Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
babhtáil cos leg swap
" "B'fhearr liom mo shaol a chaitheamh ar leathchois agus i gcomhluadar mo chos scoite anseo ná babhtáil cos a dhéanamh le héinne beo agaibhse, a rudaí gránna.
ag babhtáil swopping
" Mar seo a bhí sé: ar leac an dorais romham, bean ag damhsa, bean ag bualadh bos agus i lár báire bean ar fheadóg, ag séideadh tamall sular shín sí í don damhsóir agus thosaigh ag damhsa í féin agus ina dhiaidh sin ag bualadh bos nó go bhfaigheadh an bhean eile an fheadóg, agus ar aghaidh agus ar aghaidh mar sin, gach duine ag babhtáil, feadóg, damhsa, bualadh bos, deich nóiméad gan stad, déarfainn, ach mise agus cúrsaí ama.
ag babhtáil fonn swopping tunes
" Ní gá ach suí síos, i gcúinne compordach, agus tosú ag babhtáil fonn – “An bhfuil an ceann seo agat?”, “Cad faoi seo?” Gearóid Ó hIonghaile.
Ní dhearnamar iad a bhabhtáil riamh we never swapped them
" Mhaígh mo chol ceathracha go raibh botún déanta acu agus go raibh albam Manilow le dul chugainne agus albam na Rats le dul chucu siúd! Ní dhearnamar iad a bhabhtáil riamh agus níor baineadh albam Manilow bocht as an bpaicéad riamh! Agus ní raibh oraibhse léamh faoi mo ghrá do cheol Barry Manilow inniu!
ag babhtáil línte beaga simplí. exchanging little simple lines.
" Mé féin agus Rossa ag babhtáil línte beaga simplí.
Bhabhtálamar uimhreacha fóin we swapped phone numbers
" Bhabhtálamar uimhreacha fóin ionas go mbeimis ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile ar eagla go mbeadh fadhbanna againn leis na píosaí ceoil.
bhabhtáil to swap
" B’fhéidir nach mbeadh ann, mar a dúirt tráchtaire amháin, ach na cathaoireacha a bhabhtáil ar bord an Titantic.
babhtálann swap, exchange
" Agus muid ag taispeáint an chórais seo do dhaoine ar spéis leo a leithéid, seinnimse ina theannta agus babhtálann muid ‘licks’ le chéile.
mbabhtáil changing
" Táthar ann a dhéarfadh nach mbeadh in aistriú na gcúram seo ó eagraíocht phoiblí amháin go ceann eile, ach cur i gcéill mar a bheadh i mbabhtáil cathaoireacha ar an Titanic agus í ag líonadh le huisce.
ag babhtáil bronntanas exchanging gifts
" Oh dear!” Ansin thosaigh siad ag babhtáil bronntanas.