Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
báúil léi sympathetic with it
" Ait go leor, de réir fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne! Cé gur deacair é a chreidiúint, léiríonn an t-eolas seo go bhfuil na Déisigh bródúil as an nGaelainn agus báúil léi.
níos báúla more sympathetic
" An mbeidh sí níos báúla leis na náisiúnaithe nó an mbeidh sí cosúil leis an L21A1?
ní ba bháúla more sympathetic
" Deirimid go mbeimis i bhfad ní ba bháúla leo dá mbeidís ní ba fhreagraí.
báúil supportive
" An bhfuil stádas Gaeltachta ag an bpobal sin, a bhfuil an brú ón mBéarla lán chomh láidir air? Dúirt sí go raibh an teanga ar bhruach aille seachas ag crosbhóthar, go raibh an pobal i gcoitinne báúil ach fíorleisciúil.
dearcadh báúil sympathetic attitude
" An té a labhraíonn le hinimircaigh ó oirthear na hEorpa tabharfaidh sé/sí faoi deara go bhfuil dearcadh báúil agus tuisceanach acu i leith cheist na teanga sa tír seo de bharr a dtaithí ar impiriúlachas cultúrtha na Rúise.
an-bháúil leis an Ghaeilge very well-disposed towards Irish
" Is beag béim a bhí ar an teanga san ionad roimhe seo ach deir Nikki go bhfuil siad an-bháúil leis an Ghaeilge agus sásta gach tacaíocht a thabhairt dá cuid iarrachtaí féin í a chur chun cinn.
báúil sympathetic
" Labhraíonn Ballagh faoin chogadh a fógraíodh ar na seanluachanna a bhí ceangailte leis an am a chuaigh thart agus faoin dearcadh a tháinig chun cinn nach raibh báúil leis an náisiúnachas, leis an Ghaeilge ná le saol na tuaithe.
báúil léi well-disposed towards it
" Sin ráite, tá feisirí eile a bhfuil roinnt Gàidhlig acu - nó nach bhfuil sí acu ach atá báúil léi mar sin féin.
báúil sympathetic
" Ach níl muintir Nua-Eabhrac go léir chomh báúil céanna.
báúil sympathetic
" Níor deineadh gníomh chomh simplí sin riamh, cé go bhfuil aithne ag go leor againn ar státseirbhísigh atá báúil leis an Ghaeilge agus atá breá sásta í a labhairt am ar bith.
báúil sympathetic
" Pobal báúil linne agus leis an nGaeilge.
an-bháúil very sympathetic
" Is cuimhin liom go raibh na cearthaí orm sa chéad cheacht in ardrang na scoile samhraidh nuair a iarradh orm mo shonraí pearsanta a mhíniú, ach ba ghrúpa an-bháúil é agus, sul i bhfad, bhíos ag baint an-taitnimh as an gcaidreamh.
báúil leis sympathetic to
" Bhí sé i gcónaí báúil leis an Socialist Workers Party agus chuaigh sé isteach sa pháirtí sin i 1983 mar gur mhothaigh sé go raibh "níos mó céille ag baint leis ná mar a bhí ag baint le páirtithe eile" agus, cé go n-admhaíonn sé nach dtiocfaí a rá gurb é an réabhlóidí a bhfuil an féinsmacht is fearr aige, gur ball "réasúnta dílis" é .
báúil leis an nGaeilge well-disposed towards Irish
" Bhí mo mhuintir féin báúil leis an nGaeilge.
báúil le supportive of
" " Cé nach raibh Gaeilge ag a thuismitheoirí, bhíodar báúil le coincheap na nGaelscoileanna agus d'fhreastail Ray ar Choláiste Mhuire, áit a bhfuair sé a chuid bunscolaíochta agus meánscolaíochta.
báúil leis na réabhlóidithe sympathetic to the revolutionaries
" Cé nár phoblachtach é, bhí a athair báúil leis na réabhlóidithe agus, aisteach go leor, bhí sé ar saoire i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca, 1916.
báúil le sympathetic to
" ” Ní raibh Ó Muirí báúil le feachtas an IRA riamh.
báúil leis sympathetic with
" Tá sé furasta bheith báúil leis an dá thaobh den argóint.
an-bháúil very sympathetic
" Ach bhíodar an-bháúil ar fad le coincheap na hathbheochana.
báúil leis an Ghaeilge well-disposed towards the Irish language
" Cén fáth ar bunaíodh an eagraíocht? Bunaíodh í toisc gur aithin na bunaitheoirí nach raibh ionadaíocht cheart á déanamh ar dhaoine óga a bhí ag aois an tríú leibhéal agus a bhí báúil leis an Ghaeilge, idir chainteoirí líofa agus chainteoirí nach raibh chomh líofa sin.
báúil sympathetic
" “Tá an rialtas báúil leis an smaoineamh anois.
báúil sympathetic
" ) Ar thaobh eile an chlaí: Níl stábla nuachtán an Ridire Antaine Ó Raghallaigh báúil le Sinn Féin Sealadach agus a mhalairt de theachtaireacht ar fad atá le léamh ó sheirbhísigh iriseoireachta an Ridire chéanna.
báúil leis an Ghaeilge sympathetic towards Irish
" Is léir, mar sin, go bhfuil daoine atá báúil leis an Ghaeilge i bhFine Gael ach fós tá siad ag iarraidh ceann de na buillí is fealltaí a thabhairt don teanga a tugadh di ó bhí aimsir Reachtanna Chill Chainnigh ann! Céard is fiú do stát ar bith a bheith ag caitheamh airgid ar mhúineadh teanga agus ansin a rá nach mbeidh sí mar ábhar lárnach i gcúrsaí oideachais? Má dhéantar imeallú ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, is cinnte nach mbeidh go leor daoine ann i gceann fiche bliain leis an teanga a shlánú mar theanga náisiúnta.
báúil leis an UVF sympathetic to the UVF
" Deir siad fosta go bhfuil imní orthu go bhfuil “eilimintí” san RUC báúil leis an UVF agus go bhfuil siad ag sceitheadh eolais le hIan Paisley.
báúil leis an nGaeilge sympathetic to Irish
" Anuas air sin, tá an ceantar seo báúil leis an nGaeilge agus le rudaí Gaelacha le fada an lá.
báúil sympathetic
" Caithfear a thuiscint nach raibh foilsitheoirí Maoracha ná aon eagraíocht chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach ann, ná foilsitheoirí a bhí báúil leis na *nuances* polaitiúla sin.
báúil leis an ghnáthdhuine sympathetic to the ordinary person
" Daoine daonna Bhí Rembrandt báúil leis an ghnáthdhuine agus thaispeáin sé tréithe daonna an naoimh, chomh maith le pearsana eile an Bhíobla, sa tsraith.
báúil sympathetic
" Ní fhacthas dom go dtiocfadh liom dul thar an duine seo mar mhúinteoir: duine a thuigfeadh mo chás ó thaobh na staire de agus ó thaobh na polaitíochta de; duine leathanaigeanta a bheadh báúil le cás na n-aontachtóirí agus na bProtastúnach; duine a bheadh páirteach le plandálaithe agus géarleantóirí bochta.
báúil leis na Faisistigh, sympathetic to the Fascists,
" Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé: Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne.
Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach. Bracken was sympathetic to the Maori cause.
" Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach.
báúil le Meirceá. sympathetic to America.
" Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá.
níos báúla leis an teanga more sympathetic to the language
" Beidh na teaghlaigh níos báúla leis an teanga má thugtar seirbhísí ardchaighdeáin dá bpáistí sna scoileanna agus má chruthaítear do thuismitheoirí nach mbeidh a leanaí faoi aon mhíbhuntáiste de thoradh an Ghaeilge a bheith mar theanga theaghlaigh.
níos báúla more sympathetic
" B’fhéidir nach mbeadh an deireadh dearóil seo i gceist dá mbeadh sé níos báúla le muintir na hÁise i 1988 – daoine mar thuismitheoirí Won Joon Lee.
báúil linn. sympathetic to us.
" Cé gur stiúrthóir mór le rá é, thaitin coincheap Fhíbín leis agus bhí sé báúil linn.
báúil sympathetic
" Ach i gcásanna eile, braithim go mbítear ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine atá báúil leis an teanga cheana - "*preaching to the converted*”, mar a deirtear sa Bhéarla.
báúil leis na boicht sympathetic to the poor
" Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
bím báúil le I am sympathetic with
" Uaireanta, bím báúil lena gcuid gearán faoin rialtas, ach nílim ag rá go mbíonn an sciolladh tuillte agam.
báúil leis an gcoincheap well-disposed towards the concept
" *so*, céard a shíleann tú?!’ “Bíonn na ceoltóirí iad féin thar a bheith báúil leis an gcoincheap de ghnáth, ach ansin, caithfidh tú a bheith a déileáil le bainisteoirí agus araile.
báúil le sympathetic to
" Rinne an dá chinneadh sin líon mór naimhde dom in Éirinn mar tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide poblachtach, báúil le Sinn Féin, nó ar an eite chlé agus liobrálach.
báúil sympathetic, supportive
" * Cuireadh na mílte dollar chuig daoine ar cheap an FBI iad a bheith báúil leis an sceimhlitheoireacht.
ní ba bháúla more sympathetic
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
go báúil friendly, well-met
" Tá An Chultúrlann féin neadaithe go báúil i Sráid álainn Shéamais Mhóir agus cruthaíonn línte glana an fhoirgnimh codarsnacht spéisiúil le brící dearga na dtithe atá thart timpeall air.
báúil sympathetic
" Meastar go forleathan, ámh, gur thug siad le fios go raibh siad báúil lena raibh idir lámha ag an Indinéis.
báúil sympathetic
" Tuigeann siad go bhfuil an lucht vótála eolach ar cheist na haeráide agus go bhfuil daoine báúil do bhearta a rachadh i ngleic leis an fhadhb.
báúil leis sympathetic to
" Bhí chuile chainteoir báúil leis an nGaeilge, ar ndóigh, agus ag tacú leis an Straitéis.
báúla sympathic
" Ag úsáid an idirlín, agus le cabhair bealaí teilifíse báúla mar Fox News, agus cláracha raidió báúla mar an Rush Limbaugh Show (a bhfuil 15 milliúin éisteoirí aige), tograíodh an 15ú Aibreáin a úsáid mar lá agóidíochta in aghaidh an rialtais agus na cánach.
báúil sympathetic
" Agus nuair a d’fhogair Gordon Brown go raibh sé ag éirí as a phost mar cheannaire PLO dúirt mé (ar agallamh le TG4) go ndearna sé seo mar nach mbeadh Nick Clegg sásta dul i gcomhrialtas ar bith faoi Brown Tá dream báúil sa pháirtí d’Ionadaíocht Chionmhar nó PR, rud atá á lorg ag an DL le fada.
ní ba bháúla more sympathethic
" Nuair a toghadh Rudd ina phríomhaire sa bhliain 2007 cuireadh i bhfeidhm dúnghaois inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír as báid neamhúdaraithe, mar a míníodh ar an iris seo (Eagrán 97, Bealtaine 2009).
báúil sympathetic
" Ní rabhthas cinnte faoin gceart seo go dtí sin, ó ba léir go dtabharfadh comhlachtaí airgead d'iarrthóirí a bheadh báúil le gnó, agus go n-obfadh siad na hiarrthóirí eile faoi airgead.
báúil sympathetic
" In eagarfhocal sa nuachtán Libération, nuachtán a bheadh báúil go hiondúil leis an eite chlé, a foilsíodh ar an lá stailce ar an 12 Deireadh Fómhair, dúradh: Tuigeann an pobal.
báúil sympathetic
" ”* Ag an am sin, bhí go leor Meiricéanach báúil le Frainc na Muirthéachta, agus bhí imní ar Washington go dtarraingeodh an “taobhú paiseanta” seo an tír nua isteach i gcogadh tubaisteach i gcoinne na Sasanach.
báúil sympathetic
" Mar sin féin, is iomaí duine a bheadh báúil d’iarrachtaí smacht a chur ar ghunnaí i Meiriceá.
báúil leis sympathetic to
" Dúirt duine de na baill is mó a aithnítear a bheith báúil leis an nGaeilge, nach raibh sé sásta mairtíreacht a fhulaingt ar chrois na Gaeilge sa saol polaitiúl.
báúil sympathetic
" Scéim seo Erasmus, nuair a mhalartaíonn mic léinn ar fud na hEorpa, go háirithe sa Spáinn agus sa Fhrainc, is gnách gur mic léinn le Fraincis nó le Spáinnis iad agus ní minic na léachtóirí báúil leis an teanga áitiúil.
báúil leis sympathetic to
" ”* Thug Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, le fios go bhfuil sé báúil leis an moladh aitheantas a thabhairt don mhuintir dhúchais sa bhunreacht freisin, cé go bhfuil sé in amhras faoi na moltaí a bhaineann le cearta daoine agus idirdhealú thuasluaite.
Níor caitheadh go báúil leis he didn’t receive a sympathetic reception
" Níor caitheadh go báúil leis an babhta seo, áfach, mar gur dheacair é a chosaint.
a bháúla how sympathetic
" Ba léir nuair a labhair sí ag deireadh an ionchoisne a bháúla is a bhí sí leis an méid a d’fhulaing an teaghlach, caillteanas a n-iníne ach go háirithe.
báúil sympathetic
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
báúil don áiteamh sympathetic to the argument
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
bheifí níos báúla lena gcás there’d be a more compassionate view towards them
" Dá dtuigfí i gceart na rudaí is cúis leo a bheith sna Stáit, bheifí níos báúla lena gcás.
a bheadh báúil le go leor who be sympathetic enough
" B’fhéidir nach mbeadh go leor suíochán eatarthu fiú amháin le comhrialtas a bhunú le cuidiú ó Theachtaí neamhspleácha a bheadh báúil le go leor dá gcuid beartais pholaitíochta.
báúil leis sympathetic with
" Tá deighilt ghránna sa tír sin idir iad siúd atá báúil leis an Rúis agus iad siúd atá ar son dlúthnasc a chothú leis an AE.
lucht éisteachta tuigseach, báúil a sympathetic intelligent audience
" com), lucht éisteachta tuigseach, báúil, agus scoth cheoltóirí sa bhuíon.
báúil sympathetic
" Creidim gur gné lárnach é saoirse cainte i sochaí dhaonlathach agus bím báúil nuair a dhéanann aon rialtas iarracht an ceart seo a leathnú.
báúil le sympathetic to
" Anuas air sin, bíonn lucht na vótála báúil le rialtas nua i luathstair a tréimhse i gcumhacht, an tréimhse ar a dtugtar mí na meala i mBéarla.
a bhí báúil do mhianta which was sympathetic to
" Tar éis seilbh a ghlacadh ar an tír go léir agus rialtas Siach a bhunadh a bhí báúil do mhianta na Stát Aontaithe, d’admhaigh siad nach raibh airm ollscriosúla ar bith sa tír.
an bheirt acu báúil le both of them sympathetic to
" Bhí an bheirt acu báúil le gluaiseacht Rialtas Dúchais na hÉireann agus phéinteáil Lavery go leor de na daoine a bhí lárnach sa ghluaiseacht sin ar nós Éamon de Valera agus Mhícheal Uí Choileáin ar thug siad a dteach maorga i South Kensington ar iasacht dó agus dá chomhghleacaithe, nuair a bhí an Conradh Angla-Eireannach á phlé i 1921.
níos báúla more friendly
" Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.