Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach bhfuil siad ar aon intinn leis that they don't agree with him
" Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis.
níl aon bhaol ar na hamhráin the songs are not in danger
" Chomh fada is a dhéantar é sin, níl aon bhaol ar na hamhráin.
Cad a bhí ar bun aige in aon chor? What was he up to at all?
" Cad a bhí ar bun aige in aon chor? Thóg sé tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam.
atá ar aon intinn leo who share their opinion
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
atá ar aon aigne leo who share their opinions
" Tugann na blaganna deis dóibh a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a mballraíocht de chomhluadar faoi leith a fhoilsiú go poiblí le naisc go dtí blagadóirí eile atá ar aon aigne leo.
atá ar aon aigne leo who share their opinions
" Tugann na blaganna deis dóibh a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a mballraíocht de chomhluadar faoi leith a fhoilsiú go poiblí le naisc go dtí blagadóirí eile atá ar aon aigne leo.
is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil I was barely able to see anything
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
atá ar aon intinn leisean who agree with him
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
ní raibh muid ar aon fhocal riamh we were never in agreement
" Bhí siad ag cur ár gcuid ama amú agus ní raibh muid ar aon fhocal riamh maidir leis an gcineál ceoil ba mhaith linn a bheith clúdaithe ar an albam.
bheadh ar aon tuairim would be of similar view
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
Níl aon chlaí ar there’s a great expanse
" Níl aon chlaí ar an fharraige siar as Éirinn, thar mar a bhíodh daichead bliain ó shin nuair a bhíodh trálaeir na hÍsiltíre, na Danmhairge agus eile faoi fhad urchair don chósta ag stiúradh na warps sa mhullach ar eangacha trálaeir bheaga na hÉireann.
níl aon iomrá ar there’s no mention of
" Go fóill féin agus an t-alt seo á léamh agat, níl aon iomrá ar an Roinn an scéal seo a bhogadh chun tosaigh.
tá gach aon dealramh ar an scéal gurb it really appears as though
" Déarfadh Comhairle Chontae Dhún na nGall nach bhfuil siad ach ag iarraidh foinsí in-athnuaite fuinnimh a shaothrú, ach tá gach aon dealramh ar an scéal gurb é an t-airgead an chloch is mó ar a bpaidrín.
nach bhfuil bunaithe ar aon cheo seachas which aren’t based on anything other than
" ) Tá rudaí sa tuarascáil nach bhfuil bunaithe ar aon cheo seachas tuairimí gan mórán bunús leo.
nach raibh aon dualgas ar there wasn’t any duty placed on
" Dar leis an mBreitheamh Cooke gur fhág an abairt “dá rogha féin amháin” nach raibh aon dualgas ar an Aire cúiseanna a lua le diúltú iarratas ar shaoránacht.
atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma who are steering the vessel no matter
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
ná “raibh siad ar aon aigne that they weren’t agreed
" Tagann na daoine seo anuas go hÉirinn ó Mars! Cuireann siad ceist ar bheirt Ghaeilgeoirí mar gheall ar stair na teangan, agus sula bhfad ba léir ná “raibh siad ar aon aigne in aon cheist díobh.
Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo there won’t be any discussion about the reasons for this year’s war
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
ní raibh aon mhoill ar there was no delay
" Croí na Féile ==== Chomh maith leis sin, ní raibh aon mhoill ar na Meiriceánaigh óga glacadh liom mar eachtrannach, nó le cairde eile linn ón Áis, ó thíortha Arabacha nó eile.
níl aon locht ar sin, amanta there’s no harm in that, at times
" Is cineál send up den genre seo iad na hamhráin, Rio bravo agus Tar ar ais go Camas —wild west Chonamara! Briseadh iad ó na seansmaointí traidisiúnta Gaeltachta, agus níl aon locht ar sin, amanta” a deir sé.
nach bhfuil aon rún ar bith acu they’ve no intention
" Déarfaidh siad fosta gur chaith siad a dtréimhse i rialtais ag iarraidh an tír a a chur ina cheart agus nach bhfuil aon rún ar bith acu dul i bpáirt leis an pháirtí a ba chiontsiocair leis an phracás geilleagair ina bhfuilimid.
níl aon chur amach agat ar you don’t know about
" ” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól.
Ní raibh aon iontas ar éinne no one was surprised
" Ní raibh aon iontas ar éinne, ámh, nuair a d’imir Rudd díoltas ar Gillard i mí an Mheithimh i mbliana lena phost mar Phríomh-Aire a athghabháil.
Ní bhíonn aon trácht ar there’s no mention of
" Ní bhíonn aon trácht ar na postanna a chaillfear i dtionscal na turasóireachta nuair a scriosfar áilleacht an cheantair.
nach raibh aon tionchar leanúnach acu ar an tír they had no influence on the country
" Is annamh a bhí tagairtí sna leabhair scoile dóibh agus chuir cuid acu in iúl nach raibh aon tionchar leanúnach acu ar an tír.
Níl aon mheas ar there’s no esteem for
" Cén chaoi a bhfuil an scéal maidir le foclóir maith Béarla-Gaeilge in Éirinn? Scéal fada ar an easpa! Níl aon mheas ar fhoclóir Gaeilge ach rud atá i bhfad as dáta.
mbeadh aon rath ar an Ghaeilge Irish would be in any way successful
" Beatha teanga í a labhairt a deirtear ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar an Ghaeilge gan scríbhneoirí nó léitheoirí ach an oiread, rud atá aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd, Seán Tadhg Ó Gairbhí: “Is í fírinne an scéil nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis.
Bhí brú ar n’a' haon duine everyone was under pressure
" Bhí brú ar n’a' haon duine a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh.
ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu they don’t brag about it
" Réalta móra an cheoil iad Téada ach ní bhíonn aon bhuailim sciath ar bun acu.
Níl aon trácht ar an ealaín there’s no mention of the arts
" Níl aon trácht ar an ealaín, cé go raibh sé ar cheann de na réimsí oibre a bhí luaite go sonrach sa tSamhail Nua Mhaoinithe.
Ní bheadh aon rath ar there’d be no success for
" Ní bheadh aon rath ar The Beatles ná ar The Smiths, is cosúil, ach amháin gurb as Éirinn a tháinig cuid dá sinsir.
nach raibh aon lámh ag cine ar bith eile i dtógáil that no other people played a part in building
" Shílfeá fosta nach raibh aon lámh ag cine ar bith eile i dtógáil Nua-Eabhrac.
ní raibh dualgas ar aon duine no one was obliged
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
ní raibh aon eolas againn ar we didn’t know about
" Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin sa dornálaíocht chéanna tar éis do bhuachaill eile dorn breá a leagadh ar mo shrón bhocht! Bhíodh rásaí rothar againn dar ndóigh timpeall na sráideanna – Rás Tailteann a bhíodh i gceist mar ní raibh aon eolas againn ar ‘Tour de France’ cé go raibh cáil ar Shay Elliott mar rothaí Éireannach ag an am.
nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo no one alive shall be obliged to work
" Tá mé ag súil leis an lá nuair nach mbeidh dualgas oibre ar aon duine beo agus an t-aon sprioc a bheas againn ná spriocanna bunaithe ar spéis in ionad a bheith bunaithe ar bhrabús corporáideach.
Mura raibh aon suí ar a thóin if he wasn’t sitting around
" Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
Níl aon chailleadh ar there’s nothing wrong with
" An Nollaig thar lear? Níl aon chailleadh ar an Nua-Shéalainn dar le hAoife Uí Fhaoláin, ach chroch leat an scáth fearthainne.