Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
béarlagair jargon
" Tá difear an domhain idir an béarlagair sin agus béarlagair Shinn Féin sa fhreagra a thug siad don Phlean Gníomhaithe don Phóilíneacht.
béarlagair jargon
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
Béarlagair jargon
" Béarlagair ceart is ea an focal san, dar ndóigh; go bunúsach, ciallaíonn sé pacáistí ríomhaireachta a thugann le chéile téacs, íomhánna, fuaim agus meáin eile chun eolas a chur i láthair.
in ainneoin an bhéarlagair despite the slang
" Tá cosúlachtaí go leor idir Éire agus na Stáit Aontaithe, go háirithe ó thaobh na teanga de (in ainneoin an bhéarlagair), ach feictear dom go bhfuil difríochtaí radaiceacha i gceist chomh maith, ar leibhéal níos doimhne cultúrtha.
béarlagair jargon
" Má bhí an béarlagair chomh casta le *spaghetti*, béile blasta a bhí ann do na daoine a chreideann go bhfuil an IRA ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
i mbéarlagair na n-eacnamaithe in the jargon of the economists
" Bíonn múnlaí difriúla ag na grúpaí, agus déanann siad freastal ar ghrúpaí éagsúla daoine - ar "mhargaí" éagsúla, mar a chuirtear síos orthu go coitianta i mbéarlagair na n-eacnamaithe a chuireann comhairle ar an Rialtas.
barraíocht béarlagair too much jargon
" “Bhí barraíocht béarlagair agus daoine móiréiseacha ann agus níor réitigh mé leis na múinteoirí,” a dúirt sé liom.
i mbéarlagair na Stát Aontaithe in the slang of the United States
" Tugann Cassidy mórán samplaí d’fhocail Bhéarla atá i mbéarlagair na Stát Aontaithe agus is fíor go bhfuil na leaganacha Gaeilge a aimsíonn sé iontach cosúil leis an Bhéarla ó thaobh fuaime agus brí de.
i mbéarlagair ár n-aoise. in today's jargon.
" Cad chuige an fuath seo dá óige? D’aithin a mhúinteoir scoile go raibh sracadh i Mac Grianna mar scoláire agus rinne sé monitor de nó “cúntóir ranga” i mbéarlagair ár n-aoise.
béarlagair jargon
" Dúirt an tUasal Wells go raibh sé míchuí go mbainfí úsáid as béarlagair mar sin i bpreaseisiúint.
béarlagair neodrach, neutral jargon,
" Dúirt sé gur chóir úsáid a bhaint as béarlagair neodrach, ach tá sé doiligh a bheith neodrach.
dul i muinín an bhéarlagair acadúil. to recourse to academic jargon
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
i mbéarlagair an tionscail teilifíse in TV jargon
" Trí bliana ó shin a tharla sé, le linn dom a bheith ag obair mar fhísiriseoir – nó VJ, mar a thugtar ar ár leithéidne i mbéarlagair an tionscail teilifíse – leis an gclár “Seachtain”.
béarlagair jargon
" Tá na scríbhneoirí graffiti i mbun aerasóil mar thoradh ar an cháineadh láidir a rinne Martin McGuinness ar na “micreaghrúpaí”, béarlagair Shinn Féin ar na heasaontóirí poblachtánacha atá freagrach as dúnmharú bheirt saighdiúirí Bhriotanacha i mbaile Aontroma agus as dúnmharú póilín i gCraigavon, Contae Ard Mhacha.
I mbéarlagair in (the) jargon
" I mbéarlagair na ndílseoirí, Any Taig’ll do.
béarlagair turn of phrase
" An féidir leis an Fheidhmeannas mairstean má éiríonn sé soiléir nach n-oibreoidh an dá threabh lena chéile go deo na ndeor? Táthar a rá go bhfuil an bhearna idir na páirtithe ag cúngú, ach ní chruthóidh an béarlagair sin muinín go bhfuil socrú fadradharcach, fadtréimhseach i ndán dúinn.
mbéarlagair jargon
" Nó i mbéarlagair Quora féin “thug” mé ábhar di.
bhéarlagair amaideach silly jargon
" Is é Ervine ceannaire úr an *Progressive Unionist Party* (PUP), páirtí polaitíochta a bhfuil léargas aige ar smaointeoireacht an UVF (an bhfuil cuimhne agaibh ar an bhéarlagair amaideach sin?) Toghadh Ervine mar cheannaire ar an pháirtí i ndiaidh géarchéime a d'fháisc as dúnmharú uafásach Bobby Moffet ar Bhóthar na Seanchille i mí Bealtaine anuraidh.
béarlagair jargon
" Éiríonn leis na húdair béarlagair traidisiúnta na gramadaí a sheachaint go huile is go hiomlán sa *QuickGuide™ Irish Grammar*.
bhéarlagair jargon
" Caint na Cathrach ========= Tá sé thar a bheith tábhachtach don chuairteoir teacht isteach ar chanúint na tíre, ar bhéarlagair chathair Toronto.
mbéarlagair na ceirde trade jargon
" *‘Honey traps’* nó ‘póg-agus-inis’ a thugtar ar a leithéid de chleachtas i mbéarlagair na ceirde.
i mbéarlagair lucht na coiriúlachta in the criminal jargon
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
formhór an bhéarlagair chomhaimseartha most of the contemporary jargon
" Níl aon cheist ach go bhfuil sé seo fíor mar gur Ollamh éigin as California a dúirt! Ar an dóigh chéanna, bhí an-ráchairt ar an leabhar *How the Irish Invented Slang* le Daniel Cassidy a mhaígh gurb ón Ghaeilge a tháinig formhór an bhéarlagair chomhaimseartha ar nós *swell* (sóúil), *snazzy* (snasach), *jazz* (go deas), *scam* (is cam é), *sucker* (sách úr), *buddy* (bodach), *dude* (dúid) srl.