Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foireann bhídeach a very small team
" Gan ríomhairí, ar bheagán airgid agus ag obair le foireann bhídeach, tháinig Niall Ó Dónaill i gcomharbacht ar an Athair Pádraig Ó Duinnín, a scríobh an foclóir deireanach údarásach i 1904.
gcrúba beaga bídeacha tiny little hooves
" Bhí cuma iontach gleoite ar na hasail, lena n-aghaidh fhionnaitheach agus a gcrúba beaga bídeacha.
eaglais bheag bhídeach a tiny church
" Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.
ruainne beag bídeach a tiny piece
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
gnó beag bídeach tiny business
" Is gnó beag bídeach é agus níl mórán airgid ann chun feachtas mór a dhéanamh sa Fhrainc, mar shampla.
fidil bheag bhídeach tiny little fiddle
" Tar éis bliain amháin a chaitheamh ar an uirlis bheag álainn sin, an fheadóg stáin, cheannaigh mo mháthair fidil bheag bhídeach dhom i mBaile Átha Cliath.
bídeach tiny
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
fhormán bídeach a low noise
" I ngeall ar fhormán bídeach a chuala sé, dhearc an madra go fiosrach.
bídeach tiny
" Ach cén fáth ar gá dóibh bheith bídeach? Agus cé a bhíonn ag dearadh na gcnaipí beaga sin ar fad? Leipreacháin?! Ar ndóigh, tá na scáileáin róbheag freisin – murar féidir le fón uimhir fóin a thaispeáint go soiléir tá rud éigin mór mícheart.
ceithre shuíochán bheaga bhídeacha four tiny little seats
" Ach, bhur mbarúil an raibh Éamonn Ó Doornail, eagarthóir *Beo Ar Éigean*, sásta íoc as ceithre shuíochán bheaga bhídeacha in eitleán de chuid Aero Lingo chun corp collaideach caomh an iriseora mhóir a iompar trasna na farraige chun an Oileáin Úir? Bealach ar bith! Cad é eile a mbeadh sibh ag súil leis? Ach, ar an dea-uair, tharla go roinnt spáis fágtha ar an eitleán lasta ab éigean d’Fhoraois na Gaeilge a fháil ar cíos chun an fíor-Joe Mac Donnchadha a iompar anonn.
móramh beag bídeach a tiny majority
" D’éirigh leis an bhfreasúra faoi cheannas Romano Prodi móramh beag bídeach, tuairim is 25,000 vóta a fháil sa teach íochtarach ach de bharr athruithe le móramh a chinntiú don bhuaiteoir, is leor sin le 63 suíochán breise a bheith acu.
cogar beag bídeach a tiny whisper
" Agus rachaidh Máirtín ó choirpeach go coirpeach agus cuirfidh sé cogar beag bídeach isteach ina gcluas chlé.
i maighnéid bheaga bhídeacha. in tiny magnets.
" Tá na dioscaí sin bunaithe ar chórais mhaighnéadacha agus tá an t-eolas orthu i bhfoirm dhigiteach i maighnéid bheaga bhídeacha.
feirmeacha beaga bídeacha tiny farms
" Ar feadh cúpla míle, tá croiteanna le feiceáil, ar feirmeacha beaga bídeacha iad agus páirceanna i stráicí acu.
rudaí beaga bídeacha tiny little things
" Ach dá mhéad a éiríonn an comhlacht rathúil is ea is minice a bhím ag plé le cúrsaí cánach agus cuntais agus rudaí beaga bídeacha eile a gcaithfidh tú a bheith ag smaoineamh orthu an t-am ar fad.
ar an mheon bídeach éadmhar sin of that small jealous mentality
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
sciotachán beag bídeach a little tiny scut
" Rinne sé sciotachán beag bídeach den chréatúr bocht.
na limistéir bheaga bhídeacha the small tiny pockets or regions
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
bídeach tiny
" Bhí a fhios agam féin, dhá bhliain ó shin, agus muid ag ceannach ár dtigín bídeach ar shuim dhochreidte, nár dhócha go ndíolfaí an teach ar aghaidh ar an tsuim chéanna, ach dara rogha ní raibh againn ag an am.
sách bídeach tiny enough
" Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “*Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain*.
bídeach tiny
" Bhí na seomraí bídeach agus bhí mé scriosta ag díol ar shon deochanna agus bia iontu.
bídeach tiny
" Murach Raidió na Gaeltachta, TG4, Foinse, agus an t-alt bídeach BEO seo againn féin leis, is beag aird a thugtar ar mhórócáid spóirt na nGael.
bídeach tiny
" Fágann na staitisticí seo, ar ndóigh, gur mionlach beag bídeach iad na Batwa i ngach ceann de na ceithre thír sin.
bídeacha tiny
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
bhídeach tiny
" org/wiki/Anne_of_Green_Gables) Arís, mar gheall ar mo chuid oibre, bhí mé ar shúil liom ag gallivantáil nó ar mo sheachrán, an uair seo i Charlottetown, nó Pleasantville mar a thug mo chuid comhghleacaithe air – rud a mhíneoidh mé amach anseo – agus nuair a tharraing mé isteach go dtí an chathair bheag bhídeach seo ag meán oíche, shíl mé go raibh rud éigin míshocraithe agus Twin Peaksúil fá dtaobh de .
bídeach tiny
" Tá a fhios agam go bhfuil dream an oirthir sin breá tógtha go minic le cultúr an iarthair, ach chuala mé anseo ar an oileán go raibh saothar Montgomery i measc cnuasach bídeach leabhar a aistríodh agus a foilsíodh sa tSeapáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
bídeach tiny
" Seachtó dó milliún Euro sa bhliain amach as ciste beag bídeach na Foraoise chun Colm Mac Sé Lao agus Tony Birch Hill, Antaine Ó Fartacháin agus Breandán De Lap Dog agus cuid cairde uilig Uí Chuinneagáin a choinneáil ag scríobh! Ag Dia amháin atá a fhios cén dóigh ar cheadaigh Ferdie na Foraoise deontas mar sin thar thréimhse trí bliana.
bhídeach tiny
" Nach maith an rud é go bhfuil Questions & Answers thart, nó cé a dtiocfadh leo áit Willie Cointinneach Ciapálach a ghlacadh le dúshlán John Bowman, agus dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt? Cé eile a dtiocfadh leo olc a chur ar leath na tíre agus lúcháir a chur ar an leath eile le habairt bheag bhídeach ainbhiosach aineolach amháin? Seanchara dílis do Bhalor ab ea Willie, agus cuireann sé isteach go mór ar Laoch na Litríochta go bhfuil greann gáirsiúil á scaipeadh thart ar na gutháin phóca agus eile faoina sheanchomrádaí.
bídeach tiny
" Níl ann ach dromchla ríbheag (cúpla miliméadar cearnach), ríthanaí, teann, a bhfuil ar a acmhainn glacadh le gach giota fuaime, bíodh sé ciúin nó glórach agus a sheoladh ar aghaidh chuig cuas beag ina bhfuil trí chnámh bídeach - an casúirín, an inneoin agus an stíoróip - atá ag teagmháil lena chéile.
bídeacha tiny
" Ar thaobh amháin tá píosaí réasúnta mór, ar nós na gcaipíní buidéil a chonaic Captaen Moore, ach de réir a chéile briseann solas for-chorcarghorm na gréine, in éineacht le hoibriú na farraige, suas iad go dtí go mbíonn siad ina gcáithníní bídeacha.
dream bídeach tiny group
" An dream bídeach a mhaígh roimh thitim ó dhíomais an chóras gheilleagair, níor tugadh aon aird mórán orthu ag an am, Peter Schiff i Meiriceá, David McWilliams agus Eddie Hobbs in Éirinn.
néamhainn bheaga bhídeacha tiny diamonds
" Earraí de gach saghas a bhí ar díol sa mhargadh oscailte sin agus is cuimhin liom gur bhraith mé ciontach ar bhealach tar éis dom barr a cheannach ar $3, mála ar $5 agus fáisceán gruaige le néamhainn bheaga bhídeacha ar 50c.
beag bídeach small and tiny
" Táthar ag rá faoi láthair go bhfuil timpeall 20 milliún úsáideoirí ar Google+; beag bídeach le hais an bhreis is 600m atá ag Facebook.
t-alt bídeach tiny article
" Is cuma leo, sin, nó níor aimsigh siad an t-alt bídeach tosaigh, Caint an tSráidbhaile an mhí seo chuaigh thart.
bídeach tiny
" I seomra beag cúil ar an dara hurlár de theach beag bídeach i gcúlshráid bheag chúng shuarach i dTuaisceart lár na Cathrach Cois Life, a tháinig Balor ar an Choimisinéir Fiacla.
bídeacha tiny
" Ag tosú amach ó Bhaddeck d’imigh mé ó thuaidh chomh fada le Ingonish agus agus thrasnaigh mé bailte beaga bídeacha ar an mbealach.
ag súgradh lena ladhracha bídeacha playing with his tiny toes
" ” I rith na seachtainí i ndiaidh sin amharcaim ar Peter nuair a bhuailimid le cara atá ag iompar go bródúil a leanbh óg ar an tsráid, an dóigh nádurtha ag Peter agus é ag súgradh lena ladhracha bídeacha.
bídeach tiny
" Ansin seolann an ‘lománaí’ Sualannach - cosoibrí as radharc de ghnáth in íochtar an chomhluchta - fear tuatach, maol, béalbhearnach; léine páircíneach, geansaí bídeach agus treabhsair éagcruthacha á chaitheamh aige - casann an fear mórchroíoch, íogair, tuisceanach, éisteacht seo isteach in oifig Natalie lá amháin, agus - voila! Anois, tá sé beagáinín níos casta ná sin, ach tá breis agus dóthain ansan le bheith ag dul ar aghaidh leis.
mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach both of you bend over a wee tiny screen
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort it’s no harm to quiz you on just one small thing
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
Líon Bídeach ag Faire a tiny number watching
" Líon Bídeach ag Faire nó ag Éisteacht Fosta =============== Ach ní fadhb í sin a bhaineann leis na meáin chlóite Gaeilge amháin.
beag bídeach small and tiny
" Tá Oisín 20 bliain d’aois agus tá sé ag imirt peile agus iománaíochta ó bhí sé beag bídeach.