Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athchóirithe regeneration
" Feicim ó m'oifig túranna Bhaile Munna agus na crainn tógála atá i mbun an athchóirithe.
athchóiriú renovation
" "Tá athchóiriú de dhíth air," ar sise.
athchóirithe go hiomlán totally renovated
" Tógadh an foirgneamh féin san 18ú haois agus anuas trí na blianta tá sé athchóirithe go hiomlán, chóir a bheith, ag Eoin agus a chairde.
chun codanna den ghléasra a athchóiriú to restore parts of the equipment
" Rinne siad athdheisiú ar oibreacha an mhuilinn, agus bhain siad úsáid as ábhar áitiúil den chuid is mó chun codanna den ghléasra a athchóiriú.
ag athchóiriú renovating
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
athchóiriú mór substantial renovations
" Bheadh ar áiseanna nua agus ar fhoirgnimh a mbeadh athchóiriú mór á dhéanamh orthu cloí leis an chóimheas 2:1 seo.
a athchóiriú to renovate
" Rinneadh an-obair ó lár na seachtóidí chun an tÁras a athchóiriú agus osclaíodh don phobal arís é.
athchóirithe refurbished
" Tá an teach athchóirithe i stíl na 1950í agus mothaím cineál brónach ann, mar gur tharla neart rudaí brónacha do mhuintir Lionnáin.
athchóiriú refurbishment
" "Is féidir leo thart ar 7,000 cileavat uaire a sholáthar in aghaidh bliana," a deir Graeme Pert ó Gillespies LLP, ailtire i nGlaschú a bhí i gceannas ar athchóiriú an tseanospidéil.
a athchóiriú to renovate
" Bhí an t-ádh liom ceann a fheiceáil le déanaí nuair a thug mé cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a bhfuil pleananna faoi lán seoil chun Réadlann Crawford a athchóiriú.
ag athchóiriú saothar ealaíne restoring works of art
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
le hé a athchóiriú to renovate it
" Fuair muid cuidiú ón tSeirbhís Oidhreachta le hé a athchóiriú.
athchóiriú costasach expensive refurbishment
" Dar le Campbell's go bhfuil ceart de réir dlí acu na fuinneoga a bhaint amach nuair a thréigfidh siad an foirgneamh ós rud é go ndearna siad athchóiriú costasach orthu.
d’athchóirigh sé he renovated
" Gino Mattini an t-ainm atá air, agus d’athchóirigh sé an muileann mar chaitheamh aimsire i ndiaidh dó éirí as a phost.
d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach the makers of the documentary programme 'Tonight' refurbished an old house
" “Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.
an-athchóiriú a great deal of refurbishment
"an-athchóiriú déanta ar an fhoirgneamh, atá an-tarraingteach agus suimiúil.
seanchillíní athchóirithe old refurbished cells
" Is féidir leat fanacht fiú i seanchillíní athchóirithe más mian leat! Ní raibh an fonn sin orm – bhí mé lánsásta a bheith sa suanlios le taistealithe eile ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.
rinneadh an tseanáit a athchóiriú the old place was refurbished
" D'oscail an t-iarmharcach agus údar Dick Francis Seomra Meáite nua Aintree i mí an Aibreáin agus rinneadh an tseanáit a athchóiriú mar bheár agus músaem.
roinnt athchóirithe some renovation
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
a athchóiríodh le déanaí. which was recently restored
" Sa seanam, bhí dhá sheomra caidéil ann: ceann mór, nach bhfuil ann anois, agus ceann beag, a athchóiríodh le déanaí.
a athchóiríodh le déanaí. which was recently converted.
" Stop mé sa bhrú, atá suite i seanscoil a athchóiríodh le déanaí.
atá á athchóiriú which is being restored
" Chinn mé ar chuairt a thabhairt ar an choláiste, atá á athchóiriú anois.
ag bailiú airgid don athchóiriú. collecting money for the restoration.
" Tá cumann deonach ann, the Scalan Association, atá ag bailiú airgid don athchóiriú.
tá athchóiriú readaptation
" Roimh i bhfad, tá athchóiriú i gceist.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
leagan athchóirithe remastered version
"leagan athchóirithe díobh ar fáil ar dhlúthdhioscaí dar teideal *Skeealyn Vannin* (Scéalta Mhanann).
athchóiriú tuisceanach understanding renovation
" Rinneadh athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d'óstán búitíc é anois.
athchóirithe cleamhnais courtship makeover
" Má éiríonn le sin, níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael.
athchóiriú redecoration
" “Níl fadhb ar bith agam leis an athchóiriú atá ar bun ag an *East Side Gallery*” a dúirt an tUasal Vrubel “ach ní thig liom teacht ar ais agus an pictiúr céanna a phéinteáil arís – ba phictiúr go hiomlán difriúil a bheadh ann!” Dhearbhaigh fear labhartha na dánlainne, Kani Alavi, atá ina ealaíontóir balla é féín, nach raibh an dara rogha ann ach na pictiúir a bhaint mar gheall ar an truailliú a bhí déanta orthu ag an trácht, an aimsir agus ag an scrios a rinne loitiméirí.
Athchóiriú an Oireachtais a governmental make-over
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
Athchóirithe Dlí law reform
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
athchóiríonn redecorate
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
athchóiriú redesign
" Déantar athchóiriú ar an táirge féin bunaithe ar an aiseolas méadaithe de bharr na bhfeidhmeanna nua.
athchóiriú reform
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
athchóiriú rearrangement
" Rinneadh athchóiriú agus digitiú ar bhunscannán 1971 a thugann na sonraí uile chun cruinnis.
athchóiriú restructuring
" Tharla gur thug duine i mo chomhluadar suntas de ghrianghraf den dealbh cháiliúil don scríbhneoir a bhíodh san Fhaiche Mhór ach ar bogadh go Musaem na Cathrach i dtús an chéid seo mar chuid den athchóiriú a deineadh ar an Fhaiche.
athchóiriú repair
" Taipéis an tSaoil ====== Rugadh i bPáras í, Lá Nollag 1911, do theaghlach meánaicmeach a dhéanadh athchóiriú ar thaipéisí ón mheánaois agus ón Athbheochan.
athchóirithe of repair
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
Athchóiriú re-arrangment
" Athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras oideachais, trí Bhoird Oideachais a bhunú agus na cumhachtaí eisiacha a chur i bhfeidhm **ONT: An bhfuil ceacht le foghlaim againn uaibh?** DB: “Nílim cinnte an bhfuil ceacht le múineadh againn daoibh ach níl aon amhras faoi go bhfuil ceacht le foghlaim agaibh ó áit éigin chun céard atá á dhéanamh agaibh a hathrú.
athchóiriú redecorating
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
Athchóiriú Ionraic an honest retake on
" Athchóiriú Ionraic ========= Cruthaítear íomhá fiáin, míréireach agus cailín *streetwise* leis an gcarachtar Eliza ag tús an dráma.
d’athchóiriú reconstruction
" Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé mar phríomhthosaíocht ag a rialtas tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú polaitíochta agus geilleagair ar fud an réigiúin.
athchóiriú go cuimsitheach to repair comprehensively
" De réir na tuairime seo, d’fheicfeadh na Poblachtaigh gur duine é Obama a bhféadfaí comh-oibriú leis ar cheist na hinimirce agus gheobhadh Obama an tacaíocht dhépháirteach i dTithe Chomhdháil na Stát Aontaithe a bhí ag teastáil chun córas inimirce na Stát a athchóiriú go cuimsitheach, córas a bhfuil tagartha ag Obama dó mar chóras briste.
fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo for the duration of this repair work
" Beidh cead fosta ag fógróirí cuid den droichead a úsáid lena mórchlár fógraíochta a chrochadh fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo agus chomh maith le seo, beidh cead acu imeachtai a reáchtáil i bPiazza San Marco agus i bPálás an Dóig.
An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe Dept. of public accounts and refurbishment
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
athchóiríodh an suíomh idirlín the internet site was revamped
" ie) nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín achar gairid blianta ó shin.
níor athchóiríodh an trealaimh dhaonlathaigh the implements of democracy were not rearranged
" Faoi láthair tá ról ag an stát i beagnach gach gné den saol, ach níor athchóiríodh an trealaimh dhaonlathaigh de réir mar a bhí an stát ag athrú.
athchóiríodh mar dhánlann go sonrach was redecorated as a gallery especially
" I mbliana, beidh an taispeántas i mBeairic Ebrington, seanbhunáit de chuid Arm na Breataine i nDoire a dúnadh in 2004 agus a athchóiríodh mar dhánlann go sonrach don ócáid seo.
d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and reform
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and refurbishment
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
i mbun athchóirithe tí. doing home renovations.
" Tá leideanna ag Diarmaid Mac Mathúna maidir leis na suíomhanna gréasáin ar féidir úsáid a bhaint astu agus tú i mbun athchóirithe tí.
athchóiriú den scéal an adaption of the tale
" Ní minic a fhaightear deis freastail ar athchóiriú den scéal An Béal Bocht, ach fuair Anne Marie Flanagan a deis sa Project Arts Centre.