Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar maos go caol na láimhe drenched to the wrists
" Ní raibh fonn ar bith air a bheith ar maos go caol na láimhe san uisce lofa a d'fhágfadh an t-urlár sin ina dhiaidh.
ar maos le hairgead very well-off financially
" Tá fíric amháin faoi Shinn Féin nár chóir dearmad a dhéanamh air: tá an páirtí ar maos le hairgead, agus tig leat go leor a dhéanamh ach na pingineacha a bheith agat.
ar maos steeped
" Is mór idir an saol atá aici anois, ar maos i dteanga agus i gceol na hÉireann, agus an saol a chaith sí go dtí go raibh sí ina cuid tríochaidí.
ar maos leis full of
" Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999: Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil.
ar maos steeped
" Is duine é Lillis Ó Laoire a bhfuil blianta fada dá shaol caite aige ag plé leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus a d'éirigh aníos ar maos i gcultúr na Gaeilge.
ar maos steeped
" " Ceol traidisiúnta Thír Chonaill ======= Ní hamháin go bhfuil Ciarán sáite sa cheol ó thaobh a theaghlaigh de ach tá sé ar maos i gcultúr láidir an cheoil thraidisiúnta i dTír Chonaill chomh maith.
ar maos i gcac buried in shit
" Tá cúrsaí sláinte "ar maos i gcac", mar a dúirt Hiúdaí i ndán Chathail Uí Shearcaigh, "Agallamh na Seanórach".
ar maos steeped
" Tá siad ar maos in eolas faoinár gcultúr.
ar maos sa ghrian soaked in sun
" D’fhág mé an bháisteach agus an easpa gréine i mo dhiaidh in Éirinn agus mé ar maos sa ghrian i ndeisceart na Fraince.
ar maos i dtírghrá Sasanach. drowning in English love for country
" Agus i ndiaidh d'Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O'Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach.
sinn ar maos up to our necks in
" Baineann sé seo le gach gné den saol Mheiriceánach, ach tá sé níos feiceálaí ná riamh anois agus sinn ar maos san oiread sin fadhbanna, ceann ar dhroim a chéile.
ar maos i mil leáite covered in warmed honey
" Bíonn taos baklava chomh tanaí le páipéar, é ar maos i mil leáite, agus cnónnaí meilte spréite ar a bharr.
ar maos steeping
" Bhí sé chomh salach go raibh orm gach rud a thógáil amach as, agus é a chur ar maos go díreach isteach sa loch.
ar maos in steeped in
" Sheoltaí na cloigne, ar maos in alcól, ar ais chun na Fraince mar chruthú ar an márú.
ar maos ina gcuid fola féin covered in their own blood
" Bhí grianghraif de roinnt de na corpáin a glacadh ag láthair na coire, agus iad ar maos ina gcuid fola féin.
ar maos leis steeped in
" ’* Tá an dinnseanchas beo beathach sa lá atá inniu ann agus tá an cinneadh ar atógail Bheairice Girdwood i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maos leis na téamaí atá luaite ag Ní Dhomhnaill.
atá ar maos le deontais swamped in grants
" Tá sé in am mar sin deireadh a chur leis an chlaontuairim gurb í an Ghaeltacht páistín fionn an stáit, atá ar maos le deontais.
Ar Maos in Umhlaíocht steeped in humility
" Ar Maos in Umhlaíocht ========== Mhínigh sé an fhadhb seo do dhochtúir Breatnach amháin agus dúirt go gceapann Éireannaigh a théann fé bhráid na ndochtúirí gurb ionann an triail sin is a “mar a ghabhfá isteach ós comhair maithe móire nó tiarna talún fadó, ar crith agus go humhal.
ar maos steeped
" Tuairim is dhá chéad a bhí sa bhuíon seo, stócaigh, a gcuid léinte – a bhí ar maos i bhfínéagar – ceangailte faoina mbéal agus a srón.
atá ar maos le meafair dhorcha which is steeped in dark metaphors
" Chonaic mé Vaghe Stelle dell’Orsa de chuid Luchino Visconti tráthnóna Luain, ach is dócha gur beag lá den tseachtain ná tréimhse den lá nach bhfuil oiriúnach don scannán atmaisféarach seo atá ar maos le meafair dhorcha is le gnaoi neamhdhomhanda Claudia Cardinale.
Tá ár mbealaí teilifíse ar maos le our television channels are steeped in
" Tá ár mbealaí teilifíse ar maos le cláir, sobaldrámaí agus scannáin as an mBreatain, na Stáit Aontaithe agus as an Astráil agus blas Bhéarla an Atlantaigh Láir ar líon nach beag dár gcuid páistí dá réir.
a leagadh ar maos which was put steeping
" Is léir an chéad bhliain gurb iad aicme B thuas, a leagadh ar maos san uisce ar feadh roinnt seachtainí sular cuireadh iad, is iad is fearr a chuir na fréamhacha agus a d’fhás an duilliúr.
na tíortha ar maos le the countries soaked in
" An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
ar maos le saint steeped in greed
" Is éard atá á rá ag Muingu ná seo: Tá Ceaușescu imithe, tá an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach tá an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras.