Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athnuachan na foinse tábhachtaí seo the renewal of this important source
" Céathrú céid i ndiaidh fhoilsiú fhoclóir Uí Dhónaill, níl aon trácht ar athnuachan na foinse tábhachtaí seo.
athnuachan renewal
" Ag caint faoin tionscadal athnuachana do lár na cathrach le déanaí dúirt an Taoiseach Bertie Ahern go n-oibríonn tionscadal den chineál seo mar mheafar ar na físeanna agus an mhuinín a atá ag náisiún ann féin.
athnuachana renewal
" Is cinnte agus an obair athnuachana críochnaithe, nach mbeidh deireadh seachtaine ar bith saor idir Lá Fhéile Pádraig, nuair a imrítear cluichí ceannais na gclub, agus an Domhnach deireanach i Meán Fómhair, go háirithe agus an córas nua i bhfeidhm do na craobhchomórtais.
athnuachana rejuvenation
" Tá na bíomaí ar nós anam daoine atá ar shlí na fírinne ach, lena chois sin, seasann siad mar chomharthaí dochais, beatha, solais agus athnuachana," a mhínigh Gustravo Bonevardi, duine den fhoireann a dhear an taispeántas.
thionscadal athnuachana renewal project
" Is as Béal Feirste ó dhúchas í Denise ach tá sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath anois, áit a gcaitheann sí a cuid ama sáite ina cuid péintéireachta agus ag obair le daoine óga ar thionscadal athnuachana i gcroílár na cathrach.
le mo phas a athnuachan to renew my passport
" An t-aon uair a tháinig corraí orm féin fán teanga sa tír seo ná nuair a chuaigh mé le mo phas a athnuachan in Ambasáid na hÉireann.
athnuachan renewal
" Bhí fonn ar rialtais na dtíortha sin an earnáil phríobháideach a thabhairt isteach agus theastaigh ó mhuintir na dtíortha sin go ndéanfadh an earnáil phríobháideach infheistíocht agus athnuachan.
an léas a athnuachan renew the lease
" Faoi láthair, de réir dlí, nuair a ídíonn an léas caithfidh an tionónta an léas a athnuachan nó saorsheilbh a ghlacadh ar a thalamh féin.
athnuachan renewal
" "* Ar ais in Greenwich Village, Nua-Eabhrac rinne sé athnuachan ar chairdeas a bhí aige leis an ealaíontóir Jo Nivenson, comhscoláire dá chuid, agus phós an bheirt acu i 1924.
tionscadal athnuachana regeneration project
" "Borradh Buan" atá mar theideal ar an mionfhéile seo, agus is cosúil go bhfuil an teideal sin ag tagairt don fhorbairt bhuan atá de dhíth i ndrámaíocht na Gaeilge *agus *don tionscadal athnuachana atá ag tarlú sa cheantar ina bhfuil Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe.
athnuachan renewal
" Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d'ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.
leis an loingeas a athnuachan to renew the fleet
" Níl mé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh go fánach leis an chomhlacht, ná fiú gur cheart an €1 billiún a mhaígh Brian Dunne a bheadh de dhíth leis an loingeas a athnuachan a bhronnadh orthu.
athnuachan revival
" net), fiontar idir-rialtais a bunaíodh le cuidiú le hathnuachan an traidisiúin Ghaeilge an dá thír, agus a ghlac páirt lárnach i bhforbairt Leabhar Mór na Gaeilge.
a athnuachan to renovate
" Is é an fáth go ndeirim sin ná go bhfuil dúshláin mhóra roimh an Uachtarán nua mar atá: Páirc an Chrócaigh: ní oscailt na páirce atá i gceist agam, ach b’fhéidir dúnadh na páirce sa chás nach bhfaigheann Cumann Rugbaí na hÉireann (an IRFU) cead pleanála chun páirc Bhóthar Lansdún a athnuachan.
athnuachan renewal
" I bhfad róchaomhnach i dtaca le hathruithe agus athnuachan a dhéanamh ar an Chomhaireacht.
athnuachan renewal
" Rinneadh athnuachan ar an scoláireacht sin sa dara bliain agus rinneadh an tríú bliain a thairiscint dó chomh maith.
cúrsaí athnuachana refrehser courses
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
a athnuachan. to revive.
" Is dóigh liom gurbh fhiú do Chumann Lúthchleas Gael comórtas Chorn an Bhóthair a athnuachan.
athnuachan leanúnach a continuous renewal
" Bhí dornán beag imreoirí áirithe comónta sna blianta sin ceart go leor, ach bhí athnuachan leanúnach d’imreoirí nua cumasacha ar fáil do Mhicheál Ó Duibhir gach cúpla bliain sa tréimhse sin.
athnuachan renewal
" Tá teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
athnuachan bailte urban renewal
" in éineacht le chéile le tréimhsí mar sin a thabhair chun tosaigh? An bhfuil a fhios ag éinne, saineolaithe na bhforas oideachais san áireamh? Arb í an t-oideachas, airgead – ba lú ná luach éisc farraigí na tíre seo ag an am - an Chomh-mhargaidh a chuaigh sa timpeall, arb í an athnuachan bailte – arís le hairgead an AE – nó cad é a thosaigh an fuadar? Dúirt seanfhear cúig ghlúin ó shin i Maigh Eo nuair a cheistigh eachtrannach é faoina shráidbhaile a bheith tréigthe amhail is gur shiúil gach éinne amach as an teach agus gur fhág siad an doras ar leathadh ina ndiaidh, “The whole countries gone quiet and no man knows what ails it.
athnuachan renewal
" Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht.
athnuachan renewal
" Tá Foraois na Gaeilge i ndiaidh an deontas a athnuachan: sé mhilliún Euro sa mhí do Leamh Ó Cuinneagáin agus lucht Odious Gael chun trí bliana eile de Sheosamh Mac Slua Muirí a bhrú ar mhuintir bhocht mhánla na Gaeilge.
chun athnuachan to renew
" 3% den daonra, ach is ar éigean gur leor an ráta sin chun athnuachan a dhéanamh ar an daonra atá ann faoi láthair.
athnuachan a renewal
" Is léir go bhfuil athnuachan ar innealra an stáit ag teastáil go géar.
Athnuachan Modhach Methodist Renewal
" Le Gnéithe de Shinn Féin =========== “Ó mo thaithí féin de, faighim spreagadh ón duine is mó dar shiúil ar dhromchla an domhain riamh, an Tiarna Íosa Críost, a dúirt ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin’”, ar sé, ag rá go raibh fréamhacha an tsóisialachais sa Bhreatain bunaithe cuid mhór ar an Athnuachan Modhach.
athnuachan renewal
" Tá athrú agus athnuachan fós de dhíth, agus chuir gach páirtí beartais ar leasaithe polaitiúla faoi bhráid an phobail.
athnuachan renewing
" Ó na seascaidí i leith, tar éis do Lemass agus do Whitaker an geilleagar a athnuachan, thaobhaigh siad go dlúth leis an lucht ghnó.
athnuachan renew
" Caithfear an cead gunna a athnuachan gach bliain, agus caithfidh na póilíní cuairt a thabhairt ar theach úinéir an ghunna chun a chinntiú go bhfuil gunna agus armlón stóráilte mar is ceart gach bliain freisin.
Athnuachan renewal
" Athnuachan Ghaeltachta agus an Daonlathas ón mBonn Aníos =============================== Má tá an Ghaeilge le tarrtháil mar theanga laethúil i measc an phobail, theastódh Athnuachan sa Ghaeltacht ón mbonn aníos.
athnuachan i gceart to renew properly
" Tá múscailt de dhíth má táimid chun an pholaitíocht a athnuachan i gceart, ach ní dóigh liom go bhfuil an cheist seo ag goilleadh go róghéar ar mhuintir Theach Laighean.
athnuachan a redecoration
" An chéad mhórthogra a chinn sé air ná athnuachan a dhéanamh ar sheanhalla rince Gaelach, The Buffalo, halla rince a raibh cáil na gairbhe air le fada.
ní mór iad a athnuachan one must renew them
" Caithfear treoirlínte ón Roinn a chur san áireamh nuair a bhíonn na scéimeanna á n-ullmhú agus ní mór iad a athnuachan tar éis trí bliana.
beifear in ann athnuachan a lorg renewal may be sought
" Ag deireadh na tréimhse sin beifear in ann athnuachan a lorg.
le tógáil agus athnuachan foirgneamh to build and refurbish buildings
" ” Fear a raibh clú air mar fhear crua agus a bhí amhrasach faoi "shíocháin", bhí Ó hEára anois ag plé le forbairt phobail, le teagmháil a dhéanamh le Protastúnaigh a chathair dhúchais, le tógáil agus athnuachan foirgneamh a mbíodh an eagraíocht a raibh sé mar bhall ann ag iarraidh a scrios le tréan semtex.
ceann tuí a athnuachan renewing a thatched roof
" Is cinnte gur mhór an cuidiú a bhíodh sna deontais éagsúla a bhíodh ar fáil do chóiriúcháin éagsúla ar nós seomraí breise do chuairteoirí a thógáil (€1,280), ceann tuí a athnuachan (€7000) nó an soláthar uisce a fheabhsú (€2,420).
chun an damhach séarachais a athnuachan to renew a sewage tank
" In áit a bheith ag díol táille le Roinn Phil Hogan chun an damhach séarachais a athnuachan, bhíodh breis is míle euro ar fáil le haghaidh cóiriú séarachais.
cumhacht athnuachana a power of rejuvenation
" Faireoga a Mhúscailt ====== Tá cumhacht athnuachana ag an ngáire agus cuireann sé nithe i gcomhthéacs dúinn – go háirithe na fadhbanna sin a bhfuil an chuma orthu nach féidir iad a leigheas.
an Eaglais a athnuachan to renew the church
" Léiríonn an scéal seo an chaoi ar theip ar an Phápa Benedict XVI (agus ar Eoin Pól II roimhe sin) an Eaglais a athnuachan san áit is treise a bhí sí tráth, an Eoraip.
mba cheart é a athnuachan it ought to be renewed
" Tuigim go dteastódh reifreann le sin a dhéanamh ach nach bhfuil reifreann le bheith againn agus nár cheart an rogha sin a thabhairt do na daoine chomh maith? An Seanad Mídhaonlathach =========== Deir campa atá ag iarraidh an Seanad a choinneáil go mba cheart é a athnuachan, len é a dhéanamh níos feidhmiúla agus níos daonlathaí.
Rinneadh athnuachan anuraidh renovation was carried out last year
" Rinneadh athnuachan anuraidh sa chathair ar sheantraidisiúin meánaoiseach oilithreachta in ómós éarlamh na cathrach Colm Cille agus leanfear leis an traidisiúin ársa seo ar an Chéadaoin 14 Lúnasa.
athnuachan as ar eascair renewal from which grew
" Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .