Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar athló put off to another day
" Nuair a theip ar oifigigh de chuid BSL eolas cruinn a chur ar fáil faoi cá háit sa chontae a raibh gá le seirbhís ardvóltais 110 kV, chuir cigire an Bhoird Pleanála an éisteacht ar athló go dtí gur aimsíodh an t-eolas thar thréimhse deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath.
cuireadh ar athló é it was postponed
ar athló (a chur) ar athló
" D’éirigh le roinnt imreoirí dul i muinín dhlí agus chúirteanna na tíre chun cinntí a bhí déanta faoi rialacha agus faoi ghnásanna CLG a chur ar ceal nó ar a laghad ar athló sa chaoi go mbeidís in ann imirt i gcluiche tábhachtach.
an t-athrú polasaí a chur ar athló postpone this change of policy
" Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.
an taifeadadh a chur ar athló. to postpone the recording
" Ach bhí buiséad an-teann i gceist ag an am agus ní raibh an rogha againn an taifeadadh a chur ar athló.
a chur ar athló to postpone
" Ar ndóigh, tír ar bith atá ag iarraidh dul chun chinn a dhéanamh, tá sé riachtanach go mbeidh a dhóthain daoine den scoth á mealladh le saothrú airgid a chur ar athló ar feadh roinnt blianta agus dul i mbun cúrsaí oiliúna ag an tríú leibhéal, sa gcaoi is go mbeidh, amach anseo, soláthar dóthaineach dochtúirí, innealltóirí, eolaithe, cuntasóirí, dlíodóirí, múinteoirí agus saineolaithe eile ann le freastal ar riachtanais na tíre.
chur ar athló to postpone
" Turas chun na Seapáine faoin Nollaig a thug orainn an coinne agallaimh seo a chur ar athló go dtí mí Eanáir.
chur ar athló to postpone
" Agus an ranch uair an chloig tiomána ón chathair, chinn mé an chuairt sin a chur ar athló, agus an lá a chaitheamh i lár na cathrach.
curtha ar athló are postponed
" Tá athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán.