Pota Focal Intergaelic
baic | béim | bóic | bric |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
béic shout
" Gluaiseann an trácht go deas réidh neamhbhagrach sa chuid is mó den am, cé go bhfuil corrghealt amuigh a cheapann gur rásaí camall atá ar siúl; is annamh bonnán le clos, áfach - ná béic.
bhéic roar
" I dtábhairní ar fud na hÉireann níl ann ach spás seasaimh agus gach aon bhéic ag lucht leanúna an dá chlub, ag gríosadh a bhfoirne féin chun cinn.
a bhéic sé he shouted
" "A chois, a chois, ná clis anois orm," a bhéic sé ag fuarchaoineachán.
a bhéic Cathal Cathal shouted
" "Suigh síos arís agus lig dom mo mhachnamh a dhéanamh," a bhéic Cathal.
bhéic shout
" "Fáilte go dtí an Iordáin! Fáilte go dtí an Iordáin," an bhéic a bhí le cloisteáil ó gach éinne thart orainn.
béic scream
" Rithfidh mé amach an cúldoras, a d'fhógair sí di féin, agus béicfidh mé arís air.
de bhéic shouting
" ‘Fan!’ arsa Gearóid de bhéic ina diaidh.
ag béiceadh in ard a chinn shouting loudly
" “Saortar Beirt Milwaukee!” an port a bhí ag Leamh Ó Cuinneagáin, agus é ag béiceadh in ard a chinn faoin chúis is úire a bhí glactha aige chuige féin.
de bhéic shouting
" ‘Fan!’ arsa Gearóid de bhéic ina diaidh.
béic ard, thruamhéalach a loud piteous yell
" Nuair a dúisíodh é agus an comhluadar ag fágáil an tí le dul abhaile, d’oscail sé a shúile, d’ardaigh a chloigeann agus lig béic ard, thruamhéalach as: “Go dtachta an diabhal Schillaci!” Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
béic shout
" Andrews nó Augusta agus gach liú agus béic uathu gach uair a bhuail imreoir Eorpach buille maith.
ag béiceadh in ard a gcinn bellowing at the top of their voices
" Cé a bhí ann ach baill den Ionad Buail Isteach ag béiceadh in ard a gcinn: “An Tibéid abú! Saoraigí an Tibéid!” “Maith go leor, saorfaimid an Tibéid.
ag béiceadh screaming
" **Aontas na Mac Léinn**Aaah, aontas na mac léinn, áit ar tháinig muid ar na cineálacha carachtar céanna a bhíodh ansin i rith mo linne féin – callánach, salach agus cuma orthu gur chodail said ina gcuid éadaí; iad ag iompar iad féin mar a bheadh siad *too cool for school *agus ag béiceadh lena chéile ionas go gcloisfeadh achan duine a gcuid gnó.
ag béiceadh agus ag screadach shouting and screaming
" An rud is aistí agus is follasaí idir an samhradh in Éirinn agus an samhradh thar lear, dar liom, ná a laghad páistí a bhíos le feiceáil ag imirt taobh amuigh i lár an lae, iad ag béiceadh agus ag screadach, ag carnadh cuimhní órga na hóige don saol fada atá rompu.
ag liú is ag béiceadh shouting and calling
" Le linn iarracht amháin thosaigh sé ag liú is ag béiceadh agus d’ordaigh an píolóta go gcuirfí den eitleán é.
bhéic an slua the crowd shouted
" “Fínéagar! Fínéagar!” a bhéic an slua, agus creid é nó ná creid, osclaíodh fuinneoga na n-árasán os cionn na siopaí agus chaith mná tí buidéil phlaisteacha fínéagair amach orthu.
béiceann siad they exclaim
" Idir aos agus óg, baineann agus fireann, oilte agus neamhoilte, bíonn ríméad orthu nuair a fheiceann siad gasúr óg agus béiceann siad 'bebek, bebek’ 'páiste, páiste' agus tú ag teacht ina dtreo.