Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
méadú as cuimse a huge increase
" Is léir mar sin go bhfuil méadú as cuimse le teacht ar an WAP agus ar an teicneolaíocht neamhshreangaithe.
forbairt as cuimse massive development
" Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste.
fás as cuimse massive growth
" D'éirigh leis sin a dhéanamh fosta agus tá fás as cuimse tagtha ar Aer Árann, go háirithe le cúpla bliain anuas.
fearg as cuimse great anger
" "Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.
meas as cuimse great respect
" Tá lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag.
a bhfuil meas as cuimse uirthi who is greatly admired
" Bhí toradh difriúil ann nuair a tháinig an cáineadh chugainn ó thar lear agus ó Uachtarán a bhfuil meas as cuimse uirthi.
mheas as cuimse the great respect
" Labhair sé faoin mheas as cuimse atá aige ar an nádúr.
Tá rath as cuimse air. It's really successful.
athrú as cuimse a great change
" D'fhéadfaí athrú as cuimse a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna móra struchtúrtha atá ag tachtadh na príomhchathrach agus ag bánú na tuaithe.
borradh as cuimse a great growth
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
fás as cuimse a lot of growth
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá fás as cuimse tagtha ar phobal na Gaeilge sa cheantar seo sna 20 bliain ó bunaíodh an Cumann.
as cuimse greatly
" Mar gheall air sin, tá táillí teagaisc tar éis ardú as cuimse.
brú as cuimse a great pressure
" Is maith an rud é rogha gan dabht agus ní cóir go mbeadh brú as cuimse ar éinne spórt ar bith a imirt in aghaidh a thola.
damáiste as cuimse a great deal of damage
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
as cuimse greatly
" Léirigh na heachtraí uafásacha seo i Londain go bhfuil an teicneolaíocht nua chumarsáide tar éis an tslí ina scaipeann scéalta nuachta a athrú as cuimse.
meas as cuimse huge respect
" ” Tá meas as cuimse aige ar an dlíodóir Gareth Pierce.
damáiste as cuimse a great deal of damage
" Admhaítear an méid seo ann: "*Farm incomes may not be as healthy as the ICMSA would like …*" Ach an cúis é sin le hionsaí a dhéanamh ar chuid eile de gheilleagar na tuaithe? Gan amhras, tá Pat O'Rourke agus a leithéid ag déanamh damáiste as cuimse don dara tionscal is mó sa tír agus tá postanna caillte faoin tuath dá bharr.
ardú as cuimse a great increase
" Tá dochtúirí áirithe den tuairim go dtiocfaidh ardú as cuimse ar líon na gcásanna MRSA sa tír seo má chuirtear moltaí Hanley i leith athstruchtúrú an chóras leighis i bhfeidhm.
méadaithe as cuimse greatly enlarged
" Ní gnáthléarscáil atá ann, áfach, ach ceann a bhfuil roinnt áiteanna méadaithe as cuimse air.
méadú as cuimse huge increase
" Anuas air sin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag lorg cabhrach ón tSeirbhís um Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe (MABS), foras stáit a bunaíodh i 1992 le teacht i gcomhar ar dhaoine a bhfuil fiacha troma orthu.
as cuimse corraitheach really moving
" Tharla ócáid Ghaelach a bhí as cuimse corraitheach i mBéal Feirste i mí na Samhna.
léargas as cuimse a great insight
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
léargas as cuimse a great insight
" Le chéile, tugann na tabhaill léargas as cuimse ar an saol laethúil sa chearn seo den Impireacht Rómhánach a bhí i bhfad ar shiúl.
as cuimse ard extremely high
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
an forás as cuimse the huge growth
" Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
fás as cuimse a big increase
" In Éirinn, tá fás as cuimse i ndiaidh teacht ar an fhadhb.
dul chun cinn as cuimse a huge improvement
" Bhraitheas dul chun cinn as cuimse maidir le raon agus saibhreas mo ghutha.
athraithe as cuimse changed greatly
" Tá a fhios againn ar fad go bhfuil an tír athraithe as cuimse le blianta beaga anuas.
borradh as cuimse huge growth
" “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas.
borradh as cuimse huge growth
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
suim as cuimse unprecedented interest
" Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, ach mar gheall ar go raibh a fhios ag na nuachtáin go raibh suim as cuimse ag an bpobal sa triail áirithe sin.
suim as cuimse a great interest
" Dá bharr sin, tá suim as cuimse sa pheil ag muintir na háite faoi láthair.
méadú as cuimse a great increase
" Ní thig a shéanadh go bhfuil buiséad Holyrood i ndiaidh dúbailt ó am a tionólta i 1999 ach maíonn na hAlbanaigh nach méadú as cuimse é seo le hais áiteanna eile sa Ríocht Aontaithe.
a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas having undergone unprecedented growth in the last number of years
" Maítear go bhfuil gá lena leithéid mar thoradh ar an tAontas Eorpach a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas - tá 27 ballstát ann faoi láthair.
ráchairt as cuimse unprecedented demand
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
claochlú as cuimse a great change
" Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach.
ag fás as cuimse, growing exponentionally
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
athrú as cuimse unprecedented change
" Is cuma cé a ghnóthóidh an toghchán seo, mar sin, mar is mó is dóichí go dtiocfaidh athrú as cuimse ar oifig na huachtaránachta ó mhí Feabhra 2009 nuair a ghlacfaidh buaiteoir an toghcháin lena (h)oifig nua.
brú as cuimse extreme pressure
" Ach is cinnte go dtiocfaidh brú as cuimse ar fhoilseacháin na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn agus tírdhreach na meán ag athrú agus foinsí maoinithe ag dul i dteirce.
as cuimse greatly
" Cá bhfios céard a tharlóidh san am atá fágtha idir seo agus lá an toghcháin? An scéala gur rugadh grápháiste Barack Obama de Madonna? Gur spáschoimhthíoch í Sarah Palin? Gur feallmharaíodh (agus faraor, d'fhéadfadh an ceann seo tarlú) duine de na hiarrthóirí? Tá feiniméan sna Stáit Aontaithe a dtugtar an "October Surprise" air ina dtarlaíonn rud ollmhór a athrós dreach an toghcháin as cuimse.
borradh as cuimse tar éis teacht faoi a great increase has taken place in
" Ní hamháin ag an leibhéal náisiúnta a tharla sé seo, ach tá borradh as cuimse tar éis teacht faoi chlubanna na tíre leis.
as cuimse a great amount
" ”Ní foláir nó go bhfuil am saor as cuimse ar fad ag an dream seo más chomh tapa sin a thagann a n-ionsaithe idirlín.
meas as cuimse immense esteem
" Cé nach Francach í, tá meas as cuimse ag muintir na Fraince ar Betancourt toisc an misneach a thaispeáin sí le linn di a bheith i ngéibheann.
buntáiste as cuimse a great advantage
" Chomh maith leis an chleachtas seo a bheith ina oilbhéim airgeadais, tugann sé buntáiste as cuimse don Aire in olltoghchán, chan amháin i gcoinne iarrthóirí an fhreasúra, ach i gcoinne iarrthóirí a pháirtí féin fosta.
as cuimse ard extremely high
" Go deimhin, tá líon na bpríomhoidí fireanna as cuimse ard i bhfianaise a laghad fear atá ag teagasc san earnáil.
as cuimse incredible
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
as cuimse incredibly
" Chomh maith lena n-easpa tallainne a ghlóiriú as cuimse, bíonn na hirisí is na nuachtáin breac le pictiúir áille díobh chuile lá.
as cuimse enormous
" Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
borradh as cuimse enormous growth
" Ráig a Bhuaileann Pobail An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
as cuimse immense
" Clár é sin a bhféadfaí tairbhe oideachasúil, cultúrtha agus geilleagrach as cuimse a bheith leis dá rachfaí ina bhun i gceart.
as cuimse incredibly
" Le linn an tíogair cheiltigh, tréimhse a raibh aithne ar cheist na haeráide ag méadú i measc phobal na hÉireann, choinnigh daoine orthu ag ceannach cairr mhóra, cuisneoirí móra, tithe móra agus mhéadaigh líon na n-eitiltí ag muintir na tíre thar lear as cuimse.
leas as cuimse immense good
"leas as cuimse déanta ag na meáin raidió agus físe le glúin agus le leath glúine anuas.
borradh as cuimse a massive growth
" Go dtí tús na bliana 2007, bhí an borradh as cuimse faoin gheilleagar beo fós in intinn na ndaoine.
tionchar as cuimse incredible effect
" Dúradh go raibh tionchar as cuimse ag na Anzacs ar fhorbairt na hAstráile.
as cuimse immense
" ” Agus an méid sin bainte amach ag Anna i réimse na Gaeilge amháin, measaim nach foláir nó go bhfuil bród as cuimse ar fad aici aisti féin.
b’éacht as cuimse an incredible feat
" Bhí ardmheas air mar imreoir agus mar bhainisteoir agus b’éacht as cuimse é a sheal mar imreoir agus mar bhainisteoir ag an am céanna le foirne club agus le foireann Phoblacht na hÉireann.
meas as cuimse extreme goodwill
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
céatadán as cuimse a massive percentage
" Áitíonn siad nach n-aithníonn an bille nua go dtagann céatadán as cuimse d'astuithe carbóin na tíre seo ó earnáil na feirmeoireachta, agus toisc go dtagann 95% de na hastuithe sin ó ghnáthobair na feirme (de réir staidrimh ón ICMSA), bheadh sé fíordheacair iad a laghdú.
as cuimse massive
" Is cinnte go bhfuil dúil as cuimse aici sa ghealach mhór bhuí.
cumhacht as cuimse limitless power
"cumhacht as cuimse ag bainisteoirí idirchontae agus caithfidh an CLG a ról a shainiú níos fearr agus ualach na hoibre a laghdú dóibh.
as cuimse remarkably
" Is cinnte gur athraíodh an tír seo as cuimse le fiche bliain anuas.
fás as cuimse faoi massive growth
" Ach tá fás as cuimse faoi úsáid grianghraf, íomhánna agus físeanna ar líne.
tionchar as cuimse a massive effect
" Bíonn tionchar as cuimse ag na cláir seo ar pholaiteoirí, gan aon agó.
fás as cuimse faoin earcú sóisialta a great increase in social recruitment
" De réir Jobvite, comhlacht a bhfuil saineolas ar leith acu ar earcú sóisialta, tá fás as cuimse faoin earcú sóisialta (iontas na n-iontas!).
as cuimse to no end, immensely
" B'fhéidir go raibh a fhios ag Bin Laden sular mharaigh fórsaí speisialta Mheiriceá é i Márta na bliana seo gur athraigh sé an domhan as cuimse.
feabhas as cuimse a massive improvement
"feabhas as cuimse tagtha ar ár gcuid scáileán is uirlisí craolta ó tháinig na céad teilifíseáin go dtín’ár seomraí suí thiar sa chaogadaí.
dochar as cuimse incredible damage
" Míshásamh ===== Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.
méadú as cuimse a massive increase
" Bhí méadú as cuimse ag teacht ar líon na ngearán a tháinig faoina bhráid bliain i ndiaidh bliana.
tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi it grew and developed
" Ach d’éirigh chomh maith leis an scéim seo is gur tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi le deich mbliana anuas.
dúil as cuimse a powerful interest
" Tá an Club Leabhar seo, á stiúradh ag Daithí Mac Lochlainn, státseirbhíseach a bhfuil dúil as cuimse aige i litríocht na Gaeilge, ag dul ó neart go neart le beagnach cúig bliana anois, le cruinniú gach cúpla mí i Lárionad na nÉireannach in Long Island City i gceantar Queens.
as cuimse massively
" Cé go bhfuil na modhanna cumarsáide athraithe as cuimse, bíonn uaigneas agus crá croí fágtha ar dhaoine ina ndiaidh acu.
an spéis as cuimse seo this incredible interest
" ) Liodán na mBuntáistí ========== Ach cén fáth go bhfuil an spéis as cuimse seo ann? Tá níos mó ná fáth amháin: 1.
An moladh as cuimse the far-reaching resolution
" **SÓC: An moladh as cuimse a bhí i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?** MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr! **SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth.
Tá borradh as cuimse there’s an incredible growth
" Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh le sonrú ó shin i leith.
ag cur ionadh as cuimse ortsa amazing you no end
" (Cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil margadh dubh fothalún na holla ag cur ionadh as cuimse ortsa, a léitheoir dhil.
athrú as cuimse a massive change
" Agus fiú ó bhorradh na nguthán cliste, tá athrú as cuimse ar luas earcaíochta: ní gá dúinn fanacht go dtí tráthnóna chun freagra a fháil ó iarrthóir: is léir ón trácht suímh go bhfuil an chuid is mó díobh ag póirseáil is ag cuir iarratais isteach óna ngutháin soghluaiste.
tionchar as cuimse an immense influence
" Is oth liom alt a thosnú le caint ar an gcúlú geilleagair ach níl aon ghabháil as go bhfuil tionchar as cuimse ag an gcúlú seo ar ghnólachtaí beaga, aireagóirí, cruthaitheoirí agus ar ealaíontóirí.
fás as cuimse faoi an incredible growth in
" Tháinig fás as cuimse faoi na comhlachtaí airgeadais féin.
fé bhorradh as cuimse na Síne the massive Chinese growth
" Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na *“killer applications”* dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn: *“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.
tóir as cuimse ar a massive pursuit of
" Luaitear aon taispeántas amháin le tosach na ré seo, ré ina bhfuil tóir as cuimse ar chineál damhsa a bhí faoi amhras i gcónaí sa tír seo féin: an léiriú don Chomórtas Eurofíse 1994, mar a raibh Jean Butler agus Michael Flatley i lár an aonaigh.
an t-athrú as cuimse the incredible change
" Luaigh mé thuas an t-athrú as cuimse atá tagtha ar chúrsaí inimirce lenár linn abhus.
tháinig méadú as cuimse ar chumhacht power(s of China and Russia) increased immensely
" Cé nach ndeirtear amach go hoscailte é, is léir gur tháinig méadú as cuimse ar chumhacht na Síne agus na Rúise sna blianta a lean 9/11.
feabhas as cuimse a massive improvement
" ly/iomhagleasanna> Ó éisíodh an chéad ghuthán cliste i 1999, tá feabhas as cuimse tagtha ar na deiseanna atá ar fáil ar gach ceann dóibh.
déanfar dochar as cuimse immense damage shall be done
" Gan sin déanfar dochar as cuimse do chaighdeán labhartha na Gaeilge sna Gaelcholáistí.
an spéis as cuimse i mbia the great interest in food
" Tá borradh blagadóirí bia níos intuigthe anois, nach bhfuil? Aithníonn an gréasán Pinterest, go háirithe, an spéis as cuimse i mbia agus an borradh faoi na ‘saineolaithe’ bia ar an idirlíon.
daoine ag treisiú as cuimse people increasing greatly in strength
" Chonaic mé daoine ag treisiú as cuimse i n-éis dóibh a gcéad chuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge.
méid as cuimse an incredible amount
" D’áitigh siad go raibh méid as cuimse Éireannach i measc coirpigh na cathrach ach ag an am céanna gurb iad ba mhó a bhí ag fáil íocaíochtaí fuascailte.
tá béím as cuimse curtha ag has placed a lot of emphasis
" Le cúpla bliain anuas tá béím as cuimse curtha ag Google ar fhíseanna a chur chun cinn sna torthaí cuardaigh.
Bhain mé sult as cuimse as I really enjoyed
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
dul chun cinn as cuimse déanta great progress made
" A bhuíochas don Fhleadh Cheoil tá dul chun cinn as cuimse déanta chun gnaoi an phobail a tharraingt ar cheol traidisiúnta, go háirithe i measc na nÓg.
a mhéadaíonn as cuimse which increases incredibly
" Coiméadann sise ar théad é – rud a mhéadaíonn as cuimse an craos ann di V/O eisean –‘*She read Cosmopolitan, she was smart, she knew Duke Ellington….
a mhúscail spéis as cuimse which aroused incredible interest
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
Tá spéis as cuimse agam I have a massive interest
" Tá spéis as cuimse agam i dtionchar na teicneolaíochta ar an staid dhaonna.
fás as cuimse an incredible growth
" Tugtar ‘feiceálacht teanga’ nó ‘linguistic landscape’ i mBéarla ar an léiriú poiblí teanga seo agus tá fás as cuimse tagtha faoin staidéar atá á dhéanamh ar an ngné seo ‘feiceálacht teanga’ ar fud na cruinne, go háirithe i réimse na sochtheangeolaíochta.
raic as cuimse a terrible uproar
" Ar ndóigh toisc gur dearadh agus gur clódh é sna Stáit Aontaithe raic as cuimse a bhí ann tharla go bhfuil deighilt as cuimse ann idir iad siúd atá i gcoinne agus ar son smacht ar ghunnaí.
deighilt as cuimse a terrible division
" Ar ndóigh toisc gur dearadh agus gur clódh é sna Stáit Aontaithe raic as cuimse a bhí ann tharla go bhfuil deighilt as cuimse ann idir iad siúd atá i gcoinne agus ar son smacht ar ghunnaí.
agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh while being persecuted by a massive fit of temper
" Is í an fhadhb anois ná an t-idirdhealú a dhéanamh idir bagairtí cruthanta agus bagairtí atá fógartha ag daoine nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh.
dochair as cuimse untold damage
" Ní hamhlaidh an scéal, áfach, i dtaca le hainmhí andúchasach amháin, capall fiáin na hard-dúiche, agus é ag déanamh dochair as cuimse don chomhshaol dála na n-ainmhithe coimhthíocha eile.
tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo this minority’s influence is vast
" Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus.
a chothaigh meas as cuimse air which won him great respect
" Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.