Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
hardáin is ísleáin heights and hollows
" Ta an leithinis lán le hardáin is ísleáin, gleannta is machairí, cuanta is góilíní, tránna is faillteacha is oileáin.
ardán stage
" Spreagadh ======= Bhí suas le 3,000 duine mar lucht éisteachta ag gach ardán ceoil agus suas le sé cinn acu seo ar siúl ag aon am amháin.
t-ardán platform
" Bíonn na stáisiúin i gcónaí gnóthach agus sa tranglam caithfidh tú an t-ardán agus an traein cheart a aimsiú.
ardán platform
" Chomh maith le deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim, cuireann an fhéile ardán ar fáil d'amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais.
ardán stand
" Ní hamháin sin ach thuas san ardán bhí na cairde agus na comharsana céanna ina mílte ag béiceach agus ag liúireach ar a son.
ardáin platforms
" Cé go bhfuil an-chuid cluichí ar fáil don Xbox cheana féin, tá siad an-daor agus is cluichí iad atá ar fáil d'ardáin eile ar nós an PC.
ardán stage
" Bhí clú ar bhall eile den chraobh sin, Alphonsus Ó Labhradha, mar scríbhneoir fosta, agus bhí a chuid drámaí ar an ardán go minic thall agus abhus.
ardán ceart proper platform
" Bhí sé tar éis a bheith ag obair mar dhioscmharcach i gclubanna i nGaillimh, ceann i mBóthar na Trá ar imeall na cathrach ar dtús ar feadh bliana agus ansin 110th Street i Halla na Cathrach, "an chéad ardán ceart" a bhí aige chun ceol a chasadh.
ardán stage
" Mar a déarfadh mo mháthair mhór fadó: 'Tá an pharóiste náiriste acu!'" "Agus ós ag caint dúinn ar pharóistí," a mhaíonn Balorina na Súile Níos Nimhní Fós, "Cad é an cineál ócáide é sin a eagraíodh i bPáirc an Fhionnuisce le fáilte abhaile a fhearadh roimh na peileadóirí? Ní raibh oiread agus sagart paróiste amháin ar an ardán! Oiread agus Sagart cúnta nó Cléireach féin ar an stáitse sin os comhair mhuintir na tíre.
ardán platform
" Is é an dá argóint a chuirtear chun cinn de ghnáth ar son an dara teach ná go dtugann sé ardán agus guth do dhreamanna beaga polaitiúla nach mbeadh ionadaíocht acu sa príomhtheach agus, chomh maith leis sin, go dtugann sé seans athbhreithniú deiridh a dhéanamh ar bhillí sula ndéantar iad a achtú.
ardán platform
" Cuireann muid fostaíocht ar fáil do Ghaeil, ardán cainte, díospóireachta agus poiblíochta, deiseanna oiliúna, agus go leor leor eile.
ardán platform
" Bhí an seanfheachtasóir Éamonn McCann i measc na gcainteoirí ar an ardán.
a chuirtí ar an ardán that used to be staged
" "Bhal, bhí duine amháin acu cineál aerach agus bhí dúil mhór ag an duine eile sna drámaí a chuirtí ar an ardán do na cuairteoirí Meiriceánacha.
ardán stage
" Faoi láthair tá tionscadal ollmhór idir lámha aige, is é sin tá an dearadh iomlán á dhéanamh aige don ardán agus don chúlstáitse a úsáidfear le linn Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 a bheas ar siúl in Éirinn an mhí seo.
ardán stage
" Ainneoin an phlota seanchaite, a bhfaca muid a mhacasamhail go mion minic roimhe, is dul chun cinn mór é go bhfuil an dráma áirithe seo ar an ardán ar chor ar bith.
ardáin stands
" Bíonn go leor droch-chainte le cloisteáil freisin, sna hardáin, ar an taobhlíne, ar an bpáirc agus go háirithe sa seomra feistis.
ardán stage
" "Ar dhóigh, tá tú ag dul ar ardán le rudaí a rá.
ar na hardáin on a high
" Bhí mé ar na hardáin go minic agus sna hísleáin go rialta.
ar an ardán on the stage
" Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé Liam Gallagher ina John Lennon ar an ardán.
ardán stage
" Mar sin, is i roinnt céimeanna a tháinig Gael Linn isteach i ngnó an cheoil: ón ardán, go dtí an raidió, go dtí an ceirnín.
ardáin stands
" Tugann an t-údar muid i láthair an ghnáthlucht leanúna ar na hardáin, sna clubthithe, sna beáir agus ar na sráideanna roimh, le linn agus tar éis na gcluichí.
ardán stand
" Ach, tar éis 20 bliain d'obair dhian agus coigilt airgid, osclaíodh páirc bhreá nua-aimseartha, móide ardán, carrchlós fairsing, seirbhísí chéad chabhrach agus do chathaoireacha rotha agus áiseanna cruinnithe, thiar i Ros Muc.
ardán foirmeálta formal stage
" Tá an ghráin agam ar chomórtaisí agus bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé brochán den amhrán, rud a rinne mé uair nó dhó! Goilleann sé orm freisin go bhfuil ar amhránaithe a dhul ar ardán foirmeálta chun éisteacht a fháil.
cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí the song is adapted for the stage and adjudicators
" De bharr gur timpeall ar chomórtaisí atá cultúr na hamhránaíochta bunaithe sa lá atá inniu ann, cuirtear an t-amhrán in oiriúint don ardán agus do mholtóirí.
ardán poiblí public platform
" Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó ach, ar an drochuair, ní féidir bheith chomh cinnte céanna cad é atá i ndán do na colúin mhaorga ar Shráid Grafton.
ardán platform
" Agus mé ag fanacht ar an ardán i bPisa, tháinig bean chugam.
ardán stage
" Shocraigh muidne ar choiste Chraobh Phádraig Mhic Phiarais go gcuirfeadh muid an dráma, *An Corp*, ar an ardán mar chuid den ócáid.
Ardán Uí Ógáin the Hogan Stand
" “An t-aon bhlaisín de *vertigo *a bhí faoi Pháirc an Chrócaigh bhí sé ar na créatúirí bochta arbh éigean dóibh amharc oraibhse ó bharr Ardán Uí Ógáin.
Ardán Uí Ógáin the Hogan Stand
" “An t-aon bhlaisín de *vertigo *a bhí faoi Pháirc an Chrócaigh bhí sé ar na créatúirí bochta arbh éigean dóibh amharc oraibhse ó bharr Ardán Uí Ógáin.
ardán stage
" ” In airde ar an ardán leis an fhórsa dúrúnda gur thimpeallaigh siad Leamh.
ardán stage
" AÓF: Céard é ról an mholtóra dar leat? LÓM: Go bunúsach is éard a bheinn ag lorg uaidh nó uaithi ná measúnú macánta ar amhránaíocht na n-iomaitheoirí agus iad ar an ardán os comhair na moltóirí ar an oíche.
ardán stage
" " Agus cé gur chuir sé béim ar cheist na teanga sa dráma, bhí a lán plé faoi na téamaí polaitiúla atá ann nuair a bhí sé ar an ardán ar dtús i nDoire i 1980.
ardán platform
" Bhí sí ag obair ar an chlár teilifíse “ardán” le TG4 ar feadh tréimhse fosta, cé gur thosaigh sí ansin nuair a bhí sí go fóill i Raidió na Life.
ardán stage
" I measc na gceoltóirí a bheas le feiceáil ar an ardán le linn na féile beidh an grúpa Bréag as Béal Feirste, John Spillane, Na Fíréin, Anam (as Albain) agus Blunderbrau as Rann na Feirste i dTír Chonaill.
ardán stage
" RNicD: Cé aige nach mbíodh! Bhíodh an-rath ar an bhFeis Cheoil i gCarna nuair a bhí mé ag fás suas agus, i ndáiríre, cuireadh iachall ar ghasúir ag an am dul ar an ardán agus triail a bhaint as chuile chomórtas.
ardán stage
" Deir Bertie liom go bhfuil cead agam dul ar ais go dtí an t-ardán agus mo chuid gunnaí a choinneáil liom, ar an choinníoll go suím in aice le Micí Mealltach Mac Dúil agus ceann de mo chuid gunnaí a scaoileadh leis trí thimpiste.
ardán stand
" Téann beagnach gach duine amach ar an ardán leis an Grand National féin a fheiceáil, ach amháin na freastalaithe.
ardán stage
" Bhí an banna ceoil Girls Aloud ar an ardán tar éis na rásaí ag 9.
ardán stage
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
ardáin stages
" Cineál sorcais a bhí ann ar bhealach, idir phubaill agus chábáin, ardáin agus sheastáin (corparáideach agus príobháideach), éadaí agus fhaisin agus “sheóghnó”, sular thosaigh an comórtas ar chor bith.
a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta which deserves a national and international stage
" Is é príomhaidhm IMRAM ná a léiriú gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is é cuspóir na féile ná spéis daoine óga a chothú sa litríocht chéanna.
i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, engaged in acting on small stages,
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
ar an ardán mar dhamhsóir taispeántais. on stage as an exhibition dancer.
" Damhsóir céime a bhí i m’athair féin a bhíodh ar an ardán mar dhamhsóir taispeántais.
ar an ardán. on the platform.
" Anois, tá caife san fhoirgneamh agus is féidir leat cupán tae a ól agus tú i do shuí ag tábla ar an ardán.
ardán stage
" Níl iontu ach lúbraí móra gearrtha isteach sa talamh agus ardán thart timpeall orthu le go bhfeicfeadh an lucht féachana an spórt.
ar an ardán, on the platform,
" Thug sé óráid iontach ag an chomhaireamh, agus Tony agus Cherie Blair in aice leis ar an ardán, agus bhí cuma an-mhíshuaimhneach ar an bheirt acu.
ar ardán idirnáisiúnta. on an international platform.
" Ach seasann éachtaí ar leith amach i measc na n-éachtaí atá bainte amach ag lucht spóirt na hÉireann ar ardán idirnáisiúnta.
ardán stage
" Bheadh sé istigh sa Seanad ag bodhrú na seanadóirí agus ní bheadh am aige a bheith ag bodhrú leath dhaonra na hÉireann ó gach ardán halla pobail ó Chóbh go Málainn.
ardán platform
" ” **Easpa Rialacháin**Ach is é an scaoilteacht seo agus an easpa rialacháin seo a thugann tábhacht agus ardán do na meáin úra.
thuas ar ardán staid na hollscoile up on the platform of the university stadium
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
ar an ardán. on the stage.
" Is dráma é atá thar a bheith go maith, ach, anuas air sin, ag pointe amháin bhí an chuma ar an lucht féachana gur chuid den dráma iad, gur bhraith siad ceangal fisiciúil, chóir a bheith, leis an scéal a bhí á insint ar an ardán.
Ní hionann dráma ardáin Murphy agus an scannán. Murphy's stage play and the film are not the same.
"Ní hionann dráma ardáin Murphy agus an scannán.
ardáin dáilithe distribution platforms
" Beifear ag cur san áireamh a laghad den rath agus a bhí ar ardáin dáilithe i dtíortha áirithe eile agus an dóigh ar theip orainn Teilifís Dhigiteach Trastíre a bhunú in Éirinn sna blianta beaga roimh chasadh an chéid.
ar foluain sna hardáin sacair flying in the soccer stands
" Is túisce anois, áfach, go bhfeicfeá bratach Naomh Seoirse ar foluain sna hardáin sacair ná an Union Jack.
ar an ardán on stage
" Ach chomh maith leis sin, beidh Kate Rusby, Karine Polwart, Kris Drever, Sharon Shannon, Luka Bloom, Damien Dempsey, Michael McGoldrick, Mike Scott agus Julie Fowlis ar fad ar an ardán – in aon seó amháin! Beidh Bert Jansch, Steve Earle, Lau, Flook agus The Duhks ag seinm.
a bhí ar an ardán in éineacht léi who was with her on stage
" Chuir sí damhsa i láthair a bhí cumtha ag a deirfiúr Liz, a bhí ar an ardán in éineacht léi i rith an tseó.
ardán gránna ugly platform
" Ag Bun Glas, áit a bhfuil carrchlós ar láthair ard i gceist – thuas 165 méadar in airde – agus radharc iontach de na beanna, bhí ardán gránna déanta as adhmad tógtha ar imeall na mbeann.
ardán stage
" Agus é ar an ardán i mbun an tseó, chuir sé ceisteanna ar bheirt nó thriúr chun bhreith amuigh orthu! Fuarthas amach bréagach iad nuair a d’fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla – ní raibh siad toilteanach iarracht a dhéanamh, fiú, cúpla focal a chur le chéile.
na hardáin the stages
" Tá seo beagán cruálach mar go mion minic, bíonn na hardáin chomh glórach sin gur deacair aon ní a chloisteáíl agus go minic bheadh deacracht ag Pavarotti féin fanacht i dtiúin.
ar an ardán on stage
" Bhí a fhios agam nuair a bhí mé óg gur mhaith liom a bheith ar an ardán ag canadh is ag seinm.
ardán stand
" Bíonn sé deacair gan a bheith ag scréachach ar fhear na feadóige ó thaobhlíne na páirce agus d’fhoireann féin ag imirt, nó ón ardán féin agus na mílte eile timpeall ort ag scréachach freisin.
chuile ardán every platform
" Agus bígí ag súil le Mícheál Martin d’fheiscint i lár an aonaigh ar chuile ardán raidió agus teilifíse idir an dá linn.
ardán stage
" Ba é Séamus an t-aon fidléir óg i measc na gceolteóirí eile ar an ardán.
t-ardán stand
" Osclaíodh an pháirc, na seomraí feistis agus an t-ardán nua in 2002 agus reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i Ros Muc don chéad uair riamh i mbliana.
t-ardán taispeána cat walk
" Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim.
ardán stage
" Ceol a cumadh ar an toirt ach nach bhféadfaí a athchruthú ar an ardán.
ardán stage
" Ceol a cumadh ar an toirt ach nach bhféadfaí a athchruthú ar an ardán.
ardán stage
" Lena dhá mhíle cúig chéad suíochán agus ardán atá ocht gcéad daichead méadar cearnach, bhí sé ar cheann de na hamharclanna is mó i bPáras ag an am.
ardáin stands
" Agus nárbh iontach, gaisciúil, lúfar, spleodrach, ócáideach an cluiche a bhí ann ó thús go deireadh, cluiche a bhain croitheadh as ardáin nua na seanpháirce ar imeall na Canálach Ríoga sa 125ú bliain i stair an Chumainn Lúthchleas Gael.
ardáin (on) stage
" Is fíor gur mhaith liom aisteoireacht ardáin a thriail.
ardán stage
" Ba bhreá le Rudd a bheith feicthe ina cheannaire cruthanta ar an ardán idirnáisiúnta, mar a deirtear sa Bhéarla.
ardán stage
" Tá aithne agam ar Ghaeil agus fir agus mná seoigh críochnaithe is ea iad, ach níl faic ann a spreagfadh iad chun tabhairt faoin ngreann dáiríre, nó níl aon ardán acu a thabharfadh deis dóibh a scileanna a fhorbairt.
ardán stage
" Ní raibh a shárú riamh ann mar aire, a fheara agus a mhná na páirte, nó is é a chuir an Ghaeilge ar ardán an domhain mhóir.
ardáin stage
" Bhí deartháir Eoin, Shane, ar thaobh an ardáin.
ardán stage, attention
" Le bliain nó dhó anuas, feicim tuilleadh daoine ag filleadh air agus tá sé ag fáil ardán beagáinín níos mó ná mar a bhíodh.
n-ardáin ola oil rigs
" Má théann an cnoc oighir ag fánaíocht san aigéan mór, beidh sé i bhfad rómhór aon athrú slí a chur air, fiú ag na comhlachtaí ola a mbeidh a n-ardáin ola sa tslí roimhe, amuigh ó chósta Thalamh an Éisc.
ardán a platform
" Is minic a chumtar scéalta áiféise nó tugtar ardán do mholtaí craiceáilte leis an bhfolús a líonadh.
ardáin stage
" Is minic, mar shampla, na haisteoirí agus na puipéid ag roinnt an ardáin le baill den lucht féachana.
t-ardán stage
" com ó d’oibrigh mé féin go dian ar an suíomh sin le blianta agus tuigim an obair chrua a chuireann foireann Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge ann chuile lá: treaslaím leo! Is mór agam gur bhuaigh Arseblog mar ní raibh a fhios conas a bhféadfadh mé féin is mo chomhláithreoir an t-ardán a aimsiú agus an péire againn sáite isteach i lár an tslua agus gan mórán spáis idir na cathaoireacha.
ardán stage
" Bhí Gaeilge ag seisear den ochtar a bhí ar an ardán.
Ar an ardán on stage
" Ar an ardán i nDussledorf, spreag siad mórtas agus uchtach in óige na hÉireann dá dtír féin agus is iomaí meangadh gáire a chuireadar ar aghaidh thiar sa bhaile.
d’ardán an ómóis of the podium
" Ní i gcónaí a iompaíonn an pobal a n-aghaidh go hiomlán ar laoch a thiteann anuas d’ardán an ómóis ar a bhfuil sé nó sí ardaithe.
hiontróide ardáin stage introit
" Chuaigh deann tríd an slua le linn na hiontróide ardáin.
ardán na léachta the lecture podium
" Shiúil sé go mall i leith ardán na léachta, an leathshúil ghonta druidte, an leathlámh a leathshíobadh de clúdaithe le léine ildaite den chineál a chaitheann Mandela.
ar an ardán on stage
" Leslie Ó Néill, sílim, atá ag pleidhcíocht, ag geaitsíocht ar an ardán – ní cuimhin liom anois, cad a bhí ar bun aige ach is cuimhin liom go raibh sé ana-ghreannmhar.
ardán a pedestal
" Tugann scaoilteacht an idirlín ardán d’achan chineál cancráin a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine eile faoi sciath na ganfhiosaíochta.
ardán stage
" Agus muid ag dul ar an ardán, bhí fear an tí ag an mbeár, tuairim ’s deichniúr den entourage timpeall air, agus cúigear nó seisear a tháinig as Łódż le ceol draíochta ó na tíortha Ceilteacha a chloisteáil.
ardán platform
" Chuir mé ceist ar fhear an chaipín ar an ardán.
foirfeacht na héalaine ardáin the perfection of acting on the stage
" Bhain foirfeacht na héalaine ardáin na cosa díom.
ardán stage
an ardán the stage
" Bhí mise ag obair in amharclann ar feadh blianta roimhe seo agus an rud sin cúl stáitse sa green room ag labhairt leis na haisteoirí sula dtéann siad amach ar an ardán, mar a dhéanann an stiúrthóir, go bhfuil nótaí gach aon oíche, agus nótaí ag deireadh oíche, déanaim é sin, agus tá sé sin an-deas mar tugann sé leibhéal cothrom do gach éinne.
ag tabhairt faoin ardán ‘taking the stand’
" Dá bharr sin, is iomaí ábhar a chloistear ar Raidió na Life le smaointe úra ó na daoine éagsúla ag tabhairt faoin ardán.
ar an ardán on the stage
" Mar shampla duine de na baill, rinne sé aistriúcháin ar Dracula agus chuir siad ar siúl ar an ardán é as Gaeilge ag an Irish Fest.
ar an ardán on stage
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
An ardáin ghaotaireachta iad are they a platform for bombastic talk
" Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.
ar ardán on stage
" Mar na carachtair, d’oscail sé amach é ar bhealach eile agus is dóigh gur deis do dhaoine nach bhfaca é ar ardán aithne a chur air, nó b’fhéidir daoine nach raibh Gaeilge acu, trí na fotheidil… Bhí na gasúir ag an am bhí siad ceathar déag agus a haon déag agus bhí mé féin agus Fiach (Mac Conghail, fear chéile Bhríd) an-ghnóthach.
ach ardán beag just a small stage
an t-ardán the stage
" Bhuail mac Uí Fhlaitile an t-ardán le Riverdance agus ní féidir linn daoine a stad den damhsa ó shin i ngach cearn.
ar an ardán on the stage
" Athraíonn Leanne Best an blas ar a caint gan stró, óna tuismitheoirí go muintir na cathrach, sa dóigh go ndéanann tú dearmad go bhfuil sí ina haonar ar an ardán.