Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
Bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh achan duine i Londain an-bhuartha go dtitfeadh eitleán orthu gan choinne le beannachtaí ó Osama bin Laden, agus anois tá siad buartha faoin antrasc fosta.
Ar aon chuma anyway
" Ar aon chuma, muintir Chonamara is mó a bhíonns ag freastal ar na ranganna.
Tá an chuma ar an scéal it seems
" " Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil Robin Livingstone nó eagarthóir bainisteoireachta an *Andersonstown News,* Máirtín Ó Muilleoir, ag iarraidh labhairt go poiblí faoi na himeachtaí seo.
bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Thosaigh na póilíní ag gearán faoi gach rud arís agus bhí an chuma ar an scéal nach gcuirfí tús leis an phríomhpharáid ar chor ar bith.
tá an chuma ar an scéal it appears
" tá an chuma ar an scéal go bhfuil athmhachnamh áirithe déanta ag Enda Kenny ar an cheist de bharr an bhrú seo.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Ar páipéar, tá an chuma ar an scéal gur ag Lee a bhí an bua, ach níorbh ea.
bhraitheas ar chuma éigin I felt in some way
" Is galar tógálach cuid de sin, is dóigh liom, agus bhraitheas ar chuma éigin go rabhas róghairid dó.
go raibh an chuma ar an scéal that it seemed
" Os comhair lucht féachana mór (agus an scríbhneoir seo ina measc), thiontaigh sé ar dtús ar ghéaruillinn agus ina dhiaidh sin d’eitil sé chomh mall sin go raibh an chuma ar an scéal go dtitfeadh sé as an spéir.
tá an chuma ar an scéal anois it now appears
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Ach anois, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cosc ar chaitheamh siombailí a bhaineann le reiligiúin eile.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Ach ní ba mheasa, bhí an chuma ar an scéal go raibh an cos a bhí faoin roth gortaithe go dona.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid ag filleadh ar Star Wars, an córas cosanta a bhí go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan.
an chuma ar an scéal it appeared
" Roimh i bhfad bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí leis an scannán beag Éireannach seo lucht féachana mór a mhealladh chun na bpictiúrlann le hé a fheiceáil.
tá an chuma ar an scéal it seems
" Más fíor sin, tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an chleasaíocht sin a dhéanamh arís agus é ag tabhairt a óráide tromchúisí ar an 2 Aibreán.
beidh an chuma ar an scéal it will appear
" Má thugtar níos mó arm do na péas, beidh an chuma ar an scéal gur stát póilíneach é Stáit Aontaithe Mheiriceá.
bhí an chuma ar an scéal it seemed
" ” Chuir siad an t-albam *Another Love Song* amach le Island Records sa bhliain 1992 agus bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ar tí an clú idirnáisiúnta sin a bhaint amach sular chuir an lipéad ceirníní deireadh leis an gcaidreamh.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Ó tháinig laghdú mór ar phraghas na hola le déanaí, tá an chuma ar an scéal nach mbeadh fonn ar chomhlachtaí ola na huasghráduithe sin a dhéanamh.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared to be the case
" Bhí an chuma ar an scéal an lá dár gcionn go mbeadh an comhrá thuas an-ghairid nuair a dhiúltaigh Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, scun scan athrú an dáta a bhreathnú.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Chomh maith leis sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí níos measa fós ag na mic léinn in Éirinn le foilsiú na Cáinaisnéise an mhí seo caite.
Ar chuma ar bith however
"Ar chuma ar bith, ní mó ná sásta a bhí muintir na Somáile le loighic mharfach leithéidí Summers.
chuma ar appearance
" D’fhostaigh sé daoine den scoth leis an bpáipéar a fhoilsiú agus bhí an chuma ar an scéal gur choinnigh sé a ladar amach as an eagarthóireacht.
Ar chuma in a way
" Ar chuma nó ar chúis éigin, níl seasamh nó íomhá chomh láidir ag an gcumann sna bailte móra i gcoitinne, áit a mbíonn éagsúlacht níos mó le fáil i ngach gné den saol, cúrsaí spóirt san áireamh.
bhí an chuma ar it appeared
" Nuair a tharla “réabhlóid na gcoróineach” sa Phortaingéil sa bhliain 1974, cinneadh ann go gcuirfí deireadh lena himpireacht agus bhí an chuma ar an scéal go mbainfeadh Tíomór Thoir neamhspleáchas amach.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal gur ar mhalairt tuairime atá reachtóirí Arizona.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Bhí an chuma ar an scéal go bhfanfadh Páirtí an Lucht Oibre ar bhinsí fuara an fhreasúra go ceann tamaill eile mar go raibh an geilleagar láidir agus bhí meas ag na daoine ar Howard, cé nach raibh a lán ceana acu air.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Bhí an chuma ar an scéal nach raibh sa Straitéis ach sampla eile de chur i gcéill an stáit i leith na Gaeilge.
chuma ar scéal it appears
" Agus feachtas thoghchán na huachtaránachta sa Bhrasaíl faoi lán seoil, tá an chuma ar scéal go bhféadfadh bean a bheith i gceannas ar an tír is mó sa leathsféar theas gan mhoill.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" D’fhógair siad a gcinntí ag preas ócáid ar 7 Meán Fómhair agus bhí an chuma ar an scéal i dtús báire go mbeadh rialtas coimeádach againn.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal go mairfidh an Dáil go dtí earrach na bliana seo chugainn.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Bhí an chuma ar an scéal gur chuir an tAire ceist ar NIW cad é bhí á dhéanamh acu, gur fhreagair siadsan go raibh siad ag déanamh a ndíchill, agus gur dhúirt An tAire Murphy 'Okay, maith go leor.
Tá an chuma ar an scéal it seems
" Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh ceart pósta ag muintir aerach na tíre seo go ceann tamaill eile.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceacht foghlamtha ag na húdaráis agus tá céimeanna á nglacadh ag rialtas na Brasaíle a choscfadh ollthubáiste den chineál seo amach anseo.
bhí an chuma ar appeared
" Ar feadh i bhfad, bhí an chuma ar Enda Kenny gurbh é Sarah Palin na hÉireann é.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared to be
" Bhí an chuma ar an scéal ag tús an fheachtais go bhféadfadh níos mó suíocháin a bheith ag Páirtí an Lucht Oibre ná mar a bheadh ag aon pháirtí eile.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Anuas air sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an fhadhb ag méadú de shíor ar fud na tíre.
Bhí an chuma ar an scéal it appeared to be
" Bhí an chuma ar an scéal ag tús an fheachtais go bhféadfadh níos mó suíocháin a bheith ag Páirtí an Lucht Oibre ná mar a bheadh ag aon pháirtí eile.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Bhí Scoil Dún Chaoin athoscailte; bhí aitheantas faighte ag Ráth Cairn mar cheantar gaeltachta; bhí Raidió na Gaeltachta ar an saol; bhí Údarás na Gaeltachta bunaithe agus bhí an chuma ar an scéal go raibh ag éirí le muintir na tíre scoileanna a bhunú a bhí go hiomlán trí mhéan na Gaeilge.
Tá an chuma ar an scéal it appears to be
" Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sa gcaint faoi *“highly educated workforce”* ach bladar bolscaireachta, le hollchomhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh le lonnú in Éirinn.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal dá mbeadh díospóireacht bheo idir na hiarrthóirí don uachtaránacht nach mbeadh ach duine amháin as an seachtar sa stiúideo, agus ionadaithe ag seasamh isteach don chuid eile acu! Is bocht an scéal é.
Tá an chuma ar an scéal it appears to be the case
" Tá an chuma ar an scéal, ámh, nach dtiontóidh rotha mór an tsaoil go dtí go dtagann feabhas ar gheilleagar an domhain.
raibh an chuma ar an scéal it appeared
" Ar an 21 Feabhra, dúirt Shimon Peres, Uachtarán Iosrael, gurbh “íoróin na staire” í go raibh an chuma ar an scéal gur in ionad “Meánoirthear gan Iosrael” go bhfeicfí gan móran achair “Libia gan Gaddafi.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid áirithe de na ciorruithe á roghnú, ní de bharr an méid airgid a shábháilfear ach de bharr an deis a bheith á tapú ag an státchóras fáil réidh le háisínteachtaí áirithe nach dtaitníonn leo, ar nós Oifig an Choimisinéir Teanga.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Alleliuia, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Polanski fillte ar an seanghort a threabh sé le díograis i *‘Repulsion’*, 1965 – *‘Rosemary’s Baby’*, 1968 – *‘The Tenant’*, 1976 – an t-árasán (carcair? príosún? géibheann?) meánaicmeach ina bhfuil na príomhcharachtair, na comhraiceoirí, faoi gheasa na gceithre bhfallaí, iad teanntaithe isteach, ar nós Fionn agus na Fianna i mBruíon Chaorthainn na bhfinscéalta fadó, gan neart acu ar pé cumhacht mhídhaonna (ósréalaíoch?) a choimeádann ann iad in ainneoin a dtola agus a míle dícheall éalú.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal, faraor, go mb’fhéidir go n-ardóidh líon na n-íospartach de réir mar a fhiosrófar eachtraí nár reitíodh ag dul siar chomh fada le 1998.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal gur mó a labhraíonn an Pholainnis sa mbaile ná mar a labhraíonn an Ghaeilge, mura bhfuil ach 77,185 Gaeilgeoirí laethúla ann.
níl an chuma ar an scéal it doesn’t appear
" Go hoifigiúil, is é Bratach an Aontais bratach oifigiúil an stáit ó thuaidh agus fiú le feidhmeannas ag comhoibriú ag *Stormont*, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfidh muid arís é ach iompraítear go fóill é.
ar aon chuma anyway
" Margaí Thar Lear? ======= **SMM: An ndíoltar roinnt de na cláracha seo thar lear le fotheidil?** CÓC: Níor dhíol muide aon cheann de na cláracha seo thar lear, go fóilleach ar aon chuma.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Nuair a dhúisíomar agus nuair a thuirlingíomar den spáslong, bhí an chuma ar an scéal ceart go leor go rabhamar trí seachtaine inár gcodladh agus gur i gcoilíneacht amuigh sa spás a bhíomar.
Ar aon chuma however
" ) Ar aon chuma, bhí an-áthas orm cóip dá rogha dánta i nGaeilge a bhronnadh ar an mórfhile K.
ar aon chuma anyway
" Thagainn go hAlban minic go leor nuair a bhí mé thart ar cheithre bliana déag d’aois agus tá spéis agam sna teangacha ar aon chuma.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal gurb é is mó a tharraingíonn inimircigh isteach i dtír ná éileamh ar oibrithe sa tír sin.
Ar chuma fhimíneach éigin in some hypocritical way
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
Cé go bhfuil an chuma ar an scéal although it appears
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
sásta go mbeadh an chuma ar an scéal content that matters would appear
" Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí le hiarrachtaí an rialtais.
Ag lón, ar nós chuma liom eating lunch in a carefree fashion
" Ag lón, ar nós chuma liom, ar ghiorda ceithre n-órlach ar leithead.
ar aon chuma anyway
" Ní thig a rá gur réitiú athrú rialtais an socrú atá de dhíth orainn mar is léir go bhfuil na ceannairí polaitiúla ag obair go dian dícheallach agus, ar aon chuma, tá móramh ollmhór acu san Oireachtas.
atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma who are steering the vessel no matter
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
Tá an chuma ar an scéal, leis it appears also
" Tá an chuma ar an scéal, leis, gur tábhachtaí le Stáit an rialú inimirce ná cearta an duine agus dínit an inimircigh neamhiarrtha.
Ar chuma fhimíneach éigin in some hypocritical way
" Ar chuma fhimíneach éigin, áfach, braithimse gurbh iad na buntáistí seo atá ag déanamh scime do na Teachtaí Dála, faraor.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta sa Tuaisceart, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an dá rialtas ag leanúint leis an phróiseas mar a bhí beartaithe, agus thug sé dhá shampla dúinn: níl aon Acht na dTeanga ann go fóill, mar a bhí socraithe ag an Comhaontú Chill Rìmhinn agus mar sin tá a lán daoine ann nach bhfuil ag fáil cothrom na Féinne faoi láthair.
cén chuma atá ar what shape is
" Do bharúil, cén chuma atá ar chóras oideachais na tíre agus céard tá romhainn?** ÍNíCh: Ceist an-leathan.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal go mbeidh an Astráil ina tír níos sprionlaithe mar gheall ar an athrú rialtais.
tá an chuma ar an scéal it seems
" Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di.
níor síobadh de dhromchla an domhain iad they weren’t blasted clean of the surface of the earth ar aon chuma at least
" Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma.
tá an chuma ar an scéal it appears
" ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.
tá an chuma ar it appears
" Tá an daonra ag fás agus ag dul in aois agus tá an chuma ar an FSS anois go bhfuil sé ar shéala cliseadh.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Níor thug an Pápa úr pinsean ar bith leis ón phost a bhí aige san Airgintín, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ábalta agus sásta maireachtáil ar an bheatha chúng, agus go n-íosfadh seisean burgar Tesco fiú, bíodh each ann nó ná bíodh.
bhí an chuma ar an scéal it looked as though
" San ionad adhfhuafar sin a d’eagraigh sé oícheanta taibhsiúla go rialta, é i mbun turgnamh le soilse, guthanna/fuaimeanna agus maisithe stáitse éagsúla; mhair na seónna sin ar feadh sé bliana agus ní nach ionadh, nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh Robertson in ann taibhsí na marbh a thabhairt ar ais ar an saol agus dul i mbun cainte arís os comhair lucht féachana.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé níos casta ó thaobh athshlánaithe don imreoir bocht agus d’fhoireann Ciarraí dá bharr.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.
ar aon chuma at least
" Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, nó sin a deirtear ar aon chuma.
an chuma ar an scéal it appears
" Tá na húdaráis idir dhá chomhairle faoi láthair dá bharr agus an chuma ar an scéal nach mbeidh sé de dhánacht iontu capall íocónach na hard-dúiche a dhealú le hurchar anuas as ingearán.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.
Tá an chuma ar an scéal it appears
" Tá an chuma ar an scéal, dar le Diarmaid Mac Mathúna, go mbeidh ar lucht úsáidte ríomhairí níos mó a íoc as bogearraí agus seirbhísí idirlín san am atá romhainn.
tá an chuma ar an scéal it appears
" Táthar ag caitheamh go dona le muintir Dhún na nGall maidir le seirbhísí sláinte agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil polaiteoirí an chontae sásta an fód a sheasamh dóibh.
an chuma ar an scéal it appears
" In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán (i)Lá Nua(/i) ar an dé deiridh.
bhí an chuma ar an scéal it appeared
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.
chuma ar an scéal it appears
" Táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh agus tá an chuma ar an scéal gur gairid uainn an Tríú Cogadh Domhanda dar le Maidhc Ó Cathail.
ar aon chuma at any rate
" Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma.