Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar shlí na fírinne deceased
" Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.
ar shlí na fírinne dead
" Tá na créatúir seo go léir ar shlí na fírinne, bás faighte go hanabaí acu ar ár mbóithre fealltacha.
ar shlí na fírinne gone to their eternal reward
" Tá na bíomaí ar nós anam daoine atá ar shlí na fírinne ach, lena chois sin, seasann siad mar chomharthaí dochais, beatha, solais agus athnuachana," a mhínigh Gustravo Bonevardi, duine den fhoireann a dhear an taispeántas.
ar shlí na fírinne dead
" Agus, má dhéanann siad sin, beidh *raison d'etre *an IRA ar shlí na fírinne.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Tá Séamas, Mícheál agus Proinséas imithe ar shlí na fírinne.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Bíonn na deiseanna ar fáil uaireanta é seo a dhéanamh agus iad beo ach más imithe ar shlí na fírinne atá siad is beag é ár suim go minic.
ar shlí na fírinne deceased
" Má amharcann sé siar ar a tharla, ar a chairde atá ar shlí na fírinne - ar Sheán Mac Diarmada go speisialta - agus ar a chomhrádaithe nach eol dó iad a bheith beo nó marbh - Conchubhar Ó Coileáin, Diarmuid Ó hEigeartaigh agus Gearóid Ó Súilleabháin - ní hannamh é ag smaoineamh ar an todhchaí nuair a chuirfear clabhsúr ar an obair ar chuir lucht Sheachtain na Cásca tús léi.
ag imeacht ar shlí na fírinne dying
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
a d’imigh ar shlí na fírinne who died
" * Sin é an véarsa deireanach den amhrán “The Wounded Hussar”, a chum Thomas Campbell, amhrán a fuair mé ó mo chara Frank Harte, amhránaí traidisiúnta cáiliúil Bhaile Átha Cliath a d’imigh ar shlí na fírinne ar an 27 Meitheamh.
nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne when John Paul II died
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne when John Paul II died
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
ar shlí na caorthainne on the raging way
" ” Ár soraidh céad slán le Kevin Myarse atá imithe ar shlí na caorthainne – ní thiocfadh leat slí na fírinne a chur i leith an duine uasail, dar ndóigh, ach slí na caorthainne gan dabht.
Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda. Six million Poles died as a result of the Second World War.
" Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda.
atá imithe ar shlí na fírinne deceased
" AÓF: Dá gcuirfinn an cheist chéanna ort ach cead a bheith agat ceoltóirí nó amhránaithe atá imithe ar shlí na fírinne a thógáil ar ais ón mbás le bheith ag an seisiún, cé bheadh leat ansin? TM: Bheadh Willie Clancy ar mo liosta, Johnny O' Leary, Denis Murphy, Julia Clifford.
na glúnta atá imithe ar shlí na firinne the generations which have died
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne. Bergman has died.
" Tá Bergman imithe ar shlí na fírinne.
ar shlí na fírinne deceased
" Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois ach is léir go raibh Carrie an-cheanúil orthu.
ghread sé leis ar shlí na fírinne off it went to eternity
" Tar éis dhá bhliain déag agus 240,000 ciliméadar a bheith curtha de, lig sé glugar an bháis uaidh agus ghread sé leis ar shlí na fírinne.
agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois. about those people who are now (since) dead
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
ar shlí na fírinne no longer with us
" Tá Ginger Stripe ar shlí na fírinne.
mo thuismitheoirí ar shlí na fírinne my parents have passed away
"mo thuismitheoirí ar shlí na fírinne, beannacht Dé leo, ach tá mo chuid deartháireacha agus deirfiúr sa timpeall i gcónaí.
ar shlí na mbréag amongst the living
" B’fhéidir i ndeireadh na dála, go mbeidh ceart is cóir le fáil ar shlí na mbréag do na truáin atá imithe romhainn ar shlí na fírinne.
ar shlí na fírinne who are dead
" B’fhéidir i ndeireadh na dála, go mbeidh ceart is cóir le fáil ar shlí na mbréag do na truáin atá imithe romhainn ar shlí na fírinne.
chuaigh ar shlí na fírinne died
" Agus smaoiním ar na cairde agus gaolta liom a chuaigh ar shlí na fírinne.
ar shlí na fírinne dead
" Seandaoine leo féin, a muintir ar shlí na fírinne, nó go bhfuil siad i bhfad uathu.
ar shlí na hurchóide on the side of evil
" Tá sí imithe ar shlí na hurchóide.
chuaigh ar shlí na fírinne who died
" Is féidir le matamaiticeoirí dul i ngleic leis an saghas áilleachta seo de bharr shaothar fear amháin thar aon duine, fear a chuaigh ar shlí na fírinne i lár na míosa seo caite.
ar shlí na firinne dead
" An féidir leis an bhfear truamhéalach seo sparán a chruinniú, ar ais nó ar éigean, a thabharfaidh aire dóibh agus é ar shlí na firinne? Seo domhan suarach an bhochtanais.
ar shlí na fírinne dead and gone
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
imeacht ar shlí na fírinne his death
" **Seán Ó Ríordáin - Na Dánta** Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
ar shlí na fírinne dead
" Seans mór go mbeadh an Ghaeilge ar shlí na fírinne.
d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne your daughter who died
" An Chiotrainn ====== Abair liom mar gheall ar Dherval, d’iníon atá imithe ar Shlí na Fírinne? Bhí Derval saghas cosúil liomsa i slí mar ba mhaith léi an stíl agus ba mhaith léi a bheith ag dathadóireacht chomh maith.
ar shlí na fírinne dead and gone
" Tá na nuachtáin sin uilig imithe ar shlí na fírinne agus níl teacht ar an chuid is mó dá raibh iontu ach ar mhicrifís i gcúinní dorcha, deannachúla na Leabharlainne Náisiúnta.
ar Shlí Dála na hollscoile on the university Concourse
" Tharla rud an tráthnóna sin ar Shlí Dála na hollscoile a chuir i mbun machnaimh mé.
a d'imigh ar shlí na fírinne who died
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
imithe ar shlí na fírinne died off
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
a d’imigh uainn ar shlí na fírinne who died
" ” Tuaisceartach Ó Ciaráin ========= Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana.
ar shlí na fírinne deceased
" Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; an ‘David F’ fá mo chosa thíos - pé ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá Lí, 1923.
ar shlí na fírinne deceased
" Tá an craoltóir agus dioscmharcach cáiliúil John Peel ar shlí na fírinne anois le breis is dhá bhliain ach tá a thionchar le brath go fóill ina chathair dhúchais Learpholl, mar a léiríonn Tony Birtill.