionchúisíodh an cosantóir arís the defendant was charged again
" Ionchúisíodh an cosantóir arís ar an 11 Bealtaine, 1976, os comhair an Breitheamh Larkin ar an chúis chéanna ach chomh luath is a glaodh an cás, ceapadh ateangaire agus cuireadh faoi mhionn é.
dul i gcionn arís orainn to work their magic on us again
" Is fíor go bhfáiltím roimh na hardáin teicniúla uilig a thugann an deis dúinn breathnú ar scannáin ná facamar le linn seal a gcéad eisiúna, nó, b’fhéidir, gur mhaith linn ligint dóibh dul i gcionn arís orainn.
nach labhróinn Béarla riamh arís I’d never speak English again
" Tháinig mé abhaile agus bhí sé im’ intinn nach labhróinn Béarla riamh arís, ach sin an áit a tháinig an cion agus d’athraigh mé m’intinn ó thaobh na Gaeilge.
ina mórábhar arís all the go again
" Bhí ceist na n-ainmneacha dúchais sna Fritíortha ina mórábhar arís ar na mallaibh mar gheall ar dhá fheachtas sa taobh seo domhain.
ar staclaireacht arís stalking again
" An Fear Dubh ar staclaireacht arís ar a sheanléim.
Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge Irish is coming back again
" Tá borradh ag teacht arís faoin Ghaeilge in Éirinn agus thar lear le blianta beaga anuas.
n-amharcfaí arís air it would be looked into again
" Dúirt sé go n-amharcfaí arís air dá mba rud é go raibh daltaí ag baint buntáiste as an chóras ach go raibh sé i bhfách go mór leis an phrionsabal go mbronnfaí 40% de na marcanna ar chumas cainte an iarrthóra.
mbaintear feidhm astu arís they’re used again
" An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile? Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid.
sa leathghlúin arís in his knee again
" ” “Mar thoradh ar an bhac a cuireadh air ní raibh sé in innimh traenála agus dúradh leis nach mbeadh an neart céanna aige sa leathghlúin arís.
a tharraingíonn ar ais arís which attracts (them) back again
" Sin an rud a tharraingíonn ar ais arís is arís eile iad.
cuir sí lena focal arís she stuck to her word again
" Scoth an Domhain san Iomaíocht ============== Gheall Archer go mbeadh spórt den chéad scoth lárnach ina clár agus cuir sí lena focal arís.