Pota Focal Intergaelic
aback | bac | bacú | balk | bank
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bhain siad siar asam They took me back
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
siar aniar back to front
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
siar aniar back to front
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár Síle was just about back from the bar
" Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
bhí an droim síos leis he had a sore back
" Faoin am a bhí an seomra sin glanta aige bhí an droim síos leis agus bhí sé ag tabhairt buíochais do Dhia nach raibh dualgas ghlanadh an leithris airsean.
cúldoras back door
" Craobhchomórtas a bhí ann agus ní bhíodh an dara seans ná cúldoras ar fáil.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Bheadh Bertie Ahern ar mhuin na muice dá bhfaigheadh siad isteach arís leis an Pháirtí Daonlathach agus b'fhéidir le cuidiú na dTeachtaí Dála neamhspléacha.
cúl a thabhairt leis an drámaíocht to turn his back on drama
" Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
cúlbhinseoirí back benchers
" "Gun money" a chan cúlbhinseoirí ón Pháirtí Coimeádach i Westminster (18 Nollaig 2001) i rith na díospóireachta ar an lá a fuair Sinn Féin cead oifigí agus áiseanna eile a úsáid i "Máthair na bParlaimintí", mar atá tugtha ar an áit anseo i Sasana.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
Ar fhleasc a dhroma on the flat of his back
" Ar fhleasc a dhroma a bhí fear na súile nimhe, é buailte amach ar fad le halltacht, le hiontas agus le huafás go raibh Údarás na Galltachta chomh hamaideach agus chomh doscaí agus gur cheap siad Leamh Ó Cuinneagáin mar Chathaoirleach.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
Beidh an droim síos linn Our backs will be killing us
" "Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.
chiorrú cutting back
" Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse.
thug siad droim láimhe they turned their back on
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
réidh easy, laid-back
" Rudaí breá réidh i dtús an chláir, ach ansin píosaí cainte ó sheanchairde agus mise ar an bhfóidín mearaí arís.
ar cúl in the back
" Rith an seanfhocal liom go minic ar bhóithre na Mór-Roinne an samhradh seo, an bháisteach ag stealladh anuas ar dhíon an veain champála agus na páistí ag dul ar mire ar cúl.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht because they're turning their back on their heritage
" Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
gearradh siar go mór to cut back greatly
" " Gearradh siar ======= Tá sé beartaithe ag Ó Céidigh gearradh siar go mór ar an obair a dhéanann sé le hAer Árainn.
ag gearradh siar cutting back
" Antaine: An bhfuil sé deacair urraíocht a fháil don fhéile? Éilís: Tá a lán des na hurraí ag gearradh siar go mór.
Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry Gerry's eyes rolled back
" Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry agus chroith sé a cheann.
siar naoi nglúin fhad leo back nine generations to them
" Phós Seán agus bhí ceathrar de theaghlach aigesean agus is beag duine ar an bhaile inniu nach bhfuil ábalta a ghabháil siar naoi nglúin fhad leo.
Nuair a fuair Sue deis ar a hanáil when Sue managed to get her breath back
" Nuair a fuair Sue deis ar a hanáil chuir sí an tábla ina cheart agus tharraing sí chuici cathaoir, agus sin mar a fágadh í go béal maidine.
an feannadh is an scianú the back-stabbing
" " Bhí na cleasa uilig ag Nuala: an chúlchaint, an feannadh is an scianú, í i gcónaí ag cothú mioscaise.
bheadh an droim loitthe agam my back would be damaged
" Cibé, ní thiocfadh liomsa ualach mar sin a iompar - bheadh an droim loitthe agam.
Thiontaigh sí a droim léi she turned her back on her
" Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair.
chomh réchúiseach as laid-back
" Mar a admhaíonn sé féin, áfach, ní i gcónaí a bhí sé chomh réchúiseach agus chomh socair agus atá anois.
ar shlat a ndroma flat on their back (drunk)
" Nuair a bhí bunús na mac léinn eile ar shlat a ndroma ag cóisir inteacht, bhí Joan ansin agus ní ligfeadh sí deoir amháin biotáilte nó leanna thar a béal.
gaibhte siar gone back
" Tá muid gaibhte siar i mbliana go dtí lár na míosa (15 - 16 Bealtaine).
ciorruithe cut-backs
" AÓF: Cad iad na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm ar an mbuiséad atá agat? LÓM: Bhí gearradh siar de 10% ann, ó €252,000 go €227,000, scun scan.
uachtar a dhroma the top of his back
" Bhí fear agus bean lena thaobh amhail is dá mbeidís ag coinneáil a chloiginn díreach nó ag cuachadh pilliúr faoi uachtar a dhroma nó faoina mhuineál.
ag cúlú siar backing off
" Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh.
shuigh siar ar a gogaidí (she) sat back on her hunkers
" Nuair a bhí sí ag gabháil de sin ar feadh ceathrú uaire nó mar sin, shín sí a droim agus shuigh siar ar a gogaidí.
go raibh saol an mhadaidh bháin acu that they were on the pig's back
" Is cosúil go raibh saol an mhadaidh bháin acu, agus neart ama leis na tuamaí móra a thógáil.
chun gearradh siar ar na himeachtaí to cut back on the events
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
chúlbhóthar duilleach leafy back-road
" Suite ar bhruach na Life, ar chúlbhóthar duilleach in aice leis an Droichead Nua atá an Sean-Mhuileann.
sínte siar lying back
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
ag cur is ag cúiteamh arguing back and forth
" Caitear oícheanta fada geimhridh ansin os comhair na tine, ag imirt chártaí, cuir i gcás, ag argóint faoin chor is deireanaí sa saol polaitiúil, nó ag cur is ag cúiteamh faoi achrann éigin i gclub áitiúil an Chumainn Lúthchleas Gael.
ag cur agus ag cúiteamh arguing back and forth
" Thosnaíomar ag cur agus ag cúiteamh agus ag cur focal trí chéile, agus cibé eolas a bhí againne ar ár dteanga dhúchais, ba léir go raibh Barra maide ar mhaide linn ó thaobh cur amach ar fhocail, ar ghramadach agus ar choraí crua na Gaeilge.
a n-amhrachann tú siar orthu which you look back at
" Is buaicphointí iad rudaí a n-amhrachann tú siar orthu ach ba mhaith leis creidbheáil go bhfuil oiread roimhe is atá ina dhiaidh.
ar mhuin na caorach on the back of the sheep
" Bhí sé de nós a rá i lár an chéid seo caite go raibh an Astráil ag marcaíocht "ar mhuin na caorach".
réchúiseach laid-back
" Is féidir eitilt go hAerfort Chathair Dhoire fosta, ansin carr a fháil ar cíos, nó dul as Doire ar an bhus clúiteach réchúiseach sin de chuid an chomhlachta Lough Swilly.
ag cuimhneamh siar thinking back
" Chuir an leabhar mé ag cuimhneamh siar ar an *Irish Press* agus ar ailt spóirt Chon Houlihan a d'fhoilsítí trí huaire sa tseachtain, móide ailt eile ar ábhair eile ar nós drámaíochta agus litríocht an Bhéarla.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais turning phrases back to front
" Is breá leis bheith ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
a chúl leathan his broad back
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
do mo thamhladh ar ais catapulting me back
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
as loic ar na geallúintí for going back on the promises
" Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach.
chúlbhinseoirí áirithe certain back-benchers
" Cheana féin tá na focail *El Fuhrer *le cloisint ó chúlbhinseoirí áirithe i bhFianna Fáil agus iad ag tagairt d'fhear an Pháirtí Dhaonlathaigh.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht after he had turned his back on architecture
" As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
cúlsráideanna back streets
" Ó, ní beag an difríocht idir súile an taistealaithe agus an núíosaigh! Tháiníos anseo le hintinn (chuíosach) ghlan úr shoineanta, ach a leithéid de gheit a baineadh asam! Cé go bhfuil Béarla iontach maith ag mic léinn na cathrach agus ag formhór na ndaoine fé bhun 35 bliain d'aois, bíonn sé deacair go leor d'eachtrannach agus é ag iarraidh a bhealach féin a dhéanamh ag falróid thart i gcúlsráideanna na cathrach.
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige that I would totally refuse to go back to
" D'oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
réichúiseacha laid-back
" Chuaigh mé go dtí gníomhaireachtaí móra foirmeálta a chuireann tú faoi agallamh fada dian tá atá cosúil le ceisteoireacht na ngardaí, agus go dtí gníomhaireachtaí beaga réichúiseacha nach gcuireann ach cúpla ceist ort.
i gcúl an fhoirgnimh at the back of the building
" Rinneadh an obair i gcúl an fhoirgnimh, i seomra ollmhór ar a tugadh an seomra glan.
do chuid seanchainte your back-chat, cheekiness
" Dhéanfaidh mé gnaithe gan do chuid seanchainte maidin mar seo," agus phill sí suas an staighre.
Bróis déanta fat mess (referring back to her stomach)
" "Bróis déanta," arsa Ingrid agus chroith sí a ceann.
sínte ar chlár a dhroma stretched on his back
" Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.
théinn ar ais I used to go back
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
Droim na dreancaide the flea's back
" Droim na dreancaide, mar a thugainn fadó ar an domhan mór seo, shiúil mé é agus nach iomaí ceird eile a bhí le foghlaim agam agus atá fós.
ar mo bhonnaí arís back on my feet
" Is foireann chairdiúil iad agus lena gcuidiú tá mé ar mo bhonnaí arís.
tóin tamhanda Bhalor Balor's huge back-side
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
Fuair seisean deis ar a anáil he got his breath back
" Fuair seisean deis ar a anáil sa deireadh agus dúirt sé le Louis: "Tá muid san fhaopach anois, a mhic.
aisíocann an Roinn Comhshaoil the Department of the Environment pays back
" Tar éis an tsaoil, aisíocann an Roinn Comhshaoil €250,000 le haon duine a n-éiríonn leis 12% nó níos mó de vóta an phobail d'fháil.
ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe coming on the back of a major act of decommissioning
" Fuarthas amach cúpla lá ó shin, áfach, go bhfuil oifigigh rialtais ag obair ar dhréachtdoiciméad a leagfadh síos an comhthéacs ina gcuirfí ar bun feidhmeannas bunaithe ar roinnt cumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, ag teacht ar shála ghníomh ollmhór díchoimisiúnaithe ón IRA.
rinne siad ar ais ar an oifig they headed back to the office
" "Nach sin mar atá muid uilig," arsa Risteard, agus rinne siad ar ais ar an oifig le tráthnóna oibre a dhéanamh.
chúlbhóithre back roads
" Gan amhras, tarlaíonn go leor de na drochthimpistí ar chúlbhóithre nach mbíonn aon gharda le feiceáil orthu.
chúlbhinseoirí back-benchers
" Tuigtear do *Beo!, *áfach, go bhfuil an Rialtas go mór faoi bhrú ó chúlbhinseoirí atá ag iarraidh go gcuirfidh an rialtas cosc ar an Údarás um Bhóithre Náisiúnta, nó an NRA, bóthar a thógáil aon áit gar do Chnoc na Teamhrach.
trasna fhairsinge mhór páirceanna ar cúl across a big expanse of fields at the back
" Tá radharc iontach ón chaisleán, trasna fhairsinge mhór páirceanna ar cúl, agus go dtí na Beanna Boirche sa treo eile.
cúlbhinseoirí back-benchers
" Níorbh iad na cúlbhinseoirí amháin a bhí le cloisint ag rá a leithéid.
á ghearradh siar being cut back
" Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.
Rinne sé ar ais ar Eilís. He headed back towrds Eilís.
" Rinne sé ar ais ar Eilís.
chúlbhinseoir back-bencher
" Cén fáth, mar sin, nár fógraíodh post an Phríomhfheidhmeannaigh go dtí lár mhí Eanáir tráth ar sceith an *Irish Times *go raibh rún ag an triúr diúlach aerlíne dá gcuid féin a bhunú a d'fhéadfadh a bheith in iomaíocht le hAer Lingus? Fiú sa chás sin, ba ar an chúlbhinseoir Jim Glennon, seachas ar an Aire Cullen, a thit sé ceisteanna a ardú faoi choinbhleacht leasa.
aisíocaíocht pay-back
" Mar aisíocaíocht, faigheann an aerlíne fóirdheontas ón Rialtas ar son chuile phaisinéir, agus seo sa bhreis ar phraghas an ticéid.
go réchúiseach in a laid-back way
" Bhí an tsráid dubh le daoine, agus iad ag siúl go réchúiseach, mall suas síos, ag stopadh fá choinne comhrá beag, nó ag taispeáint a gcuid leanaí nó madaí beaga do dhaoine eile, nó ag bualadh isteach i gcaife le sólaistí a fháil.
Dom mo chuid airgid ar ais. Give me my money back.
" ráflarumour beirttwo (biscuits go callánachnoisily seanbhitseachold bitch an chailleach sinthat hag orlach féiran inch of grass Dom mo chuid airgid ar ais.
thar teorainn ar ais back over the border
" MÁNAS: Peaca a bheadh ann iad a chur ó dhoras, iad a chur thar teorainn ar ais.
a theacht ar ais chucusan to come back to them
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
ar chaol a droma on the small of her back
" Bhí fáinne beag a raibh cloch dhearg crochta as ag caochadh i bpoll an imleacáin agus nuair a shiúil sí thart leis, bhí tatú ar chaol a droma fosta.
théimis ar ais we used to go back
" Níor labhair duine ar bith sa bhaile í agus díreach tar éis imeacht ón scoil gach lá théimis ar ais go dtí an Béarla.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Faoi láthair tá an phraiseach ar fud na mias agus na dlíodóirí ar mhuin na muice.
sracfhéachaint siar a look back
" Anois agus Craobh na hÉireann san iomáint, sa chamógaíocht agus san pheil thart (ní raibh Peil na mBan imeartha agus an t-alt seo á scríobh) i gcomhar bliana eile, is dual dúinn sracfhéachaint siar a thabhairt ar imeachtaí móra na bliana fad agus atá siad fós úr inár gcuimhne.
doras cúil back door
" Cé go raibh an teocht i bhfad faoin reophointe, chaith Emil uair an chloig roimh an mbéile ag dul isteach agus amach doras cúil an tí, agus faoi dheireadh rug mo chaidéis orm.
nuair a théinn ar ais when I used to go back
" Sular tháinig mé go dtí an Nua-Shéalainn, bhí neart failleanna agam cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh, ach ó tháinig mé anseo ba bheag seans a bhí agam sin a dhéanamh, ach amháin nuair a théinn ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire.
ar mhuin na muice on the pig's back
" Éist, a Bhaloir, tabharfaidh mise aire duit: póg na beatha agus croí isteach mór agus beidh tú ar mhuin na muice.
shleamhnaigh sé ar ais he slipped back
" Ach chomh héasca céanna shleamhnaigh sé ar ais chuig an bhfonn agus thángamar isteach leis mar a bhí beartaithe againn, le críoch a chur leis an bpíosa.
ar chúl mo chloiginn on the back of my head
" “Bhí an t-ádh orm nár bhuail sé mo chluas, ach bhuail sé mé anseo ar chúl mo chloiginn.
costas an turais fholaimh ar ais the cost of the empty journey back
" Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha.
chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta to attract readers back regularly
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
ar mhuin “éagóir na staire” on the back of 'an injustice of history'
" In aimsir an ghátair náisiúnta tá an-bhaol ann go dtiocfadh deachtóir chun cumhachta ar mhuin “éagóir na staire”.
an stíl mhaireachtála níos réchúisí the more laid-back style of living
" Is dóigh go n-airím uaim an stíl mhaireachtála níos réchúisí atá ag daoine sa mbaile.
chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta to attract readers back regularly
" Cinntíonn an blag sin go bhfuil ábhar nua ar an suíomh gach lá chun léitheoirí a mhealladh ar ais go rialta – fiú agus gan an iris á foilsiú go laethúil.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean to turn their back on violence
" Ní aithneodh dílseoirí sean-Kingstown, mar a bhíodh, an *Irish Times* anois mar atá! Creideann an *Times *go dtugann faicsean Adams/McGuinness an deis is fearr do phoblachtánaigh droim láimhe a thabhairt don fhoréigean, chun go mbeidís mar chuid den réiteach, in ionad bheith gafa laistigh de chiorcal seasc na faidhbe.
leis an sliotar i gcúl na heangaí with the sliotar in the back of the net
" D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl agus bhí baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán Ó Seanáin agus Joe Ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí.
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh who will turn their back on the religion
" Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán *The Da Vinci Code* a fheiceáil.
sular chasadar ar ais ó dheas before they returned back south
" Mar sin, ar feadh dhá mhí lean a arm ar aghaidh ó thuaidh, ag teacht i gcóngar cúpla míle do Harrisburg féin sular chasadar ar ais ó dheas.
brúdh ar ais iad they were pushed back
" Thógadar an cnoc a bhí mar sprioc acu, ach gan saighdiúirí chun é a choimeád, chailleadar arís láithreach é, agus brúdh ar ais iad.
sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua the slide back into the tune without the crowd noticing
" Baineann siad gach ribe éide den bhfonn agus ní mórán níos mó ná creatlach a bhíonn fágtha, ach ar nós na seinnteoirí *jazz* is fearr sleamhnaíonn siad ar ais isteach sa bhfonn i ngan fhios don slua agus ansin chuig an gcéad fhonn eile.
a mbeidís ar ais i gcumhacht that they would be back in power
" Ba san am seo a thosaigh baill áirithe d'eite dheis an Pháirtí Phoblachtánaigh ag pleanáil don am a mbeidís ar ais i gcumhacht.
caoi a chur ar na coscáin chúil fix the back brakes
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.