Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bun going on
" Agus, ar shlí, ba nádúrtha agus ba láidre a raibh ar siúl i bPáirc Semple ná a bhí ar bun ar Shráid Uí Chonaill.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
ceann a chur ar bun to start one
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
tá iarracht ar bun an effort is being made
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda if they decided to start fighting again
" Níl aon dabht ach go mbeadh an-chuid le cailliúint ag poblachtánaigh dá mbeartóidís ar dhul ar ais i mbun troda.
Cad a bhí ar bun aige in aon chor? What was he up to at all?
" Cad a bhí ar bun aige in aon chor? Thóg sé tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam.
i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, engaged in acting on small stages,
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
a chur ar bun. to establish.
" Bhí mé maith go leor ó thaobh na grianghrafadóireachta de ar feadh mo shaoil, ach i 1984 tháinig scaifte againn le chéile – mé féin, Margot Harkin, Ann Crilly, Jim Curran, Brendan McMenamin – leis an Derry Film and Video Collective (DFVC) a chur ar bun.
nuair a cuireadh ar bun í when it was initiated
" D’fhreastail mé ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy nuair a cuireadh ar bun í sa bhliain 1994, agus bhí Dermot McLaughlin ann mar mhúinteoir.
a cuireadh ar bun which was set up
" Is é seo atá ar siúl ag an Gaslight Brewery, mar shampla, i South Orange, Nua-Ghéirsí, ar fobhaile de chuid Nua-Eabhrac é atá suite cúig mhíle dhéag taobh amuigh den chathair agus a cuireadh ar bun sa bhliain 2000.
an chaimiléireacht a bhí ar bun acu the cheating that they were conducting
" ScilBhí éagsúlacht iontach ag baint leis an chaimiléireacht a bhí ar bun acu – d'éirigh leo, mar shampla, saothar de chuid an phéintéara LS Lowry, mar aon le píosa de chuid an dealbhóra Barbera Hepworth, a chóipeáil go foirfe, rud a léirigh cumas agus oilteacht Shaun i réimse leathan stíleanna, tréimhsí agus disciplíní.
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, on Cork's under-14 soccer team
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
ar ais i mbun pinn arís. back writing again
" ”Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, amongst those supplying the entertainment
" Beidh Daithí Ó Sé – atá chuile áit na laethanta seo, is cosúil – mar fhear tí ar an oíche, agus i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, beidh na hamhránaithe Declan O’Rourke agus Fiach agus an banna ceoil Lir.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán while the film was in production
" Agus ní haon ionadh é sin mar gur thit an bheirt i ngrá lena chéile le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an scannán.
cad go díreach atá ar bun agat. what exactly you're doing.
" ní gan mhaith, tá sin róláidir, ach cuireann tú ceist ort féin cad go díreach atá ar bun agat.
ó chuir Ethel ar bun é since Ethel establised it
ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir who would like to spend a period studying
" Cuirtear sparánachtaí ar fáil faoin Chlár Fulbright do mhic léinn Éireannacha ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir in ollscoil Mheiriceánach.
tá iarrachtaí ar bun efforts are being made
" Mar gheall ar pholasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige méid áirithe talaimh “a chur ar leataobh”, tá iarrachtaí ar bun chun na cluainte traidisiúnta a chothú in athuair.
an comhlacht a cuireadh ar bun the company which was established
" , an comhlacht a cuireadh ar bun sa bhliain 2006 leis an bhféile a reáchtáil ar bhonn níos foirmiúla, aitheantas don dearcadh dearfach atá i gceist i measc na nÉireannach i leith an phobail aeraigh: “*(this festival will mark) the important changes which have taken place in gay life over the past 25 years and the positive attitudes of Ireland and Dublin toward the gay community*.
ar bun founded
" Ansin cuireadh rialtas faoin teideal Aontas na gCúirteanna Iosalamacha ar bun i ndeisceart na tíre.
bheas ar bun shall be happening
" Is ait an tAthair an Saol! Tá foireann curtha le chéile anseo i gCois Fharraige de bhuachaillí faoi 12 le mise mar bhainisteoir! Sea, táimse im bhainisteoir ar fhoireann sacair sa Ghaeltacht! Tá muid le páirt a thógáil i gcomórtas sacair a bheas ar bun le gairid mar chuid de Chluichí Pobail na Gaillimhe.
ar bun aici she('s) up to
" Tá cara ollscoile agam a chaitheann gach ré nóiméad dá saol ar Facebook: ag cur maise ar a próifíl, ag breathnú ar ár gcuid grianghraf uilig is ag fógairt don domhan mór céard atá ar bun aici faoi láthair.
ar bun has started
" SMM: Sin é a Rónáin! Tá an réabhlóid ar bun! RMAB: (ag gáire) Go raibh míle maith agat a Sheosaimh.
ar bun founded
" ie> chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Cén t-achar blianta é ó cuireadh an comhlacht Cló Iar-Chonnachta ar bun i dtosach? ================================= Seol do fhreagra chuig alt@beo.
ar bun in progress
" Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.
ar bun in progress
" Is fada obair ar bun ar seo ach creidim féin gur lá cinniúnach eile don Ghaeilge í seo.
chuir an réimeas ar bun the regime started
" 
 Bhí Ruane i Nicearagua in 1983, tráth a raibh na Sandanistas i réim agus chuidigh sí leis an fheachtas litearthachta agus uimhríochta a chuir an réimeas ar bun, feachtas a ghnóthaigh bonn ó UNESCO.
a chur ar bun starting, founding
" (Gáire) **SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?** BNC: Níl a fhios agam.
ar bun againn we’re doing
" Is leis an sárthaistealaí mara Paddy Barry an luamh agus cineál oilithreachta atá ar bun againn, ag leanacht na manaigh Éireannacha ó thuaidh.
cuireadh ar bun put in place
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
feachtas ar bun a campaign is afoot
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
ar bhun inbhuanaithe at a sustainable rate
" Ina dhiaidh sin, áfach, leanadh leis an fhorbairt ar bhun inbhuanaithe.
ar bhun comhionannais from the point of equlity
" De réir dhlí na Breatain Bige, ní mór gach eagraíocht stáit beartas teanga a leagan amach a mhíníonn conas a rachaidh sé i ngleic leis an dá teanga ar bhun comhionannais.
le haghaidh coimhlintí a chur ar bun in order to initiate conflicts
" Ag cur síos ar an tír mar “drong” a bhaineann leas as cosaint mionlach le haghaidh coimhlintí a chur ar bun, dúirt sé gur chóir gach ambasáid Iosraelach a dhúnadh ar fud na hilchríche.
ar ais i mbun díobhála doing damage again
" **Na Laochra is Lú - Laoise Ní Chléirigh** Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála.
dul i mbun taighde ar an ábhar to do research on the matter
" ”* Bealach Amháin nó Bealach Eile =========== Sé an freagra simplí ar cheist an Chathaoirligh ná gurb é an comhlacht comhairleoireachta Mazars a mhol an tsamhail tar éis don Fhoras iad a choimisiúnú le dul i mbun taighde ar an ábhar.
agóid ar bun dispute happening
"agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
ar ais i mbun díobhála doing damage again
" ** Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála.
ar bhun idirnáisiúnta internationally
" EO Teilifís ó thaobh Ros na Rún, tá siad ag déanamh sraithe dramaíochta do TV3 agus tá siad ag obair linne ar an scéim Scéal i mbliana; Telegael ar bhun idirnáisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann daoine an méid atá bainte amach ag Telegael ó thaobh sraitheanna beochan idirnáisiúnta agus an t-airgead atá said ag tarraingt isteach sa tír.
ar bun in process
" Shéan Tymoshenko chuile chúiseamh ina leith, agus í mar aon le baill dá páirtí “Batkivshchyna” (athartha) go neamhbhalbh den tuairim nach bhfuil ar bun ag an Uachtaráin Yanukovich ach feachtas chun deireadh a chur leis an bhfreasúra polaitiúil roimh an toghchán parlaiminte san fhómhar.
mórán ólacháin ar bun a lot of drinking going on
" Cé go raibh an áit breac le tinte cnámh, agus go raibh mórán ólacháin ar bun, agus go raibh an farraige mhór i ngiorracht don slua, ba shéimh agus ba bhéasach mar a chaith gach duine lena chéile.
ar bun happening
" Mar sin féin, is fiú go mór fadhbanna na hÉireann agus na hEorpa a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus stairiúil a thugann le fios go raibh athruithe móra ar bun le tríocha bliain anuas a chuir laigí móra ar mhargaí airgeadais an domhain.
i mbun oibre ar dhréachtadh to work on drafting
" Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin.
ar bun in operation
" Tá Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus tionscnaimh fhirinne agus chuimhne ar bun acu.
ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire despite all my peering at the horizon
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire the initial complaint
" An Bhearna ag Dul i Méid ========== An cheasacht a bhí ar bun i dtús aimsire go raibh bearna rómhór idir na rialacha gramadaí in eagrán 1958 agus an chaint bheo, chuaigh sí i méid i gcaitheamh na mblianta.
bhfuil bun ar bith leis an imní seo there’s no reason to worry like this
" Maíonn an dream a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe nach bhfuil bun ar bith leis an imní seo, ach tá siad ann i measc an lucht leighis a cheapann gur chóir achar de roinnt ciliméadar a fhágáil idir muileann mór gaoithe agus teach cónaithe.
ar bun a thugann cúiteamh on the go which assists
" Agus sa Danmhairg tugtar aitheantas oifigiúil don dochar a dhéantar do luach tithe agus tá scéim ar bun a thugann cúiteamh do shealbhóirí tithe.
bhfuil iarrachtaí ar bun efforts are being made
" Ó thaobh na hiománaíochta féin, tá formhór mór na n-iománaithe fós ag brath ar an gcamán fuinseoige in ainneoin go bhfuil iarrachtaí ar bun ó na 1970í (camán Wavin) camán sintéiseach nó saorga a dhéanamh.
TG4 a chur ar bun to found TG4
" Is mar gheall ar gur theip ar Raidió Éireann freastal ceart a dhéanamh ar an nGaeltacht a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus mar gur theip ar an RTÉ freastal ar riachtanais na dteaghlach a bhí ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge a troideadh an feachtas le TG4 a chur ar bun.
ar bun le hionann is on the go for up to
" Tá an 'tionscnamh' seo (mar a thugann an t-údar air) ar bun le hionann is 90 bliain anois: *“.
curtha i mbun slad ar a chéile put to killing each other
" Tá ionradh na Mór-Roinne ar a bhonnaí cearta anois, tá drad an Iarthair nochta agus tá na mílte curtha i mbun slad ar a chéile mar is toil leo, ó Libia go Máilí.
céard tá ar bun ag Sinn Féin what SF are up to
" Ní thuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ó thuaidh.
iarrachtaí fiúntacha ar bun worthwhile efforts afoot
" In áit a bheith i bpíobán a chéile, mar a bhíodh, tá iarrachtaí fiúntacha ar bun ag daoine ar an dá thaobh ómós agus tuiscint a thaispeáint do thraidisiúin an taobh eile.
bhíonn ar bun goes on
" Rud eile a bhíonn ar bun le linn chluichí de réir dealraimh ná liathróidí a ‘athchúrsáil’.
is é a mhalairt a bheadh ar bun the opposite is going on
" Bhí imreoir eile, babhta, ‘ag tabhairt aire’ d’imreoir ar an bhfoireann eile, rud a bhí an-deas agus spórtúil shíl mé féin mar go hiondúil is é a mhalairt a bheadh ar bun.
iad a chur i mbun foclóra ar leith to put them working on a dictionary
" B’fhéidir, sula mbíonn sé rómhall, go mba chóir tráchtairí maithe arb í an Ghaeilge a dteanga mháthartha – Seán Bán Breatnach, Mícheál Ó Sé, Antaine Ó Conghaile, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraic Ó Sé gan ach dornán a luadh – a thabhairt le chéile agus iad a chur i mbun foclóra ar leith ina mbeadh focail agus nathanna dúchasacha, oiriúnacha agus a chuideodh le tráchtairí óga an cheird a fhoghlaim.
tuairimíocht ar bun people were guessing
" Ní raibh Craobhchomórtas na Sé Náisiún sa rugbaí ach ar tí tosú nuair a bhí tuairimíocht ar bun faoi thodhchaí na sár-imreoirí úd Brian Ó Drisceoil agus Rónán Ó Gadhra atá 34 agus 36 bliain d’aois faoi seach.
chuir muid clár ar bun in éineacht le we put a program together
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
le scéim idirchultúrtha a chur ar bun to start an intercultural scheme
" B’fhéidir gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann le scéim idirchultúrtha a chur ar bun.
ar bun sách forleathan to a fairly wide extent
" Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad as if the Senate has nothing better to do
" Ar an gclár teilifíse faoin Oireachtas, ní theaspáintear de ghnáth ach an cuid is spraoiúla agus is bladhmannaí agus is seafóidí den chur agus cúiteamh a bhíonn ann faoi ‘Order of Business’, amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad.
ar aon bhun faoin ghréin on any basis whatsoever
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun you’d think there was a silent conspiracy of afoot
" Shílfeá go bhfuil comhcheilg tosta ar bun i measc tráchtairí áirithe ins an dóigh a phléitear le foinsí atá scríofa i nGaeilge.
ar bun idir eagraíochtaí éagsúla to be established between various organizations
" Tuairiscítear go leor ‘idirchaidrimh’ ar bun idir eagraíochtaí éagsúla.
an choimhlint atá ar bun againn ar bhonn laethuil the competition which we engage in every day an t-iompar seo this behavior
" "Deir siad go gcosnódh sé barraiocht airgid leis an cheist a fhreagairt nó go nglacfadh sé barraiocht ama agus sin an choimhlint atá ar bun againn ar bhonn laethuil.
agus tú gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile while you’re busy filling glasses and else
" Agus má tá rath mór ar an gcóisir, agus má bhíonn doirseoir uait, is féidir le Raspberry Pi aire a thabhairt don doras agus tú gnóthach i mbun gloiní a líonadh is ar uile (Speaker Deck)(https://speakerdeck.
chur ar bun go luath to start soon
" Tá dhá fhoireann peile, foireann iománaíochta agus foireann peile ban againn agus tá súil againn foireann camógaíochta a chur ar bun go luath.
ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu they don’t brag about it
" Réalta móra an cheoil iad Téada ach ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu.
meitheal idir-aireachta curtha ar bun set up an inter-ministerial group
" Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí.
tograí aisteacha ar bun strange projects in place
" Chuige sin, chuir na Naitsithe tograí aisteacha ar bun chun na tréithe “aitheanta” seo a chlárú sa chaoi is go bhféadfadh siad fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh.
An bhfuil comhcheilg ar bun acu are they conspiring
" An bhfuil comhcheilg ar bun acu le heolas a cheilt ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chinnidh thábhachtacha a bhaineann leo? Drochsheans.
iarracht ar bun arís an effort started again
" Nuair atá iarracht ar bun arís ag muintir oirthear Bhéal Feirste a n-aithne féin a chur ar chúlra na Gaeilge thart orthu, ba cheart dúinn mar lucht Ghaeilge tacú leo.
bhfuil feachtas ar bun there's a campaign in progress
" Ní fheadar an bhfuil a fhios ag an Bhanríon Eilís go bhfuil feachtas ar bun i dTeach na dTiarnaí, eagraithe ag an Tiarna David Alton agus Barún Avebury, chun pardún a fháil do Mhaolra Seoighe an fear a crochadh go héagórach i 1883, agus a cíoradh in alt le Breandán Delap mí na Nollag 2012 (Beo eagrán 140).
ar bun i seomraí nuachta na tíre going on in the country’s newsrooms
" Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre.
a bhí ar bun agam which I was doing
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
athruithe ar bun changes afoot
" Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais.
cuireadh feachtas ar bun a campaign was started
" Ar Facebook, Tumblr agus ar Twitter cuireadh feachtas ar bun le DiFranco a cháineadh agus bhí leithscéal uathu ina leith.
Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar reforms are being made
" Táthar i mbun leasuithe a chur i gcrích ar na hábhair GCSE faoi láthair agus beidh an próiseas seo críochnaithe fán bhliain 2017: > “This spring, we will consult on our plans for the reform of the remaining GCSEs (and A levels).
chur ar bun be set up
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
aon iarracht díospóireacht a chur ar bun ar any debate of
" Tá saoirse cainte ar cheann de bhunchlocha an idirlín, ach ag am céanna, tá an baol ann go múchfadh an t-imeaglú seo aon iarracht díospóireacht a chur ar bun ar aon ábhar, rud a chiallódh go n-éireodh leis an té is mó atá ag béiceach agus ag búireach.
chur ar bun to put in place (structures)
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
i mbun an damhsa ar dtús to start dancing initially
" **SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?** Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh.
díospóireacht spéisiúil ar bun an interesting discussion in progress
"díospóireacht spéisiúil ar bun ar leathanach na litreacha faoi John Redmond le mí anuas san Irish Times.
faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun about a campaign which has just been set up
" Insíonn Tony Birtill dúinn faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun i Sasana le haird an phobail a tharraingt ar na camscéimeanna seo.
ar bun going on
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre.
bheas ar bun feasta shall be ongoing
" Ní maith le Ciarán Mac Aonghusa an druidim siar ón ilteangachas a bheas ar bun feasta, is cosúil, más leid ar bith an cúbadh atá ar na bacáin don Tionscnamh um Theangacha Nua-aoiseacha sa Bhunscoil.
ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun watching all the organizing which is afoot
" Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
ar bun afoot
" Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.
ar tí dul i mbun gníomh about to embark on an action
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad the government attempt to remove the Senate shall fail
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go dteipfidh ar an iarracht atá ar bun ag an rialtas fáil réidh leis an Seanad.
ar bun ar áit gar duit féin in progress somewhere close to you
" Tá Robert McMillen den tuairim gur thoisigh sé cheana féin agus tá sé ar bun ar áit gar duit féin más ar thalamh ghlas na hÉireann atá tú.