Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealú béascna cultural separation
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
mbéascna culture
" Ní hamháin go ndearna Imazighen na hAilgéire a dteanga is a mbéascna a chosaint ar an arabú ar feadh na gcéadta, tá siad fós i mbun cosanta ó bhain an tír neamhspleáchas ón bhFrainc amach i 1962.
gné de bhéascna a cultural aspect
" Is gné de bhéascna mhuintir na tíre a leithéid a dhéanamh i gceart, nó a dhéanamh amscaí.
Béascna shainithe iomána a specified culture
" Béascna shainithe iomána a bhunú agus íomhá fhuinniúil den iomáint i mBaile Átha Cliath a thionscnamh.
a mbéascna their culture
" Tréan Ceoil ===== Tá an coláiste Gaelach féin i gcroílár an oileáin agus caomhnaítear na teangacha Ceilteacha agus a mbéascna ann, trí chúrsaí a chur ar fáil san amhránaíocht, sa damhsa agus sa cheol.
ar iompar agus ar bhéascna ríoga of royal behaviour and custom
" Bíodh sí mar atá, tuigeadh domsa gainne m'eolais ar iompar agus ar bhéascna ríoga tar éis ghabháil an leithscéil.
an dá bhéascna a thabhairt le chéile bring the two cultures together
" Is ríléir, mar sin, go ndéanann an oíche freastal ar an dá chineál pobail sin, go háirithe do Ghaeilgeoirí nó do Ghaeil atá aerach agus a dteastaíonn uathu an dá bhéascna a thabhairt le chéile in aon oíche amháin.
bhéascna tíre eile another country’s cultura
" Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit.
Bhris sé nós agus béascna na mblianta he broke the pattern and the habit for years
" Bhris sé nós agus béascna na mblianta i ndiaidh na hócáide nuair a cheannaigh sé deoch do Bhalor i dtábhairne Doheny and Nesbitts.
an bhéascna áitiúil the local culture
" Tá an tionscal na túrasóireachta an-tábhachtach do gheilleagar an oileáin agus tuigeann an rialtas go bhfuil an bhéascna áitiúil den mhórthábhacht don tionscal sin.
ar ghnéithe de bhéascna on cultural aspects
" Bíonn Blas ar an Bheagán ========== Mar aon leis na himeachtaí ceoil bhí blaschúrsaí teanga ann a thug deis d’fhoghlaimeoirí beagán de Ghaeilge na hAlban, na hÉireann, den Mhanannais agus den Bhreatnais a fhoghlaim chomh maith le sraith léachtaí ar ghnéithe de bhéascna agus de theangacha na gCeilteach.
héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh cultural, linguistic and religious difference
" An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi =============== Tá dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr.
cúraimí oidhreachta, béascna the responsibilities of heritage, culture
" Faoi mhuintir an oileáin féin atá cúraimí oidhreachta, béascna agus eile Thoraí dar le Ciarán Mac Aoghnusa agus tá súil as aige go n-éireoidh leo an fód a sheasamh in aghaidh drochshíon ar linne.
gnéithe go leor de bhéascna many aspects of culture
" Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.