Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhéaloideas folklore
" Tá tagairt don ghalar crúibe agus béil sa bhéaloideas scríofa fosta.
béaloideas folklore
" Tá a chuid foinsí inspioráide le feiceáil go soiléir ina cheol: an fhealsúnacht, an litríocht, an béaloideas agus an mhiotaseolaíocht.
bhéaloideas folklore
" Más maith leat bheith amuigh faoin spéir in aice leis an fharraige, nó má tá suim agat sa réamhstair, i stair na gCeilteach nó sa bhéaloideas, nó más maith leat pancóga a ithe i mbailte meánaoiseacha, ba cheart go mbeifeá sásta seachtain nó dhó a chaitheamh anseo.
béaloideas folklore
" Beidh fáilte roimh dhaoine a chuirfidh spéis sna hábhair: ábhair a bhaineann le cultúr na hÉireann - cultúr na Gaeilge go speisialta - le ceol agus béaloideas, cúrsaí a bhaineann le diagacht agus spioradáltacht agus cúrsaí ar mhuireolaíocht agus ar bhia mara.
béaloideas folklore
" Labhair sé liom faoin mhiotaseolaíocht, na Ceiltigh agus béaloideas na háite, agus muid ag siúl thart ar bhruach na habhann.
béaloideas folklore
" Tháinig Coimisiún béaloideasa Éireann agus RTÉ isteach chun an oileáin chun í a thaifeadadh agus scríobh máistir scoile an oileáin, Pádraig Ua Cnáimhsí, a beathaisnéis (*Róise Rua*).
de réir bhéaloideas na cathrach according to the folklore of the city
" Ar bhruach na Life, in aice le Droichead na Leathphingine, tá dealbh le feiceáil darb ainm, de réir bhéaloideas na cathrach, *The Hags with the Bags*.
béaloideas folklore
" Céard go díreach atá ann? Pádraigín Ní Uallacháin: Cur síos é ar thraidisiúin agur ar dhaoine a bhain le ceol i gceantar Oirialla - amhráin, béaloideas, ceol damhsa, bailitheoirí, ceoltóirí, nósanna.
béaloideas folklore
" Is ceol iad, cinnte, ach cultúr freisin, stair, béaloideas, cumarsáid; tá baint mhór acu leis an teagmháil idir daoine, agus is cuma má tá guth ard nó íseal, maith nó measartha agat, má tá tú ábalta scéal nó amhrán a roinnt leis an chomhluadar sa phub nó sa seomra suí, is féidir leat páirt a ghlacadh i rud neamhchoitianta, rud níos sine, níos leithne ná ceol agus focail.
cultúr béil agus béaloidis oral and folklore culture
" "Teanga gan focail mar yes agus no, an dtuigeann tú cé chomh deacair, cé chomh difriúil is atá an chumarsáid?" nó "Scríobhann siad *leery *mar 'laoghaire'" nó "Níor theanga scríofa í i dtús ama, agus is cultúr béil agus béaloidis é fós".
bhéaloideas folklore
" Nuair a bhí mó chuid staidéir (san antraipeolaíocht agus sa bhéaloideas) críochnaithe, fuair mé post dhá bhliain i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
bhéaloideas folklore
" Nuair a bhí mó chuid staidéir (san antraipeolaíocht agus sa bhéaloideas) críochnaithe, fuair mé post dhá bhliain i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
béaloideas folklore
" Ach beidh cuid mhór fadhbanna le sárú má tá an t-iolar le pilleadh ar an cheantar, mar tá droch-chlú amach ar an éan chéanna i mbéaloideas an Ghleanna.
béaloideas folklore
" Ach cárb as don fhear cháiliúil seo? Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras: taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.
bhéaloideas folklore
" Tá sé mar chuid de bhéaloideas Hollywood, áfach, go ndúirt leabharlannaí an Acadaimh, Margaret Herrick, go raibh an deilbhín an-chosúil lena huncail Oscar agus is mar sin, is cosúil, a baisteadh é.
sa bhéaloideas in folklore
" Cé a smaoinigh air i dtosach? Dónal de Barra: Mé féin a bhí ag breathnú ar an spéis idirnáisiúnta atá léirithe sa léann Ceilteach le déanaí, go háirithe sa cheol traidisiúnta agus sa bhéaloideas, agus ansin an easpa freastail a bhí á dhéanamh ar na mic léinn sin nuair a tháinig siad ag cuartú na bhfoinsí agus thobar an dúchais sin.
as an bhéaloideas from folklore
" Bunaithe ar scéal as an bhéaloideas atá an scéal.
De réir an bhéaloidis, according to folklore,
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
Bhailigh sé béaloideas he collected folklore
" Bhailigh sé béaloideas agus scéalta, chuir sé fios logainmneacha (agus ní cruinn i gcónaí a bhí sé ina chuid tuairimí) agus scríobh corralt thall is abhus faoi cheisteanna teanga.
de réir an bhéaloidis, according to folklore,
" Ciallaíonn sutor gréasaí i mBéarla na hAlban agus, de réir an bhéaloidis, is beirt ghréasaithe ollmhóra iad, a chaitheadh a gcuid uirlisí chuig a chéile, le hiad a roinnt.
bailitheoir béaloidis folkore collector
" Saor cloiche, geolaí, scríbhneoir, bailitheoir béaloidis agus eagarthóir nuachtáin a bhí ann.
ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara on a collection of verses from the oral tradition of Connemara
" “Dhá bhliain ó shin agus mé féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara – an leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid *Gugalaí Gug!* air – chinn muid ar *Aniar,* atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.
fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann an employee from the Folklore Commission of Ireland
" An bhliain dár gcionn, chuir an rialtas fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann sall go Manainn chun cuid de na cainteoirí dúchais a thaifeadadh.
béaloideas folklore oral tradition
" Ba í Bríd Ní Bheirn a scríobh na scéalta síos sa bhliain 1930 mar chuid de phróiseas a bhí ar bun le seanchas agus béaloideas na tíre a chaomhnú.
Gluaiseacht Béaloidis na hArdscoile the high-school folklore movement
" Gluaiseacht Béaloidis na hArdscoile sa Danmhairg, is eiseamláir mhaith í sin den tógáil pobail, tríd an ollscolaíocht, atá i gceist agam.
Bhéaloidis folklore
" Gealach an Bhéaloidis Tá tagairt déanta don ghealach i mbéaloideas tíortha éagsúla chomh maith len í a bheith ina híomhá choitianta i saothar ealaíne.
béaloideas folklore
" ” Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus tá siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar.
bhéaloidis of folklore
" De réir an bhéaloidis ba mharbh nach raibh marbh an vaimpír, a tháinig ar ais go dtí ceantar a mhuintire féin, go minic le diabhlaíocht agus olc a spreagadh.
bhéaloideas folklore
" De réir bhéaloideas na tíre seo, b’éigean do Archer an t-achar ar fad idir Nowra in NSW, an baile inar rugadh is tógadh é, agus Melbourne a shiúl, turas atá os cionn míle ciliméadar.
béaloidis folklore
" Thaispeáin an tOllamh Cormac O Gráda agus Cathal Póirtéir le déanaí go bhfuil léargas ar an tubaiste le fáil i bhfoinsí béaloidis a bhfeictear seanteanga mháthartha na tíre go láidir iontu.
scéal béaloidis folktale
" Baineadh úsáid as scéalaíocht, ceol agus péintéireacht bheo le léiriú bríomhar a dhéanamh ar An Rón Dall, scéal béaloidis i Maigh Eo, a ndearna an tUltach William Hamilton Maxwell tagairt dó ina leabhar *‘Wild Sports of the West’* i 1832.
scéil bhéaloidis folktale
" De réir an scéil bhéaloidis, thuig an dáréag cliste nárbh fhiú a bheith cliste a thuilleadh agus a bheith leo féin, mar a bhí, agus chuadar amach faoin mbáisteach is d’iompaígh ina ngealt ar nós gach éinne eile.
mbéaloideas folklore
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
bhéaloideas folklore
" De réir bhéaloideas na meánaoise, thosaigh an bhanphrionsa amach ar an oilithreacht le 11,000 maighdean mar chompánaigh aici.
go bhfuil ealaíon ag baint leis an mbéaloideas there’s an art involved in folklore
" ** RUíÓ: Is fíor san, cinnte, agus tá sé ráite ag go leor daoine a bhíonn ag plé leis an mbéaloideas faoin uair a chuimhníonn daoine ar ábhar a bhailiú, go mbíonn an t-ábhar sin ag imeacht, is nuair a thugtar faoi deara go bhfuil rud ionann is imithe, go minic, socraítear ar é a bhailiú agus sílim, má d’éirigh liom rud ar bith a chur in iúl do na mic léinn, b’fhéidir an tuiscint sin go bhfuil an béaloideas ionainn ar fad, go bhfuil sé an-lárnach do fhorbairt ar an mbéaloideas, go nglacfaimid leis go bhfuil agus go bhfuil ealaíon ag baint leis an mbéaloideas.
Béaloidis folklore
" Ar dtús, téann siad go Coláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath i gcomhair ranganna Gaeilge agus Béaloidis.
béaloideas folklore
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
mbéaloideas folklore
" Tá an-tóir air mar genre, ach arís, ar mhaithe lena dhéanamh, d’úsáid muide gnéithe a bhain leis an mbéaloideas, a bhain leis na scéalta sí.
béaloideas agus scéalta mhuintir family history and lore
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
mbéaloideas na cruinne global folklore
" Tá a n-ionad féin ag na scéalta sin a bhfuil na catacóim mar théama acu i mbéaloideas na cruinne cé go mba leis na Rómhánaigh a cheanglaíodh an téarma “catacóm” go minic, fiú sa lá inniu féin.
béaloideas folklore
" Tugann an béaloideas léargas dúinn ar go leor acu agus ar a dteanga: ‘Tobac, tobac, a chailleacha, tobac Bhaile Locha Riach A cuireadh anuraidh agus a baineadh i mbliana.
i mbéaloideas na hÉireann in Irish folklore
" Díol suime tábhacht an uimhir 3 i mbéaloideas na hÉireann, fiú sa lá atá inniu ann.
béaloideas folklore
" Fosta, bhí scéalaíocht i gceist sa tseanlitríocht, an Táin, Scél Mucce Meic Dathó agus a mhacasamhail sin, Fled Bricrenn, na seanscéalta sin ar fad agus an béaloideas agus na canúintí.
gCnuasach Bhéaloideas Éireann Irish Folklore Collection
" Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
a chnuasach béaloidis his collection of folklore
" Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.
de laochas na litríochta agus an bhéaloidis of heroic tale in literature and in folklore
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.