Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ardeaglais cathedral
" Agus héalacapatair thorannacha ag eitilt os a gcionn, bhailigh na hagóidithe le chéile ag sráideanana 49 agus 50, in aice le hArdeaglais cháiliúil Naomh Pádraig, agus in aice le Saks Fifth Avenue, atá chomh cáiliúil céanna.
Ardeaglais cathedral
" "Ardeaglais ón 10ú céad, an Danube ag sníomh tríd an gcathair - bhí an ceantar go han-deas.
an Ardeaglais Chaitliceach the Catholic Cathedral
" Chuaigh an bheirt acu le chéile go dtí an Ardeaglais Chaitliceach leis an leabhar comhbróin a shíniú, agus stad iriseoir ón *Sunday Telegraph *iad ar a bhealach amach, ag iarraidh fáil amach cén sórt teachtaireachta a scríobh siad.
chéimeanna na hardeaglaise the steps of the cathedral
" Ansin, lasadh tine mhór cnámh agus chruinnigh chuile dhuine ar chéimeanna na hardeaglaise chun éisteacht le forógra na poblachta arís.
an ardeaglais mhaorga the stately cathedral
" Is féidir a shamhlú go héasca go bhfuil tú i ndiaidh dul siar in am agus tú ag siúl na sráideanna plódaithe meánaoiseacha thíos faoin *Campanile* (cloigtheach) grástúil a rinne Giotto a dhearadh sa 13ú haois agus an chruinneog chreathach a thóg Brunelleschi don *Duomo,* an ardeaglais mhaorga atá suite go bródúil i gcroílár na cathrach.
ceann de na hardeaglaisí is suntasaí one of the most remarkable cathedrals
" Is fiú go mór fosta cuairt a thabhairt ar *La Seu,* ceann de na hardeaglaisí is suntasaí sa Spáinn, a tógadh ar shuíomh seanteampaill Romhánaigh agus a críochnaíodh sa bhliain 1450.
córlann na hardeaglaise the choir of the cathedral
" Ansin ón 18ú haois ar aghaidh, baineadh úsáid as córlann na hardeaglaise mar eaglais an pharóiste.
ardeaglais ollmhór a massive cathedral
" Bhí ardeaglais ollmhór ann, a críochnaíodh agus a coisriceadh sa bhliain 1318 agus Raibeart Brus i réim.
patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, the pattern of the design of the floor of Chartres Cathedral in France,
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
ardeaglaisí na Críostaíochta the Christian cathedrals
" Foirgnimh ollmhóra is ea iad a chuirfeadh ardeaglaisí na Críostaíochta i gcuimhne duit.
Ardeaglais Cathedral
" I dtús na míosa seo caite, bhailigh níos mó ná míle duine le chéile ar an bPlás Saint Michel, os comhair Ardeaglais Notre Dame i gcroílár Pháras, ag fógairt ar an rialtas iad a chur i bpríosún.
Ardeaglais Cathedral
" In iarthar na cathrach, thart ar 40 nóiméad ar an traein ó Ardeaglais Notre Dame i gceartlár Pháras, atá an baile St Germain-en-Laye.
ardeaglaise cathedral
" Mhaígh sí nach raibh aon bheagmheas ar a saíocht i gceist aici, ach ní fheadar an ndéanfadh sí amhlaidh ar altóir ardeaglaise i bPáras? Athraíodh logainm oifigiúil na carraige sa bhliain 1993 go Ayers Rock/Uluru, le haitheantas a thabhairt do mhuintir dhúchais an cheantair.
gar don ardeaglais close to the cathedral
" Bunaíodh an margadh siar sa bhliain 1570 agus beidh sé ar siúl arís i mbliana ar an Place Broglie i gcroílár na cathrach, gar don ardeaglais agus don cheantar La Petite France, ón 26 Samhain go dtí Oíche Chinn Bhliana.
Ardeaglais cathedral
ar aon chruth le hardeaglais just like a cathedral
" Murach an grafitti gáirsiúil, bhí an halla mór i Disco Paradise ar an mol thuaidh ar aon chruth le hardeaglais.
atógáil na hardeaglaise the rebuilding of the cathedral
" Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.
ardeaglais na drúise sa chathair the city’s temple of lust
" Ó am go chéile, is cosúil, d’fheictí an diabhal féinig i Halla Rince an ‘Majestic’ i Maigh Eala, sa ‘Lilac’ in Inis Céin, ins an ‘Arcadia’ - ardeaglais na drúise sa chathair - nó sa ‘Majorca’ págánta i mBun an Tábhairne cois cuain.
ardeaglais cathedral
" Eascraíonn ceisteanna go leor as eachtra agóide Pussy Riot in ardeaglais Mhoscó.