Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athchóirithe regeneration
" Feicim ó m'oifig túranna Bhaile Munna agus na crainn tógála atá i mbun an athchóirithe.
athchóirithe go hiomlán totally renovated
" Tógadh an foirgneamh féin san 18ú haois agus anuas trí na blianta tá sé athchóirithe go hiomlán, chóir a bheith, ag Eoin agus a chairde.
athchóirithe refurbished
" Tá an teach athchóirithe i stíl na 1950í agus mothaím cineál brónach ann, mar gur tharla neart rudaí brónacha do mhuintir Lionnáin.
seanchillíní athchóirithe old refurbished cells
" Is féidir leat fanacht fiú i seanchillíní athchóirithe más mian leat! Ní raibh an fonn sin orm – bhí mé lánsásta a bheith sa suanlios le taistealithe eile ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne.
roinnt athchóirithe some renovation
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
leagan athchóirithe remastered version
"leagan athchóirithe díobh ar fáil ar dhlúthdhioscaí dar teideal *Skeealyn Vannin* (Scéalta Mhanann).
athchóirithe cleamhnais courtship makeover
" Má éiríonn le sin, níor mhiste bainistíocht RnaG agus TG4 a chur ar chúrsa athchóirithe cleamhnais in Oideas Gael.
Athchóirithe Dlí law reform
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
athchóirithe of repair
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe Dept. of public accounts and refurbishment
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and reform
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and refurbishment
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
i mbun athchóirithe tí. doing home renovations.
" Tá leideanna ag Diarmaid Mac Mathúna maidir leis na suíomhanna gréasáin ar féidir úsáid a bhaint astu agus tú i mbun athchóirithe tí.