Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Siamsaíocht d'ardchaighdeán entertainment of a high standard
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
ardchaighdeán high standard
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghúm? Cuireann an Gúm leabhair ar ardchaighdeán ar fáil.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Tá meáin neamhspleácha mar an *Irish Times* de dhíth ar phobal na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh saol lucht labhartha na teanga níos boichte mura mbíonn na hacmhainní ag Raidió na Gaeltachta chun seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar.
ar ardchaighdeán of a high standard
" "Má bhíonn dráma á léiriú againn, beidh muid ag súil go mbeidh béile blasta ar ardchaighdeán ar fáil in Óstán Loch Altan, go mbeidh piontaí á n-ól i dTigh Bhillie ag an bhriseadh agus go mbeidh lóistín ar ardchaighdeán sna tithe lóistín áitiúla do na haisteoirí agus do na cuairteoirí.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Cé gur míbhuntáistí iad na tréithe sin nuair a bhíonn grianghrafanna ar ardchaighdeán á lorg, is buntáiste é go mbíonn na comhaid ina stóráiltear na híomhánna réasúnta beag agus gur féidir iad a sheoladh thar an idirlíon gan mórán stró ansin.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Tá an t-ádh linn go mbíonn múinteoirí ar ardchaighdeán againn gach bliain.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Fiú nuair ná fuil daoine glan i gcoinnibh na teangan, is minic is deacair dhóibh géilleadh go bhféadfadh earraí Gaelacha a bheith praiticiúil, nó fiúntach, nó ar ardchaighdeán.
ardchaighdeán high standard
" Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Níl aon bhéim dháiríre curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe ar bhóithre ar ardchaighdeán i gConamara, agus beidh dris chosáin roimh mhuintir Charna nó go gceartófar an t-easnamh sin.
a éilíonn ardchaighdeán ionracais which demands high standards of honesty/integrity
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
ardchaighdeán high standard
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an bheirt againn i mbun eagarthóireachta do dhreamanna eile roimhe sin ach theastaigh uainn a bheith ag obair ar leabhair a raibh spéis phearsanta againn féin iontu: leabhair ar ardchaighdeán scríbhneoireachta agus deartha - *Rince ar na Ballaí *le Dermot Somers, mar shampla.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Na laethanta seo tá fidilí atá ar ardchaighdeán ag teacht ón tSín! Ceannaíonn muid seanfhidilí ag ceantanna nuair is féidir linn.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Toisc gur féidir eolas a scaipeadh ag luasanna suas go dtí 400 Mbit/s le FireWire, tá sé indéanta físghabháil ar ardchaighdeán a dhéanamh in am réasúnta gairid.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
ardchaighdeán craoltóireachta high standard of broadcasting
" Caithfear leanacht den ardchaighdeán craoltóireachta atá ag an tseirbhís faoi láthair agus den réimse fairsing ábhar craoltóireachta.
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán communications skills of a high standard
" Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
ar ardchaighdeán at a high standard
" Tá an Dioplóma ar siúl faoi láthair i Maigh Eo ach tá súil agam go mbeidh níos mó cúrsaí Gaeilge ar ardchaighdeán á gcur ar fáil do phobal Mhaigh Eo ina gcontae féin.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Bhíodh sé an-fhuar sa gheimhreadh mar ní raibh ach tinteán amháin ann agus bhíodh tóin an mhúinteora leis an tinteán i gcónaí beagnach!” Cé go raibh an timpeallacht míthaitneamhach go maith agus nach raibh ach beirt mhúinteoirí sa scoil, deir Seán go bhfuair sé oideachas a bhí ar ardchaighdeán mar sin féin.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Tá daoine ag déanamh dearmaid ar an mbunaidhm atá leis an gciste seo: cláir ar ardchaighdeán a chur ar fáil don lucht féachana ó thuaidh.
dearadh d’ardchaighdeán a very high-standard design
" Ach maíonn an tAire agus Shell gur dearadh d’ardchaighdeán atá i gceist leis an phíblíne.
ar ardchaighdeán at a high standard
" Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
ar ardchaighdeán at a very high standard
" “Mar gheall ar fhás na Gaelscolaíochta in Éirinn, tá margadh cinnte ann anois do dhrámaí ar ardchaighdeán do pháistí idir 5 bliana agus dhá bhliain déag.
léiriúcháin ar ardchaighdeán productions of a very high standard
" “Beidh muid ag cur iarratais isteach chuig an gCiste Craoltóireachta an tseachtain seo chugainn agus má éiríonn linn beidh an t-airgead againn le daoine a íoc sa dóigh is gur féidir léiriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú to create high-standard employment
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú to create high-standard employment
" Theastaigh uainn go mbeadh na hoifigí bunaithe i gCúil Aodha, chun an geilleagar áitiúil a chothú agus fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú do dhaoine go bhfuil spéis acu a gcuid ama gairmiúil a chaitheamh in atmaisféar atá dúshlánach agus Gaelach.
ar ardchaighdeán at a high standard
" Tá seirbhís riachtanach á soláthar againn atá ar ardchaighdeán agus daoine oilte, cumasacha bainteach léi.
ardchaighdeán teilifíse a high standard of television
" “Measann muide go bhfaigheann an pobal féachana ar an oileán, thuaidh agus theas, ardchaighdeán teilifíse ar an airgead sin.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Shocraigh na hinnealtóirí go ndéanfaidís gluaisteán ar ardchaighdeán ar dtús, a chruthódh go raibh an teicneolaíocht i gceart agus a mheallfadh airgead chun gluaisteáin eile a fhorbairt.
ardchaighdeán a chraoltóireachta. the high standard of its broadcasting.
" Clár teilifíse Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte, stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta.
ar ardchaighdeán; of a high standard;
" Ceapann muid go mbeidh muidne ábalta é sin a dhéanamh trí na hamhráin atá againn anois, atá ar ardchaighdeán; dar linn go bhfuil réimse ceoil níos leithne i gceist iontu ná ceol traidisiúnta amháin.
ar ardchaighdeán of a high standard
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
ar ardchaighdeán, of a high standard,
" AÓF: Cén saghas éilimh a bhí ar na leabhair agus atá anois ar na dlúthdhioscaí? An bhfuil sibh sásta leis an éileamh atá orthu? Is dóigh gur áiseanna iontacha iad do mhúinteoirí ceoil freisin? TMU: Toisc iad a bheith ar ardchaighdeán, tá éileamh ar na leabhair, agus úsáid á baint astu, ar fud an domhain mhóir anois.
ardchaighdeán gairmiúlachta high standard of professionalism
" Cinnteoidh páirtíocht Bob ardchaighdeán gairmiúlachta san obair atá ar bun againn agus cuirfidh sé faobhar uirthi.
ardchaighdeán a high standard
" Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
saothair ardchaighdeáin. works of a very high standard.
" Bhí gairm bheatha eile aige chomh maith, mar léiritheoir amharclainne a léirigh saothair ardchaighdeáin.
cláracha ar ardchaighdeán high quality programmes
" Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
ardchaighdeán léiriúcháin high standard of production
" Go bunúsach, thug na lipéid luach don phróiseas taifeadta i gcúig shlí: Go teicniúil: chinntigh siad go raibh ardchaighdeán léiriúcháin ann.
má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí if their children are given services of a high standard
" Beidh na teaghlaigh níos báúla leis an teanga má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí sna scoileanna agus má chruthaítear do thuismitheoirí nach mbeidh a leanaí faoi aon mhíbhuntáiste de thoradh an Ghaeilge a bheith mar theanga theaghlaigh.
ar ardchaighdeán of a high standard
" net/), feicfidh tú go bhfuil a lán bogearraí eile atá ar ardchaighdeán ar fáil saor in aisce freisin.
d’ardchaighdeán of high standard
" Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.
d’ardchaighdeán of a high standard
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
ardchaighdeáin high standard
" Mar dhráma faisnéise, tá ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
ar ardchaighdeán of a high standard
" An cur i láthair agus an tráchtaireacht, ba cheart go mbeadh siad sin ar ardchaighdeán Gaeilge.
aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár obtaining recognition of the high quality of programs
" Éacht, gan amhras ar bith, a rinne an dream a chuir TnaG ar an aer ó thaobh lucht féachana a mhealladh agus ó thaobh aitheantas a fháil d’ardchaighdeán na gclár ó léirmheastóirí sna meáin chumarsáide.
le sonraí ardchaighdeán with high standard of details
" Seo ceamara beag bídeach le sonraí ardchaighdeán is féidir chaiteamh ar do chloigeann agus beoshruthú a dhéanamh ar d’imeachtaí láithreach.
d’ardchaighdeán á ndéanamh of a high standard being made
" Bhíodh cláracha d’ardchaighdeán á ndéanamh ag an Aonad Ghaeilge, ar chostas rómhór b’fhéidir, agus iad ag tarraingt lucht féachana an-mhaith: 12% - 18% den lucht féachana sa tír, agus iad in iomaíocht le Coronation St.
sruth d’ardchaighdeán a chur ar fáil to make available a high standard stream
" Rugadh sa néal é agus mar sin atá algartam cruthaithe aige a ligeann dó sruth d’ardchaighdeán a chur ar fáil dá chuid úsáideoirí.
ardchaighdeán léiriúcháin sroichte reached a high standard of production
" In alt i 2005 (tá fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “*The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories*.
le cumas agus ardchaighdeán with a high standard and capability
" Is deargsheafóid é seo nach bhfuil ag déanamh mórán leasa don Ghaeilge, ach amháin go bhfuil sé ag tabhairt fostaíocht mhaith sa Bhruiséal do dhornán beag daoine le cumas agus ardchaighdeán Ghaeilge.
sin comhartha ardchaighdeáin that’s a sign of high standard(s)
" Tá ainm an BBC leis agus sin comhartha ardchaighdeáin don chuid is mó, nach ea? Agus ar ndóigh má tá rochtain ar BBC iPlayer agat is féidir breathnú ar chláracha ón gcartlann chun tuilleadh spreagadh a fháil.
scríobh ardchaighdeán a high standard of writing
" Céard is fiú léamh ardluasa muna mbraitheann tú nasc leis an ábhar? Tá seo tábhachtach i gcomhtheacs ficsin nó scríobh ardchaighdeán go háirithe.
ag geallúint slándála d’ardchaighdeán promising a high-standard of security
" Beidh an rogha ag an úsáideoir sonraí cárta creidmheasa a fhágáil ar an ngréasán (atá ag geallúint slándála d’ardchaighdeán) nó iad a inchur as an nua.
ardchaighdeán Gaeilge a high standard of Irish
" Tháinig Marcin Ostasz go hÉirinn ocht mbliana ó shin agus tá éirithe leis ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach ó shin.
seirbhís ardchaighdeáin high standard of service
" Tá Pandora, Grooveshark agus iTunes scoite go maith ag Spotify, seirbhís ardchaighdeáin atá molta go mór san alt seo ag Roseanne Smith.