Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
babhtaí rounds
" An bhféadfadh sé tarlú san iomáint? Tá sin as an gceist faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus, le fírinne, ní móide go dtarlódh sé faoi chóras ar bith, ach d'fhéadfadh dhá nó trí chontae as Ulaidh bheith sna babhtaí ochtú ceannais, cuir i gcás, faoi chóras oscailte.
babhtaí cáilithe qualifying rounds
" An é sin le rá go bhfuil Áth Cliath beagnach chomh maith le Tiobraid Árann? B'fhéidir nach ea ach tá siad beagnach chomh maith le hUíbh Fháilí mar a léiríodh sna babhtaí cáilithe níos déanaí.
babhtaí sometimes
" Ba mhinic a ghlaoigh sé isteach ar maidin freisin uirthi agus, b'fhéidir, babhtaí i gcaitheamh an lae, go ndéanfadh sé rud beag oibre di agus dá mbeadh coinín aige go dtabharfadh sé di é.
babhtaí argóna bouts of arguing
" Ní raibh a chuid babhtaí argóna le Pól Ó Foighil chomh binbeach an tréimhse seo is a bhíodh san am a chuaigh thart.
babhtaí ceannais finals
" Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.
babhtaí bouts of time
" Bíonn babhtaí againn ar fad a bhíonn dorcha agus deacair agus is guí nó paidir an t-amhrán seo go mbeadh an mhaitheas agus an grá atá inár gcroí láidir go leor chun an dorchadas a scaipeadh.
sna babhtaí tosaigh. in the opening rounds.
" Bhain Uíbh Fhailí buntáiste as i 1998 mar atá ráite agam agus bhain Cill Chainnigh agus Corcaigh leas as ó shin chun Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis dóibh a bheith buailte sna babhtaí tosaigh.
sna babhtaí leathcheannais. in the semi-final rounds.
" Ba cheart don chóras a bheith níos solúbtha sa chaoi is go gcuirfí contaetha a d’imir a chéile cheana i gcoinne contaetha nár imir siad ina n-aghaidh fós sna babhtaí leathcheannais.
babhtaí sessions
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
babhtaí rounds
" **CMS: Ag an sos idir babhtaí le linn troda, an mbíonn tábhacht le focail an traenálaí - an gcloiseann tú cad deir sé?** KT: Cloisim.
babhtaí ceannais the finals
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
beidh babhtaí ann there’ll be rounds
" Cuirfear tús leis an rás rothaíochta an Giro d'Italia - lá partenza - i mBéal Feirste ar an 9ú Bealtaine i mbliana agus beidh babhtaí ann ar an chósta thuaidh sula rachaidh sé ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath ar an 11ú Bealtaine.
babhtaí ceannais finals
" De ghnáth titeann an comórtas amach le linn an tsamhraidh agus tuigimid go gcaitheann tacadóirí sacair a gcuid tacaíochta taobh thiar de thír amháin fiú nuair nach n-éiríonn lena náisiúin féin áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais.