Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athchóiriú renovation
" "Tá athchóiriú de dhíth air," ar sise.
chun codanna den ghléasra a athchóiriú to restore parts of the equipment
" Rinne siad athdheisiú ar oibreacha an mhuilinn, agus bhain siad úsáid as ábhar áitiúil den chuid is mó chun codanna den ghléasra a athchóiriú.
ag athchóiriú renovating
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
athchóiriú mór substantial renovations
" Bheadh ar áiseanna nua agus ar fhoirgnimh a mbeadh athchóiriú mór á dhéanamh orthu cloí leis an chóimheas 2:1 seo.
a athchóiriú to renovate
" Rinneadh an-obair ó lár na seachtóidí chun an tÁras a athchóiriú agus osclaíodh don phobal arís é.
athchóiriú refurbishment
" "Is féidir leo thart ar 7,000 cileavat uaire a sholáthar in aghaidh bliana," a deir Graeme Pert ó Gillespies LLP, ailtire i nGlaschú a bhí i gceannas ar athchóiriú an tseanospidéil.
a athchóiriú to renovate
" Bhí an t-ádh liom ceann a fheiceáil le déanaí nuair a thug mé cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfuil pleananna faoi lán seoil chun Réadlann Crawford a athchóiriú.
ag athchóiriú saothar ealaíne restoring works of art
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
le hé a athchóiriú to renovate it
" Fuair muid cuidiú ón tSeirbhís Oidhreachta le hé a athchóiriú.
athchóiriú costasach expensive refurbishment
" Dar le Campbell's go bhfuil ceart de réir dlí acu na fuinneoga a bhaint amach nuair a thréigfidh siad an foirgneamh ós rud é go ndearna siad athchóiriú costasach orthu.
an-athchóiriú a great deal of refurbishment
"an-athchóiriú déanta ar an fhoirgneamh, atá an-tarraingteach agus suimiúil.
rinneadh an tseanáit a athchóiriú the old place was refurbished
" D'oscail an t-iarmharcach agus údar Dick Francis Seomra Meáite nua Aintree i mí an Aibreáin agus rinneadh an tseanáit a athchóiriú mar bheár agus músaem.
atá á athchóiriú which is being restored
" Chinn mé ar chuairt a thabhairt ar an choláiste, atá á athchóiriú anois.
ag bailiú airgid don athchóiriú. collecting money for the restoration.
" Tá cumann deonach ann, the Scalan Association, atá ag bailiú airgid don athchóiriú.
tá athchóiriú readaptation
" Roimh i bhfad, tá athchóiriú i gceist.
athchóiriú tuisceanach understanding renovation
" Rinneadh athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d'óstán búitíc é anois.
athchóiriú redecoration
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
Athchóiriú an Oireachtais a governmental make-over
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
athchóiriú redesign
" Déantar athchóiriú ar an táirge féin bunaithe ar an aiseolas méadaithe de bharr na bhfeidhmeanna nua.
athchóiriú reform
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
athchóiriú rearrangement
" Rinneadh athchóiriú agus digitiú ar bhunscannán 1971 a thugann na sonraí uile chun cruinnis.
athchóiriú restructuring
" Tharla gur thug duine i mo chomhluadar suntas de ghrianghraf den dealbh cháiliúil don scríbhneoir a bhíodh san Fhaiche Mhór ach ar bogadh go Musaem na Cathrach i dtús an chéid seo mar chuid den athchóiriú a deineadh ar an Fhaiche.
athchóiriú repair
" Taipéis an tSaoil ====== Rugadh i bPáras í, Lá Nollag 1911, do theaghlach meánaicmeach a dhéanadh athchóiriú ar thaipéisí ón mheánaois agus ón Athbheochan.
Athchóiriú re-arrangment
" Athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais, trí Bhoird Oideachais a bhunú agus na cumhachtaí eisiacha a chur i bhfeidhm **ONT: An bhfuil ceacht le foghlaim againn uaibh?** DB: “Nílim cinnte an bhfuil ceacht le múineadh againn daoibh ach níl aon amhras faoi go bhfuil ceacht le foghlaim agaibh ó áit éigin chun céard atá á dhéanamh agaibh a hathrú.
athchóiriú redecorating
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
Athchóiriú Ionraic an honest retake on
" Athchóiriú Ionraic ========= Cruthaítear íomhá fiáin, míréireach agus cailín *streetwise* leis an gcarachtar Eliza ag tús an dráma.
d’athchóiriú reconstruction
" Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé mar phríomhthosaíocht ag a rialtas tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú polaitíochta agus geilleagair ar fud an réigiúin.
athchóiriú go cuimsitheach to repair comprehensively
" De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste.
fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo for the duration of this repair work
" Beidh cead fosta ag fógróirí cuid den droichead a úsáid lena mórchlár fógraíochta a chrochadh fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo agus chomh maith le seo, beidh cead acu imeachtai a reáchtáil i bPiazza San Marco agus i bPálás an Dóig.
athchóiriú den scéal an adaption of the tale
" Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre.