Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhóithríní an iarthair on the narrow roads in the west
" An loighic atá leis sin ná nach gá do na comhlachtaí sin earraí a iompar ar bhóithríní an iarthair - agus go bhféadfadh siad eolas a scaipeadh ar mhótarbhealaí an idirlín ina ionad.
Lean mé de bhóithrín I followed a small road
" Lean mé de bhóithrín, agus thug sé mé go teach dhá stór.
bóithríní cúnga dearga narrow red roads
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
mbóithrín road
" php) Ní mise an t-aon duine a bhí ag rothaíocht thar an droichead, ach ba chosúil gur mise an t-aon duine a bhí fós sa diallait ar an mbóithrín beag géar do choisithe agus rothaithe a chuaigh suas go dtí an réise.
bhóithrín uaigneach a lonely lane
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Dúnmharú agus mistéir’ le Anna Heussaff Nó: ‘Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh ======================= Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche.
mbóithríní mórthimpeall surrounding lanes
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
ar bhóithrín na smaointe reminisces
" Bladar Tóna ====== Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.
tranglam bóithríní cúnga a maze of narrow roads
" Murach go raibh eolas na slí ag an tiománaí ní dóigh liom go dtiocfadh muid as go deo: tranglam bóithríní cúnga, agus seanchomharthaí bóthair ó na tríochaidí.
i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga in a maze of holed roads & narrow paths
" Tigíní beaga i mullach a chéile i gcathair ghríobháin de bhóithríní pollta agus cosáin chúnga – tá Sussuarana cosúil le gach bruachbhaile bocht eile in Salvador.
a lán bóithríní agus cosáin a lot of lanes and paths
" Cé go bhfuil a lán bóithríní agus cosáin faoin tuaith, idir na sráidbhailte agus feirmeacha, ní bhíonn aon fhógra orthu de ghnáth, a chur in eol duit go bhfuil siad ann, nó cá dtéann siad.
Bóithrín soir ó thuaidh a small road leading north east
" Ach ar féidir go bhfuil clocha oghaim ann nár tugadh suntas dóibh cheana? An bhfuil tuilleadh ann gan tuairisc? Bóithrín soir ó thuaidh as Cellan gar do Lampeter a chuir mé romham a shiúl anois.
bóithríní na tíre ar thóir country lanes seeking
" Shiúil Telemann na Gearmáine bóithríní na tíre ar thóir an traidisiúin.
an bóithrín iarainn soir by rail(way) eastward
" Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.