Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
streachailt armtha armed struggle
" Rinne Máirtín féin cinneadh, áfach, a bheith "ar thaobh na n-aingeal" (mar a deir sé) agus dul leis an pholaitíocht seachas a bheith páirteach sa streachailt armtha.
bagáiste na streachtailte armtha the baggage of the armed struggle
" Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
armtha armed
" Ní raibh an fear armtha, rud a thugann armlón polaitiúil dóibh sin a deir nach bhfuil athrú ar bith tagtha ar mheon na bpóilíní ó rinneadh an PSNI den RUC.
armtha armed
" De réir an Uasail Cowen, tugtar cead d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile tuirlingt ar an gcoinníoll nach bhfuil na heitleáin armtha nó nach bhfuil aon airm de shaghas ar bith ar bord, nó nach bhfuil siad páirteach i mbailiú eolais nó i bhfeachtas míleata de shaghas ar bith.
streachailt armtha armed struggle
" Tá agóidí síochánta déanta acu, le cois méid áirithe den streachailt armtha.
na streachailte armtha of the armed struggle
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
na grúpaí armtha the armed groups
" "An díomá agus an chontúirt is mó, dar liom, ná nach bhfuil deireadh go fóill leis na grúpaí armtha nach ngéilleann don dlí agus a chleachtann an bhrúidiúlacht.
streachailt armtha armed struggle
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
de cheal "na streachailte armtha" in the absence of the armed struggle
" Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal "na streachailte armtha", gur beag *raison d'etre *atá ag an IRA.
póilíní armtha armed police officers
" póilíní armtha ======= Bhí drochthoradh ar an bhréag seo.
streachailt armtha armed struggle
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
an streachailt armtha the armed struggle
" An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh? Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
feachtas armtha armed campaign
" Tá sé bliain ó chuaigh Séanna Walsh ar an teilifís le hinse don saol mór go raibh feachtas armtha an IRA thart.
an eagraíocht armtha seo this armed organisation
" ) Tá an eagraíocht armtha seo ag moladh do dhaoine droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha. that learning Irish was the same as a bullet in the armed struggle.
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
an streachailt armtha the armed struggle
" An sceithfidh Sinn Féin ar phoblachtánaigh atá ag leanstan ar aghaidh leis an streachailt armtha in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, i.
an streachailt armtha the armed struggle
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
an poblachtánachas armtha armed republicanism
" Mar sin, tá an ghné sin de stair na hÉireann, an poblachtánachas armtha a théann siar go dtí 1798, gan úsáid san aonú haois is fiche.
cothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní. an armed police force creates fear in society towards the police
" Deir siad go gcothaíonn fórsa armtha póilíneachta faitíos sa tsochaí i leith na bpóilíní.
má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha. if there is a danger that a criminal is armed
" Ó na seachtóidí i leith tá aonaid speisialta ag gach contae, nach mór, ar a dtugtar SWAT – *Special Weapons and Tactics* – a mbaintear úsáid astu má bhíonn baol ann go bhfuil coirpeach armtha.
nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo. that the police should not be armed like this
" Mar a thuigfeá, tá a lán daoine den tuairim nár cheart do phóilíní a bheith armtha mar seo.
i gcoimhlint armtha in armed combat
" Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin.
sciathán armtha armed wing
" Ba d’fhonn stát na gCarann a bhaint amach a bunaíodh Aontas Náisiúnta na gCarann (KNU) sna daichidí agus bíodh is go bhfuil sciathán armtha ag an KNU, is é sin an KNLA, tá an chuma ar an scéal gur faide ó na Carainn cur i gcrích a gcuspóra inniu ná mar a bhí sé trí scór bliain ó shin.
Eite Armtha armed wing
" An Eite Armtha Tá rian an neamhghéillte sin ar an KNLA, áfach.
streachailt armtha armed struggle
" Bhí, mar dhea, a fhios ag ceannaire Shinn Fein go raibh a dheartháir ag tabhairt drochíde gnéasúil d’Áine, le fada an lá, ó 1987 nuair nach raibh sí ach 14 bliana d’aois 1987 - deir Áine go raibh an drochíde ag dul ar aghaidh ó bhí sí ceithre bliana d’aois - ach ní thiocfaí a shamhlú go rachadh Gerry Adams chuig an RUC leis an líomhain agus an ‘streachailt armtha’ faoi lán seoil.
streachailt armtha armed struggle
" Meastar go bhfuil comhoibriú níos daingne idir an Fíor-IRA agus an IRA leanúnach - an bhfuil a fhios ag duine ar bith an difir eatarthu? - ach de réir mar a thuigimse é, is é an ‘streachailt armtha’ raison d’etre na n-eagraíochtaí seo.
dream armtha armed group
" Cé gur éiligh an dream armtha arís agus arís eile go n-íocfaí airgead fuascailte leo sula scaoilfidís saor an bheirt bhan, shéan rialtas na hÉireann gur íocadh aon airgead leis na fuadaitheoirí.
dronganna armtha armed gangs
" Tá scaoll sna daoine roimh na dronganna armtha de chuid an NTC atá scaoilte ina measc, ach níl siad ag glacadh leo agus i roinnt áiteanna ligeadh isteach ina mbailte d’aon úim iad lena marú.
dhlistineacht na streachailte armtha the legitimacy of the armed struggle
" Bainfidh an dá mhórdhream polaitíochta feidhm as an eachtra ar a son féin, poblachtánaithe níos mó ná Aontachtaithe a fheicfidh an croitheadh láimhe mar aitheantas bhunaíocht Shasana ar “dhlistineacht na streachailte armtha.
sa streachailt armtha in the armed struggle
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
forairdeallaithe armtha armed vigilantes
" Mar gheall ar seo, tá forairdeallaithe armtha ag siúl timpeall ceantar “Geala” ag leanacht agus ag scrúdú coimhthíoch.
armtha nuair a scaoileadh iad armed when they were let goo
" Bhí an dá bhuama armtha nuair a scaoileadh iad agus phléascfaidís ach go bé gur theip ar lasc sna córais leictreachais.
ladrainn Mheiriceá armtha armed American drones
"ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
n-óglaigh armtha armed volunteers
" Tá muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina 'n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile' mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin.