Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atmaisféar neamhfhoirmeálta informal atmosphere
" Ní mhothaíonn daoine gan Ghaeilge go bhfuil siad as áit ann, agus tá atmaisféar neamhfhoirmeálta i gceist.
le hatmaisféar bríomhar a chruthú to create a lively atmosphere
" Tá atmaisféar an-deas sa chaife i láthair na huaire agus daoine ag iarraidh éalú ón fhuacht agus ón dorchadas chun seacláid the a bheith acu! Cainteoirí Gaeilge thart ar leath den fhoireann, an leath eile is as áiteanna ar fud an domhain iad, agus cuidíonn sé sin le hatmaisféar bríomhar a chruthú.
taighde atmaisféir atmospheric research
" Tá ionad fiorthábhachtach taighde atmaisféir ag an Ollscoil sa gceantar le dhá scór bliain - sin é Ceann Mása.
atmaisféar ionaid saoire holiday resort atmosphere
" Cuirtear breis is 400 caitheamh aimsire ar fáil, ina measc imeachtaí cultúrtha agus spóirt, rud a chiallaíonn go mbíonn atmaisféar ionaid saoire i gceist go leanúnach san áit.
atmaisféar corraithe heated atmosphere
" An toradh a bhíonn air seo ar fad ná atmaisféar corraithe a spreagann imirt ghránna, bhagrach go minic.
atmaisféar níos réidhe a more relaxed atmosphere
" Úsáidim cluichí cártaí agus cluichí eile le mo chuid mac léinn, mar go bhfuair mé amach go gcruthaíonn gníomhaíochtaí mar seo atmaisféar níos réidhe sa seomra ranga.
atmaisféar uaigneach a lonely atmosphere
" Mhothaigh muid aonarach as sin amach agus bhí atmaisféar uaigneach thíos ag an Pier Head.
dea-atmaisféar a good atmosphere
" Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais.
atmaisféar meidhreach the happy atmosphere
" Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.
mar rud níos suntasaí ná atmaisféar as something more distinctive than atmosphere
" Le linn na bhfonn úd, aithnítear muid mar rud níos suntasaí ná atmaisféar.
tá atmaisféar éagsúil á chruthú a different atmosphere
" Diaidh ar ndiaidh tá atmaisféar éagsúil á chruthú i nGaillimh agus an dátheangachas á shníomh isteach i ngnáthshaol na cathrach.
atmaisféar sona réchúiseach. a happy laid-back atmosphere.
" Is baile deas é Nkhata Bay, a bhfuil margadh beoga bríomhar ann agus atmaisféar sona réchúiseach.
atmaisféar ar leith a special atmosphere
" I rith mhí Lúnasa, bíonn atmaisféar ar leith ann.
an-atmaisféar a great atmosphere
"an-atmaisféar san áit; tá na síleálacha íseal agus tá seantroscán dorcha ann.
atmaisféar dóchais an atmostphere of hope
"atmaisféar dóchais ar an gcampas an fómhar seo, murab ionann agus an séasúr deireanach, nuair nár éirigh leo oiread agus bua amháin a bhaint amach.
Súim isteach an t-atmaisféar duairc, I absorb the gloomy atmosphere,
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn. that we have discovered some atmosphere.
" Tá ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn.
atmaisféar seachránach agus suaithinseach a straying and distinctive atmosphere
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
atmaisféar teaghlaigh family atmosphere
" Tá na húdaráis chruicéid ag iarraidh atmaisféar teaghlaigh a chothú sna staideanna, agus bíonn páistí le feiceáil ag na cluichí – iad in éineacht lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí.
atmaisféar ar leith a particular, special, atmosphere
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
atmaisféar réabhlóideach, revolutionary atmosphere,
" Thiocfadh daoine óga anseo leis an *terrorist chic* a bhlaiseadh, iad meallta ag an chontúirt agus ag an atmaisféar réabhlóideach, mar dhea.
an t-atmaisféar a athrú, to change the atmosphere
" Is é an chéad chéim sa treo sin ná an t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge.
atmaisféar croíúil spraíúil a cheerful fun atmosphere
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
atmaisféar réchúiseach, laidback atmosphere
" Tá cáil ar an mbaile seo i measc thurasóirí mála droma mar áit a bhfuil atmaisféar réchúiseach, rogha leathan lóistín agus daoine cairdiúla, suimiúla agus cineálta.
atmaisféar atmostphere
" Ní dhearnadh a lán damáiste do Craców, áfach, agus toisc go bhfuil seanfhoirgnimh agus seanbhallaí na cathrach fós in airde, fágann sé sin go bhfuil atmaisféar stairiúil, spéisiúil san áit.
córas rialaithe atmaisféir the atmospheric regulating system
" Tá dóthain le hithe againn, dóthain le hól agus oibríonn an córas rialaithe atmaisféir go maith.
níl i ndlús an atmaisféir ach atmospheric density is only
" Mar sin, ar bhealach, bhí sé fós an-ghar don talamh! Ach fós féin, ag an airde sin níl i ndlús an atmaisféir ach 1% den dlús atá ann ag cothrom na mara, rud a léiríonn a thanúla is atá an brat beag aeir atá bunriachtanach don saol.