Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúl báire goalkeeper
" ** Ma thiomáintear an liathróid thar an líne dheiridh glactar leis go bhfuil sí as an imirt go dtí go mbualann an cúl báire nó imreoir eile ar ais ar pháirc na himeartha í.
i dtosach báire at the beginning
" "Theastaigh ó mo dhaid bogadh thar n-ais agus sa deireadh bhí mo mháthair sásta bogadh - cé nach raibh sí róshásta i dtosach báire.
i ndeireadh báire when all is said and done
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
i dtús báire at first
" Nuair a chonaic siad an tinteán i gcúinne a n-árasáin bhrócaigh i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath i dtús báire bhí siad den bharúil gur ornáid a bhí ann.
an buachaill báire the cowboy
" Cé air a mbeadh an buachaill báire ag claimeáil.
i dtús báire at first
" Ní raibh focal ar bith agam ach "Sláinte!" i dtús báire.
cúl báire goalkeeper
" Nuair a scóráil Mikey Sheehy an cúl úd i gcoinne Átha Cliath i 1978, chuir sé Paddy Cullen, cúl báire Átha Cliath, i gcomparáid le bean a bheadh ag rith i dtreo na cistine agus boladh dóite an chíste atá san oigheann á fháil aici.
i dtús báire at first
" "B'fhéidir gurbh é an grá don teanga a bhí ag Deaid faoi deara é (a spéis sa teanga) i dtús báire, cé nach raibh sé ábalta í a labhairt ar chor ar bith aige.
i ndeireadh báire in the end
" Ba é an lá pá is fearr a bhí agam i gcaitheamh mo shaoil ach gur íoc mé go daor air i ndeireadh báire nuair a bhí chuile dhuine ag cur an mhilleáin orm gur mealladh iad lena gcuid airgid a chur amú ar na scaireanna! AÓF: Cad é an rud is tábhachtaí duit san amhránaíocht dhúchasach? ÉÓD: Scéal an amhráin.
báire hurling
" Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire.
Cúl báire ionaid reserve goalkeeper
" Cúl báire ionaid is ea Paul, atá naoi mbliana déag d'aois, agus bhí a athair Gary (27) agus a uncail Stephen i measc na ndaoine a fuair bás i Hillsborough ar an 15 Aibreán 1989.
i dtosach báire at first
" An rud a rinne siad i dtosach báire ná acetate a dhéanamh, mar sin rinneadh taifeadadh aon-uaire más maith leat.
ar dtús báire at first
" Ar ndóigh, is fearr iarraidh orthu méid beag a phróiseáil ar dtús báire ionas gur féidir leat a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad.
chúil báire goalkeeper
" Inniu (30 Samhain), agus mé ag scríobh, tá greim ag Ian Paisley *agus *ag Gerry Adams ar an sópa céanna, miotóga ar gach duine acu ar eagla go dtógfadh sé aicíd ón sean-namhaid; ach de bhrí gur miotóga an chúil báire atá i gceist, is amhlaidh is mó an seans go bhfanfaidh an sópa ina lámha.
chúl báire goalkeeper
" I gcás an chúl báire agus an chic amach, is é a deir an Dr.
i dtús báire at first
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
i dtús báire at first
" Comhlachtaí ón mBreatain agus ó Mheirceá amháin a léirigh spéis sa ghnó i dtús báire.
i lár báire in the middle
i ndeireadh báire in the end
" i ndeireadh báire, tugadh síneadh sé mhí don acht, agus ar éigean a ritheadh sin.
i mbun báire playing hurling
" Duine díobh sin ná Joe Hennessey, iománaí Chill Chainnigh, a bhí i mbun báire sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
cúl báire an Chláir the Clare goalkeeper
" B’fhéidir nach é an fear is mó ar an bpáirc é ach níl mórán iománaithe a bhfuil croí chomh mór ná paisean chomh fíochmhar acu is atá ag cúl báire an Chláir, Davy Fitzgerald.
cúl báire goalkeeper
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
ón chúl báire from the goalkeeper
" Bua iontach a bhí ann gan dabht ar bith agus taispeántas fíormhaith de scileanna sainiúla na hiomána, tugtha ag imreoirí éagsúla, ón chúl báire, Simon Lambert a rinne trí shábháil dhochreidte, go dtí an lántosach ar chlé, Pól Ó Riain, a scóráil 0-6.
i dtús báire. at first.
" Tá an t-alt seo á scríobh agam ag úsáid Google “Docs” ar ríomhaire Apple, agus cé go bhfuil rudaí ag feidhmiú go sásúil anois, bhí fadhb nó dhó agam á chur ag oibriú i dtús báire.
i ndeireadh báire after all
" Ag Harrington a bhí an lá i ndeireadh báire agus é tuillte go maith aige.
go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir that the former dictator had been overcome
" Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe.
roghnaíodh é mar chúl báire! he was chosen as a goal-keeper
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
bíonn sé i lár báire he is in the middle
" Mar pholaiteoir, bíonn sé i lár báire agus, dá bharr sin, níltear ag súil le hathruithe radacacha.
I dtosach báire, first of all
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire that he will come back to his senses eventually
" Deir sé leo go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire má fhágann siad ar a chonlán féin é.
i ndeireadh báire when it was all over
" (Paragraf 2) Is iomaí cor agus casadh sa scéal seo, ach i ndeireadh báire fuarthas amach gurbh é an “Josh” a raibh Megan i dteagmháil leis ar líne ná bean mheánaosta darb ainm Lori Drew.
i ndeireadh báire eventually or finally
" Murach ár n-olléalú, b'fhéidir go mbeadh an margadh ag drantán leis go fóill, ach ar an dara breathnú, bhí daoine ag teacht, diaidh ar ndiaidh, ar an tuiscint nárbh ann don airgead craiceáilte seo i ndeireadh báire, agus go rabhamar ag cur airgid i ngeall nach raibh ann.
i ndeireadh báire eventually
" Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire.
i ndeireadh báire finally
" Ag deireadh mhí na Samhna, áfach, bhí cruinniú COAG ar siúl agus, aisteach go leor, ní raibh gearráin le déanamh i ndeireadh báire ag ceachtar rannpháirtí.
I dtosach báire first and formost
" I dtosach báire, is é an gearán is mó atá ag na biogóidí seo ná go bhfuil i bhfad barraíocht daoine i gcarranna ar na bóithre sa chéad áit.
i ndeireadh báire finally
" Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais! Croí an scéil Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.
buachaill báire playboy
" Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic.
chúl báire goalie
" D’aimsigh Corcaigh cúl ón bpoc saor sin, ach léirigh an físeán teilifíse go ndearna an réiteoir earráid trí gan poc saor a bhronnadh ar chúl báire an Chláir a ndearnadh calaois air díreach sular bhronn sé poc saor ar Chorcaigh.
i ndeireadh báire at the end of the day
" ‘B’fhéidir’ agus ‘seans’ agus ‘meas tú?’ a mheallann an lucht féachana i ndeireadh báire arís is arís eile i gcúrsaí spóirt.
mbeirt chúl báire two goalies
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
i ndeireadh báire finally
" Bheadh Meiriceánaigh in ann deireadh an chogaidh fhada seo a shamhlú i ndeireadh báire, agus b'árdú chroí é d'fhormhór an phobail.
i ndeireadh báire in the end, finally
" Cothaíonn siad thall na gnéithe éagsúla mar go dtuigeann siad go gcruthóidh sé leas agus caighdeán maireachtála níos iomláine agus níos fearr i ndeireadh báire.
cúl báire goalie
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
i dtosach báire initials
" Scéalta a mháthar, Charolette, faoi na tórraimh i mBaile Shligigh le linn a hóige sise sa bhliain 1832 a spreag é chun pinn i dtreo Drácula i dtosach báire.
cúl báire goalie
" Ach amháin nuair a bhíonn an t-imreoir ag iarraidh scór a aimsiú, is annamh a chuireann imreoir (seachas an cúl báire) bróg leis an máilín gaoithe mar a deir Seán Bán Breathnach.
bháire goal
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
chúl báire goalie
" Beidh sé deacair, go mór mór, ar chúl báire, agus is beag duine díobh a chaitheann clogad, toisc go bhfuil radharc géar ar an sliotar an-tábhachtach dó agus aon rud a chuirfeadh as don radharc sin beidh sé ina bhac ar a éifeacht sa ról tábhachtach sin aige mar líne dheiridh na cosanta.
I dtosach báire firstly
" I dtosach báire, bhí fúm a bheith i m’eitnicheoleolaí ach tar éis tamaill chuir mé a oiread suime i dtéacsanna na n-amhrán gur cháiligh mé i mo theangeolaí ina ionad sin.
I ndeireadh báire eventually
" I ndeireadh báire, claochlaíonn na brúanna uilig istigh is amuigh an stócach óg faiteach.
i ndeireadh báire when all's said and done
" Is dócha gur sin an fhadhb is mó a bhéas ag an ngluaiseacht seo - cé gur léir céard atá siad in aghaidh, ní léir in aon chor céard atá siad ar a shon, seachas cánacha ísle, agus, ar ndóigh táimid uilig ar a shon sin i ndeireadh báire.
Ar dtús báire first things first
" BD: Ar dtús báire comhghairdeas a Aire as do cheapachán.
Cuireadh chun Báire an invitation to hurl
" Agus an cleachtadh seo ar fad, ar mhaithe céard lena aghaidh a bheadh sé sa deireadh? Cuireadh chun Báire === Ach tháinig ríomhphost chugainn ó Mick Cryan, Baile Átha Cliathach a bhfuil cónaí air i bPáras agus atá ina leaschathaoirleach ar Paris Gaels.
cúl báire goalie
" B’fhéidir go mbeidh cúl báire de dhíth arís!
i dtús báire initially
" Bhíothas in ann gual a thochailt ar dhromchla an talaimh i dtús báire.
I ndeireadh báire when all’s said and done
" An cheist is mó atá ag déanamh scime do sheirbhísí rúnda na Stát Aontaithe faoi láthair ná seo: an bhfuil spiairí na Rúise chomh huafásach sin? Nó ar fhéileacáin mealltacha na hamadáin seo, a cuireadh go Meiriceá d'aon ghnó chun an dallamullóg a chur ar an rialtas nach bhfuil spiairí proifisiúnta ag oibriú saor ó shúile na n-údarás? Sergei Curtha den Saol? ========= I ndeireadh báire, an rud is mó atá ag cur iontais ar dhaoine ná chomh beagmhaitheasach is a bhí a gcuid oibre.
i dtús báire initially
" D’fhógair siad a gcinntí ag preas ócáid ar 7 Meán Fómhair agus bhí an chuma ar an scéal i dtús báire go mbeadh rialtas coimeádach againn.
i ndeireadh báire eventually
" Léiríonn bua Chorcaí agus bua chailíní Átha Cliath sa pheil, agus ní den chéad uair é, cé gur minic an díomá seachas an ríméad a bheith mar dhuais i gcúrsaí spóirt gur féidir, gan an misneach a bheith caillte, an bua a bhaint i ndeireadh báire.
I ndeireadh báire when all’s said and done
" I ndeireadh báire, tá sciar den locht orainn féin a ghlac lena bhfocal siadsan is nár chuir oideachas mar ba cheart orainn féin.
i dtús báire firstly
" Ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht liom mar cheannaire úr ar an pháirtí úr seo.
i dtús báire initially
" Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001.
I ndeireadh báire when all's said and done
" I ndeireadh báire, sinn féin atá freagrach as an Straitéis as seo amach.
i dtús báire initially
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
i dtús báire initially
" Agus é ag obair ar thírhreach, tharraingíodh sé cuid mhór sceitseanna de i dtús báire, ag dul ar ais arís is arís eile chuig an áit chéanna ag déanamh staidéir air.
I lár báire in the middle
i ndeireadh báire eventually
" Thograíos breathnú air, i ndeireadh báire.
i ndeireadh báire at the end of the day
" Ach ba chuma i ndeireadh báire.
i dtús báire initially
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
I dtús báire firstly
" I dtús báire, aithníodh Éagóir na cinedheighilte.
i ndeireadh báire eventually
" Ar ndóigh, tháinig siad ar chomhréiteach ar éigean, agus rithfear bille i ndeireadh báire (1/7/11), ach beidh ar John Boehner lamháltais móra a dhéanamh, le Bachmann nó le daoine eile, chun an bille a rith.
i dtosach báire initially
" D’iarr siad ar a gcuid státseirbhíseach machnamh a dhéanamh ar Google Translate a úsáid! Caithfidh mé cur le sin, gurb é an smaoineamh a bhí i gceist acu go ndéanfaí aistriúchán le Google Translate i dtosach báire, agus go leasófaí sin ar ball le haistreoir gairmiúil.
i mbéal báire in the goal mouth
" Ach ní hamhlaidh a tharla in ainneoin cúl de chineál nach bhfacthas riamh roimhe ná ó shin, cúl a léirigh dánacht agus clisteacht imreora amháin de chuid Átha Cliath, Ollie Freeney, nuair a chuir sé an pheil i gcúl eangach Chiarraí ó chic saor 21 slat amach agus seisear de chosantóirí Chiarraí i mbéal báire.
i ndeireadh báire in the end
" Ach níorbh fhiú tráithnín a ladar i ndeireadh báire.
I ndeireadh báire finally
" I ndeireadh báire, casann na fir amhrán faoi leith, Carol y Swper, agus bíonn greim le n-ithe ag an gcomhluadar ansin sa gcúlsheomra, sin nó i gcorp an tséipéil féin.
I ndeireadh báire finally
" I ndeireadh báire, scaoil Aonghus leis ar a bhlag féin inar mhínigh sé an scéal ar fad agus a thuras pearsanta isteach i saol an ríomhcláraitheora.
i ndeireadh báire when all is said and done
" Baineann daoine foladh agus ciall, sásamh agus taitneamh, as an obair dheonach a dhéanann siad – is é sin an íocaíocht is mó a bhíonn uathu i ndeireadh báire.
I ndeireadh báire when all’s said and done
" I ndeireadh báire, ámh, níl sna réamhthoghcháin seo ach argóint faoi na mirlíní ar thaobh an chlóis súgartha.
Ar dtús báire in the first place
" Ar dtús báire, measaim gur cheart líon na gcomhaltaí a laghdú ina leath – ó trí scór go 30 Seanadóir.
I dtús báire initially
" I dtús báire, bhí an-spéis ag rialtais na hAfraice ann, agus roinneadh go leor airgid ar na ranna talmhaíochta.
I dtús báire firstly
" Muirear na dTeangacha Oifigiúla ============ I dtús báire, is ann dóibh siúd i bpáirtithe an Rialtais ar mhaith leo an muirear Gaeilge a thabhairt isteach.
an gcúl báire the goalie
" Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
coróin i lár báire a crown in the middle
" Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga *(ahem) Stormont*.
Bhí an Briathar ann i dtús báire in the beginning there was the word
i dtús báire initially
" Thug na coilínigh Eorpacha ‘an béar dúchasach’ ar an gcóála i dtús báire, ach ní mathúin é.
i ndeireadh báire eventually
" An áit a bhfuil an dá phobal, muintir na hÉireann agus muintir na Polainne an-éagosúil lena chéile ina ndearcadh, dar le lánúin an scéil, is é go n-iompaíonn an tÉireannach ar a acmhainn grinn i ndeireadh báire lena racht a scaoileadh amach trí mhagadh faoi lucht pholaitíochta, lucht údaráis srl.
i ndeireadh báire when all’s said and done
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
i ndeireadh báire when all’s said and done
" Níl ionainn ach tomhaltóirí i ndeireadh báire agus ceannóimid na daighsíní ceann i ndiaidh a chéile, go dtí an lá nach n-oibreoidh ceann ar bith de na gairis óna i) - v).
bhuaileann sé báire he plays
" Aon imreoir amháin a bhí acu nach leis na Fillos a bhuaileann sé báire i rith na bliana, ach le Raonaithe Nemo i gCorcaigh, mar a bhfuil sé ag cur faoi agus an Ghailísis á teagasc aige! Séard ba chúis leis an gcluiche peile idirnáisiúnta stairiúil seo, oireachtas beag a bhí ar siúl i mbaile Naron an deireadh seachtaine úd.
Ach i ndeireadh báire but when all’s said and done
" Ach i ndeireadh báire, ní léir gur tharraing sé na vótóirí neodracha anuas den chlaí.
agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta to become a football amongst politicians
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
I ndeireadh báire in the end
" I ndeireadh báire, níor athraigh mórán in olltoghchán Mheiriceá i mbliana, ach tá scéal mór taobh thiar den neamhathraitheacht seo ar fiú breathnú air.
i ndeireadh báire at the end of the day
" Bhí gné éigin den fhírinne sa ghealtacht i ndeireadh báire.
bhí báire na fola éigin ar na bacáin some Armageddon was planned
" Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.
I ndeireadh báire finally
" I ndeireadh báire, seacht lá i ndiaidh an dortadh fola agus an bháis, d'eagraigh siad preasagallamh.
i ndeireadh báire after all
" B’fhéidir gurb í an teanga a labhraíonn an duine an tsainghné is fearr agus is iontaofa le féiniúlacht an duine sin a dheimhniú i ndeireadh báire, thar aicme, thar féiníomhá a náisiúntachta nó eile.
i dtús báire initially
" Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad.
i dtús báire firstly
" Chuir deValera cogar ina gcluasa sular fhág siad Éire áfach gan aon rud tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis i dtús báire.
I ndeireadh báire in the end
" ! Ó, a thiarcais! I ndeireadh báire, ’siad na marthanóirí is treise a théann i gcionn orainn.
I dtús báire in the first place
" I dtús báire, céard is fiú YouTube i ndáiríre.
i lámha an chúl báire in the goalie’s hands
" Más mar sin atá nach gceapfá go bhfaighfí liathróid eile, ceann nach bhfuil ar tí pléascadh i lámha an chúl báire cuir i gcás, nó nuair atá an lán tosaí á chiceáil thar an trasnán.
ina Chúl Báire as a goalkeeper
" Pádraig Harrington, ina Chúl Báire ============ Is é Gerry O Sullivan a bhí ina oifigeach caidrimh phoiblí ag CLG Baile Buadáin ag an am.