Pota Focal Intergaelic
astú | altú | as | asat | aslú
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
astu féin on their own
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Láidreachtaí na heagraíochta ná go bhfuil tacaíocht mhaith agus maoiniú measartha faighte ón tús aici ón Roinn Oideachais, agus go bhfuil Oifigigh Aosoideachais na gcontaetha éagsúla Gaeltachta ag obair as lámh a chéile sa tionscadal, seachas a bheith ag obair astu féin, gan tacaíocht nó aitheantas.
an-bhródúil go deo astu very proud indeed of them
" Tá seachtar páistí acu agus gach uair a labhraíonn Gearóidín fúthu is léir go bhfuil sí an-bhródúil go deo astu.
ag teitheadh lena n-anam astu rushing from them
" org) den tuairim go gcaithfear cuimhneamh ar na hoibrithe tarrthála a bhrostaigh isteach sna túir agus iad trí thine, agus daoine eile ag teitheadh lena n-anam astu.
a bhféadfadh sé maíomh astu that he could boast about
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
ní chun iad a spreagadh le triail a bhaint astu not to encourage them to try them
" Cuirtear go leor oiliúna ar pháistí scoile mar gheall ar thoitíní, drugaí agus alcól - ní chun iad a spreagadh le triail a bhaint astu, ach chun an t-eolas a thabhairt dóibh leis na cinntí cearta a dhéanamh.
ag éirí astu giving them up
" "Tá mé ag éirí astu," a chuala mé arís agus arís eile, agus cé go raibh grúpaí beaga ag caitheamh taobh amuigh de na doirse, bhí neart iarchaiteoirí taobh istigh.
bainim an-sult astu I really enjoy them
" Chomh maith leis sin, tá mé ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael i nDún na nGall le cúig nó sé de bhlianta anuas, agus bainim an-sult astu.
go mbainfear mí-úsáid astu that they'll be abused
" Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
go mbainfear mí-úsáid astu that they'll be abused
" Tá cumhachtaí fairsinge ag na Gardaí agus tá an baol ann i gcónaí go mbainfear mí-úsáid astu.
éirí astu to give them up
" Bíonn drugaí le fáil ar an phointe, ach go minic bíonn sé deacair éirí astu.
bhainimis úsáid astu sin we used to use those
" Bhíodh téipeanna agus leabhair d’fhoghlaimeoirí againn agus bhainimis úsáid astu sin sna ranganna.
astu féin by themselves
" Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta.
ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin using them for his own benefit
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
a bhainfidh leas astu ar fad! which will make use of them all!
" Fiú mura bhfuil ach meascán ait de chomhábhair agat sa chuisneoir, is féidir béile a aimsiú go héasca ar an suíomh seo a bhainfidh leas astu ar fad! Tá feabhas mór tagtha ar mo chuid cócaireachta ón uair a d'aimsigh mé an suíomh seo.
áiteanna ar chreach siad an Mhumhain astu. places from which they plundered Munster.
" Ghlac sé seilbh ar Bhaile Átha Cliath agus Laighin agus thóg sé caisleáin ag Tipraid Fachtnac agus Ardfinan, áiteanna ar chreach siad an Mhumhain astu.
bhain sé sin croitheadh astu. that shook them up.
" D’fhág na gasúir shaonta seo Éire na seachtóidí agus bhog siad go sochaí ilchultúrtha agus sílim gur bhain sé sin croitheadh astu.
a scanróidh an t-anam astu which will scare the soul out of them
" Mar a mbeifeá ag súil leis, ní bheidh sí sásta labhairt suas lena mbéal, ach fágfaidh sí teachtaireachtaí ar a ngutháin phóca, teachtaireachtaí a scanróidh an t-anam astu agus a bhainfidh na putóga astu.
bródúil astu proud of them
" Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d'aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin.
na cláracha is mó a bhfuil sé bródúil astu, the programmes of which he is most proud
" Sé mo LaochCuirim ceist air mar gheall ar na cláracha is mó a bhfuil sé bródúil astu, agus cuireann a fhreagra ionadh orm.
allas na gcnámh astu blood (sweat) from their bones
" Bunaíodh Banc Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 1835, tráth a raibh bunadh na hÉireann ar an ngannchuid agus tráth a raibh tiarnaí talún is lucht gróite ag sú allas na gcnámh astu.
ag sileadh astu pouring out of them
" D’fhágadh sé luchóga nó éin bheaga ar leac an dorais againn ó am go ham, fuil agus putóga ag sileadh astu.
baineadh siar astu were taken aback
" Iadsan a bhí tíosach cheana féín, ní raibh athrú ar bith le déanamh, ó bhí carranna eachtrannacha ceannaithe acu cheana féin mar mhalairt ar na súmairí breosla a bhí á ndéanamh sa bhaile, ach iadsan a bhí ag lorg carranna a bhí módhúil ar bhreosla, an timpeallacht, agus ar an sparán, baineadh siar astu nach raibh a leithéid ar fáil ó chomhlachtaí Mheiriceá.
astu féin for themselves, spontaneously
" B’fhearr liom a rá le mic léinn a bheith ag machnamh astu féin in aghaidh an tseanpharadigm.
astu of them
" Théinn go dtí na cluichí go léir agus bhí mé an-mhórtasach astu.
Baineadh geit astu they were taken aback
" Baineadh geit astu arís nuair a nochtadh le gairid go raibh caipiteal breise de dhíth ar Bhanc Aontas Éireann.
astu from them
" Ní maith leis an meánaicme vótáil do dhaoine a d’fhéadfadh níos mó cáin a bhaint astu.
astu from them
" Ní maith leis an meánaicme vótáil do dhaoine a d’fhéadfadh níos mó cáin a bhaint astu.
a bhféadfaí tarraingt astu which could be drawn on
" - Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.
Baintear siar astu they’re taken aback
" Baintear siar astu nuair a nochtar dóibh go bhfuil deartháir acu - an leanbh a saolaíodh fadó sa Liobáin.
baiste astu called after them
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
ná smid astu a word from their mouth(s)
" (sic) An chuid eile de na huascáin, ní raibh scríobadh uathu ná smid astu.
fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid discussions shall arise from them which shall guide us
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
mórtasach go leor astu fairly proud of them
" Bhí na léinte bána orthu agus iad mórtasach go leor astu.
bhainfeadh sé geit astu it would alarm them
" *“Skull of bard, thigh of chief, depth of dried up river, shall we be thus forever? Shall we be thus forever?”* Chuirfeadh filíocht den chineál sin isteach ar lucht éisteachta Meiriceánacha mar bhainfeadh sé geit astu.
astu féin agus as an bhainistíocht in themselves and in the management
" Bhí na comharthaí go maith agus bhí muinín acu astu féin agus as an bhainistíocht.
lena gcuid orgán a bhaint astu to remove their organs
" Déantar gáinneáil ar dhaoine lena gcuid orgán a bhaint astu, leis.
ag iarraidh adhmad a bhaint astu trying to make sense of them
" ’* Is Casta an Scéal ====== An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu.
scéal corraitheach astu a moving story of them
" Tarraingíonn an t-údar fíricí tirime le chéile agus déanann sé scéal corraitheach astu.
bhain sé teachtaireacht ar leith astu he took special meanings from them
" Léigh Cruise O Brien téacsanna údarásacha na Náisiún Aontaithe agus bhain sé teachtaireacht ar leith astu, gan aon fhoréigean a dhéanamh ar na téacsanna céanna.
ag dúiseacht astu féin starting up on their own
" Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche.
bhain an méid sin an gus astu they weren’t so fighting fit
" Ní fios go cinnte arbh iad SAM nó an Iaráin a mhúscail a gcuid diúracán i sciobóil sa Táidsíceastáin le ciall a chur iontu, ach bhain an méid sin an gus astu.
don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu to the mistake(s) which arise easily and a plenty as a result
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu which the people ought to be proud of
" ’ Agus sin croílár a dteachtaireachta: ceantair iad seo ar chóir do mhuintir na háite a bheith mórtasach astu.
mbaintear feidhm astu arís they’re used again
" An é go gcuirtear na liathróidí ‘contúirteacha’ i mbosca bruscair ar leith a thugtar go dtí an t-ionad athchúrsála tar éis an chluiche agus go gcuirtear na liathróidí neamhchontúirteacha in áit eile agus go mbaintear feidhm astu arís an chéad lá eile? Rud eile, chuala mé tráchtaire amháin á rá nár mhór ‘creidmheas’ a thabhairt d’fhoireann a rinne cosaint mhaith nó a leithéid.
ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu in a way in which school children of all ages can can enjoy
" Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
thiocfadh leis an Warfalla astu féin the W. by themselves could
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
baineadh geit astu they were alarmed
" Le linn na mblianta, mar sin, d'imigh an duibhe a bhí ina gcraiceann agus sin an fáth gur baineadh geit astu nuair a fuair siad amach faoi ghaol leo níos mó ná céad bliain ó shin.
le daoine astu féin people on their own
" Brúigh ‘Ní Maith Liom É Seo’ ar an Smutleabhar le haon fhoinse atá maslach le haicme daoine nó le daoine astu féin.
Is beag feidhm a bhaintear astu little use is made of them
" Is beag feidhm a bhaintear astu mar fhoinsí, áfach, nuair a bhíonn an stair á scríobh.
ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu making loud sounds of disapproval
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
ag seasamh astu féin in aghaidh on their own against
" Tá an ASTI ag seasamh astu féin in aghaidh glacadh le socrú a chiallódh nach laghdófaí pá an chuid is mó de na múinteoirí (iadsan faoi bhun €65,000 sa mbliain) ach go mbeadh ar gach múinteoir a bheith ar fáil sa scoil ar feadh uair a’ chloig breise le freastal ar chúrsaí oiliúna agus ar chruinnithe éagsúla, idir chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pleanála.
a raibh siad freagrach astu which they were responsible for
" Ba bhreá le trodaithe na dtrioblóidí dearmad a dhéanamh de na huafais a raibh siad freagrach astu.
baineann muid an-sult astu we really enjoy them
" Tugaim cuairt ar na séadchomharthaí atá sa cheantar nuair a bhím ag obair ansin mar threoraí ar an cúrsa súil sléibhe ag Oideas Gael mar baineann muid an-sult astu.
a chruthaigh gur crainn astu féin which proved that they’re trees themselves
" An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta.
bainfidh sé caint astu he’ll engage them in conversation
" Coimhthígh is cairde nach bhfuil faoi dheifir, bainfidh sé caint astu.
níl muinín agam astu I don’t trust them
" ‘Deir daoine go bhfuil Moslamaigh maithe ann, ach níl muinín agam astu,’ arsa Mc Connell.
a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint astu which could trip them up
" Eatarthu a bheas sé, tá mé ag ceapadh, cé go bhfuil cúpla foireann eile ann (Cósta Ríce b’fhéidir?) a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint astu.
freagrach astu responsible for them
" Bhí roinnt dúnmharuithe i mbéal an phobail san Iodáil le dhá bhliain anuas de bharr gur daoine óga a bhí freagrach astu nó ina n-íospartaigh.
ag spochadh astu making fun of them
" Bhí fearg ar Chaitlicigh agus Protastúnaigh de bhunadh Éireannach i Meiriceá le déanaí de bhrí go rabhthas ag spochadh astu i gclár de chuid The Simpsons.
astu féin in themselves
" Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.
le híoc astu to pay for them
" Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu.