Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach bhfuil siad ar aon intinn leis that they don't agree with him
" Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis.
bhí sé ar intinn againn i gcónaí it was always our intention
" D'fhásamar suas lena chéile ó thaobh an cheoil de agus bhí sé ar intinn againn i gcónaí (ó bhíos sé bliana déag d'aois) albam a dhéanamh.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
atá ar aon intinn leo who share their opinion
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
a raibh sé ar intinn acu who intended to
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
go bhfuil sé ar intinn that they intend
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
Ní raibh sé ar intinn agam I hadn't intended
" Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.
atá ar aon intinn leisean who agree with him
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
bhí sé ar intinn againn we intended
" “Nuair a bhunaigh mé TnaG, nó TG4 mar atá anois air, bhí sé ar intinn againn i bhfad níos mó a dhéanamh de réir mar a bhí an teicneolaíocht ag forbairt agus an ré dhigiteach ag teacht isteach, ach fiú len é a chur ar an aer sa chéad dul síos, bhí sé uafásach.
tá sé ar intinn againn we intend
" Fuaireamar comhairle ón tréidlia faoi agus tá sé ar intinn againn é a sheoladh ar ais chun na farraige anois.
níl sé ar intinn agam I don’t intend to
" Bhí sé chomh fiúntach sin gur lean mé ar aghaidh ag obair ann ó dheireadh na tréimhse sin go dtí anois agus níl sé ar intinn agam imeacht go luath.
Bhí sé ar intinn ag intended
" An Tús Óg an Tús Maith ========== Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois.
Bhí sé ar intinn agam I had intended
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
raibh sé ar intinn aici she intended to
" Dúirt sí go raibh sé ar intinn aici trí rud ar leith a dhéanamh le linn a cuairte: gan pionta Guinness a ól; gan mórán ama a chaitheamh le polaiteoirí; agus lón a chaitheamh le Balor an Bhéil Bhinn.
Cén sprioc atá ar intinn agam what’s my aim/ are my aim(s)
" Dá réir sin, is tábhachtach an ní é sos a thógaint ó am go chéile agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna bunúsacha ealáine sin – Conas tá ag éirí liom i láthair na huaire? Cén sprioc atá ar intinn agam, agus eile.
Bhí sé ar intinn ag intended
" Bhí sé ar intinn ag Yanukovich an fód a sheasamh mar uachtarán, ach faoin am sin bhí cúrsaí imithe óna smacht.
go raibh sé ar intinn ag that (Ignatieff) intended
" Cruth na Tíre nó Cruth na Tiachóige =============== Cheap formhór na vótóirí liobrálacha fiú i gCeanada go raibh sé ar intinn ag Ignatieff an phríomhaireacht a úsáid chun snas a chur ar a churriculum vitae pearsanta.