Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athbhreithniú review
"athbhreithniú agus ceiliúradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Orchard le feiceáil sa taispeántas *Citizens Showcase* a osclóidh ar an 6 Iúil.
athbhreithnithe review
" Tá Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais i mbun athbhreithnithe ar Bhunreacht na hÉireann le ceithre bliana anuas.
athbhreithniú review
" Ag an chruinniú ar 1 Nollaig, aistarraingíodh rún Arlene Foster - a mhol go gcuirfí deireadh leis an chomhrialtas feidhmeannach ó thuaidh mura mbeadh díchoimisiúnú iomlán curtha i gcrích ag deireadh mhí Feabhra - ar mhaithe le rún eile David Burnside a mhol athbhreithniú ar straitéis "gunnaí agus rialtas" an UUP i mí an Mhárta agus go bhfágfadh an páirtí an Chomhairle Thuaidh/Theas mura gcuirfí ar ais siombail an Bhriotanachais sa chóras póilíneachta agus sna cúirteanna.
athbhreithniú revision
" Tá an ceannaire nua Simon Crean ag rá go mb'fhéidir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht a thug siad don rialtas faoin lucht iarrtha tearmainn.
athbhreithniú review
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá £100,000 sa bhliain, is é sin €126,974, ceadaithe don tionscadal ón Roinn Oideachais ar feadh trí bliana - déanfar athbhreithniú ar an tionscadal an t-am sin.
athbhreithniú revision
" ar fáil dóibh agus go dtarlóidh athshealbhú ar réimse leathan de ghnéithe an chultúir agus go ndéanfar athbhreithniú ar luachanna bunúsacha an chultúir.
athbhreithniú revising
" Is cinnte go bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an taispeántas amach anseo ach, ar an drochuair, go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar an pholasaí atá ag an Acadamh taispeántais chomh mór seo a chur ar siúl, leanfar ar aghaidh ag déanamh faillí i go leor saothar atá fiúntach agus spreagúil.
athbhreithniú review
" Tá cuid mhaith acu a thacaigh leis an Acht Um Dheochanna Meisciúla, 2000, a chuir fad leis na huaireanta a raibh cead alcól a dhíol, anois ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú air seo.
athbhreithniú review
" Is é an dá argóint a chuirtear chun cinn de ghnáth ar son an dara teach ná go dtugann sé ardán agus guth do dhreamanna beaga polaitiúla nach mbeadh ionadaíocht acu sa príomhtheach agus, chomh maith leis sin, go dtugann sé seans athbhreithniú deiridh a dhéanamh ar bhillí sula ndéantar iad a achtú.
athbhreithniú review
" Ba í an phoiblíocht a tugadh do theoiric an iriseora Don Mullan i rith an tsamhraidh gur scoireadh de Róiste as an arm chun oifigeach eile a chosaint, a thug ar an Aire Cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar chás de Róiste.
athbhreithniú review
" Ansin, mar gheall ar athbhreithniú, níor cheadaigh na húdaráis ceadúnas dúinn.
athbhreithniú review
" D'fhógair an t-iarAire Dlí agus Cirt go raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh air seo.
Grúpa Athbhreithnithe Straitéise Strategy Review Group
" Nuair a toghadh Kenny ina cheannaire ar Fhine Gael chuir sé "Grúpa Athbhreithnithe Straitéise" ar bun, faoi chathaoirleacht Frank Flannery, iarstiúrthóir toghchánaíochta an pháirtí.
athbhreithniú review
" Caitear an-chuid ama agus airgid ag eagrú agus ag réiteach dó seo agus an cheist a bheas le cur ag Coiste an Oireachtais air féin ag an gcruinniú tábhachtach seo i mí an Mheithimh ná: "An fiú é?" Tá cruinniú mór den Choiste Náisiúnta le bheith ann ar an 21 Meitheamh le hathbhreithniú a dhéanamh ar conas ar éirigh nó nár éirigh le Féile Bhealtaine sa leagan amach seo le ceithre nó cúig de bhlianta anuas.
athbhreithniú reviewing
" Tá cúraim ar an Choimisiún monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht.
athbhreithniú revision
" Rinneadh athbhreithniú iomlán ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre, chomh maith le féiníomhá na sochaí.
go ndéanfar athbhreithniú air seo that this will be reviewed
" Glactar leis freisin go ndéanfar athbhreithniú air seo gach cúig bliana, ag cur san áireamh an ráta náisiúnta boilscithe.
athbhreithniú review
"athbhreithniú le déanamh ar an Chomhaontú ar ball.
an t-athbhreithniú the review
" Ba cheart gur seo an t-am anois leis an UUP a athchruthú mar chaomhnóir an Chomhaontaithe a shínigh siad i 1998, ach le dul chun cinn an DUP - bunaithe ar mhian an phobail aontachtaigh, a léiríodh sa toghchán - agus an t-athbhreithniú ar an Chomhaontú atá le theacht, ní fios cad é an bealach a mbeidh David Trimble ag iarraidh a thréad a threorú.
athbhreithniú review
" Cheapfá anois, agus cainteanna le hathbhreithniú a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar tí tosú, go mbeadh ceacht foghlamtha ag an rialtas, sin le rá gan leithscéal a thabhairt do na haontachtaithe, cuma an ón UUP nó ón DUP iad, le gan cumhacht a roinnt le náisiúnaithe na Sé Chontae.
Athbhreithniú ar Chomhaontú Bhéal Feirste Review of the Belfast Agreement
" Deir David Trimble nach bhfanfaidh a pháirtí san Athbhreithniú ar Chomhaontú Bhéal Feirste mura ngearrtar pionós ar Shinn Féin.
athbhreithniú review
"athbhreithniú geallta ag an Lucht Oibre ar thorthaí an toghcháin.
athbhreithniú review
" Anois agus toghchán na huachtaránachta thart i Meiriceá, tosófar na comhchainteanna arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú eitlíochta déthaobhach (áit a bhfuil an "*Shannon stopover*" sáinnithe).
athbhreithniú cuimsitheach comprehensive review
" Is é an taispeántas dá shaothar atá ar siúl faoi láthair san Imperial War Museum i Londain an chéad mhórthaispeántas a bhí riamh le feiceáil i ndánlann náisiúnta a dhéanann athbhreithniú cuimsitheach ar a shaothar.
athbhreithnithe revisionist
" B’fhalsa an staraí a thabharfadh neamhaird ar a leagan athbhreithnithe siúd d’imeachtaí na tréimhse brónaí sin.
athbhreithniú revision
" Lárnach san athbhreithniú seo tá teachtaireacht a sheol ceannasaí na bpríosúnach, Bik McFarlane, chuig Gerry Adams ar an 25 Iúil 1981.
athbhreithniú cuimsitheach comprehensive review
" Tá an taispeántas seo mar chuid de chlár imeachtaí atá ar bun ag an Mhúsaem Nua-Ealaíne chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha a bhfuil clú idirnaisiúnta orthu, ina measc, go dtí seo, Willie Doherty agus Cathy Prendergast.
athbhreithniú review
" Rómhall a thiocfaidh an t-athbhreithniú seo do mhuintir Ros Dumhach, áfach, mar gur sa phuball céanna sin i 1998 a thosaigh iar-Aire na Mara, Frank Fahey, agus a chairde ag cuimilt boise le feidhmeanaigh Enterprise Energy Ireland - na príomhscairshealbhóirí sa tionscadal gáis sula ndearna Royal Dutch Shell táthcheangal orthu.
athbhreithnithe review
" Deir sé, áfach, go bhfuil an Coimisinéir tar éis iarraidh ar ghrúpa – a bhí ag déanamh athbhreithnithe ar an mbealach a dhéanann na Gardaí daoine a choimeád sa tír seo – staidéar ar leith a chur le chéile maidir leis an mbealach ba chóir daoine óga a choinneáil faoi choimeád.
athbhreithniú revising
" ” Bhris ealaíontóirí ar nós Picasso, Henry Moore agus Jean Arp leis an choinbhinsiún clasaiceach maidir leis an chorp a léiriú i saothair ealaíne, agus thug siad dúshlán an phobail athbhreithniú a dhéanamh ar a dtuiscint ar áilleacht coirp.
athbhreithnithe review
" Deir sé, áfach, go bhfuil an Coimisinéir tar éis iarraidh ar ghrúpa – a bhí ag déanamh athbhreithnithe ar an mbealach a dhéanann na Gardaí daoine a choimeád sa tír seo – staidéar ar leith a chur le chéile maidir leis an mbealach ba chóir daoine óga a choinneáil faoi choimeád.
athbhreithniú revising
" athbhreithniú ======= Ach cad faoi na scéimeanna eile a foilsíodh go bródúil in 2005? An líne iarnróid nua ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Uaimh? An dá líne nua Meitreo, agus mar sin de? Bhuel, bhí na chéad athruithe ar an bplean le feiceáil tar éis an olltoghcháin in 2007: rinne an rialtas nua athbhreithniú iomlán ar Transport21.
go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach that a comprehensive review be carried out
" Ar ndóigh bhí go leor de chaint Enda Kenny bunaithe ar an éileamh a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina chéad tuarascáil go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar achan ghné d’fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
Athbhreithniú review
" Athbhreithniú agus athstruchtúrú ar an Ghaeilge sna córais oideachais trí stocaireacht a dhéanamh leis na heagrais chuí.
athbhreithniú review
" Caithfear na rialacha a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh orthu chun gach lúb ar lár a gheofaí iontu a dhúnadh agus a líonadh.
athbhreithniú review
" Anuas air seo uilig, tá athbhreithniú ar siúl ar an scéim Fondúireacht an Údaráis féachaint cén chaoi is fearr le dul i bhfeidhm ar an teanga taobh istigh de chomhlachtaí éagsúla an Údaráis.
an t-athbhreithniú the review
" Tá rud amháin eile a bhfuil Pádraig Ó hAoláin ag súil leis, a chuirfidh go mór le pleananna an Údaráis: an t-athbhreithniú atá le déanamh ar Acht an Údaráis.
athbhreithniú breithiúnach judical review
" Trí lá i ndiaidh dom bheith ceaptha ar an Choimisiún, tógadh athbhreithniú breithiúnach i gcoinne mo cheapacháin.
athbhreithniú review
" Cé go bhfuil sé lán molta maidir leis an méid atá bainte amach ag TG4 go dtí seo, measann sé go bhfuil sé “anois in am dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar cé hé an lucht féachana atá acu”.
beagáinín athbhreithnithe a little bit of revision
" Bíonn beagáinín athbhreithnithe ag teastáil ó na daoine a d’fhreastail ar rang an bhliain roimh ré agus is cuma leo siúd má dhéantar rudaí simplí a chleachtadh ar feadh cúpla seachtain go dtí go mbíonn na tosaitheoirí beagnach ar comhchéim leo.
athbhreithniú grinn indepth revision
" **athbhreithniú grinn**Ní bheidh muid inár n-aonar in Éirinn má dhéanaimid athbhreithniú grinn ar an mhaoiniú atá á thabhairt don ardoideachas.
athbhreithniú re-appraisal
" D’fhógair sé athbhreithniú ach ní dhearna sé beart de réir briathar, rud a fhágann go bhfuil blas na déirce ar an scéim anois.
athbhreithniú reassessment
" Bíonn argóint ann faoin difir idir 'barr' agus 'mullach' agus rinne an SMC athbhreithniú ar na Munro Tables i 1997.
athbhreithniú re-estimate
" Nuair a d’fhoilsigh Galileo, Sidereus Nuncius i 1610, áfach, b’éigean don domhan athbhreithniú a dhéanamh ar an tslí a mbídís ag amharc ar an ghealach.
Athbhreithniú Review
" net/ Cén t-ionadh? Níorbh aon ionadh é mar sin gur mhol Coimisiún na hAlban um Athbhreithniú Cúiseanna Coiriúla i 2007 gur chóir achomharc eile a thabhairt do al Megrahi.
athbhreithniú reassessment, review
" com/watch?v=uOOJUH8Uqp8&feature=related) Ag éisteacht leis an Aire Ó Cuív ag caint ag an bhFóram a d'eagraigh Conradh na Gaeilge mar chuid de Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn an mhí seo caite, bhí sé le tuiscint uaidh go mbeadh athbhreithniú ar theorannacha na Gaeltachta, mar chuid den Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go gairid, má tá.
Athbhreithniú Review
" org/) Tá fáilte curtha roimh mholta Athbhreithniú Straitéiseach ar Mhórshiúlta a bhfuil an polaiteoir Sasanach Paddy Ashdown ina chathaoirleach air mar go gcreidtear go gcuirfidh an tAthbhreithniú deireadh leis an Choimisiún.
lucht an athbhreithnithe revisionism
" " Tá glactha leis an tuairím seo go forleathan anois, ainneoin iarrachtaí lucht an athbhreithnithe.
athbhreithniú re-appraisal
" Ní ghealltar sa dréachtstraitéis ach athbhreithniú doiléir a dhéanfadh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Athbhreithniú reform
" Go deimhin, mhol an Grúpa um Athbhreithniú Bunreachta breis is deich mbliana ó shin go dtabharfaí aitheantas dearfach don Ghaeilge mar theanga mhionlaithe.
athbhreithniú re-assessment
" Le cheist na freagrachta a shoiléiriú, ní foláir athbhreithniú ar an tionchar lárnach a bhí ag ceithre dhuine dhéag ann.
athbhreithniú re-assessment
" Ansin rinne sé an Staidéar Cuimsitheach ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a choimisiúnú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus d’iarr sé go dtiocfaidís aníos le critéar teangeolaíochta dhó, a d’fhéadfaí a úsáid in athbhreithniú ar na teorannacha.
athbhreithniú to re-assess
" ’ Sna cainteanna idir an dá thaobh, tháinig na tuairimí seo chun solais:* creideann na heagraíochtaí tuismitheoirí agus múinteoirí nach bhfuil go leor daoine fásta, idir mhúinteoirí agus fheitheoirí, fostaithe sna scoileanna* ní chuirtear béim go leor sna coláistí oiliúna ar thraenáil a chur ar mhúinteoirí conas deacrachtaí smachta a láimhseáil* bíonn drogall ar phríomhoidí agus ar lucht bainistíochta aird a tharraingt ar eachtraí a léiríonn go bhfuil an scoil ag teip ar eagla go gcuirfí cuid den locht orthu agus nach bhfaighidh siad ardú céime dá dheasca* is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam páistelárnach a spreagann an páiste chun chuile rud a cheistiú, ní hamháin an t-eolas agus na foinsí eolais ach údarás an mhúinteora chomh maith Creidtear gurb é an easpa measa ar údarás is cúis le go leor den olc i sochaí ár linne.
athbhreithniú reassessment
athbhreithnithe review
" Maítear gur cuireadh próiseas athbhreithnithe sa tsiúl lena chinntiú go bhfaighfeadh pobal labhartha na Gaeilge luach a gcuid airgid as an chaiteachas seo, tuairim is €8m sa bhliain.
athbhreithniú re-assessment
" Bheadh seans láidir ann go dtiocfadh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoin cheist agus go mbeadh geallúint sa chlár rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar sheasamh éigeantas na Gaeilge.
athbhreithniú rethink
" Go deimhin, bhain urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighan, leas as an ócáid sheolta le cur in iúl go mbeidís ag déanamh athbhreithniú ar mholadh a rinne ceannaire an pháirtí go ndéanfaí ábhar roghnach don Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Sóisirigh.
athbhreithniú reassessment
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
cead athbhreithniú permission of review
" Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.
athbhreithniú reassessment
" Moltai leis an Scéim a Leasú: =============== D’fhógair Ó Cuív sa bhliain 2004 go raibh athbhreithniú ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus ar bhealach deineadh an t-athbhreithniú sin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).
mheitheal athbhreithnithe review group
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
athbhreithnithe re-assessment
" Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireach nó ollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe.
le hathbhreithniú a dhéanamh ar to re-assess
" Chuir sé lena bhriathar nuair a toghadh é ina Phríomh-Aire, ach nuair a tháinig Julia Gillard i gcomharbacht ar Rudd trí bliana ní ba dhéanaí, cheap sise coiste nua le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú na scoileanna.
athbhreithniú a dhéanamh ar to re-assess
" Tá an tAontas Eorpach, Amnesty International, na Stáit Aontaithe chomh maith le tíortha eile, ealaíontóirí agus ceoltóirí naisiúnta agus idirnáisiúnta míshásta agus ag cur brú ar údarás na Rúise athbhreithniú a dhéanamh ar an chás.
ceapadh Coiste Athbhreithnithe a reassessment committee was appointed
" Ullmhaíodh plean don athbhreithniú agus ceapadh Coiste Athbhreithnithe - ionadaithe ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta, ó na hollscoileanna, ón Roinn Oideachais agus ó bhrainsí éagsúla den chóras oideachais, ó na meáin, ó réimsí na foclóireachta agus na téarmaíochta, ó réimsí na foilsitheoireachta, na scríbhneoireachta agus an aistriúcháin.
athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar to reassess the allowances paid
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath I have to re-estimate the phrase
" Ach anois, i bhfianaise uisce-faoi-thalamh pragmatach Abe Naofa Uachtaráin, caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath Giulio Andreotti, a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi le deireannas: *‘You sometimes have to do evil in order to do good’*.
ndéanfar athbhreithniú ar shall be reviewed
" Deir an Roinn Oideachais go ndéanfar athbhreithniú ar an tsiollabas arís ar an bhliain seo chugainn.
athbhreithniú breithiúnach a judicial review
" ’Sé cúlra an scéil seo ná gur thionscain iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí athbhreithniú breithiúnach i 2011 le go gcuirfí i bhfeidhm treoir de chuid an Aontais Eorpaigh, ina raibh sé de dhualgas ar Éirinn agus ar gach ballstát eile lipéadú a dhéanamh i ngach teanga oifigiúil dá gcuid ar chógais agus ar na bileoga eolais a théann leo (Airteagal 63 de Threoir 2001/83/EC).
faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh before the appeal court
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
De réir an athbhreithnithe chéanna according to the same review
" De réir an athbhreithnithe chéanna, ní bhíonn ar an mheán ag TG4 ach timpeall dó faoin chéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal.
toradh an athbhreithnithe the results of the review
" Tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfaighfidh íospartaigh an iarcheannasaí choláiste samhraidh Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí, amach go deo na cúiseanna gur thit a thriail as a chéile i nDeireadh Fómhair 2002, óir ní léir go bhfoilseoidh an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, toradh an athbhreithnithe atá ar bun ag Gardaí ar an cheist.
athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán to reinvestigate the inquiry
" D'fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána, Martin Callinan, ina dhiaidh sin gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a deineadh in éadan Uí Lubhlaí sna nóchaidí.
athbhreithniú seachas fiosrúchán a review rather than an inquiry
" Is fiú a lua gur athbhreithniú seachas fiosrúchán a d'fhógair Coimisinéir an Gharda i mí Aibreáin seo caite.
ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe seeking the terms of reference of the review
" " Scríobh íospartach eile, Gearóid Ó Conchúir, chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i mí Bealtaine seo caite ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach ní bhfuair sé sásamh ar bith.
d'éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a judicial review succeeded
" Ach cuireadh stop leis an triail nuair a d'éirigh le hathbhreithniú breithiúnach a ghlac foireann dlí Uí Lubhlaí.
Mura bhfoilseofar toradh an athbhreithnithe if the result(s) of the review are not published
" Mura bhfoilseofar toradh an athbhreithnithe agus fíricí an scéil, áfach, leanfar ag cur teoiricí comhcheilge chun tosaigh faoin chúis nach raibh na Gardaí chomh críochnúil is a ba chóir dóibh a bheith ina gcuid fiosrúcháin.
agus iad ag déanamh athbhreithniú ar as they reassess
" Mealladh na sluaite chuig an chathair, go leor acu a tháinig don chéad uair riamh, agus tharla mórán a dtig le muintir na cathrach a bheith sásta leis agus dóchasach faoi agus iad ag déanamh athbhreithniú ar an tréimhse shuntasach seo.
athbhreithniú a dhéanamh ar make a reassessment
" “Tá i gceist ag an ngrúpa athbhreithniú a dhéanamh ar fhógraíocht pheataí, ach beidh an bhéim ar an trédhearcacht i réimse na bhfógraíochta agus córais fhíorúcháin a chur i bhfeidhm, a deir Kathrina.
athbhreithniú reassessment
" Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu which are worth a re-assessment
" Ríomhann Breandán Delap cuid de na haltanna gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orthu.