Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caitear casadh ar an mBéarla one must resort to English
" Is féidir gach gnó a dhéanamh san oileán trí mheán na Gaolainne, ach caitear casadh ar an mBéarla chun aon ghnó a dhéanamh lasmuigh den oileán nó leis an rialtas.
faoina leagan Béarla in its English version
" Cén fáth ar chinn tusa ar cheann eile a scríobh? Déanta na fírinne, gí gur foilsíodh *Leabhar Gramadaí Gaeilge* ar na mallaibh, tá ábhar an leabhair féin faoina leagan Béarla agus, ar thoradh moille, faoina leagan Gaeilge, ar fáil ó lár na nóchaidí.
brú an Bhéarla the pressure from English
"brú an Bhéarla ag teacht orainn ó eagraisí stáit agus ón eaglais chomh maith.
staraithe Béarla English-speaking historians
" "Cad é an díospóireacht a spreag sé? An mó duine a léigh é? Tá níos mó cloiste agam ó staraithe Béarla mar gheall air ná mar atá cloiste agam ó lucht léinn na Gaeilge.
a thuilleadh Béarla more English
" Tugann mórán den bhfostaíocht a thuilleadh Béarla isteach go dtí an nGaeltacht.
ar bheagán Béarla not knowing much English
" Thig linn a bheith cinnte gur thug cuid de na hÉireannaigh a n-aghaidh ar Mheiriceá ar bheagán Béarla i rith na mblianta sin.
ina bhfuil an Béarla in uachtar in which English has the upperhand
" Bhí ceisteanna ann faoin tionchar a d'fhéadfadh sé a imirt ar labhairt na Gaeilge san áit, agus an t-eastát poiblí eile atá ar an mbaile mar fhasach acu - eastát ina bhfuil an Béarla in uachtar.
an bunleagan Béarla the original English version
" " Seo é an bunleagan Béarla: "Habitual use can also reflect the linguistic reality as well as the social one.
an leagan Béarla the English version
" Ciallaíonn sin go bhfuil muid mar pháirtnéir an-mhaith do chomhlachtaí sa bhFrainc, sa nGearmáin, san Iodáil, mar bheadh siadsan ag iarraidh orainne an leagan Béarla a dhéanamh.
Béarla bacach halting, broken English
" Bíodh sé acu! Tá Bertie ar a bhealach chun an Domhain Thoir le go mbeidh sé ar a chompord i Shanghai na Síne, áit a mbíonn an chaint chomh briste ag bunadh na cathrach nach dtabharfaí a chuid Béarla bacach féin fá deara - nó sin a deir muintir faisnéise an Rialtais.
iar-mheánmhúinteoir Béarla former secondary school English teacher
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
go bhfuil an Béarla ag cách that everyone speaks English
" Measann duine a bhfuil an Béarla mar mháthair-theanga aige nach gá dó iarracht a dhéanamh, go bhfuil an Béarla ag cách.
trí mheán an Bhéarla through the medium of English
" Cé gur bhain siad seo leis an nGaeilge ach go háirithe, foilsíodh iad trí mheán an Bhéarla den chuid is mó.
thionchar dhul an Bhéarla the influence of English constructions
" ” Tá mo sháith ráite agam!” Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú.
meáin Bhéarla English language media
" “Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht.
leaganacha Béarla English language versions
" Chuala fear darbh ainm James MacPherson na scéalta seo agus d’fhoilsigh sé leaganacha Béarla díobh a dúirt sé a d’aistrigh sé díreach ó na bunleaganacha Gàidhlig.
trí Bhéarla through the medium of English
" Cén dochar mura bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil á scríobh acu a fhad is go mbíonn cóipleabhar snasta le taispeáint don chigire ag deireadh na bliana! Ag múineadh trí Bhéarla ======= Bunriail foghlama é nár cheart go mbeadh páiste ag léamh focal nach dtuigeann sé ach i gcás na Gaeilge is iondúil gur ag léamh agus ag scríobh a bhíonn na daltaí agus gan mórán de chur amach acu ar an teanga labhartha.
nach labhróinn Béarla that I wouldn't speak English
" Chomh maith leis sin rinne mé riail dom féin nach labhróinn Béarla le Gaeilgeoir chomh luath is a bheinn in ann an rud céanna a rá as Gaeilge.
ainmneofar an Béarla English will be named
" Mar chuid den bhille seo, ainmneofar an Béarla mar "Theanga Náisiúnta na Stát Aontaithe".
leagan Béarla English version
" Chuige sin, tá leagan Béarla curtha ar fáil de na hamhráin go léir.
dóthain Béarla enough English
" Dúirt Andrew Robb, rúnaí parlaiminte le haghaidh inimirce agus ilchultúrachais, gur chóir dóthain Béarla a bheith ag daoine le labhairt lena gcomhoibrithe, le comharthaí sábháilteachta a léamh agus a thuiscint agus le foirmeacha a líonadh.
atá ar bheagán Béarla who speak little English
" Tá go leor dúchasach i dtuaisceart na hAstráile atá ar bheagán Béarla nó nach bhfuil Béarla ar bith acu.
an iomarca cláracha Béarla too many English language programmes
" ” Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán go mbíonn an iomarca cláracha Béarla ar TG4.
cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla why English words were chosen
" Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe.
ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla. the arrogant and brutal onslaught of English.
" Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla.
gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, that broken Irish is better than clever English,
" A leithéid de rud le rá os comhair an tsaoil! Tá a fhios agam go ndeir sibhse gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, ach bhí an Ghaeilge sin ina smidiríní ar fad.
fotheidil Bhéarla English language subtitles
" ” Rinneadh athmháistriú ar an scannán féin i gcomhair an DVD agus cuireadh fotheidil Bhéarla leis.
liricí Béarla English lyrics
" Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh.
faoi chruth an Bhéarla Phoncánaigh. in the shape of American English.
" Cara dá chuid a fuair bás go hóg agus a d’fhág foclóir Gaeilge le huacht aige ba chúis le tús a chuid taighde ar fhocail Ghaeilge a mhaireann faoi chruth an Bhéarla Phoncánaigh.
Béarla lochtach, faulty English,
" Is éacht é seo do bhean nach bhfuil ach 27 bliain aici agus Béarla lochtach, leis.
Béarla bunúsach basic English
" “Ní raibh ach Béarla bunúsach agam nuair a shroich mé Éire.
go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici that she'll be presenting an English programme
" Meallaim uaithi go mbeidh clár as Béarla á chur i láthair aici ar City Channel sna seachtainí amach romhainn.
aistriúchán Béarla an English translation
" Bhí sé uilig as Gaeilge! Ansin, thug mé faoi deara gur chuir siad aistriúchán Béarla chugam ar dtús!” Tá línte Béarla ag Meaney agus tá sé soiléir gur éirigh go breá leis an charachtar, Joe, thall.
Béarla líofa fluent English
" “Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar riachtanais an tionscail i gcoitinne.
ceann Béarla chomh maith. an English one as well
" Beidh scrúdú cainte agus scríofa Gaeilge le pasáil aige féin sula scaoilfear amach as príosún é, agus ceann Béarla chomh maith.
faoi theagasc an Bhéarla about the teaching of English
" Is cor úr é seo sa díospóireacht faoi theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán de chuid scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
gan Béarla a theagasc not to teach English
" ”* Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.
de cheachtanna Béarla of English lessons
" Dá ndéanfaí de réir an phróisis, bheadh ar an aire an córas céanna a úsáid le haghaidh eisiúint an chiorcláin inar ordaíodh go mbeadh ar ghaelscoileanna dhá uair an chloig go leith de cheachtanna Béarla a theagasc in aghaidh na seachtaine.
faoi chaighdeán an Bhéarla about the standard of English
" Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.
aistriúcháin Bhéarla English translations
" Léiriú ar chumas Mhic Dhonnagáin agus é i mbun pinn ná na haistriúcháin Bhéarla atá déanta aige ar an véarsaíocht Ghaeilge in Aniar.
cén chaoi a maireann na compántais Bhéarla how the English language companies survive
" Ní thuigim cén chaoi a maireann na compántais Bhéarla ar chor ar bith.
rian beag Gaelach ar a chuid Béarla. they speak English with a trace of an Irish accent
" Cluineann tú Polannaigh, Spáinnigh, Rúisigh, achan duine acu agus rian beag Gaelach ar a chuid Béarla.
céim sa Bhéarla agus sa Stair. a degree in history of English
" Céim ollscoileI ndiaidh do Bishop a chuid meánscolaíochta a chríochnú, thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndearna sé céim sa Bhéarla agus sa Stair.
ar bheagán Béarla. with little English.
" Bhí Gaeilge ag go leor de na hÉireannaigh a tháinig chun na hAstráile go luath i stair na coilíneachta, cuid nach beag acu a thug a n-aghaidh ar an tír ar bheagán Béarla.
leagan Béarla, an English version,
" Shínigh roinnt taoiseach Maorach leagan Béarla, ach shínigh an tromlach leagan Maoraise.
múin Béarla teach English
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
chuile Bhéarla all (types of) English
" Glactar le chuile Bhéarla anois.
saol an Bhéarla the English-speaking world
" Réalta Saol Fódlach SMM: Is cáiliúla thú, ar shlí, i saol an Bhéarla – tarraingíonn tú an-aird ina measc, mar gur de threibh mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta thú.
Bhéarla éigeantach compulsory English
" Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire ================ Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta.
Gnó le Béarla business and English
" Gnó le Béarla ====== Is dócha go bhfuil Peter sásta lena shaol.
má leantar ag brú Béarla if the pressure from English continues
" Is doiligh easaontú leis an léamh atá ag an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an scéal nach féidir leis an Stát a bheith ag dréim go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an phobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.
tharraing lucht an Bhéarla drew the English speakers
" Deir lucht a cháinte gurb iad tionscail an Údaráis a tharraing lucht an Bhéarla chun na Gaeltachta.
de réir an natha Bhéarla according to the English phrase
" Samhlaítear an tÉireannach le troid de réir an natha Bhéarla faoi na ‘fighting Irish’, caithfear a admháil.
saor ó bhrú an Bhéarla free from the pressure of English
" Ach go fiú ar oileán iargúlta scoite, níl an teanga saor ó bhrú an Bhéarla, agus mhothaigh mé an Béarla á labhairt eatarthu féin ag roinnt gasúr óg.
chanúint Bhéarla na hÉireann a dialect of Hiberno-English
" Shíl mé gur chanúint Bhéarla na hÉireann a bhí san ‘Irish’.
ag spalpadh Béarla yapping in English
" Leis an ollfhás a tháinig faoi, is cineál right of passage ag muintir na gcoláistí anois a bheith ann agus cluinim go leor acu ansin ag spalpadh Béarla, ólta as a gcloigeann, ag léimnigh thart ag Club na Féile.
an leagan Béarla the English version
" Foilsíodh cúpla bunscéal Gaeilge san iris Comhar agus bhain *'What's a man without a brother?'* (an leagan Béarla de scéal eile) ionad amach ar ghearrliosta an *Fish Short Story Prize 2012*.
i mo mhúinteoir Béarla teaching English
" Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla, i mo mhúinteoir matamaitice, bhí mé ag obair in óstán san Iorua.
de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann of the narrow constraints of anglophile Ireland
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
ag diúltú Béarla a labhairt refusing to speak English
" Bhí sí ag diúltú Béarla a labhairt agus bhí a cairde, sna déaga, ag gáire agus ag tathaint uirthi *“Ah come on (ainm), speak English to us, come on, please”*.
i mBéarla amháin in English only
" Anois is arís feicim fógraí crochta sa Ghaeltacht i mBéarla amháin ag tabhairt le fios go bhfuil daoine ag teastáil le páirt a ghlacadh i gclár éicint a bhíonn le déanamh do TG4.
is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige he was running it in English
" Bhíos féin ar an gcéad chúrsa traenála, ar feadh leath uair an chloig! Eoghan Harris a bhí i mbun an chúrsa ach is i mBéarla a bhí sé á reachtáil aige! Ar ndóigh níor cheart go mbeadh ar an Údarás a rá le Eoghan Harris go gcaithfí an cúrsa a chur ar fáil i nGaeilge.
go mb’fhearr leo Béarla a úsáid who preferred to use English
" Fostaíodh roinnt eile a raibh Gaeilge acu ach go mb’fhearr leo Béarla a úsáid.
a ndeachaigh an Béarla ar gcúl ann where English receded
" Málta an t-aon áit san Eoraip a ndeachaigh an Béarla ar gcúl ann idir 2000 agus 2010.
An Mháltais agus nathanna Béarla tríthi Maltese and English through it
" An Mháltais agus nathanna Béarla tríthi.
nach labhróinn Béarla riamh arís I’d never speak English again
" Tháinig mé abhaile agus bhí sé im’ intinn nach labhróinn Béarla riamh arís, ach sin an áit a tháinig an cion agus d’athraigh mé m’intinn ó thaobh na Gaeilge.
fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste Irish is a better language than English
" Mar shampla, ba ag tagairt d’iarrachtaí briotacha Barack Obama abairt Ghaeilge a úsáid a bhí Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, nuair a dúirt sé sa Dáil gur “fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste.
pobal le Béarla amháin a monoglot English community
" An t-athrú teanga a tharla in Éirinn, bhí sé eisceachtúil agus aisteach as scála idirnáisiúnta: ‘Rinneadh pobal le Béarla amháin de phobal le Gaeilge amháin in aon ghlúin amháin.
gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla the strong stream of English is hard to handle
" Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn.
a chuaigh le Béarla which turned to English
" “Éirinn an chéad tír a chuaigh le Béarla os cionn céad bliain ó shin.
léachtóir le Béarla a lecturer in English
" 
 Mar shampla, scríobhann Burgess, léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame, ar chás na n-ulacha cúirte in Éirinn.
scoileanna lán-Bhéarla all-English schools
" Ar ndóigh bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla.
le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla as against a person who attended an English medium national school
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
Cothroime don Aonteangachas Bhéarla equality for English monoglottism
" Cothroime don Aonteangachas Bhéarla ================ Murab ionann is na ceantair Ghaeltachta, is iondúil go mbíonn pobaltheanga na gcathracha agus na mbailte móra scoite amach óna chéile.
nach é an Béarla an Rúisís nua isn’t English the new Russian
" “Meas tú,” adeirimse, “nach é an Béarla an Rúisís nua?” Bhí tost ann an uair sin agus nuair a chuathas beagán níos doimhne sa scéal, b’éigean don náisiúntóir Moldávach a dhul i muinín na Rúisise.
Nach Béarla atá agaibh in Éirinn don’t you have English in Ireland
"Nach Béarla atá agaibh in Éirinn?” a deir sé liom.
maireachtáil d’uireasa Béarla survive without English
" Braithim go bhfuil an Pholainnis go háirithe chomh coitianta is go nglacaim anois le tuairim mo charad ilteangaigh thuas a mhaígh go bhféadfadh sé maireachtáil d’uireasa Béarla in Éirinn inniu.
os ard i mBéarla aloud in English
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
bhuíon bhorb an Bhéarla Shacsanaigh the gang of Englisheens
" Faoi cheann bliana, tá súil agam, beidh mé ag tabhairt goncanna go leor do ‘bhuíon bhorb an Bhéarla Shacsanaigh’ amuigh ar shráideanna na hÉireann!
go bhfuil fiúntas ag baint leis an mBéarla English is worthwhile
" Ach tá zeitgeist ann i saol an ghnó – agus i saol na margaíochta ach go háirithe – a dhearbhaíonn go bhfuil fiúntas ag baint leis an mBéarla nach bhfuil ag baint le teangacha eile.
an fhoclaíocht Bhéarla English terminology
" Nuair a chuimhnítear gur Ghearmánach é Konrad Zuse, an fear a d’fhorbair an chéad ríomhaire dénártha riamh sa bhliain 1936, is íorónta go leor é go n-úsáidtear an fhoclaíocht Bhéarla i gcomhair na ríomhairí sa lá atá inniu ann.
ní de bharr thionchar an Bhéarla not because of English influence
" Cinnte, tá an ghramadach ag athrú – tá an tuiseal ginideach ag géilleadh don tuiseal tabharthach, mar shampla – ach ta na hathruithe seo ag tarlú taobh istigh den teanga agus ní de bharr thionchar an Bhéarla.
Taobh leis an gceannfhocal Béarla beside the English entry
" Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
tsuíomh Bhéarla English site
" Ar chóir dom bacadh le ham a chur amú arís? Má théim isteach ar an tsuíomh Bhéarla leis an alt a léamh ag an journal.
ar irisí Béarla ar an idirlíon at English magazines on the net
" (Coinneoidh sé sin thú ó bheith ag cur amú do chuid ama ag amharc ar irisí Béarla ar an idirlíon.
Liosta le háireamh de fhoinsí i mBéarla a long list of English sources
" Liosta le háireamh de fhoinsí i mBéarla a bhíonn ar chúl aon leabhar taighde a fhoilsítear i nGaeilge ach is fíor-annamh go bhfeicfeá aon tagairt do shaothair i nGaeilge ar chúl a mhacasamhail de leabhar a fhoilsítear i mBéarla.
chartlanna na nuachtán Béarla the English language newspaper archives
" Cumarsáid Eile ar Fad ========= Tá cuid den locht ar scoláirí agus ar thráchtairí na Gaeilge ar ndóigh a bhíonn ag brath cuid mhaith ar chartlanna na nuachtán Béarla.
bheith gan Béarla being without English
" Ní cuimhin liomsa a bheith gan Béarla ach is cuimhin le cuid de mo chuid aintíní agus uncal tréimhse nach raibh Béarla ar bith agam.
tréimhse nach raibh Béarla ar bith agam a period when I had no English
" Ní cuimhin liomsa a bheith gan Béarla ach is cuimhin le cuid de mo chuid aintíní agus uncal tréimhse nach raibh Béarla ar bith agam.
an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh the English version of history to the fore
" ie (eagráin 93, 94 agus 98), tuigim gur teanga mhionlaithe atá inti agus mar sin, is é an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh agus tá leabhar amháin go háirithe go mór faoi thrácht sa chathair: *Irish, Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish 1800-1939* le John Belcham (LUP 2007).
a rian ar an chanúint Bhéarla (left) its mark on the English dialect
" Agus d’fhág an Ghaeilge a rian ar an chanúint Bhéarla i Learpholl.
le cabhair na gcláracha Béarla with the help of the English programs
" De réir an athbhreithnithe chéanna, ní bhíonn ar an mheán ag TG4 ach timpeall dó faoin chéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal.
dá labhrainn as Béarla were I to speak English
" Níorbh aon chinneadh domsa é labhairt as Gaelainn, ba chinneadh a bheadh ann dá labhrainn as Béarla.
in aghaidh farraige arda an Bhéarla in spite of the English threat
" Ba léir Dé Sathairn go bhfuil muintir na Gaeltachta i Maigh Eo ag lorg an tsaineolais len iad féin a threorú chun cuain in aghaidh farraige arda an Bhéarla.
gan aon leagan Béarla with no English version
" Feicim sleachta beaga Francise go minic i leabhair, gan aon leagan Béarla in aice leis.
blas Bhéarla an Atlantaigh Láir the mid-Atlantic English accent
" Tá ár mbealaí teilifíse ar maos le cláir, sobaldrámaí agus scannáin as an mBreatain, na Stáit Aontaithe agus as an Astráil agus blas Bhéarla an Atlantaigh Láir ar líon nach beag dár gcuid páistí dá réir.
cur le tionchar an Bhéarla to add to the influence of English
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
gurb é an Béarla teanga an fhoréigin that English is the language of violence
" Caithfidh sé gur i mBéarla a reáchtáladh 99% d’oibríochtaí an IRA in imeacht na mblianta, ach ní chloistear an líomhain gurb é an Béarla teanga an fhoréigin ná gurb é an Béarla teanga an IRA.
oideachas in earnáil an Bhéarla education in the English sector
" I measc na gcúraimí a bheas orainn beidh an Ghaeilge agus oideachas in earnáil an Bhéarla agus tá sin ag teacht le scéimeanna atá againn cheana féin.
dul i muinín an Bhéarla resort to English
" **CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?** AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis.