Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn within an ass's roar of the Isle of Man
" Maíonn sé gur fá bhúir asail d'Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever.
le búir innill, with the roar of an engine,
" D’imigh piléar thar mo chluas de sheabhrán tapa, agus le búir innill, sciorr an gluaisteán ar ais amach ar an tsráid.
faoi bhúir asail do near to (ass's roar)
" Ag cruinniú éigeandála de mhuintir na Seirbhíse Rúnda agus na bhFórsaí Cosanta socraíodh go raibh sé i bhfad róchontúirteach an Tóirse a ligean faoi bhúir asail do Ghleann Cholm Cille ag an am sin den bhliain, cionn is go raibh daoine aisteacha as gach aon chearn den domhan ann, agus mic léinn chomh maith.
fá bhúir asail den Eargail! Within urination of Earsteam Mt.
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
ag búireadh bellowing
" Bhí Charlie ag búireadh isteach sa cheamara mar is iondúil, ach ansin nuair a bhí sé ag caint le Hillary, níor stad sé den lútáil agus den chogar go síodúil isteach ina cluais, é ag cur na gceisteanna boga agus á moladh go hard na spéire.
bhúir asail ass's roar
" Ná héistigí, a léitheoirí dílse, le cúlchaint na spídeoirí éadmhara a mhaíonn go maraíonn bréantas a chuid bromanna gach dúil bheo a chónaíonn fá bhúir asail den phluais chéanna gach uair a thagann geonaíl ar a chuid putóg.
búire a bit, portion
" **CB: An dóigh leat go bhfuil do mhac, Dáithí, ana-chosúil leat féin?** MDÓS: Is dócha go dtug sé búire leis.
ag búir na gaoithe by the wind’s roar
" Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
fá bhúir asail di within an asses roar of her
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
An sruthán ina bhúir the stream in full spate
" An sruthán ina bhúir, goimh san aer moch, fear ag scoilteadh adhmaid le tua balbh, mada lena ais ’s a shróin le gaoth.
fá bhúir asail d’áit within an ass’s roar of the place
" An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air.