Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san athbhliain in the new year
" Tá sí mar bhall den Choiste Gaeilge a bhunaigh an IRTC anuraidh chun an teanga a chur chun cinn sna stáisiúin éagsúla ar fud na tíre agus bheadh fonn uirthi cur isteach ar an phost mar Oifigeach Gaeilge a bheifear ag fógairt san athbhliain murach go bhfuil an t-airgead go dona.
san Athbhliain in the New Year
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
san athbhliain in the new year
" Cúig mhí an sprioc ama a bhí againn chun an tsraith a dhéanamh agus bhí a fhios againn go mbeadh na cláracha ag dul amach san athbhliain.
san athbhliain in the new year
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
comórtais na hathbhliana the new year competitions
" Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile! Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
athbhliain faoi mhaise. a prosperous new year.
" Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
san athbhliain. in the new year
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
Athbhliain fé mhaise a Prosperous New Year
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
dea-mhianta na hathbhliana new year’s good resolutions
" B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne.
don Athbhliain for the new year
" Ba mhaith liom gach dea-ghuí don Nollaig agus don Athbhliain a sheoladh chuig muintir na hÉireann uilig, agus go háirithe ar shlí speisialta d’ár n-imircigh thar lear, agus d’iomlán chlanna Gael, pé áit ar domhan iad.
dea-rúin na hathbhliana new year’s resolutions
" Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana.