Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a spreagadh to arouse
" Tá a fhios agam gur páirt mhór de mo chultúr an Ghaeilge, agus má thig liom suim inti a spreagadh i ndaoine eile, ar mo bhealach féin, rud maith a bheas ansin.
Músclaíodh a spéis their interest was aroused
" Músclaíodh a spéis in Éirinn agus i ndiaidh dóibh labhairt le cúpla duine faoin tír, tháinig siad go Baile Átha Cliath.
ag spreagadh coimhlinte arousing conflict
" Déanann a shaothar tagairt do thréimhsí san am a chuaigh thart atá go fóill ag spreagadh coimhlinte agus bréagnú, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an am i láthair agus ar an todhchaí mar thréimhsí atá lán éiginnteachta.
a spreag an spéis ollmhór seo which aroused this huge interest
" Ba é an phortráid órga chollaí, a rinne sé den bhean uasal Víneach Adèle Bloch-Bauer, a spreag an spéis ollmhór seo agus atá i ndiaidh seanscéal brónach a thabhairt chun cuimhne.
cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? what aroused his interest in acting?
" Ach cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? “Agus mé ar an meánscoil, bhí an ghráin agam ar pheil.
Músclaíonn arouses
" Músclaíonn na dathanna cuimhne an fhoghlaimeora agus ar ndóigh, cuireann siad na gnéithe gramadaí i gcuimhne d’fhoghlaimeoir.
spreag suim ollmhór aroused massive interest
" Tógadh i longchlós Harland agus Wolff i mBéal Feirste í don chomhlacht taistil White Star Line agus ba é an soitheach gaile paisinéara ba mhó ar an domhan é ag an am, rud a spreag suim ollmhór idirnáisiúnta ann.
a mhúscail spéis as cuimse which aroused incredible interest
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.